Dáil debates

Tuesday, 22 February 2005

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá a fhios agam go n-aontaíonn na Teachtaí liom go bhfuil obair thábhachtach ar siúl ag Foras na Gaeilge ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge ar fud oileáin na hÉireann agus go bhfuil gníomhaíochtaí na n-eagras deonacha Gaeilge mar chuid bhunúsach de sin. Is den riachtanas é, mar sin, go mbeadh comhpháirtnéireacht éifeachtach i bhfeidhm idir an foras agus na h-eagrais dheonacha d'fhonn a gcuid aidhmeanna comónta i leith na Gaeilge a chur chun cinn. Tá prionsabal sin na páirtnéireachta aitheanta go sonrach i bplean oibre an fhorais. Sa chomhthéacs sin, bhí díomá orm gur éirigh easaontas le déanaí idir Foras na Gaeilge agus na heagrais dheonacha a bhain go príomha, mar a thuigim, le córas úr atá tugtha isteach ag an bhforas i ndáil le maoiniú na n-eagras.

Tuigfidh na Teachtaí, ar ndóigh, gur cheist d'Fhoras na Gaeilge féin cinntí a dhéanamh maidir le soláthar deontas, i gcomhréir leis an réimse reachtúil ina bhfeidhmíonn sé agus na pleananna oibre agus corparáide atá aige. Is ar éigean is gá dom a rá freisin nach bhfuil ceist ar bith ach gur chóir go mbeadh dea-chleachtais i bhfeidhm ag an bhforas agus ag na heagrais araon maidir le caiteachas an airgid phoiblí atá i gceist agus cuntas cuí a thabhairt ar an gcaiteachas sin.

Tuigim go raibh roinnt cruinnithe ag grúpa ionadaíoch ó na heagrais dheonacha, agus ag eagrais aonaracha chomh maith, leis an bhforas le tamall gairid anuas d'fhonn na ceisteanna seo a chíoradh. Chomh maith leis sin, chas ionadaithe thar ceann na n-eagras le hoifigigh ó mo Roinn chun an cás a phlé. Tá curtha in iúl dom go bhfuil próiseas comhairleach ar siúl faoi láthair idir an bhforas agus na heagrais dheonacha d'fhonn teacht ar réiteach ar an scéal. Beidh oifigigh ó mo Roinn féin ar fáil, más cuí, le cabhrú leis an bpróiseas sin ar aon bhealach is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.