Dáil debates

Wednesday, 14 June 2006

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar atá tugtha le fios go minic agam sa Teach seo, tá dul chun cinn suntasach déanta maidir le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chur i bhfeidhm. Tá 27 scéim teanga daingnithe agam go dáta le comhlachtaí poiblí agus foilsithe. Sa bhreis ar sin, tá mo Roinn ag plé faoi láthair le níos mó ná 70 comhlacht poiblí eile maidir le dréacht-scéimeanna teangan a ullmhú.

Tá Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla bunaithe agus, i mí an Mhárta i mbliana, d'fhoilsigh an coimisinéir a thuarascáil bhliantúil do 2005. Tugadh feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ó 19 Eanáir 2004 agus tiocfaidh fuílleach na bhforálacha i bhfeidhm go huathoibríoch ar 14 Iúil 2006.

I mí Aibreáin na bliana seo, rinne mé rialacháin a thug liosta na gcomhlachtaí poiblí atá clúdaithe faoin Acht suas go data. Tá deich gcinn d'orduithe logainmneacha déanta agam go dáta, ina measc An tOrdú Logainmneacha (Ceantair Gaeltachta) 2004.

Ar iarratas uaim, tá Foras na Gaeilge tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Reachtáladh scrúdú ar 8 Aibreán seo caite d'fhonn painéal cáilithe a chur le chéile agus tuigim go mbeidh an painéal sin ar fáil do chomhlachtaí poiblí agus don phobal go luath. Tá i gceist tuilleadh scrúduithe a reachtáil amach anseo ag tráthanna rialta. Ar an iomlán, táim sásta leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla ar bhonn céimiúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.