Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Bhí reifreann ann ach tá mé fós ag fanacht ar scéal ón gcomhairle chondae i ndiaidh an reifrinn. Tá an chomhairle ag fanacht go dtiocfaidh mise ann. Tá sé mínithe cheanna féin agam go bhfuil comhairle agam ón Ard Aighne nach mbaineann Acht 1946, a bhí leasaithe am éigin sna 1950í, leis an ábhar anseo. Nuair a tugadh isteach Acht na dTeangacha Oifigiúla, chuir sé deireadh le haon fheidhm leis an meicníocht áirithe sin.

Ní shin le rá nach féidir le Comhairle Chondae Chiarraí reifreann a eagrú, ceist dó féin é, agus sin a rinne sé. Tá muid ag rá ó thaobh an dhlí de nach bhfuil aon fheidhm le hAcht 1946 nó 1952. Sé an comhairle atá agam nach féidir feidhmiú air ó thaobh an dhlí sin.

Nuair a deirim gur comhairle ón Ard Aighne é, agus sin é mo thuiscint air, níl mé ach ag tabhairt an scéil a tugadh dom. Níl mé ag léiriú aon bharúil ina thaobh ach ag míniú an scéil mar atá. Tá mé ag dul go dtí an comhairle condae leis na féidearthachtaí ar fad a phlé uair amháin eile mar phlé mé cheana féin iad leis agus le féachaint cén bealach ar aghaidh atá ann.

Beidh cruinniú poiblí ann agus beidh fáilte roimh an bpobal ar fad. Má thiocfaidh daoine as Lios Tuathail nó Dún Chaoin nó Baile an Fheirtéaraigh chomh maith le Baile an Daingin, beidh míle fáilte rompu. Níl mé ag iarraidh cosc a chur orthu. Is ceart go mbeidh deis ag an bpobal ceisteanna a chur faoi seo mar tá míthuiscintí ann. Ní thuigeann daoine go bhfuil muid tar éis socrú go mbeidh na léarscáileanna bóthair ar fad dhátheangach. Ní thuigeann siad gur féidir le heagraíochtaí turasóireachta iarratas a dhéanamh le comhartha mór a chur suas le Dingle scríofa air; níl fadhb leis sin. Tá ráfla ag dul thart gur tugadh treoir do RTÉ úsáid a bhaint as an Daingean nuair a bhí sé ag tagairt don Daingean. Is léir nach fíor sin mar úsáidtear Belmullet gach lá agus tá sin sa nGaeltacht. Níl bunús le sin. Tá an mhalairt fíor san Acht. Tá 100% cosaint san Acht don leagan Dingle ach i dtrí chás éisceachtúil, péire acu nach mbaineann le saol ó lá go lá agus tá cúis gur mhaith liom deis a bheith agam dhul isteach ann go mion faoin leagan amach maidir le comharthaíocht. An rud atá i gceist ná gur cheart go mbeadh comharthaíocht do thurasóirí mar an chéile don áit céanna, is cuma cá bhfaighfear, gan aon fhadhb.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.