Dáil debates
Thursday, 14 April 2005
Tuairisc an Choimisinéara Teanga.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Mar is eol don Teachta, tá sé molta ag an gCoimisinéir Teanga ina thuarascáil tionscnaimh, mar atá molta agam féin, go bhfuil gá le díospóireacht náisiúnta maidir le múineadh na Gaeilge sna scoileanna. Tá tagairt déanta aige freisin maidir le cé chomh hannamh is a mbíonn díospóireachtaí trí Ghaeilge i dTithe an Oireachtais.
Tá an tuarascáil dírithe go príomha, ar ndóigh, ar an obair a bhí ar bun ag an oifig ó bunaíodh í ag tús na bliana anuraidh. Fáiltím go mór roimh an tuarascáil seo. Táim ag tnúth go mór, sna blianta beaga amach romhainn, le toradh ní hamháin ar shaothar mo Roinne féin i ndáil le scéimeanna faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a aontú le comhlachtaí poiblí, ach freisin ar shaothar Oifig an Choimisinéara Teanga maidir le monatóireacht a dhéanamh agus comhairle a chur ar fáil faoi fheidhmiú na scéimeanna sin.
Níl aon amhras ach go bhfuil obair agus dúshlán mór romhainn i réimsí éagsúla maidir le caomhnú agus forbairt na Gaeilge. Is cinnte go bhfuil ionchur tábhachtach déanta ag an gCoimisinéir Teanga san díospóireacht phoiblí faoi na réimsí sin.
An méid sin ráite, is eol don Teachta, ní foláir, go bhfuil Fóram na Gaeilge bunaithe agam chun comhairle a thabhairt dom ar shaincheisteanna a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, ina measc inmholtacht plean straitéiseach 20 bliain le spriocanna réalaíocha a réiteach don Ghaeilge sa Stát agus na tosaíochtaí maidir le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla.
No comments