Dáil debates

Wednesday, 14 June 2006

Priority Questions.

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 40: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Státchóras go dtí seo agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23010/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar atá tugtha le fios go minic agam sa Teach seo, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Tá 27 scéim teanga daingnithe agam go dáta le comhlachtaí poiblí agus foilsithe. Sa bhreis ar sin, tá mo Roinn ag plé faoi láthair le níos mó ná 70 comhlacht poiblí eile maidir le dréacht-scéimeanna teangan a ullmhú.

Tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe agus, i mí an Mhárta i mbliana, d'fhoilsigh an coimisinéir a thuarascáil bhliantúil do 2005. Tugadh feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ó 19 Eanáir 2004 agus tiocfaidh fuílleach na bhforálacha i bhfeidhm go huathoibríoch ar 14 Iúil 2006.

I mí Aibreáin na bliana seo, rinne mé rialacháin a thug liosta na gcomhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht suas go data. Tá deich gcinn d'orduithe logainmneacha déanta agam go dáta, ina measc An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Gaeltachta) 2004.

Ar iarratas uaim, tá Foras na Gaeilge tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Reachtáladh scrúdú ar 8 Aibreán seo caite d'fhonn painéal cáilithe a chur le chéile agus tuigim go mbeidh an painéal sin ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don phobal go luath. Tá i gceist tuilleadh scrúduithe a reachtáil amach anseo ag tráthanna rialta. Ar an iomlán, táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn céimiúil.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire as an eolas sin a chur ar fáil dom. Tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh, ach sílim go bhfuil sé mall go leor. Deirtear go bhfuil 27 scéim teanga socraithe le heagraíochtaí Stáit go dtí seo agus go bhfuil 70 eile á n-achtú le comhlachtaí Stáit. Sílim gur sin an rud a dúirt an tAire. De réir mar a thuigim an scéal, tá breis agus 600, nó b'fhéidir 650, eagraíocht den chineál seo, ina measc Ranna, comhlachtaí Stáit, comhairlí contae, boird agus araile. An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon bharúil aige cén uair a bheidh scéimeanna teanga curtha ar fáil ag gach ceann den 650? Tuigim gur trí bliana atá i gceist le pleananna mar seo, agus tá sé follasach anois go mbeidh na trí bliana thart i gcuid de na cásanna sula mbeidh na scéimeanna curtha ar fáil ag an chuid eile. B'fhéidir gur chóir díriú isteach níos mó air.

Tá sé de chead ag an Aire rialacháin a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge go poiblí, in oifigí agus mar sin de. Cuir i gcás na litreacha a thagann amach as Ranna agus araile le seoltaí i nGaeilge orthu. Ba cheart go mbeadh comharthaíocht in áiteanna poiblí dátheangach, chomh maith leis an fhógraíocht a dhéantar.

Nuair a chuirtear teachtaireacht chuig comhlacht Stáit, ba cheart go mbeadh sé taifeadta go bhfuil sí dátheangach. Cad é an dul chun cinn atá déanta ansin? Mar a dúirt an tAire, beidh forálacha an Achta ag teacht i bhfeidhm go huile is go hiomlán mí ó inniú, ar 14 Iúil. Dá réir sin, tá sé de dhualgas orainn go mbeidh gach Acht a chuirtear ar fáil san Oireachtas dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, ón dáta sin ar aghaidh. An bhfuil córas i bhfeidhm anois a chinnteoidh gur mar sin a bheidh sé, de réir fhorálacha an Achta?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí go leor ceisteanna ansin, agus déanfaidh mé iarracht iad a fhreagairt.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Bhí trí cinn ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhain an chéad cheist leis na pleananna. Tá córas fadálach go maith a d'aontaigh muid sa Teach seo. Le plean a chur i bhfeidhm, caithfear fógra a chur i scríbhinn agus an t-iarratas a lorg sé mhí roimh ré chun rud a thabhairt isteach, agus ansin caithfear an plean a mheas.

Tá 28 díobh daingnithe, ach mar a mhínigh mé cheana sa Teach, is dóigh liom go bhfuil i bhfad níos mó ná an céatadán sin de ghníomhaíochtaí Stáit clúdaithe. Dhírigh muid ar na heagraíochtaí is mó a bhfuil tionchar acu ar shaol an phobail. Is é sin le rá nach mar a chéile iad na 600 eagraíocht ó thaobh tábhachta agus bainte leis an bpobal. Dhírigh muid ar chomhairlí contae Gaeltachta agus boird sláinte, nó an HSE mar atá anois, a bhíonn ag plé le ceantair Ghaeltachta. Dhírigh muid ar eagraíochtaí nó forais a bhfuil ról straitéiseach sa Stát acu, Roinn an Taoisigh, Oifig an Uachtaráin agus mar sin de.

