Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

 

Aistritheoirí agus Ateangairí.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar atá mínithe agam sa Teach seo cheana, tá ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shain-chúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge. Tá an togra seo curtha ar bun le líon na ndaoine le scileanna ar leith a mhéadú i gcomhthéacs na riachtanas atá ann ag éirí as Acht na dTeangacha Oifigiúla agus ón stádas atá tugtha don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. I measc na gcúrsaí atá á maoiniú faoin dtogra seo, tá cúrsaí maidir le haistriúcháin agus ateangaireacht. Ní mór dom a lua freisin go bhfuil maoiniú curtha ar fáil chun cuidiú le roinnt mac léinn atá líofa sa Ghaeilge freastal a dhéanamh ar chúrsa de chuid Ollscoil Westminster atá dírithe go sonrach ar ateangairí. Maidir le hateangaireacht, leanfaidh mo Roinn leis an gcomhoibriú atá ar bun le hinstitiúid an Aontais Eorpaigh ó thaobh freastal a dhéanamh ar aon riachtanas a aithnítear.

Mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá oiliúint á chur ar fáil do ateangairí a bheidh ag aistriú idir Gaeilge agus Béarla amháin. Maidir le haistritheoirí a chur ar fáil sa mbaile, mar is eol don Teachta tá Foras na Gaeilge, ar iarratas uaimse, tar éis córas creidiúnaithe a fhorbairt d'aistritheoirí Gaeilge-Béarla ón earnáil phríobháideach. Is é seo an chéad chóras dá leithéid sa tír. Tá an caighdeán cuí bainte amach ag 98 duine a bhfuil a gcuid sonraí ar fáil ar an bpainéal d'aistritheoirí creidiúnaithe atá foilsithe ag Foras na Gaeilge ar a suíomh, www.gaeilge.ie. Is próiseas leanúnach a bheidh sa chóras crediúnaithe seo faoina gcuirfear scrúdú ar aistritheoirí ag tráthanna rialta. Tuigim go mbeidh scrúdú eile á reachtáil ag an bhforas roimh dheireadh na míosa seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.