Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 6 and 44 le chéile.

Mar is eol do na Teachtaí, cuireadh tús i mí Aibreáin 2004 le staidéar teangeolaíoch dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun: forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú; agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta. Beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíochta a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú á scrúdú mar chuid den staidéar sin.

Meastar go dtógfaidh an staidéar, atá á dhéanamh thar cheann na Roinne ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, dhá bhliain go leith le cur i gcrích. Tá súil agam, mar sin, go mbeidh torthaí críochnúla ar fáil thart ar Mheán Fómhair 2006. Ní ghlacfar le aon chinneadh maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh an staidéar críochnaithe agus an deis a bheith ag mo Roinn torthaí an staidéir a scrúdú go cúramach. Chuirfí aon mholtaí i ndáil le hathrú ar na limistéir Ghaeltachta faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Is é cuspóir mo Roinne sa Ghaeltacht ná úsáid na Gaeilge a láidriú agus a bhuanú. I measc na mbeartas faoi leith a tógadh le déanaí chun na críche sin, áirím an comh-mhaoiniú ar bhonn 50:50 gur fiú €87,000 atá ceadaithe agam ó thús na bliana d'Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte le cumasú dó triúr teiripeoirí urlabhra agus teanga le Gaeilge a fhostú chun cur leis na seirbhísí a bhíonn ar fáil sa réimse sin sna ceantair Ghaeltachta; an ciste gur fiú €1.56 milliúin thar trí bliana a d'fhógair mé anuraidh chun tionscnamh pleanála teanga a chur chun cinn sa Ghaeltacht ar bhonn trialach; ó shin i leith tá cúig ghrúpa roghnaithe agus cúnamh airgid gur fiú suas go €110,000 in aghaidh na bliana ar fáil le cuidiú dóibh tabhairt faoi phlean teanga cuimsitheach agus infheidhmithe a réiteach agus a chur i bhfeidhm; an tacaíocht bhreise atá curtha ar fáil d'Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun oideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt tuilleadh sa Ghaeltacht; an gréasán tacaíochta atá bunaithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, atá maoinithe ag mo Roinnse, faoina bhfuil comhairle agus tacaíocht phraiticiúil á cur ar fáil do na grúpaí a fuair aitheantas faoin tionscnamh pleanála teanga; an feachtas feasachta teanga a sheol mé ar 13 Meán Fómhair 2004 faoin teideal "Ár dTeanga Nádúrtha Féin" d'fhonn na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomh-theanga teaghlaigh a chur ina luí ar thuismitheoirí na Gaeltachta; athbhreithnuithe ar scéim na gcúntóirí teanga, scéim labhairt na Gaeilge agus scéim na gcampaí samhraidh, le scéimeanna leasuithe curtha nó á gcur i bhfeidhm; an cúnamh a ceadaíodh d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne d'fhonn scéim chuairteoirí baile a thionscnamh ar bhonn trialach; an bhéim bhreise atá á cur ag Údarás na Gaeltachta, ar threoir shonrach uaim, ar naíscolaíocht, ar sheirbhísí don óige, ar gníomhaíochtaí na gcomharchumann agus ar sheirbhísí tacaíochta eile don Ghaeilge sa Ghaeltacht; agus an t-athstruchtúrú atá curtha i bhfeidhm ag Údarás na Gaeltachta ar an earnáil réamhscolaíochta sa Ghaeltacht, chomh maith le tabhairt faoi struchtúr nua chun freastal níos fearr a dhéanamh ar an óige sa Ghaeltacht.

Tá mé sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agus á dhéanamh chun an tacaíocht chuí a chur ar fáil ar mhaithe leis an nGaeltacht a láidriú tuilleadh laistigh de na hacmhainní airgid atá ar fáil dom mar Aire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.