Dáil debates
Thursday, 14 April 2005
Tuairisc an Choimisinéara Teanga.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Tá an Teachta tar éis teacht go gcroí na ceiste. Phlé muid an cheist seo nuair a bhí an tAcht teanga d'fheidhmiú agus arís nuair a bhí plé ar bun maidir leis an Ghaeilge san AE. Ag an am sin, chuir mise béim ar cheist soláthar daoine lena seirbhísí a chur ar fáil agus nach raibh aon mhaith leagan síos sa dlí go mbeadh chuile chineál seirbhíse ann mura mbeadh na daoine ann lena gcur ar fáil.
Tá go leor ar bun. Bíonn daoine ag ceapadh gurbh é an bealach is fearr fadhbanna a réiteach ná le holl-phlean mór nó oll-spriocanna móra — the big bang approach. Réitítear an chuid is mó fadhbanna trí obair laethúil ag bogadh rudaí ar aghaidh.
Is dócha go bhfaca an Teachta fógra ag Fhoras na Gaeilge ag iarraidh córas cáilíochtaí ag baint le haistritheoirí. Tá sin riachtanach mar caithfimid bheith cinnte go bhfuil an caighdeán ann. Caithfidh cúrsaí cuí tríú leibhéal a bheith ar fáil fosta. Is chuige sin go ndearna mé airgeadú ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Is chuige sin go raibh mé chomh tacúil leis an obair atá ar bun ag Coláiste na hOllscoile i nGaillimh ag bunadh na hionaid seachtracha, ceann acu i nGaoth Dobhair agus péire i mo dháilcheantar féin. Tá an ceart ag an Teachta, tá gá le hoiliúint. Tá mé tar éis plé a dhéanamh le go leor grúpaí agus daoine éagsúla, lucht na hollscoile ina measc, go leanúnach agus ceann de na rudaí a dúirt mé ná go gcaithfimid breathnú ar an margadh anois. Don chéad uair riamh, caithfidh an t-oideachas agus an margadh bheith fite-fuaite lena chéile. Don chéad uair i riamh níl daoine ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ar chúiseanna teibí, tá poist ann. Caithfimid breathnú ar an margadh agus na riachtanais agus na cúrsaí oiliúna agus ollscolaíochta a bheith ann le freastal air sin. Tá riar de sin ar bun le bunadh na gcúrsaí aistriúcháin sna hinstitiúidí tríú leibhéal, rud nach raibh ar fáil cúpla bliain ó shin.
No comments