Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 22 June 2022
Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community
Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)
Niall Ó Donnghaile (Sinn Fein) | Oireachtas source
Táim buíoch den Chathaoirleach agus dár n-aíonna ar fad. Ar dtús, tréaslaím leis an méid atá ráite ag ár bhfinnéithe. Tacaím leis go mbeidh tuilleadh cur chun cinn san fhoilsitheoireacht trí mheán na Gaeilge. Go dtí seo, le linn na sraithe cruinnithe ag an gcomhchoiste ar na cúrsaí seo, táim ag cloisteáil i gcónaí faoi chúrsaí poiblíochta, fógraíochta, cur chun cinn leabhar agus scríbhneoirí sna meáin chumarsáide, Ag deireadh an phróisis seo, beidh orainn dul chuig an Aire Stáit le tuarascáil, le moltaí agus leis an gcineál fianaise atá cloiste againn ag an gcoiste seo. B'fhéidir nach bhfuil na freagraí ag ár bhfinnéithe, ach ag pointe éigin caithfimid tuiscint níos fearr a bheith againn, má táimid dáiríre faoi sin, chun a fháil amach faoin dóigh an fhógraíocht sin a dhéanamh. Is é sin, cá háit, cé mhéad uair, cé hiad na scríbhneoirí agus cén leabhair atá i gceist? Is iad sin na critéir.
Arís eile, is féidir linn a bheith i bhfad níos fearr ó thaobh feiceálachta agus poiblíochta de. Ní saineolaí mé maidir le cúrsaí margaíochta nó ní scríbhneoir mé ach an oiread, ach tá mé ag iarraidh a fháil amach an bhfuil tuilleadh barúlacha, ar bhonn praiticiúil, ag ár n-aíonna faoin dóigh gur féidir linn é sin a dhéanamh? Tá a fhios agam gurb é sin an chéad cheist a bheidh ag an Aire Stáit agus, níos tábhachtaí arís fós, ag na hoifigigh sa Roinn. Mar sin, an bhfuil barúlacha nó moltaí ag ár n-aíonna faoin dóigh a dtiocfadh linn critéir nó próiseas atá cothrom agus cuimsitheach a chur i dtoll a chéile a bheadh dearfach agus a bheadh tionchar aici? Is é sin an rud is fearr ná go mbeadh impact aici taobh amuigh ansin ionas go mbeadh a thuilleadh daoine ag léamh agus ag ceannach leabhair agus foilseacháin trí mheán na Gaeilge.
No comments