Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá sé tábhachtach. Bíonn siad ar fáil agus bíonn an t-údarás agus Conradh na Gaeilge ag plé le ranganna Gaeilge i gcathair na Gaillimhe agus clúdaíonn sin na ceantracha atá ar imeall na Gaeltachta. Bíonn Coláiste na hOllscoile i nGaillimh ag oibriú ar fud na Gaeltachta. Bíonn ranganna Gaeilge i mo dhúiche féin.

Maidir le hairgead don údarás, breathnaím ar an airgead a chuirtear ar fáil dom le haghaidh cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta mar aonad amháin agus úsáidim an t-airgead sin, caite fríd an Roinn nó fríd an údarás, ar an mbealach is fearr a chreidim go ndéanfaidh sé leas na Gaeilge agus leas phobal na Gaeltachta. Chuir mé an-spéis gur vótáil breis is 60% de mhuintir Chorca Dhuibhne, muintir Mhaigh Eo, muintir Chiarraí, muintir Thír Chonaill, muintir na Gaillimh. Mar áirímid an pobal Gaeltachta ag vótáil sa toghchán, fiú ag tógáil na toghchán beaga san áireamh, ba léir go bhfuil pobal na Gaeltachta an-sásta leis an gcur chuige mar vótáil siad go fíor-láidir ar a shon. Tá rudaí breise i gceist sa Ghaeltacht seachas na rudaí a dhéanann Údarás na Gaeltachta. Ceann de na scéimeanna is mó a dhéanann leas na Gaeilge sa Ghaeltacht na scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, nó scéim na mban tí, scéim na gcoláiste Gaeilge. D'ardaigh mé an t-airgead leo agus nuair a bhí mé ag déanamh cinnidh idir tuilleadh foirgnimh a thógáil agus an tionscal is mó a chuireann airgead i bpóca Gaeilgeoirí na Gaeltachta, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, chuir mé an t-airgead i dtreo scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge.

Dúirt an t-údarás féin go bhfuil laigí sa bhunstruchtúr. Tuarascáil bhliantúil i ndiaidh tuarascála bliantúla chuir mé airgead sa rud sin. Dhírigh se ar cheist na naíscolaíochta agus chuir mé airgead ansin. Dúirt sé go raibh fadhb ó thaobh cúrsaí óige agus chuir mé airgead ar fáil do sin. Má thógtar an t-iomlán, tá pobal na Gaeltachta sásta agus go bhfuil an cur chuige ag méadú an airgid atá ar fáil do no rudaí seo ar fad a theastaíonn uathu go ndéanfar agus nach bhfuil úsáid ar bith ann bheith ag tógáil foirgneamh folamh agus á bhfágáil folamh nuair atá rudaí eile gur féidir a dhéanamh inniu go mbeidh úsáid láithreach astu ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus pobal na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.