Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá dhá chuireadh agam ar chruinniú. Fuair mé cuireadh ó dhream siar ón Daingean ag iarraidh casadh orm agus níl fadhb agam leis agus fuair mé cuireadh sular tháinig mé anuas ó choiste Daingean Uí Chúis agus sin mar an gcéanna. Chas mé cheana leis an gcoiste áitiúil, Dingle Placenames Committee/Coiste Ainm Daingean Uí Chúis agus le bainisteoir an chondae agus beirt chomhairleoirí in éineacht leis.

Go minic tá míthuiscint ar an bpobal maidir le bunfhíricí a bhaineann leis seo. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh an tAire i láthair go míneoidh mé le héinne a bhfuil spéis aige ann cad iad na fíricí. Ní bheidh mé ag tabhairt breithiúnais. Tá sé ráite agam go bhfuil mé ag fanacht ar Chomhairle Chondae Chiarraí mar d'eagraigh sé an reifreann agus an t-aon éifeacht a bhí leis an reifreann ná dhul i gcomhairle leis an chomhairle chondae. An rud cúirtéiseach domsa le déanamh ó thaobh cinnidh de ná fanacht ar an dream a d'eagraigh an reifreann go gcuirfidh sé moladh faoi mo bhráid. Níl a fhios agam an bhfuil sé ag fanacht go dtí tar éis an chruinnithe a bheidh agam leis, go ndéanfaimid malairt ar tuairimí, go bpléifimid féidearthachtaí, go mbreathnóimid ar cheisteanna dlí agus mar sin agus ansin go gcuirfidh sé moladh chugam. Nuair a gheobhaidh mé moladh, mar atá geallta agam go minic, breathnóidh mé air chomh gar agus is féidir leis sin a fheidhmiú ach caithfidh mé á dhéanamh taobh istigh den dlí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.