Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ó thaobh figiúrí de, bhíodh an deontas ag ríocht idir €3.5 mhilliún agus €4 mhilliún sa bhliain. Ansin, tá cupla blian ó shoin, thug mé isteach deontas speisialta aon-uaire le déileáil le fadhbanna a d'éirigh ó thaobh na mná tí agus cúrsaí slándála agus tine, agus chuaigh an t-éileamh suas. Shíl muid nuair a bheadh an obair sin déanta go laghdódh an t-éileamh ar an scéim, ar ais go dtí an áit a mbíodh sé nó níos lú, mar, mar is eol don Teachta go maith, tá riail seacht mbliana maidir le hiarratais. Bhí súil agamsa mar sin, idir an €5 mhilliún anuraidh agus an €3 mhilliún i mbliana — sin meán de €4 mhilliún mar a bhíodh ann cheana — go mbeadh dóthain airgid ann.

Mar a thárla sé, tá éileamh an-láidir ar an scéim faoi láthair. Ciallaíonn sé sin, mar atá ráite ag an Teachta go beacht, nach bhfuil dóthain soláthair agam leis an scéim a choinneáil ar oscailt. Shíl mé mar sin go mb'fhearr déileáil leis na hiarratais atá ar lámha. Má ceadaítear gach iarratas, ach is dóigh nach gceadófar mar ní bheidh gach duine in-cáilithe, ach ag glacadh leis go mbeidh roinnt áirithe nach gceadófar nó nach n-éileofar, tá muid fós ag caint go bhfuil luach dhá bhliain ar a laghad, nó b'fhéidir le cois sin, ar lámha againn de cheadúcháin a bheidh muid ag íoc amach as seo i mbliana agus an bhliain seo chugainn agus an bhliain dar gcionn. Creidim go bhfuil luach leis an scéim seo, ach, ar ndóigh, tá teorann leis an airgead. Tá go leor rudaí éagsúla le déanamh. Níl sé éasca freastal ar chuile trá.

An cheist dheiridh a chur an Teachta ná céard faoi todhcaí na scéíme. Maidir le todhcaí na scéime, ba mhaith liom a dheimhniú don Teachta ——

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.