Dáil debates

Tuesday, 22 February 2005

3:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Phléamar cuid den cheist seo cheana féin, ach mar gheall ar airgead a dháileadh. Bhí dream amháin i mo dháilcheantar ag fáil airgid, is é sin, Port Láirge le Gaelain. Níl pingin rua á fáil aige i mbliana. Níl aon deontas ag dul go dtí aon eagras eile sa dáilcheantar nó, de réir mar is eol dom, go dtí aon eagras san iardheisceart. Sin rud atá go mór i mbéal na ndaoine i mo dháilcheantar.

Féachaimis ar an suirbhé sin. Ní maith liom rudaí mar seo a rá, ach fuarthas amach nach raibh íomhá mhaith ag Foras na Gaeilge sna meáin chumarsáide agus nach mbíodh na cinntí a rinne sé trédhearcach amantaí. Sin rud eile nach bhfuil go maith. Luaíodh easpa físe agus straitéise agus an iomarca béime ar chúrsaí riaracháin. Níl sé seo go maith. Tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe mhaith as na cainteanna go léir atá ar siúl faoi láthair go luath mar ní féidir linn ligint do rud mar seo tarlú le heagraíocht atá chomh tábhachtach le Foras na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.