Dáil debates
Thursday, 14 February 2008
Aistritheoirí agus Ateangairí.
3:00 pm
Brian O'Shea (Waterford, Labour)
Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an freagra sin. Dar ndóigh, tá rudaí idir lámha. I dtuarascáil nuachta a léigh mé i mí na Samhna seo caite, dúirt an Aire Gnóthaí Eachtracha go bhfuil fadhb ann teacht ar aistritheoirí a bhfuil an cumas acu doiciméid dlíthiúla na hAontais Eorpach a aistriú isteach i nGaeilge. Tuaraiscíodh ag an am go bhfuil aistritheoirí ón Oireachtas i mbun na hoibre sin. Tá an cumas acu an obair sin a dhéanamh, dar ndóigh. Tá jab eile le déanamh acu, áfach, agus ba cheart go mbeidís in ann é a dhéanamh. Tá gá ann cur le úsáid na Gaeilge san Oireachtas, rud a dhéanann an oifig sin, dar ndóigh.
An bhfuil aon feabhas tagtha ar an scéal maidir leis na doiciméid ar a labhair an Aire Gnóthaí Eachtracha? Más rud é nach bhfuil feabhas tagtha ar an scéal, caithin a thiocfaidh feabhas ar an scéal? Nuair a bhí Coimisinéir Ilteangachas na hAontais Eorpach, Leonard Orban, sa tír seo roimh an Nollaig, an raibh an Aire ag caint leis? An bhfuil an gcoimisinéir sásta leis an cumas aistriúcháin atá ar fáil sa tír seo? An gceapann sé go bhfuil an chóras ceart againn ó thaobh an Ghaeilge a bheith ina theanga oifigiúil ag an Aontas Eorpach?
No comments