Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

Priority Questions.

Tuairisc an Choimisinéara Teanga.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 1: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil aird á tabhairt aige ar na tuairimí agus na moltaí i dtuairisc bhliantúil an Choimisinéara Teanga agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina dtaobh. [11558/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá sé molta ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil tionscnaimh, mar atá molta agam féin, go bhfuil gá le díospóireacht náisiúnta maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Tá tagairt déanta aige freisin maidir le cé chomh hannamh is a mbíonn díospóireachtaí trí Ghaeilge i dTithe an Oireachtais.

Tá an tuarascáil dírithe go príomha, ar ndóigh, ar an obair a bhí ar bun ag an oifig ó bunaíodh í ag tús na bliana anuraidh. Fáiltím go mór roimh an tuarascáil seo. Táim ag tnúth go mór, sna blianta beaga amach romhainn, le toradh ní hamháin ar shaothar mo Roinne féin i ndáil le scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a aontú le comhlachtaí poiblí, ach freisin ar shaothar Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le monatóireacht a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil faoi fheidhmiú na scéimeanna sin.

Níl aon amhras ach go bhfuil obair agus dúshlán mór romhainn i réimsí éagsúla maidir le caomhnú agus forbairt na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil ionchur tábhachtach déanta ag an gCoimisinéir Teanga san díospóireacht phoiblí faoi na réimsí sin.

An méid sin ráite, is eol don Teachta, ní foláir, go bhfuil Fóram na Gaeilge bunaithe agam chun comhairle a thabhairt dom ar shaincheisteanna a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, ina measc inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain le spriocanna réalaíocha a réiteach don Ghaeilge sa Stát agus na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá gar déanta ag an Choimisinéir Teanga do na Gaeilge agus go bhfuil sé i ndiaidh cur os comhair ár gcuid súile fíricí a bhí ansin le fada — chomh fada agus a bhaineann sé leis an Ghaeilge sa chóras oideachais agus úsáid na Gaeilge sa Dáil. An aontódh an tAire liom, anois nuair atá Acht na dTeangacha Oifigiúla á chur i bhfeidhm, go mbeidh éilimh i bhfad níos mó agus níos leithne ar dhaoine ag a bhfuil ard-chumas Gaeilge labhartha agus, go speisialta, scríofa leis na tuairiscí seo a chur ar fáil ar son na mbord Stáit? Ceann de na deacrachtaí is mó atá ag na Ranna seo agus na heagrais seo ná daoine a fháil go bhfuil caighdeán cuí ard go leor Gaeilge acu leis an obair thábhachtach seo a dhéanamh. An bhfuil aon phleananna ar siúl le déanamh cinnte go mbeidh na daoine ar fáil a bheidh ar a gcumas é seo a dhéanamh? Má bhaineann an teanga stádas oifigiúil amach san AE, agus tá dul chun cinn déanta ansin ar na mallaibh, beidh éileamh ar an chineál chéanna daoine. Cad iad na pleananna atá againn fá choinne an chorps de dhaoine ard-oilte sa teanga a chur ar fáil a dhéanfaidh freastal ar riachtanais Acht na dTeangacha Oifigiúla agus i riachtanais stádas oifigiúil san Eoraip.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta tar éis teacht go gcroí na ceiste. Phlé muid an cheist seo nuair a bhí an tAcht teanga d'fheidhmiú agus arís nuair a bhí plé ar bun maidir leis an Ghaeilge san AE. Ag an am sin, chuir mise béim ar cheist soláthar daoine lena seirbhísí a chur ar fáil agus nach raibh aon mhaith leagan síos sa dlí go mbeadh chuile chineál seirbhíse ann mura mbeadh na daoine ann lena gcur ar fáil.

Tá go leor ar bun. Bíonn daoine ag ceapadh gurbh é an bealach is fearr fadhbanna a réiteach ná le holl-phlean mór nó oll-spriocanna móra — the big bang approach. Réitítear an chuid is mó fadhbanna trí obair laethúil ag bogadh rudaí ar aghaidh.

