Dáil debates

Tuesday, 22 February 2005

3:00 pm

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 8: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an aontaíonn sé nach dtuigeann Foras na Gaeilge conas airgead a dháileadh go héifeachtach (sonraí tugtha); agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [5791/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios agam go n-aontaíonn na Teachtaí liom go bhfuil obair thábhachtach ar siúl ag Foras na Gaeilge ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileáin na hÉireann agus go bhfuil gníomhaíochtaí na n-eagras deonacha Gaeilge mar chuid bhunúsach de sin. Is den riachtanas é, mar sin, go mbeadh comhpháirtnéireacht éifeachtach i bhfeidhm idir an foras agus na h-eagrais dheonacha d'fhonn a gcuid aidhmeanna comónta i leith na Gaeilge a chur chun cinn. Tá prionsabal sin na páirtnéireachta aitheanta go sonrach i bplean oibre an fhorais. Sa chomhthéacs sin, bhí díomá orm gur éirigh easaontas le déanaí idir Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha a bhain go príomha, mar a thuigim, le córas úr atá tugtha isteach ag an bhforas i ndáil le maoiniú na n-eagras.

Tuigfidh na Teachtaí, ar ndóigh, gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna oibre agus corparáide atá aige. Is ar éigean is gá dom a rá freisin nach bhfuil ceist ar bith ach gur chóir go mbeadh dea-chleachtais i bhfeidhm ag an bhforas agus ag na heagrais araon maidir le caiteachas an airgid phoiblí atá i gceist agus cuntas cuí a thabhairt ar an gcaiteachas sin.

Tuigim go raibh roinnt cruinnithe ag grúpa ionadaíoch ó na heagrais dheonacha, agus ag eagrais aonaracha chomh maith, leis an bhforas le tamall gairid anuas d'fhonn na ceisteanna seo a chíoradh. Chomh maith leis sin, chas ionadaithe thar ceann na n-eagras le hoifigigh ó mo Roinn chun an cás a phlé. Tá curtha in iúl dom go bhfuil próiseas comhairleach ar siúl faoi láthair idir an bhforas agus na heagrais dheonacha d'fhonn teacht ar réiteach ar an scéal. Beidh oifigigh ó mo Roinn féin ar fáil, más cuí, le cabhrú leis an bpróiseas sin ar aon bhealach is féidir.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Phléamar cuid den cheist seo cheana féin, ach mar gheall ar airgead a dháileadh. Bhí dream amháin i mo dháilcheantar ag fáil airgid, is é sin, Port Láirge le Gaelain. Níl pingin rua á fáil aige i mbliana. Níl aon deontas ag dul go dtí aon eagras eile sa dáilcheantar nó, de réir mar is eol dom, go dtí aon eagras san iardheisceart. Sin rud atá go mór i mbéal na ndaoine i mo dháilcheantar.

Féachaimis ar an suirbhé sin. Ní maith liom rudaí mar seo a rá, ach fuarthas amach nach raibh íomhá mhaith ag Foras na Gaeilge sna meáin chumarsáide agus nach mbíodh na cinntí a rinne sé trédhearcach amantaí. Sin rud eile nach bhfuil go maith. Luaíodh easpa físe agus straitéise agus an iomarca béime ar chúrsaí riaracháin. Níl sé seo go maith. Tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe mhaith as na cainteanna go léir atá ar siúl faoi láthair go luath mar ní féidir linn ligint do rud mar seo tarlú le heagraíocht atá chomh tábhachtach le Foras na Gaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá tuiscint agam don rud atáá rá ag an Teachta. Seo an fhadhb. Tá an córas ar fad meáite anois ar chomórtas oscailte a bheith ann ionas gur féidir le gach duine iarratas a chur isteach chuige. Bíonn rialacha leagtha síos roimh ré, agus braitheann an toradh ar an bpróiseas. De réir mar a thuigim, sin é go díreach an rud a tharla. Lorg an foras iarratais le haghaidh tograí den chineál atá i gceist ag an Teachta ó phobail, agus fuair sé na hiarratais sin. Bhí critéir leagtha síos aige le na hiarratais a mheas, agus — taitníodh sé nó ná taitníodh sé le héinne — nuair a tháinig sé go deireadh an phróisis, níor thug sé an freagra áirithe a teastaíodh. Ba mhó a bheadh lucht na cáinte ag casaoid dá gcaithfí an córas próiseála a leasú mar nach raibh sé ag tabhairt freagra a bhí sásúil nó an freagra a theastaigh ó dhaoine.

