Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón Teachta Connolly. Cuirim fearadh na fáilte roimh na comhaltaí den chomhchoiste atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh aon chomhalta a bheidh ag freastal air níos déanaí. Cuirim fáilte roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus rompu siúd atá ag breathnú ar an gcruinniú ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais anois nó a bheidh amach anseo. Cuirim fearadh na fáilte roimh na scríbhneoirí Mícheál Ó Laoghaire, Réaltán Ní Leannáin, Celia de Fréine agus Sadhbh Devlin. Gabhaim buíochas an choiste agus mo bhuíochas féin leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn san obair atá á déanamh againn ar spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Is cuid de shraith chruinnithe atá eagraithe againn le tamall anuas chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge an cruinniú seo agus muid ag iarraidh moltaí a dhéanamh chun cuidiú leis an ngné sin dár saol. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Caithfidh gach duine éisteacht a thabhairt don mhéid seo a leanas. Caithfidh mé éisteacht liom féin freisin. Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Ba chóir d'aon duine atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór iad atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh, cé nach bhfuil aon fhinné ag déanamh amhlaidh inniu, a bheith cúramach sa mhéid atá á rá acu. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Is é sin an palaver ar fad. Tuigeann na finnéithe na coinníollacha anois. Déanfaimid tús a chur lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar Mícheál Ó Laoghaire cúpla focal a rá ar dtús. Ansin, leanfaidh mé trí na finnéithe eile sula n-iarraim ar na Teachtaí agus Seanadóirí ceisteanna a chur nó ráitis a dhéanamh.

Mr. M?che?l ? Laoghaire:

Gabhaim buíochas le baill uile an choiste as an gcuireadh seo a thabhairt dom teacht anseo inniu. Tugadh cuireadh dom teacht i láthair chun labhairt faoi spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaelainne. Do ghlacas leis an gcuireadh ar bhonn pearsanta amháin. Thar mo cheann féin amháin atáim ag labhairt anseo. Is iad mo thuairimí pearsanta féin atá á nochtadh agam agus is é mo thaithí féin mar scríbhneoir atá á chur os comhair an choiste agam.

Caithfidh mé a rá, nuair a iarradh orm ar dtús teacht anseo, bhí an-leisce ar fad orm glacadh leis an gcuireadh. Ní fear coiste nó fear cruinnithe mé, ach b’fhacthas dom nach mbeadh sé macánta ar fad diúltú don chuireadh. Braithim go bhfuil an coiste ag tabhairt aghaidh ar chontúirt atá ag bagairt ar chultúir éagsúla ar fud an domhain. Mar scríbhneoir agus fiú mar shaoránach, bhraith mé nár fhéadfainn de choinsias glan diúltú don chuireadh seo teacht os comhair an choiste. Tá súil agam go gcabhróidh an méid atá le rá tuiscint éigin a thabhairt ar shaol an scríbhneora sa Ghaelainn sa lá atá inniu ann.

Caithim an-dua le mo cheird. Sa ráiteas a chuir mé chuig an gcoiste, do dheineas cur síos ar an méid ama atá i gceist anseo. Nuair a fhoilsítear leabhar ar dheireadh, is minic nach gcloisim faic eile ina thaobh. Is cinnte go ndeireann cairde agus daoine muinteartha liom go bhfuil sé ar fheabhas ar fad - cad eile a déarfaidís? - ach ní chloisim rudaí neodracha. Foilsíodh cúig úrscéal liom ó 2017. Go bhfios dom, níor dheineadh léirmheas ach ar aon cheann amháin díobh siúd. I ndáiríre, murach na léirmheasanna a dhéanann breithiúna an Oireachtais ar gach aon leabhar a chuirtear chucu, ní bheadh aon treoir in aon chor faighte agam.

B’iontach go deo an rud domsa é dá mbeadh léirmheasanna le fáil ar na leabhair atá á scríobh agam. Dá mbeadh sin ann, chífinn na leabhair trí shúile duine neodrach. De ghnáth in aon léirmheas bíonn moladh ar an leabhar, agus bíonn sé sin an-deas, ach bíonn plé freisin ar laigí an leabhair agus laigí na scríbhneoireachta. D’fhéadfainn rudaí a fhoghlaim uathu. Thabharfadh sé féachaint níos fearr dom ar cad atá á dhéanamh agam agus chabhródh sé go mór liomsa feabhas a chur ar mo cheird.

San aighneacht a chuireas chuig an gcoiste, tá roinnt moltaí mar gheall ar léirmheastóireacht. Tá a fhios agam go gcosnódh sé cúpla pingin, ach ní hamháin go gcabhródh córas ceart léirmheastóireachta leis na scríbhneoirí, chabhródh sé le margaíocht, le foilsitheoirí agus le léitheoirí chomh maith. Spreagann léirmheas suimiúil duine chun leabhar a cheannach. Is cinnte go spreagann a leithéid mise ach go háirithe. Ina theannta sin, dá mbeadh daoine ag scríobh léirmheasanna go rialta ar leabhair, chothódh sé pobal beag léitheoireachta. Má bhíonn daoine ag léamh, tosaíonn siad ag caint agus is an-chabhair i gcónaí an chaint. Chuirfinn fainic leis an moladh sin, áfach. Ní mór caighdeán sách ard a éileamh sna léirmheasanna sin, caighdeán a d’fhéadfadh na scríbhneoirí agus na foilsitheoirí araon muinín a bheith acu as. Sin rud amháin a déarfainn faoi thábhacht na léirmheastóireachta.

Rud eile a chuireann isteach ormsa mar scríbhneoir ná easpa feiceálachta. Foilsítear an leabhar agus ní fheictear go deo arís é. Ní bhíonn sé le feiscint sna siopaí, ní bhíonn sé ar an teilifís agus ní phléitear ar an raidió é, ach amháin ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn an leabhar ann agus as ag an am céanna. Bíonn saghas eagla ar bhunaíocht an chultúir agus na n-ealaíon anseo admháil go bhfuil daoine fós ag scríobh as Gaelainn. Dá bhrí sin, níl a fhios ag daoine go coitianta go bhfuil leabhair Ghaelainne, nach leabhair scoile iad, á scríobh sa Ghaelainn. Tá sé an-deacair a bheith ag caint mar gheall ar léitheoireacht na Gaelainne a chur chun cinn muna bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil leabhair nua á bhfoilsiú agus á scríobh an t-am ar fad. Chuige sin, caithfidh siad na leabhair a fheiscint.

Ceann de na moltaí i m’aighneacht ná go mbeadh aontaí agus féilte leabhar á reáchtáil ar fud na tíre ar bhonn rialta. Rud eile nach gcosnódh pingin ná leas a bhaint as oifig an mhéara nó an t-ard-mhéara anseo is ansiúd chun poiblíocht a thabhairt do dhaoine a bhuann duaiseanna san Oireachtas. Is rud áitiúil é sin agus chuirfeadh sé daoine os comhair an phobail go háitiúil. B’fhéidir go bhfuil sé sin níos tábhachtaí do scríbhneoirí atá ag obair lasmuigh den Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, teastaíonn áisíneacht eile chun saothar na scríbhneoirí agus na bhfoilsitheoirí uile a chur os comhair an phobail, a dhéanfadh poiblíocht ar bhonn an-eagraithe ar fad. Níl sna moltaí seo ach rudaí beaga ach táim cinnte go bhféadfaí a theacht suas le neart rudaí eile mar sin a chabhródh go mór le haitheantas agus poiblíocht a thabhairt do scríbhneoirí.

Pé rud a dhéantar nó a deirtear, tá rud amháin thar a bheith tábhachtach maidir le scríbhneoireacht, léitheoireacht agus foilsitheoireacht na Gaelainne, agus sin na foilsitheoirí. Tá siadsan lárnach ar fad ar fad. Is iadsan is fearr a thuigeann riachtanais na léitheoirí, castacht agus deacrachtaí an ghnó féin agus, ar ndóigh, na scríbhneoirí mallaithe agus ciotrúnta. Tá na foilsitheoirí faoi bhrú. Tá an iomarca foilsitheoirí caillte againn cheana féin. Ní féidir linn tuilleadh a chailliúint. Muna dtógann an coiste uaim inniu ach tábhacht na bhfoilsitheoirí, bheinn an-sásta.

