Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

3:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 3: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aird tugtha aige ar thuairimí mhuintir Chorca Dhuibhne mar aon le tuairimí mhuintir Dhaingean Uí Chúis maidir le hainm an bhaile agus cad atá beartaithe aige a dhéanamh faoin gceist anois. [37285/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I dtús báire, ní miste dom a mhíniú don Teachta go mbeidh mé ag casadh le Comhairleoirí de chuid Chomhairle Chontae Chiarraí ar an 17 Samhain 2006 chun an cheist seo a phlé. Tá i gceist agam freisin freastal ar chruinniú poiblí i mbaile an Daingin an lá céanna chun éisteacht le tuairimí mhuintir na háite, ceisteanna a fhreagairt agus eolas a thabhairt ar an gceist seo agus ar nithe a bhaineann le scéimeanna Gaeltachta agus Forbairt Tuaithe mo Roinne.

Mar a chuir mé in iúl le linn Ráitis i Seanad Éireann ar 1 Samhain seo caite, tá súil agam go dtabharfaidh an cruinniú leis na Comhairleoirí ar 17 Samhain seo chugainn deis chun gach gné den cheist a phlé agus comhthuiscint a lorg faoi bhealach praiticiúil chun í a réiteach.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Is maith an rud é tuairimí an phobail a lorg trí reifreann agus ba mhaith liom sin a fheiceáil níos minice, mar a tharlaíonn san Eilvéis agus tíortha eile. Luaigh an tAire go mbeadh cruinniú poiblí ann ar 17 Samhain. An mbeidh tuairim daoine ón cheantar thart faoin Daingean ar lorg, daoine ón Ghaeltacht ina bhfuil an Daingean mar phríomhbhaile chomh maith le muintir an bhaile féin? An ndéanfar sin ag an chruinniú poiblí nó an féidir tuairimí a lorg idir an dá linn? Caidé seasamh an reifrinn mar d'eagraigh Comhairle Chondae Chiarraíé? Cad eile atá le déanamh le toradh a bhaint amach ar an phróiseas seo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí reifreann ann ach tá mé fós ag fanacht ar scéal ón gcomhairle chondae i ndiaidh an reifrinn. Tá an chomhairle ag fanacht go dtiocfaidh mise ann. Tá sé mínithe cheanna féin agam go bhfuil comhairle agam ón Ard Aighne nach mbaineann Acht 1946, a bhí leasaithe am éigin sna 1950í, leis an ábhar anseo. Nuair a tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla, chuir sé deireadh le haon fheidhm leis an meicníocht áirithe sin.

Ní shin le rá nach féidir le Comhairle Chondae Chiarraí reifreann a eagrú, ceist dó féin é, agus sin a rinne sé. Tá muid ag rá ó thaobh an dhlí de nach bhfuil aon fheidhm le hAcht 1946 nó 1952. Sé an comhairle atá agam nach féidir feidhmiú air ó thaobh an dhlí sin.

Nuair a deirim gur comhairle ón Ard Aighne é, agus sin é mo thuiscint air, níl mé ach ag tabhairt an scéil a tugadh dom. Níl mé ag léiriú aon bharúil ina thaobh ach ag míniú an scéil mar atá. Tá mé ag dul go dtí an comhairle condae leis na féidearthachtaí ar fad a phlé uair amháin eile mar phlé mé cheana féin iad leis agus le féachaint cén bealach ar aghaidh atá ann.

