Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

Priority Questions

Toghcháin Údarás na Gaeltachta.

1:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 71: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an mbeidh an toghchán d'Údarás na Gaeltachta in Aibreán 2010 bunaithe ar na teorannacha nua agus ar an sainmhíniú nua ar cad is Gaeltacht ann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16852/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Faoi réir alt 28 (1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979, arna cur isteach trí alt 1 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999, déanfar toghcháin ó am go ham de réir mar a fhorordófar le rialacháin ón Aire, faoi réir iad a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide ná cúig bliana agus sé mhí.

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Níl aon chinneadh déanta agam fós maidir le dáta don chéad toghchán eile. Is féidir glacadh leis, áfach, go reachtálfar é in am agus i dtráth de réir na reachtaíochta atá luaite agam, nó cibé reachtaíocht a bhéas i bhfeidhm ag an am, agus i gcomhthéacs aon leasú a dhéanfar amach anseo ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna an Údaráis.

Ní miste dom a lua gur chas mé le bord Údarás na Gaeltachta ar 24 Aibreán agus gur phléigh mé an cheist seo leo, i measc nithe eile.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá an tAire ag rá go bhfuil cead aige an toghchán a chur siar go dtí deireadh na bliana seo chugainn. An bhfuil sé ar intinn aige an toghchán a chur siar chomh fada agus is féidir? An bhfuil cinneadh déanta ag an Rialtas maidir le teorannacha Gaeltachta agus an bhfuil sainmhíniú socraithe ar cad is Gaeltacht ann? An bhfuil aon rud ag tarlú?

Sin an rud a chuireann isteach go mór ar dhaoine. Níl dealramh ar an scéal go bhfuil aon obair ar siúl maidir le reachtaíocht a bheidh ag teastáil chun na teorannacha Gaeltachta a aistriú nó an sainmhíniú a leagan síos agus reachtaíocht nua a ullmhú d'Údarás na Gaeltachta. An bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus an t-údarás a chomhtháthú?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá trí cheist shainiúil ansin. De réir an dlí mar atá sé i láthair na huaire, d'fhéadfainn an toghchán a reachtáil am ar bith idir 2 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Ó tharla go bhfuil an plean 20 bliain ann, agus is ansin a bheidh moltaí maidir le hathruithe ar an reachtaíochta — agus glacaim leis go mbeidh athruithe reachtaíochta i gceist, ní amháin don údarás ach ó maidir le sainmhíniú ar Ghaeltacht, agus tá ráite agam go mbeidh an sainmhíniú sin bunaithe ar chritéir theangeolaíochta — shamhlóinn go mhairfeadh tréimhse an údaráis seo go fómhar na bliana seo chugainn, sé sin go n-úsáidfaí an cúig bliain go leith atá sa reachtaíocht mar thabharfadh sin tréimhse ama tar éis don phlean 20 bliain a bheith faighte leis na hathruithe reachtaíochta a mbeadh gá leo a thabhairt isteach. Ní chreidim, más féidir é a sheacaint ar chor ar bith, gur ceart toghchán a reachtáil faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair má tá seans gur féidir é a dhéanamh faoin reachtaíocht nua agus na hathruithe radaiceacha curtha i gcrích roimh ré.

An rud atá curtha in iúl agam do bhord an údaráis agus do bhord MFG ná go gcreidim go raibh fís ag na daoine a d'iarr go mbunófaí Údarás na Gaeltacht an chéad uair go mbeadh údarás láidir Gaeltachta ann le réimse leatha cúramaí agus, mar sin, tá an ceart ag an Teachta, tá i gceist na cúramaí atá ag MFG de réir a chéile a aistriú isteach faoi chúramaí an údaráis.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá an mhéar fhada i bhfeidhm arís, tá an Rialtas ag dul siar chomh fada agus is féidir leis an toghchán. Cad é díreach atá ag tarlú leis an straitéis? An bhfoilseofar é roimh sos an tsamhraidh? Cad faoi phlean gníomhach don Ghaeltacht? Tá gach dealramh ar an scéal nach bhfuil faic ag tarlú. Tá an tAire ag caint i gciorcal an chuid is mó den am agus níl a fhios ag éinne cad tá ar siúl. Ba cheart dó a rá anois go bhfoilseofar an dá chaipéis roimh sos an tsamhraidh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní bheidh dhá thuarascáil ann, ní bheidh ach tuarascáil amháin ann, tá sin ráite agam cheana. Beidh aiseolas ar an staidéar teangeolaíochta mar chuid den straitéis 20 bliain don Ghaeilge mar cuimseoidh an straitéis sin an Ghaeltacht chomh maith leis an chuid eile den tír. Tá dréacht againn.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá dha chaipéis ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caipéis amháin a bheidh ann. Beidh straitéis 20 bliain ann don Stát agus is cuid den stát í an Ghaeltacht. Beidh aiseolas maidir leis na cinntí a dhéanfar bunaithe ar an staidéar teangeolaíochta mar chuid den phlean 20 bliain so foilseofar caipéis amháin.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Cathain a fhoilseofar í? An bhfoilseofar roimh an samhradh í?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá dréacht ag mo Roinn agus tá muid á scrúdú i láthair na huaire.

Tá freagra maidir le dáta don cheád chruinniú eile den Choiste Comhaireachta i gceann de na freagraí Dála, an mhí seo chugainn, mí na Bealtaine. Tá sé ag bogadh ar aghaidh.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

B'fhéidir go bhfoilseofar an straitéis an mhí seo chugainn ansin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Déanfar an chaipéis a fhoilsiú chomh luath agus is féidir.