Mar fhocal scoir, ní mór dom rud éigin a rá faoin gceist is lú go bhfuil fonn orm a lua - airgead. Ní bheadh sé macánta gan é lua. Ní scríobhann duine leabhar Gaelainne chun a shaibhreas a dhéanamh. Má dhéanann, by cripes, tá breall air. Ar an taobh eile de, ní cóir go mbeadh éinne thíos leis ach chomh beag céanna. Nuair a foilsíodh an chéad leabhar uaimse thiar sna 1990idí, fuaireas £700 as. Faighim idir €750 agus €900 anois ar leabhar, agus sin 30 bliain níos déanaí. Ar mo chonlán féin atáim anseo inniu agus tá sé mar an gcéanna do gach éinne eile. Chun a bheith anseo inniu, bhí orm tacsaí a fháil go dtí stáisiún an bhus agus ón mbus thuas, agus beidh orm béile a cheannach agus mar sin de. Dá mbeadh orm fanacht thar oíche i mBaile Átha Cliath bheadh breis is €200 ar sin. An rud ar fad le chéile, sin thart ar €300 nó €350. Sin leath na díolaíochta a fhaighim as trí bliana oibre ar leabhar. Ní margadh an-mhór é sin. Tá an tsaoráid agus an t-am agamsa le caitheamh leis an scríbhneoireacht toisc gur múinteoir ar scor mé, toisc go bhfuil mo phinsean agam agus toisc go raibh an t-ádh liom cúpla duais Oireachtais a bhuachtaint. Clúdaím mo chostais agus táim breá sásta leis sin. In ainm Dé, conas ar féidir linn áitiú ar dhaoine óga, daoine go bhfuil muirear orthu agus cíos nó morgáiste le díol acu, dul i mbun scríbhneoireachta muna bhfuil ach airgead chomh suarach sin ar fáil dóibh?

Bíonn muidne an-duairc nuair a bhíonn muid ag plé na Gaelainne ach caithfimid cuimhneamh nach comhrac leithleasach atá á throid againne ar son léitheoireacht agus litearthacht na Gaelainne. Tá an troid chéanna ar siúl ag teangacha gan áireamh ar fud an domhain, go háirithe na mionteangacha. Go bunúsach, sin nach mór gach aon teanga seachas b’fhéidir leathdhosaen. Más as lámha a chéile a oibríonn gach éinne – an Stát, na foilsitheoirí, na scríbhneoirí, na leabharlanna – is féidir linn seasamh go láidir ar son fhéiniúlacht cultúrtha a bhaineann leis an nGaelainn, seachas an léithe idirnáisiúnta. Má dhéanaimid sin, creidim go mbeidh sé ar ár gcumas cur le traidisiún na litearthachta Gaelainne, seachas slán a fhágáil léi.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Chuir mé alt isteach ag an gcoiste ach níl mé chun é ar fad a léamh amach. Tá mé chun a bheith gonta. Tréaslaím le hachan rud a dúradh roimhe seo. Díreoidh mé féin isteach ar chúpla gné eile. Ar an gcéad dul síos, caithfimid admháil nach caitheamh aimsire atá sa scríbhneoireacht. Má tá duine chun a bheith ag scríobh go gairmiúil, caithfidh siad am agus dua a chur isteach, mar a dúradh. I mo chás féin, caithim airgead ar chúrsaí le díriú isteach ar ghnéithe éagsúla den scríobh. Ní caitheamh aimsire atá ann má dhéantar é mar is ceart. Chuige sin, tá go leor foinsí tacaíochta de dhíth ar an scríbhneoir in aon teanga, rud atá ar fáil go forleathan sa Bhéarla agus a bhfuil níos deacra a theacht air sa Ghaeilge. Mar shampla, táim féin ag obair leis an scéim meantóireachta atá ag Foras na Gaeilge, Clár na Leabhar Gaeilge. Feidhmíonn sé go maith agus creidim gur cheart é a choinneáil sa siúl agus é a choinneáil beo. Taobh leis sin, ba mhaith liom féin scéim eagarthóireachta nó comhairleoireachta liteartha a chur ar fáil do scríbhneoirí ar nós mé féin nó ar nós Celia de Fréine agus Sadhbh Devlin.

Táimid oilte ar an ngné a bhfuilimid ag obair uirthi faoi láthair ach ag an am céanna, is rud maith é súil eile agus an t-airgead sin ag na foilsitheoirí. Níl na hacmhainní acu le bheith ag plé leis ar an leibhéal sin. Má bhíonn an t-ádh le duine, gheofar foilsitheoir a bhfuil profléitheoireacht ghairmiúil á dhéanamh aige nó aici, ach níl a leithéid ann agus comhairleoireacht liteartha ginearálta ag na foilsitheoirí. Níl an t-airgead acu.

Ba mhaith linn ar fad mar scríbhneoirí scéim na gcoimisiúin a fháil ar ais ar ndóigh. Mar a dúradh, tá an t-ádh le duine má fhaightear €750, €900 nó €1,000, méid atá ag cúpla foilsitheoir. Ina dhiaidh sin, de réir mar a dhíoltar an leabhar, tá cuid mhaith den airgead sin in áit dleachta ag roinnt foilsitheoirí. I ndáiríre, caithfear é sin a chur san áireamh. Ní íoctar billí trí leabhar a fhoilsiú. Bhí an t-am ann nuair a bhí mé i mo mhúinteoir dara leibhéal agus i mo léachtóir tríú leibhéal. Bhí orm éirí as de bharr tinnis. Thosaigh mé ar an scríbhneoireacht mar ní raibh fuinneamh fisiciúil agam le tabhairt faoi rud ar bith eile. Ba mhaith liom smaoineamh go ndearna mé go measartha maith. Ní íocaim na billí leis na leabhair. Íocaim na billí ag múineadh do dhaoine fásta ar líne. Íocaim na billí faoi dhul ag féilte. Íocaim na billí trí jabanna beaga a dhéanamh anseo agus ansiúd i ngach áit. Sin mar a íoctar na billí. Ní tríd an fhoilsitheoireacht a dhéantar é. Is rud mór é sin i ndáiríre.

Ba mhaith liom go gcuirfí Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge san áireamh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Seans go mbeidh níos mó le rá ag Celia de Fréine nó Sadhbh Devlin faoi sin. Tá an triúr againn mar bhaill. Is fóram iontach tábhachtach é inar féidir linn teacht le chéile, rudaí a phlé agus tacú lena chéile. Is fiú smaoineamh air sin.

Molaim an Rialtas as an scéim ioncaim bhunúsach d'ealaíontóirí a chur ar fáil ar bhonn phíolótach. Ba mhaith liom go bhfeicfí an scéim ag leathnú amach anseo. Beidh €325 in aghaidh na seachtaine dlite nuair a thiocfaidh sé tríd don duine atá sa scéim phíolótach. Dóibh siúd againn nach bhfuil pinsean nó aon ioncam eile againn, ba cheart go mbeadh sé againn go seasmhach ionas go mbeimid in ann na bunrudaí a dhéanamh, ar nós páipéar nó dúch a cheannach don phrintéir, chun íoc as cúrsa anseo agus ansiúd. Is rudaí iad seo a bhaineann leis an scríbhneoireacht ach a chosnaíonn airgead.

Sin an chuid is mó de na rudaí atá iontach tábhachtach. Rud amháin eile ná oiliúint a thabhairt do scríbhneoirí dul i ngleic leis na meáin shóisialta nua. Is iomaí scríbhneoir atá amuigh ansin. Is mór an trua é ach is cuma i mBéarla, i nGaeilge nó in aon teanga eile atá siad ag scríobh, caithfidh scríbhneoirí iad féin a chur amach ansin má tá siad ag iarraidh a n-ainm agus a gcuid leabhar a bheith i mbéal an phobail. Tá cúpla duine againn agus tá gob mór acu. Táimid ag cleachtadh le cuid de na meáin shóisialta ach i ndáiríre tá oiliúint agus treoir de dhíth. B’fhéidir go mbeadh áit ann ag Clár na Leabhar Gaeilge nó dream éigin eile a d’fhéadfadh comhairle agus cúrsaí ar a leithéid sin a chur ar fáil. Fágfaidh mé ansin é ar mhaithe le bheith gonta agus gan tuilleadh focail a chur isteach in áit nach bhfuil siad de dhíth.

