Dáil debates

Tuesday, 22 February 2005

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ní dhearna Aoife Ní Scolaí aon teagmháil liom sular éirigh sí as oifig, agus déarfainn gur thuig sí go maith an rud atáá rá agam. Ní raibh na gearáin nó fadhbanna a bhí aici bainteach le ról an Aire. Glacaim leis go raibh an plé a bhí aici leis an bhforas féin. Mar a mhínigh mé ar ball beag, de bharr gur foras trasteorann é seo, tá beirt Airí i gceist sna bunchinntí. Chomh maith leis sin, tá córas an-chinnte dlí ag baint leis seo ar fad. Tá ról an-chinnte leagtha síos faoin dlí do na hAirí. Tá an bheirt Airí ceaptha i gcónaí feidhmiú le chéile. Tá sé sin teoranta. Déarfainn féin gur thuig Conradh na Gaeilge é sin.

Is é an ról atá agam sa rud nááitiú ar chuile dhuine. Ní raibh a fhios agam roimh ré. Cuireadh scéal go hindíreach chugam cúpla lá roimh ré. Níor labhair an duine a bhí i gceist ag an Teachta liom go díreach faoi. Níor thóg sí aon cheist liom, glacaim leis, ar na cúiseanna a luaigh mé. Is é an t-aon rud is féidir liom a dhéanamh ná an dá thaobh a ghríosú suí síos le chéile chun an cás a phlé agus aon rud a dhéanamh chun é a oibriú amach.

Caithfidhmid é seo a thuiscint. Tá méid áirithe pianta fáis i gceist anseo. Tá eagraíocht nua ar an talamh — Foras na Gaeilge. Tá athrú cur chuige agus struchtúrtha i gceist, agus aon uair a bhíonn rud mar seo ann le h-athruithe, bíonn fadhbanna ann. Is cuma cén chaoi a dtabharfadh an Foras faoi, bheadh pianta fáis ann mar bheadh buaiteoirí agus caillteoirí ann. Ní hé an rud go raibh an oiread taithí ag pobal na Gaeilge air sa mhéad is go raibh na heagraíochtaí céanna á maoiniú le fada an lá.

Tá súil agam anois, ag éirí as an gcomhphlé, go mbeidh tuiscint níos fearr ag an dá thaobh ar a chéile agus nach n-éireoidh na fadhbanna seo arís. Mar a deirim, is é eachtra aon uaire atá i gceist anseo, agus feicfear i gceann bliana go bhfuil na fadhbanna seo leigheasta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.