Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Ms Celia de Fr?ine:
Táim buíoch den choiste as an deis seo a thabhairt dom. Is scríbhneoir mé agus is duine coiste mé freisin. Is iarchathaoirleach ar Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge mé agus táim ar an gcoiste stiúrtha. Bím i gcónaí ag saothrú sa scríbhneoireacht, i mbun aighneachtaí agus mar sin de ag lorg deiseanna agus áiseanna don scríbhneoir.
Luaigh Réaltán Ní Leannáin Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge níos luaithe. Is dream muid ina bhfuil líon na mball sách beag. Is eagraíocht fhíorláidir muid. Bíonn muid ag déileáil le heagraíochtaí eile a bhaineann le nó a mbíonn an litríocht á shaothrú nó á phlé acu, mar shampla, Raidió na Gaeltachta, Amharclann na Mainistreach, Éigse Éireann, agus An Chomhairle Ealaíon. Bíonn muid ag labhairt leis na heagraíochtaí seo ní an t-am ar fad ach nuair is gá. Mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, ba chóir go mbeadh áit againn ar chuile bord ag a bpléitear an litríocht mar go bhfuil litríocht na Gaeilge thar a bheith tábhachtach. Is muidne an dream is láidre leis an litríocht sin a chur chun cinn.
Aontaím freisin leis an rud a dúradh faoin scéim meantóireachta. Tá an scéim an-mhaith ach ba dheas dá mbeadh dara leibhéal den scéim ann freisin ina mbeadh aischothú agus aiseolas ar fáil chomh maith le heagarthóireacht, mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, le cuidiú leis an scríbhneoir nach bhfuil ag tosú amach, ach a bhfuil roinnt saothar curtha i gcló aige nó aici. Dála an scéil, tá caighdeán na criticeoireachta thar a bheith íseal sna meáin, in irisí nó eagrán liteartha agus mar sin de, agus ba dheas é sin a fheabhsú. Cloistear an seanscéal faoi chúrsaí dáiliúcháin a mbíonn go dona i gcónaí. Mar a dúirt Réaltán Ní Leannáin, táimid ag tapú deis na meáin shóisialta. Go hiondúil, is iad na scríbhneoirí óga a bhíonn ag plé le Facebook agus mar sin de ach ba chóir go mbeadh gach uile scríbhneoir á dhéanamh mar go bhfuil sé an-tábhachtach a scéal a chur amach agus a bheith i lár an aonaigh i gcónaí.
Luaigh Mícheál Ó Laoghaire ábhar na bhféilte. Is minic a bhíonn caint ann gur chóir go mbeadh scríbhneoirí Gaeilge páirteach i ngach féile, ar nós Féile Lios Tuathail, na féilte i mBaile Átha Cliath agus na mórfhéilte eile. Ba chóir go mbeadh cúpla ócáid i nGaeilge sna féilte sin. Ba chóir go n-oibreodh stiúrthóirí na bhféilte a leithéid amach nó go gcuirfí comhairle ar fáil dóibh nuair nach bhfuil Gaeilge acu faoin gcaoi inar féidir maoiniú a fháil chun íoc as scríbhneoirí Gaeilge. Mar shampla, bhí mise ag plé le féile chun ócáid a eagrú do scríbhneoirí Gaeilge ach ní raibh na táillí ann iad a íoc. D'fhéadfadh an rud sin a bheith thar a bheith suimiúil ach ní raibh muid in ann é a eagrú.
Maidir le saothair i nGaeilge a aistriú go teangacha eile, is é an rud atá fíorthábhachtach i gcur chun cinn na saothar sin ná go gcaithfear iad a aistriú go Béarla i dtosach. Is gá go mbeadh an Béarla mar dhroichead ann le go mbeadh aistritheoirí in ann an leabhar a léamh le haistriú go teanga eile é. Is rud é a dhéanaim féin go minic ach níl aon aitheantas ar fáil don obair sin. Is obair a dhéantar gan íocaíocht. Molaim gur chóir go mbeadh maoiniú ar fáil chun saothair a aistriú go Béarla le go bhféadfadh iad a aistriú go mionteangacha eile ar nós na Fraincise. Ní mionteanga í an Fhraincis ach tuigeann na comhaltaí cad atá á rá agam.
Tá na foilsitheoirí fíorthábhachtach agus is gá é sin a rá. Tosaíonn an saothar leis an scríbhneoir mar is muidne a chruthaíonn an saothar, agus is gá smaoineamh air sin. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an deis seo.
No comments