Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

Other Questions

Aistritheoirí agus Ateangairí.

3:00 pm

Photo of Michael D HigginsMichael D Higgins (Galway West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 6: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil se sásta go bhfuil go leor aistritheoirí Béarla-Gaeilge, teangacha eile Eorpacha-Gaeilge agus go leor ateangairí Béarla-Gaeilge, teangacha eile Eorpacha-Gaeilge atá ar caighdeán sách maith ar fáil chun an t-éileamh atá anois ann in Éirinn agus san Eoraip a shásamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [5599/08]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá mínithe agam sa Teach seo cheana, tá ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shain-chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an togra seo curtha ar bun le líon na ndaoine le scileanna ar leith a mhéadú i gcomhthéacs na riachtanas atá ann ag éirí as Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ón stádas atá tugtha don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. I measc na gcúrsaí atá á maoiniú faoin dtogra seo, tá cúrsaí maidir le haistriúcháin agus ateangaireacht. Ní mór dom a lua freisin go bhfuil maoiniú curtha ar fáil chun cuidiú le roinnt mac léinn atá líofa sa Ghaeilge freastal a dhéanamh ar chúrsa de chuid Ollscoil Westminster atá dírithe go sonrach ar ateangairí. Maidir le hateangaireacht, leanfaidh mo Roinn leis an gcomhoibriú atá ar bun le hinstitiúid an Aontais Eorpaigh ó thaobh freastal a dhéanamh ar aon riachtanas a aithnítear.

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá oiliúint á chur ar fáil do ateangairí a bheidh ag aistriú idir Gaeilge agus Béarla amháin. Maidir le haistritheoirí a chur ar fáil sa mbaile, mar is eol don Teachta tá Foras na Gaeilge, ar iarratas uaimse, tar éis córas creidiúnaithe a fhorbairt d'aistritheoirí Gaeilge-Béarla ón earnáil phríobháideach. Is é seo an chéad chóras dá leithéid sa tír. Tá an caighdeán cuí bainte amach ag 98 duine a bhfuil a gcuid sonraí ar fáil ar an bpainéal d'aistritheoirí creidiúnaithe atá foilsithe ag Foras na Gaeilge ar a suíomh, www.gaeilge.ie. Is próiseas leanúnach a bheidh sa chóras crediúnaithe seo faoina gcuirfear scrúdú ar aistritheoirí ag tráthanna rialta. Tuigim go mbeidh scrúdú eile á reachtáil ag an bhforas roimh dheireadh na míosa seo.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an freagra sin. Dar ndóigh, tá rudaí idir lámha. I dtuarascáil nuachta a léigh mé i mí na Samhna seo caite, dúirt an Aire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil fadhb ann teacht ar aistritheoirí a bhfuil an cumas acu doiciméid dlíthiúla na hAontais Eorpach a aistriú isteach i nGaeilge. Tuaraiscíodh ag an am go bhfuil aistritheoirí ón Oireachtas i mbun na hoibre sin. Tá an cumas acu an obair sin a dhéanamh, dar ndóigh. Tá jab eile le déanamh acu, áfach, agus ba cheart go mbeidís in ann é a dhéanamh. Tá gá ann cur le úsáid na Gaeilge san Oireachtas, rud a dhéanann an oifig sin, dar ndóigh.

An bhfuil aon feabhas tagtha ar an scéal maidir leis na doiciméid ar a labhair an Aire Gnóthaí Eachtracha? Más rud é nach bhfuil feabhas tagtha ar an scéal, caithin a thiocfaidh feabhas ar an scéal? Nuair a bhí Coimisinéir Ilteangachas na hAontais Eorpach, Leonard Orban, sa tír seo roimh an Nollaig, an raibh an Aire ag caint leis? An bhfuil an gcoimisinéir sásta leis an cumas aistriúcháin atá ar fáil sa tír seo? An gceapann sé go bhfuil an chóras ceart againn ó thaobh an Ghaeilge a bheith ina theanga oifigiúil ag an Aontas Eorpach?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé sásta go bhfuil na riachtanaisí á chomhlíonadh againn. Ar ndóigh, ní mór dúinn infheistíocht fad-téarmach a dhéanamh sa chás seo. Tá mé ag obair le Óstaí an Rí faoi láthair chun cúrsa céime d'abhcóidí a chuir ar fáil. Más féidir, tosnóidh an chúrsa sa bhfómhar i mbliana. Muna n-éiríonn linn an sprioc sin a bhaint amach, tosnóimid é i 2009. Cuireadh dianchúrsa téarmaíochta dlí agus gramadach Gaeilge ar fáil i 2007. Beidh sé sin ann arís i mbliana.