Is dócha go bhfaca an Teachta fógra ag Fhoras na Gaeilge ag iarraidh córas cáilíochtaí ag baint le haistritheoirí. Tá sin riachtanach mar caithfimid bheith cinnte go bhfuil an caighdeán ann. Caithfidh cúrsaí cuí tríú leibhéal a bheith ar fáil fosta. Is chuige sin go ndearna mé airgeadú ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is chuige sin go raibh mé chomh tacúil leis an obair atá ar bun ag Coláiste na hOllscoile i nGaillimh ag bunadh na hionaid seachtracha, ceann acu i nGaoth Dobhair agus péire i mo dháilcheantar féin. Tá an ceart ag an Teachta, tá gá le hoiliúint. Tá mé tar éis plé a dhéanamh le go leor grúpaí agus daoine éagsúla, lucht na hollscoile ina measc, go leanúnach agus ceann de na rudaí a dúirt mé ná go gcaithfimid breathnú ar an margadh anois. Don chéad uair riamh, caithfidh an t-oideachas agus an margadh bheith fite-fuaite lena chéile. Don chéad uair i riamh níl daoine ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ar chúiseanna teibí, tá poist ann. Caithfimid breathnú ar an margadh agus na riachtanais agus na cúrsaí oiliúna agus ollscolaíochta a bheith ann le freastal air sin. Tá riar de sin ar bun le bunadh na gcúrsaí aistriúcháin sna hinstitiúidí tríú leibhéal, rud nach raibh ar fáil cúpla bliain ó shin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil an tAire sásta go bhfuil sé ar a chumas an tseirbhís seo a chur ar fáil go fóill agus go bhfuil na daoine againn faoi láthair?

Pointe eile a rinne an coimisinéir ná easpa Gaeilge agus phlé muid anseo é. Dúirt an tAire gurbh fhéidir le TG4 níos mó a dhéanamh le poiblíocht a thabhairt don méid Gaeilge a labhraítear anseo. An ndearna sé teagmháil le TG4 faoi sin? An bhfuil teagmháil déanta aige leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta a bhfuil cúramaí theagasc na Gaeilge uirthi faoin dualgas atá orainn daoine le Gaeilge ar chaighdeán ard a chur ar fáil?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Maidir leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta, bíonn plé leanúnach idir an bheirt againn agus idir ár Ranna fosta.

Ba mhaith liom go mbogfadh rudaí ar aghaidh níos gasta ach tuigeann an Teachta nádúr an chórais. Ní dhearna mé iarratas oifigiúil le TG4 ach tá mé cinnte go bhfuil sé eolach faoin méid a dúirt mé. Is dócha go bhfuair sé poiblíocht an-mhaith agus nach gá domsa é sin a rá go díreach. Níor mhaith liom go gceapfaí go raibh mé ag tabhairt treoracha d'aon eagraíocht craolacháin sa tír seo ceard le déanamh ach tá an moladh a rinne mé ar eolas ag TG4 agus bheadh súil agam go mbreathnódh an stáisiún go báúil air. Bheadh sé thar chinn don Teach seo. Ag deireadh an lae, tá muid ag caint ar chraoladh seirbhíse poiblí agus tá sé tábhachtach go bhfreastalófaí air sin. Caithfear spás a thabhairt do TG4 breathnú air.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 2: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar tháinig a Roinn féin agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta le chéile fós chun breithniú a dhéanamh ar mholtaí an ghrúpa oibre a bunaíodh i 2002 chun ceist an oideachais trí Ghaeilge a phlé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [10305/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glacaim go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt do thuarascáil an ghrúpa oibre idir-ghníomhaireachta don oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht.

Bunaíodh an grúpa oibre sin sa bhliain 2002 faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta le hionadaithe ón Roinn sin, ó mo Roinn, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó Údarás na Gaeltachta chun plean forbartha don oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht, a bhí réitithe ag grúpa ollscoileanna, a mheas.

Cuireadh tuarascáil agus moltaí an ghrúpa faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Oideachais agus Eolaíochta anuraidh. Ó mo thaobh, táim ag breathnú ar na moltaí agus ar na féidearthachtaí agus tig leis an Teachta a bheith cinnte de go mbíonn teagmháil idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar bhonn leanúnach.

Mar is eol don Teachta, tá sé leagtha síos mar sprioc ag mo Roinn ina ráiteas straitéise don tréimhse 2003-05 go bhféachfar le "ceist oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge a chur chun cinn". Ar ndóigh, is faoi chúram an Aire Oideachais agus Eolaíochta go príomha atá an fhreagracht sin. Agus é sin ráite, aithním go bhfuil ceist an oideachais tríú leibhéal mar thosaíocht fíor-thábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus mar riachtanas ar leith ó thaobh chur i bhfeidhm an Achta teanga.

