Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms Sadhbh Devlin:

Bím ag smaoineamh go minic le linn dom cuairteanna a thabhairt ar shiopaí leabhar timpeall na tíre. Uaireanta, siúlaim isteach agus níl oiread is leabhar Gaeilge amháin ar na seilfeanna. Tá a fhios agam go mbíonn cúrsaí traenála ag leithéidí siopa Dubray Books do na daoine atá ag dul i mbun díolachán leabhair agus ag obair leo. Seans go bhfuil sé sin ag siopaí eile, ach níl a fhios agam faoi na siopaí neamhspleácha. Ba bhreá liom dá mbeadh cúrsa traenála ar fáil gach bliain, ní hamháin do dhíoltóirí leabhair ach do cheannaitheoirí leabhair freisin agus go mbeadh, b'fhéidir, na foilsitheoirí in ann teacht le chéile, nó na húdair, fiú amháin, nuair a bheadh rudaí nua foilsithe acu. D'fhéadfadh comhdháil éigin a bheith ann, fiú amháin ar líne, le go mbeadh áit ar an gcúrsa a reáchtálann siad do na foghlaimeoirí sin, agus go mbeadh deis againn chuige sin. Uaireanta, má tá leabhair i nGaeilge, tá siad curtha suas ar sheilf ard nó ar sheilf íseal agus tá sé deacair teacht orthu. Mura bhfuil Gaeilge ag na díoltóirí seo, bíonn eagla orthu labhairt nó tabhairt fúthu. Dá mbeadh tuiscint acu faoi na hábhair atá iontu agus faoin aoisghrúpa a oireann siad dóibh, bheadh níos mó féinmhuiníne acu le linn dóibh a bheith ag dul i mbun díolacháin. D'fhéadfaí rudaí cosúil leis sin a dhéanamh leis na leabharlanna trí na coláistí oiliúna nuair atá daoine ag staidéar le bheith ina leabharlannaithe nó, fiú amháin, sna leabharlanna féin freisin.

Uaireanta, cuirtear na leabhair Ghaeilge uilig in áit amháin sa leabharlann. Tá sé sin go deas do Ghaeilgeoir, mar is féidir liom dul isteach agus fios agam go bhfuil an rannóg Ghaeilge ansin, agus go bhfuil na leabhair Ghaeilge ar fáil ann. Uaireanta eile, feictear dom go bpiocann daoine leabhair suas agus b'fhéidir go mbainfeadh siad triail as dá mbeadh siad scaipthe amach i measc ficsean ginearálta nó leabhair phictiúir ghinearálta. Bheadh cothromaíocht éigin le fáil ag na leabhair Ghaeilge, dá réir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.