Dáil debates

Wednesday, 14 June 2006

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Bhain an chéad cheist leis na pleananna. Tá córas fadálach go maith a d'aontaigh muid sa Teach seo. Le plean a chur i bhfeidhm, caithfear fógra a chur i scríbhinn agus an t-iarratas a lorg sé mhí roimh ré chun rud a thabhairt isteach, agus ansin caithfear an plean a mheas.

Tá 28 díobh daingnithe, ach mar a mhínigh mé cheana sa Teach, is dóigh liom go bhfuil i bhfad níos mó ná an céatadán sin de ghníomhaíochtaí Stáit clúdaithe. Dhírigh muid ar na heagraíochtaí is mó a bhfuil tionchar acu ar shaol an phobail. Is é sin le rá nach mar a chéile iad na 600 eagraíocht ó thaobh tábhachta agus bainte leis an bpobal. Dhírigh muid ar chomhairlí contae Gaeltachta agus boird sláinte, nó an HSE mar atá anois, a bhíonn ag plé le ceantair Ghaeltachta. Dhírigh muid ar eagraíochtaí nó forais a bhfuil ról straitéiseach sa Stát acu, Roinn an Taoisigh, Oifig an Uachtaráin agus mar sin de.

Is é ceann de na dreamanna is mo a mbíonn plé ag an bpobal leis ná na Coimisinéirí Ioncaim, agus tá siadsan istigh ón tús. Ainneoin nach bhfuil ach céatadán beag de na comhlachtaí Stáit clúdaithe, tá cuid mhaith de ghnáthghníomhaíochtaí an phobail clúdaithe. Is ceart díriu ar na heagraíochtaí ar fad a mbíonn plé ag an bpobal leo, an Roinn Talmhaíochta agus Bia, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, agus na Coimisinéirí Ioncaim, i dtosach, móide na heagraíochtaí pobail, is é sin, na comhairlí contae atá ag plé leis na contaethe Gaeltachta. Tá 70 ann i láthair na huaire. Is próiseas mall é má tá sé le déanamh.

Nuair a bheidh muid ag teacht ar ais ag athbhreithniú na bpleananna, beidh bunsraith ann, agus ní bheidh aon dul siar uaidh sin. Is é an cheist a bheidh ann ná tógáil ar an mbunsraith a bheidh leagtha síos. Laethantaí, bíonn daoine á rá go bhfuil muid ag dul ró-sciobtha agus go bhfuil an iomarca á dhéanamh againn, agus laethantaí eile bíonn daoine á rá go bhfuil muid ag dul ró-mhall. Sílim féin go bhfuil dul chun cinn maith déanta. Ba bhreá liom go gcuirfí na 600 plean i gcrích.

Chuir an Teachta ceist maidir le rialacháin. Tá mé ag obair ar rialacháin faoi chomharthaíocht agus na rudaí eile a luaigh sé. Ó thaobh na fógraíochta de, caithfimid tuilleadh obair bhaile a dhéanamh. Tá ceisteanna i leith fógraíochta ó thaobh an Stáit le plé. Maidir le comharthaíocht, tá súil agam rialacháin a thabhairt ar aghaidh go luath. Tá go leor oibre déanta air sin, agus tá mé beagnach tagtha go deireadh an bhóthair leis an gceann sin.

Chuir an Teachta ceist faoi Achtanna an Oireachtais. Tá plé ar bun le píosa fada idir mo Roinn, Ranna eile agus Coimisiún Thithe an Oireachtais. Níor mhaith liom dul isteach sa scéal ró-dhomhain ach amháin a rá go dtiocfaidh sé isteach ar 14 Iúil go gcaithfear, de réir dlí, na hAchtanna — ní na Billí ach na hAchtanna — a fhoilsiú go comhuaineach san dá theanga. Tá sé ráite go soiléir ag an Rialtas go mbeidh na hacmhainní cuí ar fáil chuige. Tá comhráití ar bun i láthair na huaire, agus níl aon amhras orm ach go mbeifear in ann cloí leis sin. Is rud é a chaithfear a dhéanamh. Ba mhaith liom béimiú ó thaobh na nAchtanna de gur foirfiú nó beachtú ar fhoráil bhunreachta atá i gceist anseo. Cuireann an Bhunreacht dualgas orainn na hAchtanna a fhoilsiú san dá theanga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.