Dáil debates

Thursday, 14 April 2005

 

Tuairisc an Choimisinéara Teanga.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tarlóidh agus, go deimhin, tharla roinnt rudaí cheana féin, mar shampla, bunaíodh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Caithfimid oibriú leis an gcóras i gcónaí. Níl aon amhras orm ach gur féidir linn dul chun mór a dhéanamh i líne leis an tuarascáil seo ach cur chuige ceart a bheith foighneach agus an córas a oibriú. Is féidir a shamhlú go raibh impleachtaí airgid i gceist. Níl aon mhaith dom a mhalairt a rá. É sin ráite, ní raibh na himpleachtaí airgid chomh mór sin is nach bhféadfaidís a bheith mar sprioc réalaíoch le baint amach. Tá muid á dhéanamh píosa ar phíosa, mar a rinne mé le tuarascáil Choimisiúin na Gaeltachta, agus ag cur na brící in áit. Ag deireadh an lae bheadh súil agam go mbainfí amach na spriocanna leagtha síos sa tuarascáil. Baineann siad le rudaí a mbím ag caint fúthu — tuilleadh cúrsaí ar fáil agus tuilleadh maoiniú chun iad a chur ar fáil. Ní raibh aon rud réabhlóideach ann nach mbeadh duine ag súil leis i dtuarascáil den chineál sin.

Creidim féin, áfach, go bhfuil muid ag múineadh rudaí trí Ghaeilge ar mhaithe leo a mhúineadh trí Ghaeilge agus anois tá muid ag iarraidh go mbeidh daoine cáilithe agus Gaeilge mhaith acu leis na folúntais atá sa gcóras ag éirí as an Acht teanga a chomhlíonadh. Tá múinteoirí bunscoile le scoth na Gaeilge ag teastáil óna Gaelscoileanna. Tá an riachtanas ann so ba cheart go mbeidh an córas oideachais in ann déileáil leis sin. Níl aon amhras ach go mbeidh éileamh an-mhór le haistritheoirí, go mór mhór nuair a thiocfadh an Ghaeilge mar theanga oifigiúil san AE. Beimid ag iarraidh chuile shórt feidhmeannaigh de chuile chineál sna seirbhísí Stáit éagsúla le seirbhís a chur ar fáil de bharr an Achta teanga. Anois, caithfidh mé breathnú ar cén caoi a chuirfimid an oiliúint sin ar fáil. Ba mhaith liom go mbeidh ceangal i bhfad níos mó leis an oideachas agus an margadh ná mar a bhíodh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.