Dáil debates

Thursday, 14 February 2008

 

Aistritheoirí agus Ateangairí.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá sé breá sásta go bhfuil an Rialtas ag déanamh gach rud gur féidir leis. Caithfidh an Aontas breathnú amach ar an cúram seo. Ní féidir linn ach cúnamh a thabhairt. Tá an Coimisinéir Orban sásta go bhfuilimid ag tabhairt gach uile cúnamh. Léigh mé rudaí sna páipéir faoi na notaí a tugadh dó a tharraing go leor cainte. Is cosúil go raibh gach sórt ón gcaighdeán anuas sna páipéirí sin. Níl aon fhadhb leis an gcaighdeán mar níl ach caighdeán amháin ann. Nil aon mhíthuiscint faoi sin; níl ach caighdeán amháin sa tír. Muna dtaitníonn an caighdeán le daoine — ní thaitníonn cuid de liomsa, ach sin scéal eile — caithfidh siad glacadh leis gurb é an chaighdeán, mar an gcéanna leis an Béarla.

Sular tháinig an Coimisinéir Orban riamh in aice na tíre seo, bhí socrú déanta agam le Foras na Gaeilge go ndéanfaí athbhreathnú ar an gcaighdeán agus go dtabharfaí suas chun dáta é. Tá an obair sin á eagrú ag Foras na Gaeilge anois. Sílim gur rud é gur cheart dúinn a dhéanamh, ar mhaithe linn féin. Bhí sé sin sa treis i bhfad sular tháinig an Coimisinéir anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.