Ms Celia de Fr?ine:

Táim buíoch den choiste as an deis seo a thabhairt dom. Is scríbhneoir mé agus is duine coiste mé freisin. Is iarchathaoirleach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge mé agus táim ar an gcoiste stiúrtha. Bím i gcónaí ag saothrú sa scríbhneoireacht, i mbun aighneachtaí agus mar sin de ag lorg deiseanna agus áiseanna don scríbhneoir.

Luaigh Réaltán Ní Leannáin Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge níos luaithe. Is dream muid ina bhfuil líon na mball sách beag. Is eagraíocht fhíorláidir muid. Bíonn muid ag déileáil le heagraíochtaí eile a bhaineann le nó a mbíonn an litríocht á shaothrú nó á phlé acu, mar shampla, Raidió na Gaeltachta, Amharclann na Mainistreach, Éigse Éireann, agus An Chomhairle Ealaíon. Bíonn muid ag labhairt leis na heagraíochtaí seo ní an t-am ar fad ach nuair is gá. Mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, ba chóir go mbeadh áit againn ar chuile bord ag a bpléitear an litríocht mar go bhfuil litríocht na Gaeilge thar a bheith tábhachtach. Is muidne an dream is láidre leis an litríocht sin a chur chun cinn.

Aontaím freisin leis an rud a dúradh faoin scéim meantóireachta. Tá an scéim an-mhaith ach ba dheas dá mbeadh dara leibhéal den scéim ann freisin ina mbeadh aischothú agus aiseolas ar fáil chomh maith le heagarthóireacht, mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, le cuidiú leis an scríbhneoir nach bhfuil ag tosú amach, ach a bhfuil roinnt saothar curtha i gcló aige nó aici. Dála an scéil, tá caighdeán na criticeoireachta thar a bheith íseal sna meáin, in irisí nó eagrán liteartha agus mar sin de, agus ba dheas é sin a fheabhsú. Cloistear an seanscéal faoi chúrsaí dáiliúcháin a mbíonn go dona i gcónaí. Mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, táimid ag tapú deis na meáin shóisialta. Go hiondúil, is iad na scríbhneoirí óga a bhíonn ag plé le Facebook agus mar sin de ach ba chóir go mbeadh gach uile scríbhneoir á dhéanamh mar go bhfuil sé an-tábhachtach a scéal a chur amach agus a bheith i lár an aonaigh i gcónaí.

Luaigh Mícheál Ó Laoghaire ábhar na bhféilte. Is minic a bhíonn caint ann gur chóir go mbeadh scríbhneoirí Gaeilge páirteach i ngach féile, ar nós Féile Lios Tuathail, na féilte i mBaile Átha Cliath agus na mórfhéilte eile. Ba chóir go mbeadh cúpla ócáid i nGaeilge sna féilte sin. Ba chóir go n-oibreodh stiúrthóirí na bhféilte a leithéid amach nó go gcuirfí comhairle ar fáil dóibh nuair nach bhfuil Gaeilge acu faoin gcaoi inar féidir maoiniú a fháil chun íoc as scríbhneoirí Gaeilge. Mar shampla, bhí mise ag plé le féile chun ócáid a eagrú do scríbhneoirí Gaeilge ach ní raibh na táillí ann iad a íoc. D'fhéadfadh an rud sin a bheith thar a bheith suimiúil ach ní raibh muid in ann é a eagrú.

Maidir le saothair i nGaeilge a aistriú go teangacha eile, is é an rud atá fíorthábhachtach i gcur chun cinn na saothar sin ná go gcaithfear iad a aistriú go Béarla i dtosach. Is gá go mbeadh an Béarla mar dhroichead ann le go mbeadh aistritheoirí in ann an leabhar a léamh le haistriú go teanga eile é. Is rud é a dhéanaim féin go minic ach níl aon aitheantas ar fáil don obair sin. Is obair a dhéantar gan íocaíocht. Molaim gur chóir go mbeadh maoiniú ar fáil chun saothair a aistriú go Béarla le go bhféadfadh iad a aistriú go mionteangacha eile ar nós na Fraincise. Ní mionteanga í an Fhraincis ach tuigeann na comhaltaí cad atá á rá agam.

Tá na foilsitheoirí fíorthábhachtach agus is gá é sin a rá. Tosaíonn an saothar leis an scríbhneoir mar is muidne a chruthaíonn an saothar, agus is gá smaoineamh air sin. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an deis seo.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Celia de Fréine agus glaoim ar Shadhbh Devlin labhairt anois.

Ms Sadhbh Devlin:

Gabhaim míle buíochas leis an gcomhchoiste as an gcuireadh teacht isteach inniu. Scríobhaim leabhair phictiúir do pháistí óga. Is é sin an cineál leabhair Ghaeilge is feiceálaí, b'fhéidir, mar is leabhair mhóra iad, tá siad ildaite, breathnaíonn siad go hálainn ar sheilfeanna agus tá siad feiceálach dá réir. Is maith le tuismitheoir, bíodh Gaeilge acu nó nach mbíodh, go mbeadh leabhair Ghaeilge á gcur ar fáil do pháistí óga. Bím ag obair, cuid mhaith, le bunscoileanna. Feictear dom i gcónaí, faoi rang a cúig is a sé, go dtiteann an spéis i léitheoireacht sa Ghaeilge mar go gceapann na daltaí go mbaineann sé leis an scoil amháin agus nach bhfuil ann ach obair bhaile. Bím ag obair i gcónaí ag iarraidh an meon sin a athrú leo agus a chur in iúl dóibh go bhfuil leabhair iontacha do pháistí níos sine, do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Is gá dúinn na páistí sin a chothú.

Bíonn titim siar sa léitheoireacht i measc na haoisgrúpa sin in aon teanga ach táthar ag iarraidh iad a chothú mar, amach anseo, is iad siúd na scríbhneoirí Gaeilge, na léitheoirí agus na custaiméirí. Feictear dom go bhfuil sé sin an-tábhachtach, go bhfuil obair le déanamh ansin, agus go bhfuil féidearthachtaí ann mar go bhfuil scríbhneoirí ag obair i scoileanna go minic. Tá Áine Ní Ghlinn, Laureate na nÓg atá againn faoi láthair, ag déanamh obair agus ag treabhadh sa ghort sin, agus tá súil agam go mbeidh dul chun cinn maith ansin.

Díreach mar a bhí á rá ag Réaltán Ní Leannáin freisin, bíonn an saol ann mar scríbhneoir agus bíonn an saol le linn duit a bheith ag scríobh agus, go minic, maidir liom féin mar scríbhneoir lánaimseartha proifisiúnta, is a laghad ama a chaithim i mo shuí chun deisce ag scríobh. Caithim an-chuid ama ag réiteach cuairteanna ar scoileanna, ar leabharlanna agus ar fhéilte agus ag múineadh ranganna. Bhí mé ag múineadh leis an Irish Writers Centre agus bítear ag dul i mbun oibre má tá cónaitheacht nó mar sin ag an scríbhneoir. Is mó ama a chaitheann an scríbhneoir leis na tograí sin agus táthar ag iarraidh i gcónaí an chothromaíocht sin a bhaint amach. Bítear ag iarraidh níos mó saothar a theacht amach uait ag an am céanna ionas go mbeidh tú in ann leanúint ar aghaidh leis an obair sin.

Beidh an scéim phíolótach don ioncaim bhunúsach an-chabhrach sa chás sin ionas go mbeidh cothromaíocht níos fearr ann agus is é sin an rud is mó atá tarlaithe sna healaíona seo le fada an lá. Tá sé ríthábhachtach go leanfar ar aghaidh leis.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil cúpla ceist ag an Seanadóir Ó Donnghaile?

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim buíoch den Chathaoirleach agus dár n-aíonna ar fad. Ar dtús, tréaslaím leis an méid atá ráite ag ár bhfinnéithe. Tacaím leis go mbeidh tuilleadh cur chun cinn san fhoilsitheoireacht trí mheán na Gaeilge. Go dtí seo, le linn na sraithe cruinnithe ag an gcomhchoiste ar na cúrsaí seo, táim ag cloisteáil i gcónaí faoi chúrsaí poiblíochta, fógraíochta, cur chun cinn leabhar agus scríbhneoirí sna meáin chumarsáide, Ag deireadh an phróisis seo, beidh orainn dul chuig an Aire Stáit le tuarascáil, le moltaí agus leis an gcineál fianaise atá cloiste againn ag an gcoiste seo. B'fhéidir nach bhfuil na freagraí ag ár bhfinnéithe, ach ag pointe éigin caithfimid tuiscint níos fearr a bheith againn, má táimid dáiríre faoi sin, chun a fháil amach faoin dóigh an fhógraíocht sin a dhéanamh. Is é sin, cá háit, cé mhéad uair, cé hiad na scríbhneoirí agus cén leabhair atá i gceist? Is iad sin na critéir.

