Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 22 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Donnchadh Ó LaoghaireDonnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é sin go díreach é. Is díoltas é. Caithfidh mé an deis sin a thógáil. Tá mé bródúil as an scríbhneoireacht agus as é a bheith anseo inniu. Is maith é go bhfuil an coiste ag tabhairt faoin ábhar seo agus sílim go bhfuil sé tar éis cloisteáil ó na foilsitheoirí nó go mbeidh siad ag cloisteáil ó na foilsitheoirí i measc go leor aíonna eile. Tá sé fíorthábhachtach daoine a spreagadh chun scríobh as Gaelainn agus an traidisiún, an oidhreacht agus an saibhreas atá ann ó thaobh scríbhneoireacht na Gaeilge leis na céadta anuas a choimeád beo. Ní beag an rud é a bhfuilimid ag iarraidh a chaomhnú. Chun an rud sin a choimeád, áfach, caithfidh go mbeadh daoine tuillteanach scríobh as Gaeilge, ní hamháin léamh as Gaeilge. Tá roinnt cúinsí ann ina ndéanann daoine é sin. Is saghas slí éigin é le scéal a rá agus an rud atá i lár spiorad an duine a chur amach ansin. Is cinnte go gcabhraíonn sé nuair a thuigeann daoine go bhfeicfidh daoine an méid atá scríofa acu.

Tá roinnt rudaí ráite ó thaobh cé chomh feiceálach is a bhfuil scríbhneoirí. Tá ceist agam maidir leis an léirmheastóireacht agus conas gur féidir linn éiligh ar na meáin Ghaeilge agus na meáin i gcoitinne léirmheastóireacht a dhéanamh ar shaothair trí Ghaeilge ionas go mbeadh aiseolas ar fáil do scríbhneoirí. Ar chóir do leithéidí Fhoras na Gaeilge léirmheastóireacht a chur ar fáil agus í sin a chur ar fáil do na meáin? Tá an tslí ina mbíonn daoine ag léamh - ní fheadar an gcuirfeá “léamh” air - ag athrú. Táim tar éis éisteacht le go leor audio books agus mé ag tiomáint go dtí Baile Átha Cliath. Tá mo bhean chéile ag éisteacht le leabhar faoi shíceolaíocht ar eBooks. Ní heol dom go bhfuil áis ann do scríbhneoirí eBooks trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil agus is dócha nach rud furasta é a dhéanamh ach an fiú a leithéidí sin? An chuid is mó den am, bheinn níos sásta éisteacht le leabhar ná é a léamh, agus b'fhéidir go bhfuil deis ann ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.