Beidh cruinniú poiblí ann agus beidh fáilte roimh an bpobal ar fad. Má thiocfaidh daoine as Lios Tuathail nó Dún Chaoin nó Baile an Fheirtéaraigh chomh maith le Baile an Daingin, beidh míle fáilte rompu. Níl mé ag iarraidh cosc a chur orthu. Is ceart go mbeidh deis ag an bpobal ceisteanna a chur faoi seo mar tá míthuiscintí ann. Ní thuigeann daoine go bhfuil muid tar éis socrú go mbeidh na léarscáileanna bóthair ar fad dhátheangach. Ní thuigeann siad gur féidir le heagraíochtaí turasóireachta iarratas a dhéanamh le comhartha mór a chur suas le Dingle scríofa air; níl fadhb leis sin. Tá ráfla ag dul thart gur tugadh treoir do RTÉ úsáid a bhaint as an Daingean nuair a bhí sé ag tagairt don Daingean. Is léir nach fíor sin mar úsáidtear Belmullet gach lá agus tá sin sa nGaeltacht. Níl bunús le sin. Tá an mhalairt fíor san Acht. Tá 100% cosaint san Acht don leagan Dingle ach i dtrí chás éisceachtúil, péire acu nach mbaineann le saol ó lá go lá agus tá cúis gur mhaith liom deis a bheith agam dhul isteach ann go mion faoin leagan amach maidir le comharthaíocht. An rud atá i gceist ná gur cheart go mbeadh comharthaíocht do thurasóirí mar an chéile don áit céanna, is cuma cá bhfaighfear, gan aon fhadhb.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios agam go bhfuil an tAire ag dul go dtí an cruinniú poiblí. An bhfuil sé sásta bualadh le daoine taobh amuigh de sin mar tá tuairim ann i measc na daoine a bhí ag plé leis an reifreann go bhfuil sé níos éifeachtaí bualadh le daoine le tuairimí a phlé seachas cruinniú ollmhór, rud a bheadh achrannach, b'fhéidir? An bhfuil aon bhealach eile ag an Aire le dhul i gcomhar ar an cheist seo mar ní cheart go mbeadh sí achrannach? Tá cúrsaí achrannach go leor i nGaeltacht Ros Dumhach gan cur le cúrsaí achrannacha i nGaeltacht eile. Tá daoine ag iarraidh bualadh leis an Aire seachas freastal ar chruinniú poiblí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá dhá chuireadh agam ar chruinniú. Fuair mé cuireadh ó dhream siar ón Daingean ag iarraidh casadh orm agus níl fadhb agam leis agus fuair mé cuireadh sular tháinig mé anuas ó choiste Daingean Uí Chúis agus sin mar an gcéanna. Chas mé cheana leis an gcoiste áitiúil, Dingle Placenames Committee/Coiste Ainm Daingean Uí Chúis agus le bainisteoir an chondae agus beirt chomhairleoirí in éineacht leis.

Go minic tá míthuiscint ar an bpobal maidir le bunfhíricí a bhaineann leis seo. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh an tAire i láthair go míneoidh mé le héinne a bhfuil spéis aige ann cad iad na fíricí. Ní bheidh mé ag tabhairt breithiúnais. Tá sé ráite agam go bhfuil mé ag fanacht ar Chomhairle Chondae Chiarraí mar d'eagraigh sé an reifreann agus an t-aon éifeacht a bhí leis an reifreann ná dhul i gcomhairle leis an chomhairle chondae. An rud cúirtéiseach domsa le déanamh ó thaobh cinnidh de ná fanacht ar an dream a d'eagraigh an reifreann go gcuirfidh sé moladh faoi mo bhráid. Níl a fhios agam an bhfuil sé ag fanacht go dtí tar éis an chruinnithe a bheidh agam leis, go ndéanfaimid malairt ar tuairimí, go bpléifimid féidearthachtaí, go mbreathnóimid ar cheisteanna dlí agus mar sin agus ansin go gcuirfidh sé moladh chugam. Nuair a gheobhaidh mé moladh, mar atá geallta agam go minic, breathnóidh mé air chomh gar agus is féidir leis sin a fheidhmiú ach caithfidh mé á dhéanamh taobh istigh den dlí.

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil aon seans go dtiocfadh liom ceist a chur ar an Aire?

Photo of Rory O'HanlonRory O'Hanlon (Cavan-Monaghan, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

It is Priority Questions and there is no provision for any Deputy except the Deputy who submits the question.

Photo of Joe HigginsJoe Higgins (Dublin West, Socialist Party)
Link to this: Individually | In context

Ba cheart deireadh a chur leis an amadántaíocht seo agus glacadh le Daingean/Dingle mar réiteach don gceist. Ceantar dátheangach atá ann.

Photo of Rory O'HanlonRory O'Hanlon (Cavan-Monaghan, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

It is not appropriate for the Deputy to come in and disrupt Priority Questions.