Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Ms R?alt?n N? Leann?in:

Ag cur leis an gcuntas faoi Dubray Books, bhí me i gceann acu ag an deireadh seachtaine le hÁine Ní Ghlinn agus d'iarr mé ar fhoireann an tsiopa faoin áit a raibh na leabhair Ghaeilge mar ní fhaca mé ceann ar bith agus treoraíodh muid síos ag an tseilf is airde de na leabhair do pháistí. Bhí seilf amháin acu agus ní raibh ach leabhar amháin Gaeilge ag an siopa leabhar sin do dhaoine fásta agus b'in leabhar ar Pheig. Cén mhaith a bheith ag labhairt leis an duine atá taobh thiar na deisce mar níl an traenáil curtha orthu? Is rud amháin é sin.

Chomh maith leis sin ba mhaith liom dá bhféadfaí díriú isteach ar an léirmheastóireacht. Mar dúirt Mícheál Ó Laoghaire, tá an léirmheastóireacht thar a bheith tábhachtach chun conspóid a chruthú agus próifíl a ardú. Sa lá atá inniu ann, taobh amuigh de léirmheastóireacht acadúil, déantar léirmheastóireacht sna hirisí a leithéidí Comhar agus Feasta. Níl iris ar bith ann seachas Comhardá bhfiafraítear ar ardán mar a leithéidí Word Ireland. Ba cheart go rachadh na léirmheasanna ar fad suas ar an Idirlíon chomh maith. Is san áit sin a chothaítear conspóid. Má táim féin ag scríobh leabhair, mar shampla, téim isteach in writing.ie. Is suíomh agus blag Béarla é, agus scríobhaim féin píosa mar gheall ar an leabhar mar tá a fhios agam nach bhfuil foireann ná airgead ag an suíomh seo le daoine a íoc chun léirmheas a scríobh.

Taobh amuigh de sin, is fíorbheag an líon áiteanna atá ann a d'fhéadfaí léirmheas a fheiceáil iontu. Caithfidh na scríbhneoirí, iad féin, ní hé a gcuid léirmheasanna ach b'fhéidir coimriú a dhéanamh ar a gcuid saothar chun próifíl a ardú agus dul amach ar na hardáin.

Arís, tá an t-ádh liom gur early adopter a bhí ionam ach, ag an am céanna, tá go leor ardán nach dtéim isteach iontu mar ní thig le duine freastal ar achan trá, go háirithe nuair a thagann sé go dtí na hardáin leictreonacha, mar athraíonn siad. Bhí an t-am go raibh Snapchat i mbéal an phobail, is é sin a deir mise. Deirtear liom anois, cé nach bhfuil a fhios agam faoi, go bhfuil sé ag teacht isteach arís. Táim istigh i dtrí ardán agus is dóigh liom gur leor é sin don am atá ar fáil agam féin mar bím ag feidhmiú liom féin. Ba mhaith liom moladh a thabhairt do na daoine sin, mar shampla, atá ar na meáin agus a scaipeann ábhair a scríobhann scríbhneoirí. Tá siad ag iarraidh an próifíl a ardú agus, ní hé conspóid, ach go mbeidh sé le feiceáil amuigh ansin go bhfuil leabhair i nGaeilge ann.

Tá dhá cheist agam. Baineann an chéad cheann le léirmheastóireacht. Má tá an ceart agam, tá dualgais ar leith ar stáisiúin raidió de chuid RTÉ maidir le ceoltóirí Gaeilge agus ceol Éireannach. Níl a fhios agam an féidir linn moladh a dhéanamh sa chomhthéacs sin. Má tá a leithéid de dhualgais ag dul ar aghaidh ar na stáisiúin raidió nó ar na suíomhanna Idirlíne, b'fhéidir go bhféadfaimid dualgas a leagan amach maidir le scríbhneoirí Gaeilge.

Aontaím le Réaltán Ní Leannáin go ndéantar an chuid is mó idirghníomhaíochta sa saol ina bhfuilimid anois trí na meáin shóisialta nó trí na hardáin ar líne, go háirithe i meacs daoine óga a bhfuil a lán spéise acu i léitheoireacht, dar ndóigh. Tuigim gur grúpa beag é Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus nach bhfuil mórán áiseanna aige, ach an bhfuil a leithéid de shuíomh ann dó a dtagann linn é a ardú? An rithfeadh sé le ciall, nó an mbeadh sé ina bhuntáiste, dá mbeadh a leithéid de shuíomh aonarach ag an Roinn a gcuirfeadh scríbhneoirí, leabhair, foilseacháin agus irisleabhair amuigh ansin i mbéal an phobail? Dá mbeadh cuntas meáin shóisialta bunaithe sa chaoi sin, agus critéir aontaithe ó thaobh an dóigh a roghnaítear scríbhneoirí agus foilseacháin, srl,. d'fhéadfadh sé píosa a chur amach uair sa lá, sa tseachtain nó sa mhí faoin leabhar, iris nó blag is déanaí atá curtha amach trí mheán na Gaeilge.

Bíonn achan duine a thagann os ár gcomhair ag achan cruinniú ag lua cúrsaí poiblíochta. Caithfidh mé, agus muid ag dul tríd an bpróiseas seo, tuiscint níos fearr a bheith agam agus moltaí a chruthú atá cinnte agus muid ag teacht chuig deireadh an phróisis seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.