Dáil debates
Thursday, 14 April 2005
Tuairisc an Choimisinéara Teanga.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Glacaim go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt do thuarascáil an ghrúpa oibre idir-ghníomhaireachta don oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht.
Bunaíodh an grúpa oibre sin sa bhliain 2002 faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta le hionadaithe ón Roinn sin, ó mo Roinn, ón Údarás um Ard-Oideachas agus ó Údarás na Gaeltachta chun plean forbartha don oideachas tríú leibhéal sa Ghaeltacht, a bhí réitithe ag grúpa ollscoileanna, a mheas.
Cuireadh tuarascáil agus moltaí an ghrúpa faoi mo bhráid agus faoi bhráid an Aire Oideachais agus Eolaíochta anuraidh. Ó mo thaobh, táim ag breathnú ar na moltaí agus ar na féidearthachtaí agus tig leis an Teachta a bheith cinnte de go mbíonn teagmháil idir mo Roinn agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar bhonn leanúnach.
Mar is eol don Teachta, tá sé leagtha síos mar sprioc ag mo Roinn ina ráiteas straitéise don tréimhse 2003-05 go bhféachfar le "ceist oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge a chur chun cinn". Ar ndóigh, is faoi chúram an Aire Oideachais agus Eolaíochta go príomha atá an fhreagracht sin. Agus é sin ráite, aithním go bhfuil ceist an oideachais tríú leibhéal mar thosaíocht fíor-thábhachtach do thodhchaí na Gaeilge agus mar riachtanas ar leith ó thaobh chur i bhfeidhm an Achta teanga.
Tá fonn speisialta orm go gcuirfear an cheist seo ar aghaidh, ach go háirithe i gcomhthéacs an phlé a bhí againn díreach anois i gcomhthéacs thuarascáil an Coimisinéara Teanga, agus beidh mé ag tnúth le tuilleadh comhoibrithe ó mo chomhghleacaí, an tAire Oideachais agus Eolaíochta, chun na críche sin amach anseo.
No comments