Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

 

Aistritheoirí agus Ateangairí.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá mé sásta go bhfuil na riachtanaisí á chomhlíonadh againn. Ar ndóigh, ní mór dúinn infheistíocht fad-téarmach a dhéanamh sa chás seo. Tá mé ag obair le Óstaí an Rí faoi láthair chun cúrsa céime d'abhcóidí a chuir ar fáil. Más féidir, tosnóidh an chúrsa sa bhfómhar i mbliana. Muna n-éiríonn linn an sprioc sin a bhaint amach, tosnóimid é i 2009. Cuireadh dianchúrsa téarmaíochta dlí agus gramadach Gaeilge ar fáil i 2007. Beidh sé sin ann arís i mbliana.

Go ghinearálta, tá mé sásta lenár gcomhoibriú leis an Aontas atá freagrach as cúrsaí Ghaeilge san Aontas. Tá ag éirí linn na constaicí a bhí ann a shárú. Is dóigh liom go bhfuil áibhéil á dhéanamh maidir leis na fadhbanna. Bhí a fhios againn i gcónaí go mbeadh fadhbanna ann. Go deimhin fhéin, luaigh mé cúrsaí foirne, srl. nuair a bhí gach páirtí sa Teach seo ag iarraidh go mbeadh an stádas seo ag an teanga. Dúirt Teachtaí nach mbeadh fadhb ar bith i gceist, ach bhí a fhios agam go mbeadh beagáinín d'fhadhb. Níl an fadhb seo dosháraithe. Tá ag eirí linn déileáil le seo. Beidh áthas ar an Teachta a chloisteáil go bhfuil mé ag dul go dtí an Bhruiséil tráthnóna inniu. Tá comhdháil ar ilteangachas ar bun sa mBruiséil amárach. Tá sé socraithe agam cruinniú a bheith agam leis an gCoimisinéir Orban chun na ceiste seo a phlé. Má tá tuilleadh cúnamh gur féidir linn a thabhairt, tabharfar é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.