Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táimid ag leanúint ar aghaidh leis an téama a bhí againn le cúpla seachtain anuas, sé sin, spreagadh foilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge. Tá ionadaithe againn ó Leabhar Breac agus Cló Iar-Chonnacht, chomh maith leis an Irish News. Cuirim céad míle fáilte roimh Deirdre Ní Thuathail, bainisteoir stiúrtha ar Chló Iar-Chonnacht; Darach Ó Scolaí, stiúrthóir Leabhar Breac; agus Robert McMillen, iriseoir leis an nuachtán Irish News. Tá fáilte rompu go léir.

Sula leanfaidh mé ar aghaidh, tá dualgas orm na rialacha agus na treoracha éagsúla a leagan faoi bhráid na ndaoine atá ag freastal ar an gcruinniú. Iarraim orthu a bheith foighneach mar tá rud thar a bheith fada le léamh amach anseo.

Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin shoghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar gur féidir leis na gléasanna seo cur isteach ar chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams, ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Agus iad ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad féin le feiceáil ar an scáileán. Baineann an coinníoll seo le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe go bhfuil siad, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus an fhianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Sílim nach bhfuil aon fhinné ag freastal ó thaobh amuigh de na Tithe inniu. Ordaítear d’fhinnéithe gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo.

Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar do na finnéithe éirí as na ráitis sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad leis an ordú sin láithreach, má eisítear é.

Ag an bpointe seo, ligfidh mé don Chathaoirleach teacht isteach. Tá an obair chrua déanta.

Ghlac an Teachta Aengus Ó Snodaigh an Chathaoir.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm; bhí mé gafa sa Dáil. Bhí mé féin agus an Teachta Ó Muimhneacháin ag cur ceiste ar an Taoiseach agus bhí muid mall. Cuirfimid tús anois leis an gcruinniú i gceart. Glaoim ar dtús ar bhainisteoir stiúrtha Chló Iar-Chonnacht, Deirdre Ní Thuathail.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as cuireadh a thabhairt dúinn theacht os a chomhair inniu. Táimid buíoch de na comhaltaí as an tsuim atá léirithe acu san ábhar seo. Tá Cló Iar-Chonnacht, CIC, ar an bhfód ón mbliain 1985. Tá muid lonnaithe i gceartlár na Gaeltachta sa Spidéal i gConamara. Tá oifigí an chomhlachta ansin chomh maith le siopa leabhar. Is ann a bhíonn an gnó siopa Idirlín againn freisin. Tá cúigear fostaithe go lánaimseartha sa chomhlacht: mé féin mar bhainisteoir, agus rud ar bith eile atá le déanamh; eagarthóir; feidhmeannach margaíochta agus poiblíochta; agus beirt a bhíonn ag plé le díolachán agus próiseáil ordaithe.

Timpeall 15 teideal in aghaidh na bliana a fhoilsíonn muid go hiondúil, chomh maith le hathchlónna ónár gcúl-liostaí. Fágann sin go bhfuil muid ar cheann de na comhlachtaí is mó foilsitheoireachta Gaeilge, idir líon na ndaoine atá fostaithe agus an méid leabhar atá idir lámha againn. Foilsíonn CIC réimse leathan leabhar Gaeilge, úrscéalta agus gearrscéalta, filíocht, leabhair amhráin, leabhair do pháistí agus do dhéagóirí, dírbheathaisnéisí agus cuimhní cinn, leabhair thaighde agus leabhair staire agus spóirt. Díolann muid cearta foilseacháin agus aistriúcháin mór-shaothar Gaeilge le foilsitheoirí thar lear. Tá Cré na Cille, mar shampla, foilsithe i dtimpeall 15 teanga ar fud an domhain. Le blianta beaga anuas tá roinnt foilsitheoirí eile a d’éirigh as trádáil, mar an Clóchomhar in 2008, Sáirséal Ó Marcaigh in 2009 agus Cois Life in 2020, tógtha ar láimh againn. Fágann sé sin go bhfuil go leor de shaothar phríomh-scríbhneoirí na nua-Ghaeilge faoinár gcúram, mar Máirtín Ó Cadhain, Seán Ó Ríordáin, Liam Ó Flaithearta, Máirtín Ó Direáin, Sean-Phádraic Ó Conaire, Máire Mhac an tSaoi agus go leor eile, chomh maith le leabhair a bhfuil aithne mhór orthu, ar nós Séadna, Ó Pheann an Phiarsaigh, Rotha Mór an tSaoil, Cas Amhránagus mar sin de.

