Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Question 6: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta céard iad tuairimí an Aire i dtaobh an athbhreithnithe ar na Gaeltachtaí, nach n-aontaíonn an tAire liom gur cheart níos mo tacaíochta a thabhairt do na Gaeltachtaí go léir chun iad a láidriú agus nach ceart brú a chur orthu spriocanna éagsúla a bhaint amach faoi bhrú ama. [11427/05]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 44: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ós rud é go bhfuil 41% de vótálaithe Ghaeltacht na Gaillimhe do thoghchán Údarás na Gaeltachta i gceantair a bhfuil an Béarla mar phríomhtheanga iontu, cén plean práinneach atá aige féachaint ar theorainneacha Ghaeltacht na Gaillimhe; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [11385/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6 and 44 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, cuireadh tús i mí Aibreáin 2004 le staidéar teangeolaíoch dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun: forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíochta a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú á scrúdú mar chuid den staidéar sin.

Meastar go dtógfaidh an staidéar, atá á dhéanamh thar cheann na Roinne ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, dhá bhliain go leith le cur i gcrích. Tá súil agam, mar sin, go mbeidh torthaí críochnúla ar fáil thart ar Mheán Fómhair 2006. Ní ghlacfar le aon chinneadh maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh an staidéar críochnaithe agus an deis a bheith ag mo Roinn torthaí an staidéir a scrúdú go cúramach. Chuirfí aon mholtaí i ndáil le hathrú ar na limistéir Ghaeltachta faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Is é cuspóir mo Roinne sa Ghaeltacht ná úsáid na Gaeilge a láidriú agus a bhuanú. I measc na mbeartas faoi leith a tógadh le déanaí chun na críche sin, áirím an comh-mhaoiniú ar bhonn 50:50 gur fiú €87,000 atá ceadaithe agam ó thús na bliana d'Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le cumasú dó triúr teiripeoirí urlabhra agus teanga le Gaeilge a fhostú chun cur leis na seirbhísí a bhíonn ar fáil sa réimse sin sna ceantair Ghaeltachta; an ciste gur fiú €1.56 milliúin thar trí bliana a d'fhógair mé anuraidh chun tionscnamh pleanála teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht ar bhonn trialach; ó shin i leith tá cúig ghrúpa roghnaithe agus cúnamh airgid gur fiú suas go €110,000 in aghaidh na bliana ar fáil le cuidiú dóibh tabhairt faoi phlean teanga cuimsitheach agus infheidhmithe a réiteach agus a chur i bhfeidhm; an tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil d'Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht; an gréasán tacaíochta atá bunaithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, atá maoinithe ag mo Roinnse, faoina bhfuil comhairle agus tacaíocht phraiticiúil á cur ar fáil do na grúpaí a fuair aitheantas faoin tionscnamh pleanála teanga; an feachtas feasachta teanga a sheol mé ar 13 Meán Fómhair 2004 faoin teideal "Ár dTeanga Nádúrtha Féin" d'fhonn na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh a chur ina luí ar thuismitheoirí na Gaeltachta; athbhreithnuithe ar scéim na gcúntóirí teanga, scéim labhairt na Gaeilge agus scéim na gcampaí samhraidh, le scéimeanna leasuithe curtha nó á gcur i bhfeidhm; an cúnamh a ceadaíodh d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne d'fhonn scéim chuairteoirí baile a thionscnamh ar bhonn trialach; an bhéim bhreise atá á cur ag Údarás na Gaeltachta, ar threoir shonrach uaim, ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gcomharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht; agus an t-athstruchtúrú atá curtha i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta ar an earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht, chomh maith le tabhairt faoi struchtúr nua chun freastal níos fearr a dhéanamh ar an óige sa Ghaeltacht.

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh chun an tacaíocht chuí a chur ar fáil ar mhaithe leis an nGaeltacht a láidriú tuilleadh laistigh de na hacmhainní airgid atá ar fáil dom mar Aire.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as an bhfreagra. Aontaím leis an chuspóir an Ghaeilge a láidriú. Tá codarsnacht ann, áfach, idir an tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí le Gaeilge a neartú agus an brú a chuirtear orthu le sprioc dátaí. An n-aontaíonn an tAire go bhfuil éileamh ann ceol a fhoghlaim mar tá sport ag baint leis agus tacaíochta taobh thiar de chomh maith? Is féidir ceacht a fhoghlaim ansin le spreagadh a thabhairt do dhaoine ranganna Gaeilge a eagrú, go speisialta do dhaoine fásta, agus an t-eolas sin a scaipeadh agus seans a thabhairt do dhaoine teacht ar an Ghaeilge. Cá dtéann daoine i gceantar an Aire le rang do dhaoine fásta a fháil. Tá muintearas ann, tá cúpla áiteanna ar imeall na Gaeltachta nach mbíonn seans ag daoine Gaeilge a fhoghlaim. Ba cheart dúinn rud éigin a dhéanamh faoi sin. An aontaíonn an tAire go bhfuil sé tábhachtach, ó thaobh an údaráis ag gearradh siar ar an mbuiséad, féachaint air sin arís, ó thaobh páirceanna gnó agus seans a thabhairt do dhaoine fréamhacha a chur fúthu sa Ghaeltacht in ionad a bheith ag obair na mílte óna n-áit chónaí.