Is é ceann de na dreamanna is mo a mbíonn plé ag an bpobal leis ná na Coimisinéirí Ioncaim, agus tá siadsan istigh ón tús. Ainneoin nach bhfuil ach céatadán beag de na comhlachtaí Stáit clúdaithe, tá cuid mhaith de ghnáthghníomhaíochtaí an phobail clúdaithe. Is ceart díriu ar na heagraíochtaí ar fad a mbíonn plé ag an bpobal leo, an Roinn Talmhaíochta agus Bia, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, agus na Coimisinéirí Ioncaim, i dtosach, móide na heagraíochtaí pobail, is é sin, na comhairlí contae atá ag plé leis na contaethe Gaeltachta. Tá 70 ann i láthair na huaire. Is próiseas mall é má tá sé le déanamh.

Nuair a bheidh muid ag teacht ar ais ag athbhreithniú na bpleananna, beidh bunsraith ann, agus ní bheidh aon dul siar uaidh sin. Is é an cheist a bheidh ann ná tógáil ar an mbunsraith a bheidh leagtha síos. Laethantaí, bíonn daoine á rá go bhfuil muid ag dul ró-sciobtha agus go bhfuil an iomarca á dhéanamh againn, agus laethantaí eile bíonn daoine á rá go bhfuil muid ag dul ró-mhall. Sílim féin go bhfuil dul chun cinn maith déanta. Ba bhreá liom go gcuirfí na 600 plean i gcrích.

Chuir an Teachta ceist maidir le rialacháin. Tá mé ag obair ar rialacháin faoi chomharthaíocht agus na rudaí eile a luaigh sé. Ó thaobh na fógraíochta de, caithfimid tuilleadh obair bhaile a dhéanamh. Tá ceisteanna i leith fógraíochta ó thaobh an Stáit le plé. Maidir le comharthaíocht, tá súil agam rialacháin a thabhairt ar aghaidh go luath. Tá go leor oibre déanta air sin, agus tá mé beagnach tagtha go deireadh an bhóthair leis an gceann sin.

Chuir an Teachta ceist faoi Achtanna an Oireachtais. Tá plé ar bun le píosa fada idir mo Roinn, Ranna eile agus Coimisiún Thithe an Oireachtais. Níor mhaith liom dul isteach sa scéal ró-dhomhain ach amháin a rá go dtiocfaidh sé isteach ar 14 Iúil go gcaithfear, de réir dlí, na hAchtanna — ní na Billí ach na hAchtanna — a fhoilsiú go comhuaineach san dá theanga. Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas go mbeidh na hacmhainní cuí ar fáil chuige. Tá comhráití ar bun i láthair na huaire, agus níl aon amhras orm ach go mbeifear in ann cloí leis sin. Is rud é a chaithfear a dhéanamh. Ba mhaith liom béimiú ó thaobh na nAchtanna de gur foirfiú nó beachtú ar fhoráil bhunreachta atá i gceist anseo. Cuireann an Bhunreacht dualgas orainn na hAchtanna a fhoilsiú san dá theanga.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá ceist amháin eile agam.

Séamus Pattison (Carlow-Kilkenny, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ceist ghearr.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is ceist an-ghearr í. Tuigim go bhfuil earcaíocht ar siúl chun daoine oilte agus cáilithe a chur ar fáil don obair seo. Cad é mar atá an earcaíocht ag dul ar aghaidh? An bhfuil deacrachtaí ann daoine oilte a fháil, nó an bhfuil toradh maith ar na fógraí a rinneadh? An bhfuil painéal curtha ar fáil a bheidh ábalta aghaidh a thabhairt ar an obair thábhachtach seo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl a fhios agam faoi earcaíocht, ach tá a fhios agam go ndeirtear go bhfuaireadar 200 iarratas nuair a rinne an Comhphobal earcaíocht. Is dóigh liom go gcaithfidh muid bheith macánta faoi seo. Táimid ag tabhairt faoi Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil san dá theanga. Táimid ag impí mar Rialtas, le tacaíocht chuile pháirtí sa Teach seo, ar an gComhphobal Eorpach glacadh leis an Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre ón gcéad lá den bhliain seo chugainn. Ar ndóigh, ní sheasfadh sé le réasún go n-iarrfadh an tír seo, a bhfuil fadhb aici na hAchtanna a aistriú go comhuaineach, ar an Eoraip dualgas a bhféadfadh a bheith níos troime ná sin a thógáil uirthi féin. Creidim go bhfuil daoine ina bhun sin. Ba é mé féin a d'ardaigh an cheist nuair a pléadh ceist na hEorpa.