Arís eile, is féidir linn a bheith i bhfad níos fearr ó thaobh feiceálachta agus poiblíochta de. Ní saineolaí mé maidir le cúrsaí margaíochta nó ní scríbhneoir mé ach an oiread, ach tá mé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil tuilleadh barúlacha, ar bhonn praiticiúil, ag ár n-aíonna faoin dóigh gur féidir linn é sin a dhéanamh? Tá a fhios agam gurb é sin an chéad cheist a bheidh ag an Aire Stáit agus, níos tábhachtaí arís fós, ag na hoifigigh sa Roinn. Mar sin, an bhfuil barúlacha nó moltaí ag ár n-aíonna faoin dóigh a dtiocfadh linn critéir nó próiseas atá cothrom agus cuimsitheach a chur i dtoll a chéile a bheadh dearfach agus a bheadh tionchar aici? Is é sin an rud is fearr ná go mbeadh impact aici taobh amuigh ansin ionas go mbeadh a thuilleadh daoine ag léamh agus ag ceannach leabhair agus foilseacháin trí mheán na Gaeilge.

Ms Sadhbh Devlin:

Bím ag smaoineamh go minic le linn dom cuairteanna a thabhairt ar shiopaí leabhar timpeall na tíre. Uaireanta, siúlaim isteach agus níl oiread is leabhar Gaeilge amháin ar na seilfeanna. Tá a fhios agam go mbíonn cúrsaí traenála ag leithéidí siopa Dubray Books do na daoine atá ag dul i mbun díolachán leabhair agus ag obair leo. Seans go bhfuil sé sin ag siopaí eile, ach níl a fhios agam faoi na siopaí neamhspleácha. Ba bhreá liom dá mbeadh cúrsa traenála ar fáil gach bliain, ní hamháin do dhíoltóirí leabhair ach do cheannaitheoirí leabhair freisin agus go mbeadh, b'fhéidir, na foilsitheoirí in ann teacht le chéile, nó na húdair, fiú amháin, nuair a bheadh rudaí nua foilsithe acu. D'fhéadfadh comhdháil éigin a bheith ann, fiú amháin ar líne, le go mbeadh áit ar an gcúrsa a reáchtálann siad do na foghlaimeoirí sin, agus go mbeadh deis againn chuige sin. Uaireanta, má tá leabhair i nGaeilge, tá siad curtha suas ar sheilf ard nó ar sheilf íseal agus tá sé deacair teacht orthu. Mura bhfuil Gaeilge ag na díoltóirí seo, bíonn eagla orthu labhairt nó tabhairt fúthu. Dá mbeadh tuiscint acu faoi na hábhair atá iontu agus faoin aoisghrúpa a oireann siad dóibh, bheadh níos mó féinmhuiníne acu le linn dóibh a bheith ag dul i mbun díolacháin. D'fhéadfaí rudaí cosúil leis sin a dhéanamh leis na leabharlanna trí na coláistí oiliúna nuair atá daoine ag staidéar le bheith ina leabharlannaithe nó, fiú amháin, sna leabharlanna féin freisin.

Uaireanta, cuirtear na leabhair Ghaeilge uilig in áit amháin sa leabharlann. Tá sé sin go deas do Ghaeilgeoir, mar is féidir liom dul isteach agus fios agam go bhfuil an rannóg Ghaeilge ansin, agus go bhfuil na leabhair Ghaeilge ar fáil ann. Uaireanta eile, feictear dom go bpiocann daoine leabhair suas agus b'fhéidir go mbainfeadh siad triail as dá mbeadh siad scaipthe amach i measc ficsean ginearálta nó leabhair phictiúir ghinearálta. Bheadh cothromaíocht éigin le fáil ag na leabhair Ghaeilge, dá réir.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Ag cur leis an gcuntas faoi Dubray Books, bhí me i gceann acu ag an deireadh seachtaine le hÁine Ní Ghlinn agus d'iarr mé ar fhoireann an tsiopa faoin áit a raibh na leabhair Ghaeilge mar ní fhaca mé ceann ar bith agus treoraíodh muid síos ag an tseilf is airde de na leabhair do pháistí. Bhí seilf amháin acu agus ní raibh ach leabhar amháin Gaeilge ag an siopa leabhar sin do dhaoine fásta agus b'in leabhar ar Pheig. Cén mhaith a bheith ag labhairt leis an duine atá taobh thiar na deisce mar níl an traenáil curtha orthu? Is rud amháin é sin.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom dá bhféadfaí díriú isteach ar an léirmheastóireacht. Mar dúirt Mícheál Ó Laoghaire, tá an léirmheastóireacht thar a bheith tábhachtach chun conspóid a chruthú agus próifíl a ardú. Sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de léirmheastóireacht acadúil, déantar léirmheastóireacht sna hirisí a leithéidí Comhar agus Feasta. Níl iris ar bith ann seachas Comhardá bhfiafraítear ar ardán mar a leithéidí Word Ireland. Ba cheart go rachadh na léirmheasanna ar fad suas ar an Idirlíon chomh maith. Is san áit sin a chothaítear conspóid. Má táim féin ag scríobh leabhair, mar shampla, téim isteach in writing.ie. Is suíomh agus blag Béarla é, agus scríobhaim féin píosa mar gheall ar an leabhar mar tá a fhios agam nach bhfuil foireann ná airgead ag an suíomh seo le daoine a íoc chun léirmheas a scríobh.

Taobh amuigh de sin, is fíorbheag an líon áiteanna atá ann a d'fhéadfaí léirmheas a fheiceáil iontu. Caithfidh na scríbhneoirí, iad féin, ní hé a gcuid léirmheasanna ach b'fhéidir coimriú a dhéanamh ar a gcuid saothar chun próifíl a ardú agus dul amach ar na hardáin.

Arís, tá an t-ádh liom gur early adopter a bhí ionam ach, ag an am céanna, tá go leor ardán nach dtéim isteach iontu mar ní thig le duine freastal ar achan trá, go háirithe nuair a thagann sé go dtí na hardáin leictreonacha, mar athraíonn siad. Bhí an t-am go raibh Snapchat i mbéal an phobail, is é sin a deir mise. Deirtear liom anois, cé nach bhfuil a fhios agam faoi, go bhfuil sé ag teacht isteach arís. Táim istigh i dtrí ardán agus is dóigh liom gur leor é sin don am atá ar fáil agam féin mar bím ag feidhmiú liom féin. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na daoine sin, mar shampla, atá ar na meáin agus a scaipeann ábhair a scríobhann scríbhneoirí. Tá siad ag iarraidh an próifíl a ardú agus, ní hé conspóid, ach go mbeidh sé le feiceáil amuigh ansin go bhfuil leabhair i nGaeilge ann.

Tá dhá cheist agam. Baineann an chéad cheann le léirmheastóireacht. Má tá an ceart agam, tá dualgais ar leith ar stáisiúin raidió de chuid RTÉ maidir le ceoltóirí Gaeilge agus ceol Éireannach. Níl a fhios agam an féidir linn moladh a dhéanamh sa chomhthéacs sin. Má tá a leithéid de dhualgais ag dul ar aghaidh ar na stáisiúin raidió nó ar na suíomhanna Idirlíne, b'fhéidir go bhféadfaimid dualgas a leagan amach maidir le scríbhneoirí Gaeilge.