Tá an-chomparáid idir cheol agus foghlaim na Gaeilge.

Photo of Rory O'HanlonRory O'Hanlon (Cavan-Monaghan, Ceann Comhairle)
Link to this: Individually | In context

Ceist le do thoil.

Photo of Trevor SargentTrevor Sargent (Dublin North, Green Party)
Link to this: Individually | In context

An aontaíonn an tAire go bhfuil sé tábhachtach ranganna Gaeilge do dhaoine fásta a shocrú?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé tábhachtach. Bíonn siad ar fáil agus bíonn an t-údarás agus Conradh na Gaeilge ag plé le ranganna Gaeilge i gcathair na Gaillimhe agus clúdaíonn sin na ceantracha atá ar imeall na Gaeltachta. Bíonn Coláiste na hOllscoile i nGaillimh ag oibriú ar fud na Gaeltachta. Bíonn ranganna Gaeilge i mo dhúiche féin.

Maidir le hairgead don údarás, breathnaím ar an airgead a chuirtear ar fáil dom le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta mar aonad amháin agus úsáidim an t-airgead sin, caite fríd an Roinn nó fríd an údarás, ar an mbealach is fearr a chreidim go ndéanfaidh sé leas na Gaeilge agus leas phobal na Gaeltachta. Chuir mé an-spéis gur vótáil breis is 60% de mhuintir Chorca Dhuibhne, muintir Mhaigh Eo, muintir Chiarraí, muintir Thír Chonaill, muintir na Gaillimh. Mar áirímid an pobal Gaeltachta ag vótáil sa toghchán, fiú ag tógáil na toghchán beaga san áireamh, ba léir go bhfuil pobal na Gaeltachta an-sásta leis an gcur chuige mar vótáil siad go fíor-láidir ar a shon. Tá rudaí breise i gceist sa Ghaeltacht seachas na rudaí a dhéanann Údarás na Gaeltachta. Ceann de na scéimeanna is mó a dhéanann leas na Gaeilge sa Ghaeltacht na scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, nó scéim na mban tí, scéim na gcoláiste Gaeilge. D'ardaigh mé an t-airgead leo agus nuair a bhí mé ag déanamh cinnidh idir tuilleadh foirgnimh a thógáil agus an tionscal is mó a chuireann airgead i bpóca Gaeilgeoirí na Gaeltachta, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, chuir mé an t-airgead i dtreo scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

Dúirt an t-údarás féin go bhfuil laigí sa bhunstruchtúr. Tuarascáil bhliantúil i ndiaidh tuarascála bliantúla chuir mé airgead sa rud sin. Dhírigh se ar cheist na naíscolaíochta agus chuir mé airgead ansin. Dúirt sé go raibh fadhb ó thaobh cúrsaí óige agus chuir mé airgead ar fáil do sin. Má thógtar an t-iomlán, tá pobal na Gaeltachta sásta agus go bhfuil an cur chuige ag méadú an airgid atá ar fáil do no rudaí seo ar fad a theastaíonn uathu go ndéanfar agus nach bhfuil úsáid ar bith ann bheith ag tógáil foirgneamh folamh agus á bhfágáil folamh nuair atá rudaí eile gur féidir a dhéanamh inniu go mbeidh úsáid láithreach astu ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An aontaíonn an tAire liom gur tháinig 41% de vótaí Gaeltacht na Gaillimhe sa toghchán chuig Údarás na Gaeltachta ó dhaoine nach labhraíonn ach Béarla?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is aisteach an rud a tharlaíonn nuair a dhírítear ar cheist lae amháin. Ní fheileann toradh an toghcháin le daoine áirithe. Níor fheil sé leo gur éirigh le Fianna Fáil ceithre shuíochán a bhaint amach i nGaillimh Thiar. Breathnóimid ar na fíricí. Cuid de na daoine atá anois ag gearán, bhí siad ar bhord na n-údaráis nuair a chuir mise ceist orthu roimh athrú an Achta 1999 mar údarás, ar cheart don údarás a bheith ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe nó an raibh sé ag feidhmiú ann agus, má bhí, cén fáth nach raibh an t-eastát tionsclaíochta sa bpáirc mhór i nGaillimh faoina chúram seachas an IDA. Tháinig na daoine seo ar ais ag iarraidh go bhfágfainn rudaí mar atá siad.

Má théim isteach go Cnoc na Cathrach amárach, agus má théimse arú amárach go Béal an Mhuirthead, feicfidh mé i bhfad níos mó oibre ar bun i gCnoc na Cathrach leis an Ghaeilge a chur chun cinn ó thaobh Gaelscolaíochta agus iarrachtaí an phobail ná mar a fheicfidh mé I mbaile Bhéal an Mhuirthead. Níl éinne a rá nach gceart d'éinne dul isteach don bhaile le haghaidh an togháin seo.