Ní fadhb le Foras na Gaeilge é sin ach leis an Státchóras ar fad, agus caithfimid bheith tuisceanach don fhoras sa méid is go gcaithfidh sé obair taobh istigh den Státchóras. Tá an Státchóras féin ag éileamh níos mó go mbeadh trédhearcacht den chinéal seo agus próiseas agus iarratais oscailte ann. Mar atá pléite againn den dara huair inniu, nuair a bhíonn próiseas mar sin ann, titeann dreamanna áirithe amach agus tagann dreamanna eile isteach. Má bhíonn na hiarratais is fearr ar fad as contae amháin, ar ndóigh, cad is féidir a dhéanamh ach an t-airgead a bhronnadh orthu?

Photo of Fergus O'DowdFergus O'Dowd (Louth, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cén fáth ar éirigh Aoife Ní Scolaí as oifig i gConradh na Gaeilge? Nach bhfuil sé fíor nach raibh aon mhuinín aici i bhForas na Gaeilge? Cé gur gnáthrud é go mbíonn achrainn idir grúpaí, tá sé an-tábhachtach ar fad nach mbeadh easpa tuisceana agus straitéise ag baint le Foras na Gaeilge. Nach bhfuil an tAire in ann aon rud a dhéanamh chun iad a chur ag caint le chéile? Tuigim an méid a dúirt an tAire le déanái, ach tá sé an-tábhachtach ar fad. Tá Conradh na Gaeilge ar cheann de na heagraíochtaí is tábhachtaíó thaobh na Gaeilge de. Tá sé ann ó 1893, agus tá sé an-tábhachtach go mbeadh sé sáite go díreach i gceartlár obair na Gaeilge, agus níl an mhuinín ann anois. Tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaidh an tAire agus muid go léir ár ndícheall chun iad a chur ag caint le chéile arís.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní dhearna Aoife Ní Scolaí aon teagmháil liom sular éirigh sí as oifig, agus déarfainn gur thuig sí go maith an rud atáá rá agam. Ní raibh na gearáin nó fadhbanna a bhí aici bainteach le ról an Aire. Glacaim leis go raibh an plé a bhí aici leis an bhforas féin. Mar a mhínigh mé ar ball beag, de bharr gur foras trasteorann é seo, tá beirt Airí i gceist sna bunchinntí. Chomh maith leis sin, tá córas an-chinnte dlí ag baint leis seo ar fad. Tá ról an-chinnte leagtha síos faoin dlí do na hAirí. Tá an bheirt Airí ceaptha i gcónaí feidhmiú le chéile. Tá sé sin teoranta. Déarfainn féin gur thuig Conradh na Gaeilge é sin.

Is é an ról atá agam sa rud nááitiú ar chuile dhuine. Ní raibh a fhios agam roimh ré. Cuireadh scéal go hindíreach chugam cúpla lá roimh ré. Níor labhair an duine a bhí i gceist ag an Teachta liom go díreach faoi. Níor thóg sí aon cheist liom, glacaim leis, ar na cúiseanna a luaigh mé. Is é an t-aon rud is féidir liom a dhéanamh ná an dá thaobh a ghríosú suí síos le chéile chun an cás a phlé agus aon rud a dhéanamh chun é a oibriú amach.

Caithfidhmid é seo a thuiscint. Tá méid áirithe pianta fáis i gceist anseo. Tá eagraíocht nua ar an talamh — Foras na Gaeilge. Tá athrú cur chuige agus struchtúrtha i gceist, agus aon uair a bhíonn rud mar seo ann le h-athruithe, bíonn fadhbanna ann. Is cuma cén chaoi a dtabharfadh an Foras faoi, bheadh pianta fáis ann mar bheadh buaiteoirí agus caillteoirí ann. Ní hé an rud go raibh an oiread taithí ag pobal na Gaeilge air sa mhéad is go raibh na heagraíochtaí céanna á maoiniú le fada an lá.

Tá súil agam anois, ag éirí as an gcomhphlé, go mbeidh tuiscint níos fearr ag an dá thaobh ar a chéile agus nach n-éireoidh na fadhbanna seo arís. Mar a deirim, is é eachtra aon uaire atá i gceist anseo, agus feicfear i gceann bliana go bhfuil na fadhbanna seo leigheasta.