Aontaím le Réaltán Ní Leannáin go ndéantar an chuid is mó idirghníomhaíochta sa saol ina bhfuilimid anois trí na meáin shóisialta nó trí na hardáin ar líne, go háirithe i meacs daoine óga a bhfuil a lán spéise acu i léitheoireacht, dar ndóigh. Tuigim gur grúpa beag é Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus nach bhfuil mórán áiseanna aige, ach an bhfuil a leithéid de shuíomh ann dó a dtagann linn é a ardú? An rithfeadh sé le ciall, nó an mbeadh sé ina bhuntáiste, dá mbeadh a leithéid de shuíomh aonarach ag an Roinn a gcuirfeadh scríbhneoirí, leabhair, foilseacháin agus irisleabhair amuigh ansin i mbéal an phobail? Dá mbeadh cuntas meáin shóisialta bunaithe sa chaoi sin, agus critéir aontaithe ó thaobh an dóigh a roghnaítear scríbhneoirí agus foilseacháin, srl,. d'fhéadfadh sé píosa a chur amach uair sa lá, sa tseachtain nó sa mhí faoin leabhar, iris nó blag is déanaí atá curtha amach trí mheán na Gaeilge.

Bíonn achan duine a thagann os ár gcomhair ag achan cruinniú ag lua cúrsaí poiblíochta. Caithfidh mé, agus muid ag dul tríd an bpróiseas seo, tuiscint níos fearr a bheith agam agus moltaí a chruthú atá cinnte agus muid ag teacht chuig deireadh an phróisis seo.

Ms Celia de Fr?ine:

Tá sé sin an-mhaith. Tá trédhearcacht iontach i gceist ansin. Luaigh an Seanadóir suíomh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Tá suíomh againn ach is gá an suíomh sin a chothú agus a fhorbairt. Táimid go léir ag obair ar bhonn deonach ar an gcoiste agus glacann sé an oiread sin ama déileáil le gnáthrudaí agus suirbhéanna a phlé agus a líonadh isteach. Mar shampla, bhí suirbhé ansin ón gComhairle Ealaíon atá ag pleanáil straitéis úire i leith litríocht na Gaeilge. Bhí orainn an rud sin faoin mbunioncam a phlé agus moltaí a chur chun cinn. Bíonn a lán oibre ar bun againn agus an-chuid cruinnithe againn an t-am ar fad. Ní bhíonn an t-am againn an suíomh a fhorbairt. Táimid ag lorg maoinithe chuige sin le go mbeadh sé chun tosaigh níos mó, amuigh ansin agus feiceálach.

Mr. M?che?l ? Laoghaire:

Is dóigh liom gur cuireadh na ceisteanna ar fad ansin. Níl aon taithí agam ar chúrsaí margaíochta nó aon rud mar sin de ach ritheann sé liom go gcaithfimid dhá arm a bheith againn an t-am ar fad. Luaigh an Seanadóir suíomh ag an Roinn nó ag áisíneacht náisiúnta. Ba mhór an chabhair é sin. Níl aon cheist faoi sin. Ó thaobh na feiceálachta de, áfach, tá an rud áitiúil an-tábhachtach chomh maith, mar bíonn aithne ag daoine ar dhaoine agus bíonn suim ag daoine sa rud a bhíonn ar siúl ag daoine agus mar sin de. Dá mbeadh, chomh maith leis an rud náisiúnta atá riachtanach, veain ar an mbóthar faoi mar a bhíodh fadó le Breandán Ó hEithir agus dá mbeadh sé ag dul go dtí Trá Lí trí lá na seachtaine seo, bheadh a fhios ag na siopaí leabhar go mbeadh na leabhair ann.

Is minic go mbímid ag fáil lochta ar na siopaí ach caithfimid a bheith macánta. Ní théimse isteach go dtí siopa leabhar chun leabhar Gaelainne a fháil mar níl siad ar fáil ann agus níl siad ar fáil ann toisc nach bhfuilimid ag dul isteach. Dá mbeadh a fhios acu go mbeadh seachtain na Gaelainne nó cúpla lá Gaeilainne sa bhaile sin agus go mbeadh veain na leabhar Gaelainne ag teacht, d'fhéadfaí na leabhair a chur go feiceálach sa siopa ar feadh trí nó ceithre lá. D'fhéadfadh sé sin a bheith ag tarlú dhá nó trí huaire in aghaidh na bliana. Is dóigh liom go mbeadh na siopaí leabhar breá sásta comhoibriú leis sin mar bheadh dúil acu go mbeadh leabhair á ndíol ansin acu agus chabhródh sé le feiceálacht na Gaeilge. Caithfidh an dá rud a bheith ann: an iarracht mhór náisiúnta ach iarracht áitiúil chomh maith. Caithfear é sin a eagrú go lárnach. Ní féidir linn an t-ualach sin a chur ar na foilsitheoirí.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin é go díreach. Caithfidh sé a bheith suite áit éigin sa lár. Is é sin tuiscint atá agam air. Is smaoineamh den chéad scoth é sin. Cé go n-aontaím leis an méid atá molta ag Mícheál Ó Laoghaire ó thaobh cúrsaí áitiúla, tá a thuilleadh Gaeilgeoirí anois ar fud an domhain. Dá mba rud é go raibh eagraíocht de chineál éigin, nach mbeadh uirthi a bheith ina heagraíocht mhór shuntasach, mar chineál seaimpín de chúrsaí foilsitheoireachta, léitheoireachta agus scríbhneoireachta trí mheán na Gaeilge, d'fhéadfadh sé bheith ina cineál one-stop shop nó ina signpost do dhaoine ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain maidir leis an áit inar féidir leabhar nó iris a cheannach. Ba cheart go mbeadh na rudaí uile suite inti, ar nós blurba de shórt faoin scríbhneoir is déanaí ar an scene. Ní dóigh liom go mbeidh an bua againn, ar an drochuair, má táimid ag iarraidh a rá an t-am ar fad le siopaí leabhar nó le stáisiún raidió cúrsaí Gaeilge a thógáil níos fearr. Déarfaidh siad "cinnte" nó déanfaidh siad é le linn Seachtain na Gaeilge agus is é sin é. Tá orainn an t-ábhar lárnach sin a bheith againn ina bhfuil na cúrsaí seo suite, a bhfuil freagrachtaí air agus inar féidir linn idirghníomhú a dhéanamh leis an duine, leis an eagraíocht nó leis an ngrúpa sin.

Mr. M?che?l ? Laoghaire:

Aontaím go hiomlán. Tá sé riachtanach é sin a bheith ann. Mar gheall ar bhrú a chur ar na meáin, is fearr a oibríonn an cairéad i gcónaí ná an bata. Dá mbeadh áisíneacht lárnach mar sin ann agus í maoinithe i gceart, bheadh tionchar aici siúd ar na meáin agus ar na siopaí leabhar. Ní féidir le haon fhoilsitheoir brú a chur duine éigin a bheith ar "The Late Late Show" ach dá mbeadh díol mór ar leabhair, d'fhéadfadh an áisíneacht a leithéid sin de thionchar a bheith aici agus b'fhearr liom tionchar ná brú aon uair.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is deis éagsúil é a bheith in ann m'athair a cheistiú os comhair coiste den Oireachtas.

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh an Teachta Ó Laoghaire é a chur faoi bhrú.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é sin go díreach é. Is díoltas é. Caithfidh mé an deis sin a thógáil. Tá mé bródúil as an scríbhneoireacht agus as é a bheith anseo inniu. Is maith é go bhfuil an coiste ag tabhairt faoin ábhar seo agus sílim go bhfuil sé tar éis cloisteáil ó na foilsitheoirí nó go mbeidh siad ag cloisteáil ó na foilsitheoirí i measc go leor aíonna eile. Tá sé fíorthábhachtach daoine a spreagadh chun scríobh as Gaelainn agus an traidisiún, an oidhreacht agus an saibhreas atá ann ó thaobh scríbhneoireacht na Gaeilge leis na céadta anuas a choimeád beo. Ní beag an rud é a bhfuilimid ag iarraidh a chaomhnú. Chun an rud sin a choimeád, áfach, caithfidh go mbeadh daoine tuillteanach scríobh as Gaeilge, ní hamháin léamh as Gaeilge. Tá roinnt cúinsí ann ina ndéanann daoine é sin. Is saghas slí éigin é le scéal a rá agus an rud atá i lár spiorad an duine a chur amach ansin. Is cinnte go gcabhraíonn sé nuair a thuigeann daoine go bhfeicfidh daoine an méid atá scríofa acu.

