Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Ba mhaith liom ar dtús buíochas a thabhairt don Aire as soiléiriú a dhéanamh ar phointe an-thábhachtach ar fad, is é sin gur cuireadh deireadh go tobann agus gan choinne leis an deontas ar an 17 Aibreán. Tá áthas orm go dtuigeann an tAire go raibh daoine a chuir costas mór orthu féin sna Gaeltachtaí le cead pleanála a fháil agus go bhfuil síneadh ama anois go dtí an 15 Meitheamh chun é sin a dhéanamh.

An aontódh an tAire liom go raibh eifeacht mhór leis na deontais seo sa Ghaeltacht mar go raibh an oiread sin daoine ag cur isteach orthu, ní hamháin do tithe úra, ach le feabhsúcháin agus deisiúcháin a dhéanamh ar thithe? An aontódh sé go raibh leas mór á bhaint as na deontais seo ag muintir na Gaeltachta? An aontódh sé chomh maith gur deontas é a bhí ceangailte go dlúth le labhairt na teangan, mar go raibh sé mar choinníol gurb í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh le cáileadh don deontas? An bhfuil an deontas seo ar ceal go sealadach nó an bhfuil an scéim ar fionraí. An bhfuil sé ar intinn ag an Aire é a thabhairt ar ais nuair atá an brú seo imithe?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.