Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam. Aontaím le beagnach gach rud atá ráite go dtí seo agus, níos mó, tuigim na finnéithe. Ní hé nach n-aontaím leo ach ba chóir dúinn a bheith cúramach i gcónaí nach gcuireann daoine an dualgas díolachán ar na húdair. An dualgas atá ar an údar ná saothar a scríobh ina mbíonn spéis ag daoine ann, nó i gcás closleabhar go n-éisteann siad leis, agus go bhfuil siad sásta plé leis. Braitheann sé ar an duine féin ach níor chóir go mbeadh an dualgas orthu a leithéid a dhéanamh. Tá aithne againn ar fad ar údair a scríobhann, a dhíolann agus a dhéanann craobhscaoil - déanann siad gach rud - agus tá siad go maith ag déanamh amhlaidh. Tá an chuid is mó de na húdair i mBéarla, i nGaeilge nó i dteanga ar bith eile ag iarraidh scéal a insint trí phictiúir, trí fhocail, trí fhilíocht nó trí bhealach éigin eile chun daoine a tharraingt isteach sa domhan atá cruthaithe acu. Measaim gur leor sin agus ba chóir dúinn a bheith cúramach i gcónaí faoi. Ní hé sin le rá nár chóir go mbeadh áiseanna ann chun cuidiú leo. Labhair Réaltán Ní Leannáin faoin gcaoi ar cheart cúrsaí a bheith ann ní hamháin do na húdair ach freisin dóibh siúd atá ina léirmheastóirí, ina bhfoilsitheoirí agus gach uile dhuine.

Ba chóir go mbeimid i gcónaí ag iarraidh cur leis na féithe agus na scileanna atá againn. B'fhéidir go mbeidh sé sin mar cheann de na moltaí láidre uainn. Ba chóir go mbeadh i bhfad Éireann níos mó á dhéanamh ag Foras na Gaeilge, más é sin an t-eagras atá ann chun déileáil le Clár na Leabhar Gaeilge, leis an léirmheastóireacht a chur chun cinn nó le pé rud atá ag teastáil a dhéanamh. Tá an foras freagrach as Áis; as comhlacht foilsitheoireachta Ghaeilge an Stáit, An Gúm; agus as mórán gníomhaíochtaí. B'fhéidir gur gurb é sin an ról lárnach.

Ó thaobh na scéime píolótaí de, níl a fhios againn cé atá chun é a fháil. Táimid ar fad ar bís. Nuair a chuir mé ceist ar an Aire aréir, dúirt sí go mbeidh siad ar fad fógartha agus ag feidhmiú sa tríú ráithe i mbliana. Ná bíodh aon duine ag súil léi go dtí deireadh na míosa seo mar go dtosaíonn an chéad ráithe eile i mí Iúil. Chuir 9,000 duine isteach ar an 2,000 deontas, íocaíocht nó ioncam; cibé bealach ar mhaith le duine tabhairt uirthi. Táim ag tnúth go mbeidh an-chuid di dírithe ar dhaoine atá ar an ngannchuid le linn dóibh a bheith ag scríobh nó ag gabháil don ealaín nó do na healaíona ar bhealaí difriúla. Ní airgead mór ar domhan é, ach is airgead é a thugann an faoiseamh agus an spás do dhaoine cur leis an scríbhneoireacht. Má tá a fhios aici nó aige go bhfuil €350 sa tseachtain acu anuas ar cúpla pingin nó ar an méid atá ag an duine cheana féin, is ea is fearr é. Ní cóir go stopfar aici sin agus go bhféadfaí í a bheith i bhfad Éireann níos mó.

Bhí Sarah Bannan ón gComhairle Ealaíon anseo os comhair an chomhchoiste agus luaigh, measaim, Celia de Fréine, na féilte. Má dhéanann an chomhairle de réir mar a dúirt a hurlabhraí siúd, beidh dualgas ar na féilte liteartha ar fad timpeall na tíre amach anseo níos mó a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Beidh na deontais ag teacht ón gComhairle Ealaíon agus beidh siad ceangailte le níos mó gnéithe ó thaobh na Gaeilge de. Tá súil againn ar fad go dtarlóidh sé sin mar go mbeidh sé ina dheis, go dtabharfaidh sé ardán d’údair Ghaeilge amach anseo agus go bhfeicfidh an domhan mór cé chomh tarraingteach is atá an litríocht atá á cur ar fáil i nGaeilge faoi láthair, ní hamháin do lucht na Gaeilge ach freisin do lucht an Bhéarla mar is cinnte nach bhfuil a fhios acu ach an oiread céard atá ann. Beimid ag tnúth leis sin agus luafar é sa tuarascáil iomlán uainn, mar aon le gach rud a luaigh daoine linn agus na moltaí a bhí acu.

Bhí ceist agam maidir le hAontas na Scríbhneoirí Gaeilge do Celia de Fréine. Iarraim uirthi a mhíniú dóibh siúd atá ag éisteacht linn cé mhéad baill go díreach atá ann, cé chomh fada is atá an t-aontas ar an saol, agus cad é an aidhm go díreach atá aige. Luaigh sí go raibh an t-aontas ag déanamh seo, siúd is uile ach cad é an aidhm atá aige agus cén cuidiú a bhféadfaí a thabhairt don aontas? An mbeadh sé tráthúil uaireanta dá mbeadh deontas ann chun duine a earcú le hobair chléireachais a dhéanamh don aontas? Táim ag caint faoi rudaí mar sin. Bunaítear eagrais ó am go chéile, agus ansin, faoi ualach miontuairiscí nó ualaigh éigin eile, teiptear orthu. Smaoinigh, le toil an fhinné, anois go bhfuil Celia de Fréine ag caint le daoine eile seachas leo siúd atá sa seomra seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.