Tá roinnt rudaí ráite ó thaobh cé chomh feiceálach is a bhfuil scríbhneoirí. Tá ceist agam maidir leis an léirmheastóireacht agus conas gur féidir linn éiligh ar na meáin Ghaeilge agus na meáin i gcoitinne léirmheastóireacht a dhéanamh ar shaothair trí Ghaeilge ionas go mbeadh aiseolas ar fáil do scríbhneoirí. Ar chóir do leithéidí Fhoras na Gaeilge léirmheastóireacht a chur ar fáil agus í sin a chur ar fáil do na meáin? Tá an tslí ina mbíonn daoine ag léamh - ní fheadar an gcuirfeá “léamh” air - ag athrú. Táim tar éis éisteacht le go leor audio books agus mé ag tiomáint go dtí Baile Átha Cliath. Tá mo bhean chéile ag éisteacht le leabhar faoi shíceolaíocht ar eBooks. Ní heol dom go bhfuil áis ann do scríbhneoirí eBooks trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus is dócha nach rud furasta é a dhéanamh ach an fiú a leithéidí sin? An chuid is mó den am, bheinn níos sásta éisteacht le leabhar ná é a léamh, agus b'fhéidir go bhfuil deis ann ansin.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Maidir le closleabhar, táim ag obair le foilsitheoir, Éabhlóid, ó thaobh podchraoladh a dhéanamh agus a chur amach in aghaidh na míosa a bhainfidh le gearrscéalta agus le plé. Cosnaíonn sé sin airgead. Caithfear íoc as an duine atá ag léamh an scéal, as an stiúideo agus as an eagarthóireacht, rud a dhéanann an foilsitheoir gan aon teacht isteach, agus caithfear an plé a dhéanamh. I ndáiríre, cosnaíonn sé an-chuid airgid agus sin an áit a bhfuil croílár an scéil. Baineann sé sin le gearrscéal amháin achan mhí. I gcás úrscéal, mar shampla, caithfear smaoineamh ar an méid ama, an t-aisteoir a íoc, na háiseanna a chur ar fáil agus eagarthóireacht a dhéanamh. Sa chomhthéacs sin, b’fhéidir gur fiú díriú isteach ar chúrsaí rochtaineachta. B’fhéidir gur sin an áit a bhfuil croílár na faidhbe. Níl maoiniú ann ach ba cheart é a chur ar fáil mar go bhfuil daoine ann agus na scileanna acu lena leithéid a chur amach. Is é airgead croílár achan rud i ndáiríre.

Ms Sadhbh Devlin:

Ba bhreá liom dá mbeadh na closleabhair ar fáil i nGaeilge. Éistim le podchraoltaí agus rudaí mar sin ach níl aon rud ar fáil i nGaeilge faoi láthair. Bheadh sé níos éasca rochtain a fháil ar leabhar, mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin. Uaireanta, fiú má tá an leabhar crua atá ag an duine, bíonn sé níos fearr é a chur ar siúil sa charr. Bheadh ioncam éigin a fháil ag an bhfoilsitheoir chuige sin. Cosúil le scríbhneoirí an Bhéarla, cén fáth nach mbeadh na leabhair seo ar fáil go háirithe don chéad ghlúin eile atá níos óige agus atá ag léamh leabhar mar sin níos mó? Is no-brainer é dom go mbeadh struchtúr éigin ann le cabhair a thabhairt do na foilsitheoirí na leabhair a chur ar fáil mar chlosleabhair. Bheadh díolachán iontach orthu.

Ms Celia de Fr?ine:

Tá an t-éileamh ar chlosleabhair i réimse an Bhéarla ag dul i méid an t-am ar fad agus ba chóir dúinn smaoineamh air sin. Go dtí seo, bhíomar ag díriú ar an bhfocal scríofa, ach is fiú díriú ar an bhfocal labhartha, ar an gclosleabhar agus ar an bpodchraoladh freisin. Tá siadsan ag éirí níos tábhachtaí in aghaidh an lae agus, mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, is gá maoiniú a bheith ann chuige sin chun iad a fhorbairt.

Mr. M?che?l ? Laoghaire:

Go bunúsach is ceist mhaoinithe atá i gceist le leabhair leictreonacha. Níl aon fhadhb ag aon duine leis an táirge sin ach cosnóidh sé pinginí móra. Bheinn beagáinín faichilleach mar gheall ar chóras léirmheastóireachta a fhágáint faoi ghrúpa cosúil le Foras na Gaeilge. Is dream ciotrúnta sinn - nuair a thagann rud anuas ón Rialtas, bíonn muid in amhras faoi go bunúsach agus ón dúchas. Is gá an t-airgead a thabhairt do na foilsitheoirí cóipeanna léirmheastóireachta a chur amach go dtí leithéidí Comhar, Feasta, agus Tuairisc.ie, mar a dúirt an Seanadóir Ó Donnghaile. B'fhéidir gur cheart go mbeadh suíomh ag an Roinn nó ag Foras na Gaeilge, ach ní cóir gach aon rud a fhágáil faoi aon áisíneacht amháin. Ba chóir airgead a thabhairt do na foilsitheoirí chun leabhair léirmheastóireachta a chur amach agus airgead a thabhairt do na hirisí chun díol as na léirmheastóirí iad féin. Tá sé tábhachtach go mbeidís súd neamhspleách. Caithfidh mé a rá go bhfuilimid ciotrúnta.

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rud a ritheann liom maidir leis na closleabhair ná go gceannaíonn na seirbhísí leabharlainne iad. Dá mbeadh a fhios ag na foilsitheoirí go mbeadh duine ann a cheannódh na closleabhair - mar shampla, na leabharlannaithe - b'fhéidir go mbeidís níos toilteanaí agus go gcabhródh sé le ceist an mhaoinithe. Ní dóigh liom go réiteoidh sé an scéal ina iomláine ach b'fhéidir go bhfuil plé éigin le déanamh leis na seirbhísí leabharlainne go mbeadh ceannaitheoir réidh ann.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Ceann de na buntáistí atá le podchraoladh ná gur féidir fáil amach cé mhéad duine a d’éist leis, nó cé mhéad uair a rinneadh íoslódáil ar nó ar éisteadh leis. Mar sin, tá na figiúirí ann agus is féidir iad a chur le chéile. D'fhéadfaimis na figiúirí i dtaobh na podchraoltaí éagsúla atá i nGaeilge a chur roimh aon leabharlannaí. Ní bheadh fadhb ar bith leis sin.

Ms Sadhbh Devlin:

Níl mé cinnte faoi seo ach tá scéim ag na leabharlanna ina bhfaigheann an scríbhneoir cúpla pingin gach uair a thógtar a leabhar amach ar iasacht. Go bhfios dom, ní íoctar as iasachtaí closleabhair ón leabharlann. Fiú ar an gcóras sin, dá dtógfaí an leabhar crua amach bheadh cúpla pingin ag dul i dtreo an scríbhneora ach ní dóigh liom go bhfuil córas ann go gcomhairtear closleabhair tríd an scéim sin faoi láthair.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Bhí mé ag plé le seo ar na mallaibh agus is é an córas ná go n-íoctar dleacht leis an údar ag an tús agus sin é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Aontaím le beagnach gach rud atá ráite go dtí seo agus, níos mó, tuigim na finnéithe. Ní hé nach n-aontaím leo ach ba chóir dúinn a bheith cúramach i gcónaí nach gcuireann daoine an dualgas díolachán ar na húdair. An dualgas atá ar an údar ná saothar a scríobh ina mbíonn spéis ag daoine ann, nó i gcás closleabhar go n-éisteann siad leis, agus go bhfuil siad sásta plé leis. Braitheann sé ar an duine féin ach níor chóir go mbeadh an dualgas orthu a leithéid a dhéanamh. Tá aithne againn ar fad ar údair a scríobhann, a dhíolann agus a dhéanann craobhscaoil - déanann siad gach rud - agus tá siad go maith ag déanamh amhlaidh. Tá an chuid is mó de na húdair i mBéarla, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile ag iarraidh scéal a insint trí phictiúir, trí fhocail, trí fhilíocht nó trí bhealach éigin eile chun daoine a tharraingt isteach sa domhan atá cruthaithe acu. Measaim gur leor sin agus ba chóir dúinn a bheith cúramach i gcónaí faoi. Ní hé sin le rá nár chóir go mbeadh áiseanna ann chun cuidiú leo. Labhair Réaltán Ní Leannáin faoin gcaoi ar cheart cúrsaí a bheith ann ní hamháin do na húdair ach freisin dóibh siúd atá ina léirmheastóirí, ina bhfoilsitheoirí agus gach uile dhuine.

