Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Is aisteach an rud a tharlaíonn nuair a dhírítear ar cheist lae amháin. Ní fheileann toradh an toghcháin le daoine áirithe. Níor fheil sé leo gur éirigh le Fianna Fáil ceithre shuíochán a bhaint amach i nGaillimh Thiar. Breathnóimid ar na fíricí. Cuid de na daoine atá anois ag gearán, bhí siad ar bhord na n-údaráis nuair a chuir mise ceist orthu roimh athrú an Achta 1999 mar údarás, ar cheart don údarás a bheith ag feidhmiú i gcathair na Gaillimhe nó an raibh sé ag feidhmiú ann agus, má bhí, cén fáth nach raibh an t-eastát tionsclaíochta sa bpáirc mhór i nGaillimh faoina chúram seachas an IDA. Tháinig na daoine seo ar ais ag iarraidh go bhfágfainn rudaí mar atá siad.

Má théim isteach go Cnoc na Cathrach amárach, agus má théimse arú amárach go Béal an Mhuirthead, feicfidh mé i bhfad níos mó oibre ar bun i gCnoc na Cathrach leis an Ghaeilge a chur chun cinn ó thaobh Gaelscolaíochta agus iarrachtaí an phobail ná mar a fheicfidh mé I mbaile Bhéal an Mhuirthead. Níl éinne a rá nach gceart d'éinne dul isteach don bhaile le haghaidh an togháin seo.

Má tá an t-athrú le déanamh, ní féidir liom gníomhú ar cheist an lae inné. Tá plean leagtha amach agam, an chéad Aire Gaeltachta ó 1956, le hathbhreithniú chuimsitheach, fairáilte, oibiachtúil a dhéanamh ar na teorannacha Gaeltachta. Tá sé leagtha amach go soiléir cad é mar a dhéanfar é agus ní amháin sin ach airgead nach beag curtha agam lena dhéanamh cinnte go ndéanfar é. Nuair a thiocfaimid ag deireadh an staidéar sin, beidh cinneadh le déanamh.

Ba mhaith liom a rá fosta nár ndearnadh bagairt ar éinne. Feicim sna nuachtáin daoine a rá gur bhagair mise mura chaithfidís vótáil sa toghchán, go gcaithfí amach as an Ghaeltacht iad. Níl aon bhunús leis sin. Tharla gur chuir iriseoir ceist orm faoin staidéar teangeolaíochta agus mhínigh mé don iriseoir go dtógfaidh go leor leor rudaí san áireamh sa staidéar, mar shampla, an bhfuil an bunscoil ag múineadh trí Ghaeilge, an bhfuil an t-aifreann trí Ghaeilge agus mar sin. Cuireadh ceist orm an dtógfaí san áireamh mar chomhartha spéise, i measc rudaí eile, líon na ndaoine a vótáil i dtoghchán an údaráis. Dúirt mé go dtógfaí san áireamh sa méid mar go dtaispeánfadh sé dúinn tuiscint fiú an raibh siad sa nGaeltacht, mar bhí go leor daoine ag rá nach raibh a fhios fiú ag cuid mhaith de na daoine ina gcónaí sa Ghaeltacht i gcathair na Gaillimhe sa Ghaeltacht. Dúirt mé cinnte go dtógfainn san áireamh sin i measc na rudaí eile ar fad. An chéad rud eile, rinneadh dearmad ar an gcomhrá ar fad agus na rudaí eile a luaigh mé agus sí an phríomh-thuairisc a tháinig amach ná líne amháin gur bhagair an tAire mura vótálfadh daoine, chaithfí amach iad. Ní mise a bhagair é.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.