Dáil debates

Wednesday, 14 June 2006

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim mo bhuíochas leis an Aire as an eolas sin a chur ar fáil dom. Tá dul chun cinn áirithe á dhéanamh, ach sílim go bhfuil sé mall go leor. Deirtear go bhfuil 27 scéim teanga socraithe le heagraíochtaí Stáit go dtí seo agus go bhfuil 70 eile á n-achtú le comhlachtaí Stáit. Sílim gur sin an rud a dúirt an tAire. De réir mar a thuigim an scéal, tá breis agus 600, nó b'fhéidir 650, eagraíocht den chineál seo, ina measc Ranna, comhlachtaí Stáit, comhairlí contae, boird agus araile. An bhféadfadh an tAire a rá an bhfuil aon bharúil aige cén uair a bheidh scéimeanna teanga curtha ar fáil ag gach ceann den 650? Tuigim gur trí bliana atá i gceist le pleananna mar seo, agus tá sé follasach anois go mbeidh na trí bliana thart i gcuid de na cásanna sula mbeidh na scéimeanna curtha ar fáil ag an chuid eile. B'fhéidir gur chóir díriú isteach níos mó air.

Tá sé de chead ag an Aire rialacháin a dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge go poiblí, in oifigí agus mar sin de. Cuir i gcás na litreacha a thagann amach as Ranna agus araile le seoltaí i nGaeilge orthu. Ba cheart go mbeadh comharthaíocht in áiteanna poiblí dátheangach, chomh maith leis an fhógraíocht a dhéantar.

Nuair a chuirtear teachtaireacht chuig comhlacht Stáit, ba cheart go mbeadh sé taifeadta go bhfuil sí dátheangach. Cad é an dul chun cinn atá déanta ansin? Mar a dúirt an tAire, beidh forálacha an Achta ag teacht i bhfeidhm go huile is go hiomlán mí ó inniú, ar 14 Iúil. Dá réir sin, tá sé de dhualgas orainn go mbeidh gach Acht a chuirtear ar fáil san Oireachtas dátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, ón dáta sin ar aghaidh. An bhfuil córas i bhfeidhm anois a chinnteoidh gur mar sin a bheidh sé, de réir fhorálacha an Achta?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.