Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá leithscéal faighte ón Teachta Connolly. Cuirim fearadh na fáilte roimh na comhaltaí den chomhchoiste atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh aon chomhalta a bheidh ag freastal air níos déanaí. Cuirim fáilte roimh na finnéithe a bheidh ag labhairt os ár gcomhair inniu agus rompu siúd atá ag breathnú ar an gcruinniú ar sheirbhís teilifíse an Oireachtais anois nó a bheidh amach anseo. Cuirim fearadh na fáilte roimh na scríbhneoirí Mícheál Ó Laoghaire, Réaltán Ní Leannáin, Celia de Fréine agus Sadhbh Devlin. Gabhaim buíochas an choiste agus mo bhuíochas féin leo as teacht anseo inniu chun cúnamh a thabhairt dúinn san obair atá á déanamh againn ar spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Is cuid de shraith chruinnithe atá eagraithe againn le tamall anuas chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge an cruinniú seo agus muid ag iarraidh moltaí a dhéanamh chun cuidiú leis an ngné sin dár saol. Cuirim ar an taifead go bhfuil na finnéithe ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Caithfidh gach duine éisteacht a thabhairt don mhéid seo a leanas. Caithfidh mé éisteacht liom féin freisin. Sula leanfaimid ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is de bharr riachtanais bhunreachtúla a dhéantar é sin. Ba chóir d'aon duine atá ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil a chinntiú go bhfuil a micreafóin múchta nuair nach bhfuil siad ag labhairt.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Molaim d'fhinnéithe, go mór mór iad atá ag freastal ar an gcruinniú ón taobh amuigh, cé nach bhfuil aon fhinné ag déanamh amhlaidh inniu, a bheith cúramach sa mhéid atá á rá acu. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon ní a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach.

Is é sin an palaver ar fad. Tuigeann na finnéithe na coinníollacha anois. Déanfaimid tús a chur lenár mbreathnú ar ábhar an chruinnithe inniu. Iarraim ar Mícheál Ó Laoghaire cúpla focal a rá ar dtús. Ansin, leanfaidh mé trí na finnéithe eile sula n-iarraim ar na Teachtaí agus Seanadóirí ceisteanna a chur nó ráitis a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.