Dáil debates

Tuesday, 22 February 2005

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá tuiscint agam don rud atáá rá ag an Teachta. Seo an fhadhb. Tá an córas ar fad meáite anois ar chomórtas oscailte a bheith ann ionas gur féidir le gach duine iarratas a chur isteach chuige. Bíonn rialacha leagtha síos roimh ré, agus braitheann an toradh ar an bpróiseas. De réir mar a thuigim, sin é go díreach an rud a tharla. Lorg an foras iarratais le haghaidh tograí den chineál atá i gceist ag an Teachta ó phobail, agus fuair sé na hiarratais sin. Bhí critéir leagtha síos aige le na hiarratais a mheas, agus — taitníodh sé nó ná taitníodh sé le héinne — nuair a tháinig sé go deireadh an phróisis, níor thug sé an freagra áirithe a teastaíodh. Ba mhó a bheadh lucht na cáinte ag casaoid dá gcaithfí an córas próiseála a leasú mar nach raibh sé ag tabhairt freagra a bhí sásúil nó an freagra a theastaigh ó dhaoine.

Ní fadhb le Foras na Gaeilge é sin ach leis an Státchóras ar fad, agus caithfimid bheith tuisceanach don fhoras sa méid is go gcaithfidh sé obair taobh istigh den Státchóras. Tá an Státchóras féin ag éileamh níos mó go mbeadh trédhearcacht den chinéal seo agus próiseas agus iarratais oscailte ann. Mar atá pléite againn den dara huair inniu, nuair a bhíonn próiseas mar sin ann, titeann dreamanna áirithe amach agus tagann dreamanna eile isteach. Má bhíonn na hiarratais is fearr ar fad as contae amháin, ar ndóigh, cad is féidir a dhéanamh ach an t-airgead a bhronnadh orthu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.