Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Chuir mé alt isteach ag an gcoiste ach níl mé chun é ar fad a léamh amach. Tá mé chun a bheith gonta. Tréaslaím le hachan rud a dúradh roimhe seo. Díreoidh mé féin isteach ar chúpla gné eile. Ar an gcéad dul síos, caithfimid admháil nach caitheamh aimsire atá sa scríbhneoireacht. Má tá duine chun a bheith ag scríobh go gairmiúil, caithfidh siad am agus dua a chur isteach, mar a dúradh. I mo chás féin, caithim airgead ar chúrsaí le díriú isteach ar ghnéithe éagsúla den scríobh. Ní caitheamh aimsire atá ann má dhéantar é mar is ceart. Chuige sin, tá go leor foinsí tacaíochta de dhíth ar an scríbhneoir in aon teanga, rud atá ar fáil go forleathan sa Bhéarla agus a bhfuil níos deacra a theacht air sa Ghaeilge. Mar shampla, táim féin ag obair leis an scéim meantóireachta atá ag Foras na Gaeilge, Clár na Leabhar Gaeilge. Feidhmíonn sé go maith agus creidim gur cheart é a choinneáil sa siúl agus é a choinneáil beo. Taobh leis sin, ba mhaith liom féin scéim eagarthóireachta nó comhairleoireachta liteartha a chur ar fáil do scríbhneoirí ar nós mé féin nó ar nós Celia de Fréine agus Sadhbh Devlin.

Táimid oilte ar an ngné a bhfuilimid ag obair uirthi faoi láthair ach ag an am céanna, is rud maith é súil eile agus an t-airgead sin ag na foilsitheoirí. Níl na hacmhainní acu le bheith ag plé leis ar an leibhéal sin. Má bhíonn an t-ádh le duine, gheofar foilsitheoir a bhfuil profléitheoireacht ghairmiúil á dhéanamh aige nó aici, ach níl a leithéid ann agus comhairleoireacht liteartha ginearálta ag na foilsitheoirí. Níl an t-airgead acu.

Ba mhaith linn ar fad mar scríbhneoirí scéim na gcoimisiúin a fháil ar ais ar ndóigh. Mar a dúradh, tá an t-ádh le duine má fhaightear €750, €900 nó €1,000, méid atá ag cúpla foilsitheoir. Ina dhiaidh sin, de réir mar a dhíoltar an leabhar, tá cuid mhaith den airgead sin in áit dleachta ag roinnt foilsitheoirí. I ndáiríre, caithfear é sin a chur san áireamh. Ní íoctar billí trí leabhar a fhoilsiú. Bhí an t-am ann nuair a bhí mé i mo mhúinteoir dara leibhéal agus i mo léachtóir tríú leibhéal. Bhí orm éirí as de bharr tinnis. Thosaigh mé ar an scríbhneoireacht mar ní raibh fuinneamh fisiciúil agam le tabhairt faoi rud ar bith eile. Ba mhaith liom smaoineamh go ndearna mé go measartha maith. Ní íocaim na billí leis na leabhair. Íocaim na billí ag múineadh do dhaoine fásta ar líne. Íocaim na billí faoi dhul ag féilte. Íocaim na billí trí jabanna beaga a dhéanamh anseo agus ansiúd i ngach áit. Sin mar a íoctar na billí. Ní tríd an fhoilsitheoireacht a dhéantar é. Is rud mór é sin i ndáiríre.

Ba mhaith liom go gcuirfí Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge san áireamh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Seans go mbeidh níos mó le rá ag Celia de Fréine nó Sadhbh Devlin faoi sin. Tá an triúr againn mar bhaill. Is fóram iontach tábhachtach é inar féidir linn teacht le chéile, rudaí a phlé agus tacú lena chéile. Is fiú smaoineamh air sin.

Molaim an Rialtas as an scéim ioncaim bhunúsach d'ealaíontóirí a chur ar fáil ar bhonn phíolótach. Ba mhaith liom go bhfeicfí an scéim ag leathnú amach anseo. Beidh €325 in aghaidh na seachtaine dlite nuair a thiocfaidh sé tríd don duine atá sa scéim phíolótach. Dóibh siúd againn nach bhfuil pinsean nó aon ioncam eile againn, ba cheart go mbeadh sé againn go seasmhach ionas go mbeimid in ann na bunrudaí a dhéanamh, ar nós páipéar nó dúch a cheannach don phrintéir, chun íoc as cúrsa anseo agus ansiúd. Is rudaí iad seo a bhaineann leis an scríbhneoireacht ach a chosnaíonn airgead.

Sin an chuid is mó de na rudaí atá iontach tábhachtach. Rud amháin eile ná oiliúint a thabhairt do scríbhneoirí dul i ngleic leis na meáin shóisialta nua. Is iomaí scríbhneoir atá amuigh ansin. Is mór an trua é ach is cuma i mBéarla, i nGaeilge nó in aon teanga eile atá siad ag scríobh, caithfidh scríbhneoirí iad féin a chur amach ansin má tá siad ag iarraidh a n-ainm agus a gcuid leabhar a bheith i mbéal an phobail. Tá cúpla duine againn agus tá gob mór acu. Táimid ag cleachtadh le cuid de na meáin shóisialta ach i ndáiríre tá oiliúint agus treoir de dhíth. B’fhéidir go mbeadh áit ann ag Clár na Leabhar Gaeilge nó dream éigin eile a d’fhéadfadh comhairle agus cúrsaí ar a leithéid sin a chur ar fáil. Fágfaidh mé ansin é ar mhaithe le bheith gonta agus gan tuilleadh focail a chur isteach in áit nach bhfuil siad de dhíth.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.