Má tá an t-athrú le déanamh, ní féidir liom gníomhú ar cheist an lae inné. Tá plean leagtha amach agam, an chéad Aire Gaeltachta ó 1956, le hathbhreithniú chuimsitheach, fairáilte, oibiachtúil a dhéanamh ar na teorannacha Gaeltachta. Tá sé leagtha amach go soiléir cad é mar a dhéanfar é agus ní amháin sin ach airgead nach beag curtha agam lena dhéanamh cinnte go ndéanfar é. Nuair a thiocfaimid ag deireadh an staidéar sin, beidh cinneadh le déanamh.

Ba mhaith liom a rá fosta nár ndearnadh bagairt ar éinne. Feicim sna nuachtáin daoine a rá gur bhagair mise mura chaithfidís vótáil sa toghchán, go gcaithfí amach as an Ghaeltacht iad. Níl aon bhunús leis sin. Tharla gur chuir iriseoir ceist orm faoin staidéar teangeolaíochta agus mhínigh mé don iriseoir go dtógfaidh go leor leor rudaí san áireamh sa staidéar, mar shampla, an bhfuil an bunscoil ag múineadh trí Ghaeilge, an bhfuil an t-aifreann trí Ghaeilge agus mar sin. Cuireadh ceist orm an dtógfaí san áireamh mar chomhartha spéise, i measc rudaí eile, líon na ndaoine a vótáil i dtoghchán an údaráis. Dúirt mé go dtógfaí san áireamh sa méid mar go dtaispeánfadh sé dúinn tuiscint fiú an raibh siad sa nGaeltacht, mar bhí go leor daoine ag rá nach raibh a fhios fiú ag cuid mhaith de na daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht i gcathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht. Dúirt mé cinnte go dtógfainn san áireamh sin i measc na rudaí eile ar fad. An chéad rud eile, rinneadh dearmad ar an gcomhrá ar fad agus na rudaí eile a luaigh mé agus sí an phríomh-thuairisc a tháinig amach ná líne amháin gur bhagair an tAire mura vótálfadh daoine, chaithfí amach iad. Ní mise a bhagair é.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An féidir an tAire a rá cathain a bheidh an staidéar seo críochnaithe agus na cinnidh a dhéanfaidh. Tagraíonn an cheist do tacaíocht a thabhairt do na Gaeltachtaí maidir le láidriú na teanga. An aontaíonn an tAire liom gur an tacaíocht is láidre a thig leis a thabhairt do na Gaeltachtaí agus don teanga ná muintir na Gaeltachta a choinneáil ansin agus fostaíocht a chur ar fáil dóibh ina gceantar féin? An bhfuil an tAire dóchasach go mbeidh sé ar chumas Údaráis na Gaeltachta sin a dhéanamh leis na hacmhainní atá curtha ar fáil dó i mbliana agus an bhliain seo chugainn?

Ag an phointe seo, tréaslaím leis an phríomh-fheidhmeannach úr atá ag dul i mbun a dhualgais inniu, Pádraig Ó hAoláin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tacaím leis an rud atá ráite faoin phríomh-fheidhmeannach nua agus tugaim aitheantas fosta don obair a rinne Ruan Ó Bric mar phríomh-fheidhmeannach thar blianta fada. Tá chuile duine sa Teach ar aon intinn go bhfuil muid buíoch de Ruan agus tréaslaímid le Pádraig Ó hAoláin.

Scaití déanta simpliú ar rudaí. An dtarlódh maidin amárach i nGaeltacht Chonamara go dtabharfaí isteach 3,000 i monarchan ar scil íseal, ní bhfaigheadh an líon daoine atá de dhíth as Chonamara mar tá siad ag dul go Gaillimh agus ag fáil oibre ann mar go bhfuil scileanna arda acu. Ní fheilfeadh an cineál sin job iad.

Tháinig toscaireacht chugam as baile beag i gConamara le caint faoi fhostaíocht. Dúirt mé go bhfuil an fhadhb beagáinín níos casta mar thug mé faoi deara fána mbaile go bhfuil fíorbheagán de na múinteoirí atá acu ina Ghaeilgeoir. Dúirt mé nach trua é nuair atá na jobanna ann ach nach bhfuil siad le líonadh ag daoine áitiúla le Gaeilge. Síos an bóthar, tá teach altranais ann gur chuir an t-údarás airgead dó ach ní raibh sé in ann altraí le Gaeilge a fháil sa bhfíor-Ghaeltacht seo le hobair ann. Tá an cheist i bhfad níos casta agus tá mé ag obair leis an údarás le déanamh cinnte go bhfuil jobanna ann agus go bhfuil na daoine oilte leo. Tá sin níos casta ná an seanrud a bhíodh ann sna 1950s nuair a bhí chuile job mar an gcéanna. Caithfimid sin a phlé.

Ba bhreá liomsa go bhféadfaimis dul i gcoiste a bhaineann le mo Roinn agus suigh síos agus plé a dhéanamh ar an gceist seo, seachas ag tógáil línte simplí ar an cheist mar níl sé chomh simplí sin.