Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

I dtús báire, ní miste dom a mhíniú don Teachta go mbeidh mé ag casadh le Comhairleoirí de chuid Chomhairle Chontae Chiarraí ar an 17 Samhain 2006 chun an cheist seo a phlé. Tá i gceist agam freisin freastal ar chruinniú poiblí i mbaile an Daingin an lá céanna chun éisteacht le tuairimí mhuintir na háite, ceisteanna a fhreagairt agus eolas a thabhairt ar an gceist seo agus ar nithe a bhaineann le scéimeanna Gaeltachta agus Forbairt Tuaithe mo Roinne.

Mar a chuir mé in iúl le linn Ráitis i Seanad Éireann ar 1 Samhain seo caite, tá súil agam go dtabharfaidh an cruinniú leis na Comhairleoirí ar 17 Samhain seo chugainn deis chun gach gné den cheist a phlé agus comhthuiscint a lorg faoi bhealach praiticiúil chun í a réiteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.