Dáil debates

Wednesday, 29 April 2009

 

Toghcháin Údarás na Gaeltachta.

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Faoi réir alt 28 (1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979, arna cur isteach trí alt 1 den Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999, déanfar toghcháin ó am go ham de réir mar a fhorordófar le rialacháin ón Aire, faoi réir iad a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide ná cúig bliana agus sé mhí.

Reachtáladh an toghchán deireanach d'Údarás na Gaeltachta ar 2 Aibreán 2005. Níl aon chinneadh déanta agam fós maidir le dáta don chéad toghchán eile. Is féidir glacadh leis, áfach, go reachtálfar é in am agus i dtráth de réir na reachtaíochta atá luaite agam, nó cibé reachtaíocht a bhéas i bhfeidhm ag an am, agus i gcomhthéacs aon leasú a dhéanfar amach anseo ar chumhachtaí agus ar fheidhmeanna an Údaráis.

Ní miste dom a lua gur chas mé le bord Údarás na Gaeltachta ar 24 Aibreán agus gur phléigh mé an cheist seo leo, i measc nithe eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.