Go ghinearálta, tá mé sásta lenár gcomhoibriú leis an Aontas atá freagrach as cúrsaí Ghaeilge san Aontas. Tá ag éirí linn na constaicí a bhí ann a shárú. Is dóigh liom go bhfuil áibhéil á dhéanamh maidir leis na fadhbanna. Bhí a fhios againn i gcónaí go mbeadh fadhbanna ann. Go deimhin fhéin, luaigh mé cúrsaí foirne, srl. nuair a bhí gach páirtí sa Teach seo ag iarraidh go mbeadh an stádas seo ag an teanga. Dúirt Teachtaí nach mbeadh fadhb ar bith i gceist, ach bhí a fhios agam go mbeadh beagáinín d'fhadhb. Níl an fadhb seo dosháraithe. Tá ag eirí linn déileáil le seo. Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil go bhfuil mé ag dul go dtí an Bhruiséil tráthnóna inniu. Tá comhdháil ar ilteangachas ar bun sa mBruiséil amárach. Tá sé socraithe agam cruinniú a bheith agam leis an gCoimisinéir Orban chun na ceiste seo a phlé. Má tá tuilleadh cúnamh gur féidir linn a thabhairt, tabharfar é.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Níor fhreagair an Aire an cheist mar gheall ar an gcruinniú a bhí aige leis an gcoimisinéir roimh an Nollaig.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní raibh mé ag caint leis an uair sin.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An uair deiridh ina raibh an Aire ag caint leis——

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níor chas mé leis an bhfear riamh.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhí sé anseo. Bhuail mise leis. Is dóigh liom go raibh Teachtaí eile ann. De réir mar a chuimhním é, ní raibh sé sásta le cúrsaí. An bhfuil an eolas sin ag an Aire?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

No. Tá míthuiscint anseo. Ní dóigh liom, ón dtuairisc a bhfuair mé ó oifigigh na Roinne agus, ar ndóigh, ón Aire Stáít, a chas leis freisin — ní raibh mé ar fáil ar an lá — go ndúirt an Coimisinéir Orban go raibh sé míshásta. An rud a tharla, agus a tharraing an phoiblíocht, ná gur——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Dúirt sé go raibh sé míshásta. Chuir sé fáilte roimh an cinneadh a thug stádas oifigiúil don dteanga, ach dúirt sé nach gceapann sé go bhfuil go leor oibrithe ann chun gach rud a chuir in áit. Is é sin an rud atá á rá agam. An raibh a fhios ag an Aire go raibh an coimisinéir ag caint mar sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé breá sásta go bhfuil an Rialtas ag déanamh gach rud gur féidir leis. Caithfidh an Aontas breathnú amach ar an cúram seo. Ní féidir linn ach cúnamh a thabhairt. Tá an Coimisinéir Orban sásta go bhfuilimid ag tabhairt gach uile cúnamh. Léigh mé rudaí sna páipéir faoi na notaí a tugadh dó a tharraing go leor cainte. Is cosúil go raibh gach sórt ón gcaighdeán anuas sna páipéirí sin. Níl aon fhadhb leis an gcaighdeán mar níl ach caighdeán amháin ann. Nil aon mhíthuiscint faoi sin; níl ach caighdeán amháin sa tír. Muna dtaitníonn an caighdeán le daoine — ní thaitníonn cuid de liomsa, ach sin scéal eile — caithfidh siad glacadh leis gurb é an chaighdeán, mar an gcéanna leis an Béarla.

Sular tháinig an Coimisinéir Orban riamh in aice na tíre seo, bhí socrú déanta agam le Foras na Gaeilge go ndéanfaí athbhreathnú ar an gcaighdeán agus go dtabharfaí suas chun dáta é. Tá an obair sin á eagrú ag Foras na Gaeilge anois. Sílim gur rud é gur cheart dúinn a dhéanamh, ar mhaithe linn féin. Bhí sé sin sa treis i bhfad sular tháinig an Coimisinéir anseo.