Ba chóir go mbeimid i gcónaí ag iarraidh cur leis na féithe agus na scileanna atá againn. B'fhéidir go mbeidh sé sin mar cheann de na moltaí láidre uainn. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó á dhéanamh ag Foras na Gaeilge, más é sin an t-eagras atá ann chun déileáil le Clár na Leabhar Gaeilge, leis an léirmheastóireacht a chur chun cinn nó le pé rud atá ag teastáil a dhéanamh. Tá an foras freagrach as Áis; as comhlacht foilsitheoireachta Ghaeilge an Stáit, An Gúm; agus as mórán gníomhaíochtaí. B'fhéidir gur gurb é sin an ról lárnach.

Ó thaobh na scéime píolótaí de, níl a fhios againn cé atá chun é a fháil. Táimid ar fad ar bís. Nuair a chuir mé ceist ar an Aire aréir, dúirt sí go mbeidh siad ar fad fógartha agus ag feidhmiú sa tríú ráithe i mbliana. Ná bíodh aon duine ag súil léi go dtí deireadh na míosa seo mar go dtosaíonn an chéad ráithe eile i mí Iúil. Chuir 9,000 duine isteach ar an 2,000 deontas, íocaíocht nó ioncam; cibé bealach ar mhaith le duine tabhairt uirthi. Táim ag tnúth go mbeidh an-chuid di dírithe ar dhaoine atá ar an ngannchuid le linn dóibh a bheith ag scríobh nó ag gabháil don ealaín nó do na healaíona ar bhealaí difriúla. Ní airgead mór ar domhan é, ach is airgead é a thugann an faoiseamh agus an spás do dhaoine cur leis an scríbhneoireacht. Má tá a fhios aici nó aige go bhfuil €350 sa tseachtain acu anuas ar cúpla pingin nó ar an méid atá ag an duine cheana féin, is ea is fearr é. Ní cóir go stopfar aici sin agus go bhféadfaí í a bheith i bhfad Éireann níos mó.

Bhí Sarah Bannan ón gComhairle Ealaíon anseo os comhair an chomhchoiste agus luaigh, measaim, Celia de Fréine, na féilte. Má dhéanann an chomhairle de réir mar a dúirt a hurlabhraí siúd, beidh dualgas ar na féilte liteartha ar fad timpeall na tíre amach anseo níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Beidh na deontais ag teacht ón gComhairle Ealaíon agus beidh siad ceangailte le níos mó gnéithe ó thaobh na Gaeilge de. Tá súil againn ar fad go dtarlóidh sé sin mar go mbeidh sé ina dheis, go dtabharfaidh sé ardán d’údair Ghaeilge amach anseo agus go bhfeicfidh an domhan mór cé chomh tarraingteach is atá an litríocht atá á cur ar fáil i nGaeilge faoi láthair, ní hamháin do lucht na Gaeilge ach freisin do lucht an Bhéarla mar is cinnte nach bhfuil a fhios acu ach an oiread céard atá ann. Beimid ag tnúth leis sin agus luafar é sa tuarascáil iomlán uainn, mar aon le gach rud a luaigh daoine linn agus na moltaí a bhí acu.

Bhí ceist agam maidir le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge do Celia de Fréine. Iarraim uirthi a mhíniú dóibh siúd atá ag éisteacht linn cé mhéad baill go díreach atá ann, cé chomh fada is atá an t-aontas ar an saol, agus cad é an aidhm go díreach atá aige. Luaigh sí go raibh an t-aontas ag déanamh seo, siúd is uile ach cad é an aidhm atá aige agus cén cuidiú a bhféadfaí a thabhairt don aontas? An mbeadh sé tráthúil uaireanta dá mbeadh deontas ann chun duine a earcú le hobair chléireachais a dhéanamh don aontas? Táim ag caint faoi rudaí mar sin. Bunaítear eagrais ó am go chéile, agus ansin, faoi ualach miontuairiscí nó ualaigh éigin eile, teiptear orthu. Smaoinigh, le toil an fhinné, anois go bhfuil Celia de Fréine ag caint le daoine eile seachas leo siúd atá sa seomra seo.

Ms Celia de Fr?ine:

Bunaíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge seacht mbliana ó shin. Bhí Cathal Póirtéir ina chathaoirleach ar an aontas i dtosach agus ansin tháinig mé le bheith i mo chathaoirleach ar feadh ceithre bliana le linn na paindéime agus chuile shórt. Táimid iontach láidir. Tá 150 ball againn agus tá eolaire againn freisin ar an suíomh. Tá 500 scríbhneoir luaite san eolaire sin a bhfuil saothair Ghaeilge i gcló nó curtha ar an ardán acu. Is í an príomhaidhm atá againn ná litríocht na Gaeilge a chur chun cinn.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is méid mór é sin i dtír bheag, má smaoinítear air. Is léiriú é den sórt-----

Ms Celia de Fr?ine:

Is é sin é. Tá an-obair ar siúl againn, glactar a lán ama léi agus is é sin go baileach an rud nach bhfuil againn mar go bhfuilimid ag iarraidh ár gcuid ama a chaitheamh ag scríobh. Bíonn orainn plé leis an oiread sin rudaí. Luaigh mé an suirbhé, an plé faoin mbunioncam, agus mar sin de. B’iontach dá mbeadh maoiniú curtha ar fáil le cúnamh cléireachais a chur ar fáil dúinn mar tá ualach na hoibre sin ró-throm i láthair na huaire

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist eile agam. An scríobhann na scríbhneoirí i nGaeilge amháin nó i mBéarla, gur mar luaigh, measaim, Celia de Fréine, ceist faoi aistritheoireacht go Béarla? Uaireanta, is fearr gan saothar an scríbhneora a aistriú aige nó aici féin mar go bhfaightear botúin sa bhuntéacs.

Ms Celia de Fr?ine:

Scríobhaim sa dá theanga. Is cainteoirí dúchais iad go leor de na scríbhneoirí Gaeilge. Go hiondúil, bíonn siad siúd ag lorg aistritheoirí mar ní maith leo siúd féin a gcuid saothar a aistriú go Béarla. Níl a fhios agam faoin gcuid eile scríbhneoirí atá againn ach, ag labhairt fúm féin, déanaim é ach braithim go bhfuil go leor daoine nach bhfuil chomh compordach é sin á dhéanamh.

Mr. M?che?l ? Laoghaire:

Maidir liom féin, is cinnte nach bhfuil mé compordach ag déanamh aistriúcháin ar mo shaothar féin. Is féidir liom income tax returns a léamh isteach sa Bhéarla, all right, ach is é sin méid mo chumais sa Bhéarla.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an gceist dheireanach atá agam, níl a fhios agam an bhfuil an Teachta Ó Cuív ag iarraidh ceisteanna a chur ar ár bhfinnéithe.

Luadh Laureate na nÓg ach bíonn scríbhneoirí cónaithe, nó writers in residence, in a lán áiteanna. In áiteanna eile, íocann an chomhairle áitiúil nó na leabharlanna áitiúla as. Tagann filí nó údair isteach dá réir chun seisiúin a dhéanamh sna leabharlanna nó sna scoileanna. An dtarlaíonn mórán de sin le húdair na Gaeilge? An raibh duine ar bith dár n-aíonna ag gabháil leis sin? Glaoim ar Shadhbh Devlin anois.

Ms Sadhbh Devlin:

Táim i mo scríbhneoir cónaithe in Ollsoil Chathair Bhaile Átha Cliath, DCU, i mbliana. Tá scríbhneoirí cónaithe acu siúd: duine don Bhéarla agus duine don Ghaeilge. Ceapaim nach bhfuil ach iad siúd, b'fhéidir, sa tír ar fad a bhfuil an bheirt mar sin gafa acu. De ghnáth, is scríbhneoir cónaithe amháin atá in ollscoil, bíodh sé ina scríbhneoir Ghaeilge nó ina scríbhneoir Béarla.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Tá scríbhneoir cónaithe Gaeilge amháin sa tír.

Ms Sadhbh Devlin:

Tá an ceart ag Réaltán Ní Leannáin ansin agus is mise an duine sin. Bhí deis agam a bheith i mo scríbhneoir cónaithe le leabharlanna Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin in 2019 ach gearradh siar é beagáinín in 2019-20.

