Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Mr. M?che?l ? Laoghaire:
Gabhaim buíochas le baill uile an choiste as an gcuireadh seo a thabhairt dom teacht anseo inniu. Tugadh cuireadh dom teacht i láthair chun labhairt faoi spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaelainne. Do ghlacas leis an gcuireadh ar bhonn pearsanta amháin. Thar mo cheann féin amháin atáim ag labhairt anseo. Is iad mo thuairimí pearsanta féin atá á nochtadh agam agus is é mo thaithí féin mar scríbhneoir atá á chur os comhair an choiste agam.
Caithfidh mé a rá, nuair a iarradh orm ar dtús teacht anseo, bhí an-leisce ar fad orm glacadh leis an gcuireadh. Ní fear coiste nó fear cruinnithe mé, ach b’fhacthas dom nach mbeadh sé macánta ar fad diúltú don chuireadh. Braithim go bhfuil an coiste ag tabhairt aghaidh ar chontúirt atá ag bagairt ar chultúir éagsúla ar fud an domhain. Mar scríbhneoir agus fiú mar shaoránach, bhraith mé nár fhéadfainn de choinsias glan diúltú don chuireadh seo teacht os comhair an choiste. Tá súil agam go gcabhróidh an méid atá le rá tuiscint éigin a thabhairt ar shaol an scríbhneora sa Ghaelainn sa lá atá inniu ann.
Caithim an-dua le mo cheird. Sa ráiteas a chuir mé chuig an gcoiste, do dheineas cur síos ar an méid ama atá i gceist anseo. Nuair a fhoilsítear leabhar ar dheireadh, is minic nach gcloisim faic eile ina thaobh. Is cinnte go ndeireann cairde agus daoine muinteartha liom go bhfuil sé ar fheabhas ar fad - cad eile a déarfaidís? - ach ní chloisim rudaí neodracha. Foilsíodh cúig úrscéal liom ó 2017. Go bhfios dom, níor dheineadh léirmheas ach ar aon cheann amháin díobh siúd. I ndáiríre, murach na léirmheasanna a dhéanann breithiúna an Oireachtais ar gach aon leabhar a chuirtear chucu, ní bheadh aon treoir in aon chor faighte agam.
B’iontach go deo an rud domsa é dá mbeadh léirmheasanna le fáil ar na leabhair atá á scríobh agam. Dá mbeadh sin ann, chífinn na leabhair trí shúile duine neodrach. De ghnáth in aon léirmheas bíonn moladh ar an leabhar, agus bíonn sé sin an-deas, ach bíonn plé freisin ar laigí an leabhair agus laigí na scríbhneoireachta. D’fhéadfainn rudaí a fhoghlaim uathu. Thabharfadh sé féachaint níos fearr dom ar cad atá á dhéanamh agam agus chabhródh sé go mór liomsa feabhas a chur ar mo cheird.
San aighneacht a chuireas chuig an gcoiste, tá roinnt moltaí mar gheall ar léirmheastóireacht. Tá a fhios agam go gcosnódh sé cúpla pingin, ach ní hamháin go gcabhródh córas ceart léirmheastóireachta leis na scríbhneoirí, chabhródh sé le margaíocht, le foilsitheoirí agus le léitheoirí chomh maith. Spreagann léirmheas suimiúil duine chun leabhar a cheannach. Is cinnte go spreagann a leithéid mise ach go háirithe. Ina theannta sin, dá mbeadh daoine ag scríobh léirmheasanna go rialta ar leabhair, chothódh sé pobal beag léitheoireachta. Má bhíonn daoine ag léamh, tosaíonn siad ag caint agus is an-chabhair i gcónaí an chaint. Chuirfinn fainic leis an moladh sin, áfach. Ní mór caighdeán sách ard a éileamh sna léirmheasanna sin, caighdeán a d’fhéadfadh na scríbhneoirí agus na foilsitheoirí araon muinín a bheith acu as. Sin rud amháin a déarfainn faoi thábhacht na léirmheastóireachta.
Rud eile a chuireann isteach ormsa mar scríbhneoir ná easpa feiceálachta. Foilsítear an leabhar agus ní fheictear go deo arís é. Ní bhíonn sé le feiscint sna siopaí, ní bhíonn sé ar an teilifís agus ní phléitear ar an raidió é, ach amháin ar Raidió na Gaeltachta. Bíonn an leabhar ann agus as ag an am céanna. Bíonn saghas eagla ar bhunaíocht an chultúir agus na n-ealaíon anseo admháil go bhfuil daoine fós ag scríobh as Gaelainn. Dá bhrí sin, níl a fhios ag daoine go coitianta go bhfuil leabhair Ghaelainne, nach leabhair scoile iad, á scríobh sa Ghaelainn. Tá sé an-deacair a bheith ag caint mar gheall ar léitheoireacht na Gaelainne a chur chun cinn muna bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil leabhair nua á bhfoilsiú agus á scríobh an t-am ar fad. Chuige sin, caithfidh siad na leabhair a fheiscint.