Tá fonn speisialta orm go gcuirfear an cheist seo ar aghaidh, ach go háirithe i gcomhthéacs an phlé a bhí againn díreach anois i gcomhthéacs thuarascáil an Coimisinéara Teanga, agus beidh mé ag tnúth le tuilleadh comhoibrithe ó mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Eolaíochta, chun na críche sin amach anseo.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An bhféadfadh an tAire a insint dúinn cad iad na moltaí a tháinig amach ó obair an ghrúpa sin? An dtarlóidh rud éigin substaintiúil anois mar gheall air nó an mbeimid ag cur ceisteanna mar seo go deo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tarlóidh agus, go deimhin, tharla roinnt rudaí cheana féin, mar shampla, bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Caithfimid oibriú leis an gcóras i gcónaí. Níl aon amhras orm ach gur féidir linn dul chun mór a dhéanamh i líne leis an tuarascáil seo ach cur chuige ceart a bheith foighneach agus an córas a oibriú. Is féidir a shamhlú go raibh impleachtaí airgid i gceist. Níl aon mhaith dom a mhalairt a rá. É sin ráite, ní raibh na himpleachtaí airgid chomh mór sin is nach bhféadfaidís a bheith mar sprioc réalaíoch le baint amach. Tá muid á dhéanamh píosa ar phíosa, mar a rinne mé le tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta, agus ag cur na brící in áit. Ag deireadh an lae bheadh súil agam go mbainfí amach na spriocanna leagtha síos sa tuarascáil. Baineann siad le rudaí a mbím ag caint fúthu — tuilleadh cúrsaí ar fáil agus tuilleadh maoiniú chun iad a chur ar fáil. Ní raibh aon rud réabhlóideach ann nach mbeadh duine ag súil leis i dtuarascáil den chineál sin.

Creidim féin, áfach, go bhfuil muid ag múineadh rudaí trí Ghaeilge ar mhaithe leo a mhúineadh trí Ghaeilge agus anois tá muid ag iarraidh go mbeidh daoine cáilithe agus Gaeilge mhaith acu leis na folúntais atá sa gcóras ag éirí as an Acht teanga a chomhlíonadh. Tá múinteoirí bunscoile le scoth na Gaeilge ag teastáil óna Gaelscoileanna. Tá an riachtanas ann so ba cheart go mbeidh an córas oideachais in ann déileáil leis sin. Níl aon amhras ach go mbeidh éileamh an-mhór le haistritheoirí, go mór mhór nuair a thiocfadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san AE. Beimid ag iarraidh chuile shórt feidhmeannaigh de chuile chineál sna seirbhísí Stáit éagsúla le seirbhís a chur ar fáil de bharr an Achta teanga. Anois, caithfidh mé breathnú ar cén caoi a chuirfimid an oiliúint sin ar fáil. Ba mhaith liom go mbeidh ceangal i bhfad níos mó leis an oideachas agus an margadh ná mar a bhíodh.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

I mo dháilcheantar, bhí teagmháil idir Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Gaeltacht na Rinne. D'oscail an tAire an scoil nua, Scoil San Nioclás, sa Rinn. Bhí an scoil sin riartha ag coiste áitiúil le fada an lá. Tá dhá shaghas oideachais ann, oideachas don gnáth-dalta ach cad faoi daoine atá ag dul ar ais i mbun oideachais? An féidir le hÚdarás na Gaeltachta airgead a chur ar fáil do second chance education sa Ghaeltacht?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sin ar bun cheana féin. Níl na figiúirí agam faoi cé mhéad a chaitheann ant-údarás ag tacú le daoine le cúrsaí trí Ghaeilge a dhéanamh. Is maith an rud é ar an gcoinníoll nach bhfuil daoine a mhaoiniú le cúrsaí mar sin a dhéanamh a bheadh in ann an t-oideachas a mhaoiniú iad féin. Caithfimid bheith cúramach. Tá an maoiniú sin ar fáil ag an údarás le dioplóma sa Ghaeilge agus cúrsaí craolacháin ag Coláiste na hOllscoile i nGaillimh. Cuireann an t-údarás cúnamh ar fáil do na daoine ón Ghaeltacht atá ag freastal ar na cúrsaí sin. Táéileamh mór ar na cúrsaí. Tá cáilíochta áirithe ag go leor de na daoine ag déanamh cúrsaí aistriúcháin nó ag a raibh togha na Gaeilge acu mar gur cainteoirí dúchasacha iad le cruinneas agus téann ar ais le cúrsaí foirmiúla a dhéanamh. Is daoine fásta a lán acu.