Nuair a fhaigheann duine an deis sin, is faoiseamh dochreidte é mar tuigtear don duine sin an méid airgid atá ag teacht isteach. Is rud amháin é an ról sin a fháil, ach caithfear obair a dhéanamh ar a shon agus ní hé go bhfuil an spás, an t-am agus an t-airgead ag an duine a bheith ina suí ansin agus ag scríobh. Caithfear rud éigin a thabhairt ar ais don eagras. Téitear i mbun léachtóireachta, cúrsaí a reáchtáil, cur i láthair a dhéanamh, nó taispeántais a eagrú agus bíonn obair i gceist leo siúd freisin. Is róil iontacha iad nuair a fhaightear an deis, mar sin féin.

Tá scéim cónaithe trí Laureate na nÓg faoi láthair: an bosca leabharlainne, le bunscoileanna timpeall na tíre. Bhí deis agam é sin a dhéanamh i mbliana freisin agus a bheith ag obair le dhá scoil a bhfuair bosca leabharlainne de leabhair Ghaeilge do pháistí mar bhronntanas. Tháinig scríbhneoirí ann agus rinne Réaltán Ní Leannáin an ról seo le scoileanna eile. Rinneamar an-chuid oibre thar thréimhse sé seachtainí leis na scoileanna seo ó naíonáin bheaga suas go dtí rang a sé. Bhíomar ag cothú na léitheoireachta Gaeilge agus ag léiriú dóibh an cineál leabhair agus na seánraí éagsúla atá ar fáil dóibh chun iad a spreagadh dul i mbun léitheoireachta ar mhaithe leis an spraoi, agus ní mar obair bhaile nó obair ranga amháin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glaoim ar Réaltán Ní Leannáin anois.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Cuirfidh mé leis an méid a dúirt Sadhbh Devlin. Bhí mé féin mar scríbhneoir cónaithe in DCU roinnt blianta ó shin. Tugann sé faoiseamh duit araon le suaimhneas intinne go bhfuil airgead rialta ag dul teacht isteach go ceann bliana agus nach bhfuil ort dul agus iarratais ar mhaoiniú a líonadh isteach do rud amháin nó rud eile, b'fhéidir gur maoiniú é nach bhfaighidh tú. Is rud amháin é sin. Bhí an t-ádh liom. Gabhaim buíochas le hoifig UNESCO Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Táim mar scríbhneoir cónaithe Gaeilge don oifig sin. Tá beirt againn ann. Ba mhaith liom go gcuirfí sin ar fáil arís an bhliain seo chugainn. Bronnadh an chónaitheacht sin don chéad uair i mí na Nollag 2021. Ba mhaith an rud é má leantar leis agus má dhéanann cúpla comhairle eile ar fud na tíre amhlaidh. Is an-suaimhneas intinne é fios a bheith agat go mbeidh airgead sa chuntas bainc agat sna míonna amach romhat.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ag cur ceiste ó thaobh an suaimhneas a thugann sé do na húdair ach is buntáiste mór é.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Is rud mór é.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh an ábhair atá á phlé againn, tugann sé an faoiseamh sin agus ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó cónaitheachtaí agus níos mó deontais ann ach, ó thaobh léitheoireachta agus ó thaobh infheictheacht litríocht na Gaeilge do pháistí óga nó do mhic léinn-----

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Tugann sé am duit chun díriú isteach ar rudaí nach mbíonn an t-am agat díriú isteach orthu de ghnáth toisc go mbíonn tú ag scríobh iarratas do rudaí difriúla. Is é sin an rud. Ceannaíonn sé am duit. Is é sin an áit ina bhfuil tábhacht na gcónaitheachtaí seo. Tá an bosca leabharlainne an-infheicthe. Tá an-éacht déanta ag Children's Books Ireland agus Áine Ní Ghlinn leis sin. Ba mhaith an rud a leithéid a bheith ann arís ach cá bhfios? Bhí an-chuid airgid curtha isteach ansin. Beidh Children's Books Ireland ábalta insint don choiste cé mhéad. Leis na cónaitheachtaí seo, bíonn tú i dteagmháil le daoine nach mbeifeá i dteagmháil leo de ghnáth. Bíonn tú ag ardú próifíl na Gaeilge agus na litríochta. Is é sin an áit ina bhfuil sé sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil an Teachta Ó Cuív ag iarraidh ceist a chur?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an Teachta ceart go leor. Tá gach rud léite agus pléite.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh mé ann don chruinniú iomlán.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam. Bhí mé ag cur an cheist sin ar eagla na heagla. Críochnóidh mé le ceist amháin eile a bhaineann leis na suímh Idirlín a bhí á lua. An chóir go mbeadh deontas ann? Bhí deontas ann le linn na paindéime do chomhlachtaí foilsitheoireachta, agus d'aon chomhlacht eile sa tír, chun cur leis na suímh Idirlín a bhí acu. An chóir go mbeadh deontas ann do leithéidí Áis nó dreamanna eile, nó go gcuirfí airgead ar leataobh chun go mbeadh siad ar an scála céanna? Ón méid atá ráite inniu agus an tseachtain seo caite nó an tseachtain roimhe seo nuair a bhí dream eile os ár gcomhair, tá an cuma ar an scéal go bhfuil fadhb bhunúsach ann ó thaobh suímh Idirlín. Má tá muidne ag déanamh moltaí, cén sórt suímh Idirlín atá de dhíth ó thaobh na n-údar de?

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Ón taithí atá agam féin, ní fiú an roth a chruthú as an nua arís. Tá Áis ann agus tá maoiniú ar leith a thabhairt dó ach níl suíomh Idirlín aige. Ba chóir suíomh a chur in airde le léirmheasanna chun cur le próifíl na leabhar Gaeilge atá á ndíol aige. Is rud amháin é sin. Ba chóir go mbeidh suíomh ag clár na leabhar Gaeilge freisin. Chomh maith leis sin, bhí an t-am ann go bhfuair an suíomh Writing.ie maoiniú le léirmheasanna Gaeilge a fháil ó léirmheastóirí go rialta. Níl an maoiniú sin ann le sé nó seacht mbliana anois. Tá an-chuid leantóirí ag Writing.ie ar na hardáin acu. Tá sé déanta aige cheana. Cuireann sé an-fháilte roimh ailt i nGaeilge faoi leabhair Ghaeilge ach caithfidh tú iad a scríobh tú féin. Is é sin an áit ina bhfuil sé.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh tú ailt a scríobh fút féin.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Saor in aisce.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thuilleann tú airgead as.

Ms R?alt?n N? Leann?in:

No.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh aon rud a rá sula gcuirfidh mé críoch le seisiún an lae inniu?

Ms Sadhbh Devlin:

Ní dháiltear mo chuid leabhar tríd Áis so nílim cinnte. Téann mo chuid leabhar trí Gill Books. Oibríonn an foilsitheoir atá agam le Gill Books. Tá a fhios agam go bhfuil díoltóirí agus imdháileoirí aige a théann isteach go siopaí freisin. Gabhann sé sin leis an bpointe a bhí á dhéanamh agam níos túisce faoi oideachas do na daoine a bhíonn ag plé le díolachán leabhar idir ceannaitheoirí, díoltóirí agus custaiméirí sa siopa.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh aon rud a rá? Táim chun críoch a chur leis seo. Tá gach rud ráite. Má smaoiníonn na finnéithe ar aon rud gur chóir a rá, tá súil agam go gcuirfidh siad nóta ar aghaidh chuig an gcléireach. Déanfaimid cinnte de go mbeidh sé san áireamh sa mhéid atá á chur le chéile againn ag deireadh na sraithe seo. Measaim go bhfuil dhá nó trí chruinniú eile againn ar an ábhar seo. Tá súil againn go mbeidh tuarascáil le moltaí fadradharcach againn i mí Mheán Fómhair nó mí Dheireadh Fómhair. Tá Seán Ó Catháin á scríobh agus muid ag labhairt.

Is é sin deireadh leis an díospóireacht seo inniu. Gabhaim buíochas leis na finnéithe agus leis na comhaltaí as cabhrú linn an plé seo a dhéanamh inniu. Tá an coiste chun dul isteach i seisiún príobháideach ar feadh cúpla nóiméad chun gur féidir linn déileáil le roinnt míreanna.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 2.47 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 4.21 p.m. go dtí 1.30 p.m. Dé Céadaoin, an 29 Meitheamh 2022.