Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

 

Toghcháin Údarás na Gaeltachta.

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá trí cheist shainiúil ansin. De réir an dlí mar atá sé i láthair na huaire, d'fhéadfainn an toghchán a reachtáil am ar bith idir 2 Aibreán 2009 agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Ó tharla go bhfuil an plean 20 bliain ann, agus is ansin a bheidh moltaí maidir le hathruithe ar an reachtaíochta — agus glacaim leis go mbeidh athruithe reachtaíochta i gceist, ní amháin don údarás ach ó maidir le sainmhíniú ar Ghaeltacht, agus tá ráite agam go mbeidh an sainmhíniú sin bunaithe ar chritéir theangeolaíochta — shamhlóinn go mhairfeadh tréimhse an údaráis seo go fómhar na bliana seo chugainn, sé sin go n-úsáidfaí an cúig bliain go leith atá sa reachtaíocht mar thabharfadh sin tréimhse ama tar éis don phlean 20 bliain a bheith faighte leis na hathruithe reachtaíochta a mbeadh gá leo a thabhairt isteach. Ní chreidim, más féidir é a sheacaint ar chor ar bith, gur ceart toghchán a reachtáil faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair má tá seans gur féidir é a dhéanamh faoin reachtaíocht nua agus na hathruithe radaiceacha curtha i gcrích roimh ré.

An rud atá curtha in iúl agam do bhord an údaráis agus do bhord MFG ná go gcreidim go raibh fís ag na daoine a d'iarr go mbunófaí Údarás na Gaeltacht an chéad uair go mbeadh údarás láidir Gaeltachta ann le réimse leatha cúramaí agus, mar sin, tá an ceart ag an Teachta, tá i gceist na cúramaí atá ag MFG de réir a chéile a aistriú isteach faoi chúramaí an údaráis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.