Ceann de na moltaí i m’aighneacht ná go mbeadh aontaí agus féilte leabhar á reáchtáil ar fud na tíre ar bhonn rialta. Rud eile nach gcosnódh pingin ná leas a bhaint as oifig an mhéara nó an t-ard-mhéara anseo is ansiúd chun poiblíocht a thabhairt do dhaoine a bhuann duaiseanna san Oireachtas. Is rud áitiúil é sin agus chuirfeadh sé daoine os comhair an phobail go háitiúil. B’fhéidir go bhfuil sé sin níos tábhachtaí do scríbhneoirí atá ag obair lasmuigh den Ghaeltacht. Chomh maith leis sin, teastaíonn áisíneacht eile chun saothar na scríbhneoirí agus na bhfoilsitheoirí uile a chur os comhair an phobail, a dhéanfadh poiblíocht ar bhonn an-eagraithe ar fad. Níl sna moltaí seo ach rudaí beaga ach táim cinnte go bhféadfaí a theacht suas le neart rudaí eile mar sin a chabhródh go mór le haitheantas agus poiblíocht a thabhairt do scríbhneoirí.
Pé rud a dhéantar nó a deirtear, tá rud amháin thar a bheith tábhachtach maidir le scríbhneoireacht, léitheoireacht agus foilsitheoireacht na Gaelainne, agus sin na foilsitheoirí. Tá siadsan lárnach ar fad ar fad. Is iadsan is fearr a thuigeann riachtanais na léitheoirí, castacht agus deacrachtaí an ghnó féin agus, ar ndóigh, na scríbhneoirí mallaithe agus ciotrúnta. Tá na foilsitheoirí faoi bhrú. Tá an iomarca foilsitheoirí caillte againn cheana féin. Ní féidir linn tuilleadh a chailliúint. Muna dtógann an coiste uaim inniu ach tábhacht na bhfoilsitheoirí, bheinn an-sásta.
Mar fhocal scoir, ní mór dom rud éigin a rá faoin gceist is lú go bhfuil fonn orm a lua - airgead. Ní bheadh sé macánta gan é lua. Ní scríobhann duine leabhar Gaelainne chun a shaibhreas a dhéanamh. Má dhéanann, by cripes, tá breall air. Ar an taobh eile de, ní cóir go mbeadh éinne thíos leis ach chomh beag céanna. Nuair a foilsíodh an chéad leabhar uaimse thiar sna 1990idí, fuaireas £700 as. Faighim idir €750 agus €900 anois ar leabhar, agus sin 30 bliain níos déanaí. Ar mo chonlán féin atáim anseo inniu agus tá sé mar an gcéanna do gach éinne eile. Chun a bheith anseo inniu, bhí orm tacsaí a fháil go dtí stáisiún an bhus agus ón mbus thuas, agus beidh orm béile a cheannach agus mar sin de. Dá mbeadh orm fanacht thar oíche i mBaile Átha Cliath bheadh breis is €200 ar sin. An rud ar fad le chéile, sin thart ar €300 nó €350. Sin leath na díolaíochta a fhaighim as trí bliana oibre ar leabhar. Ní margadh an-mhór é sin. Tá an tsaoráid agus an t-am agamsa le caitheamh leis an scríbhneoireacht toisc gur múinteoir ar scor mé, toisc go bhfuil mo phinsean agam agus toisc go raibh an t-ádh liom cúpla duais Oireachtais a bhuachtaint. Clúdaím mo chostais agus táim breá sásta leis sin. In ainm Dé, conas ar féidir linn áitiú ar dhaoine óga, daoine go bhfuil muirear orthu agus cíos nó morgáiste le díol acu, dul i mbun scríbhneoireachta muna bhfuil ach airgead chomh suarach sin ar fáil dóibh?
Bíonn muidne an-duairc nuair a bhíonn muid ag plé na Gaelainne ach caithfimid cuimhneamh nach comhrac leithleasach atá á throid againne ar son léitheoireacht agus litearthacht na Gaelainne. Tá an troid chéanna ar siúl ag teangacha gan áireamh ar fud an domhain, go háirithe na mionteangacha. Go bunúsach, sin nach mór gach aon teanga seachas b’fhéidir leathdhosaen. Más as lámha a chéile a oibríonn gach éinne – an Stát, na foilsitheoirí, na scríbhneoirí, na leabharlanna – is féidir linn seasamh go láidir ar son fhéiniúlacht cultúrtha a bhaineann leis an nGaelainn, seachas an léithe idirnáisiúnta. Má dhéanaimid sin, creidim go mbeidh sé ar ár gcumas cur le traidisiún na litearthachta Gaelainne, seachas slán a fhágáil léi.
No comments