Ó tharla gur sa nGaeltacht atá muid lonnaithe agus gurb iad muintir na Gaeltachta an príomh-mhargadh atá againn, leagann muid béim faoi leith ar ábhar Gaeltachta, idir fhicsean agus neamhfhicsean, agus déanann muid cúram ar leith de scríbhneoirí Gaeltachta leithéidí Joe Steve Ó Neachtain - go ndéana Dia grásta air - Pádraig Standún, Jackie Mac Donncha, Áine Uí Fhoghlú, Ógie Ó Ceilleachair agus go leor eile nach iad. Ní scríbhneoirí na Gaeltachta amháin a bhíonn muid ag plé leo, mar is léir ó shaothar le scríbhneoirí cathrach ar nós Anna Heussaff, Áine Ní Ghlinn, Réaltán Ní Leannáin, Dave Duggan, Gearóid Mac Lochlainn agus go leor eile.

Maidir leis an struchtúr maoinithe atá againn, is í scéim foilsitheoireachta agus clár na leabhar Gaeilge de chuid Fhoras na Gaeilge agus an scéim um maoiniú straitéiseach ón gComhairle Ealaíon na príomhfhoinsí maoinithe atá againn, chomh maith le scéim maoinithe d'áiseanna teagaisc a bhíonn ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG. Tacaíonn na deontais sin le clár leathan foilsitheoireachta a chur ar bun ach bíonn muid ag brath go mór freisin ar an ioncam ón díolachán le gur féidir íoc as na costais reatha. D’oscail muid siopa leabhar ar an Spidéal nuair a bhog muid ansin ceithre bliana ó shin le go mbeadh fáil níos fearr ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar leabhair Ghaeilge. Díoltar leabhair le chuile fhoilsitheoir sa siopa sin seachas leabhair de chuid Chló Iar-Chonnacht amháin agus táimid ag díol ar an Idirlíon le blianta fada. Tá custaiméirí againn ar fud an domhain agus tá réimse leathan leabhar agus acmhainní d’fhoghlaimeoirí ar fáil ar ár suíomh, cic.ie.

Céard iad na dúshláin atá romhainn? Is é an chéad dúshlán ná maoiniú. Bhí buiséad €1.8 milliún ag clár na leabhar Gaeilge in 2008 ach tá titim 48% tagtha ar an mbuiséad sin in ainneoin go bhfuil ardú as cuimse tagtha ar chúrsaí boilscithe. Ní áiríonn muid an t-ardú atá tagtha ar chostas páipéar amháin le dhá bhliain anuas. Tá sé fógartha ag Foras na Gaeilge le gairid go bhfuil sé i gceist athbhreithniú a dhéanamh ar scéim na foilsitheoireachta. Fáiltímid roimh aon athbhreithniú ach, ón méid atá tagtha chun solais tar éis sraith chruinnithe idir an foras agus na foilsitheoirí le gairid, cuireann sé an-imní go deo orainn gurb é an t-aon phlean amháin atá ag an bhforas faoi láthair ná maoiniú a bhaint d’fhoilsitheoir amháin le tabhairt d’fhoilsitheoir eile.

Is dúshlán eile í ceist na comharbachta agus inmharthanacht fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Is earnáil an-bheag í earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus, mar atá luaite cheana, is ceann de na foilsitheoirí is mó atá ann é Cló Iar-Chonnacht ó thaobh líon teideal agus daoine atá fostaithe againn. Is taobh le duine amháin nó le hoibrithe páirtaimseartha nó ócáideacha atá formhór na bhfoilsitheoirí eile. Bhí bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht, Micheál Ó Conghaile, in ann éirí as an bhfoilsitheoireacht le gairid mar go raibh fostaithe ann a bhí in ann teacht i gcomharbas air agus a chinntiú go leanfadh an gnó ar aghaidh. Níl sin amhlaidh le go leor de na foilsitheoirí beaga. Bhí fianaise de sin le feiceáil nuair a d’éirigh stiúrthóirí Chois Life as dhá bhliain ó shin agus stiúrthóirí an Chlóchomhar agus Sáirséal Ó Marcaigh roimhe sin agus tá roinnt foilsitheoirí eile imithe ó shin freisin.Má leanann Foras na Gaeilge den phlean atá aige, gur plean é maoiniú Chló Iar-Chonnacht a ghearradh chun é a bhronnadh ar fhoilsitheoir éigin eile, de réir mar a thuigimid, tá sé ag cinntiú go rachaidh Cló Iar-Chonnacht, luath nó mall, an bóthar céanna agus go mbeidh foilsitheoir Gaeilge eile imithe againn.

Is dúshlán eile é cúrsaí dáileacháin. Is é ÁIS, comhlacht de chuid Fhoras na Gaeilge, a dháileann formhór na leabhar Gaeilge ar na siopaí. In ainneoin go bhfuil díolachán ar fiú suas €1 milliún i gceist, níl ach duine amháin ar an mbóthar ag imeacht ó cheann ceann na tíre agus ag freastal ar na siopaí ar fad. Má tá an duine sin i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo, b'fhéidir nach mbeidh sí ar ais arís i mBaile Átha Cliath go ceann trí mhí nó níos faide. Tá an t-infreastruchtúr teicneolaíochta atá ag ÁIS go hiomlán as dáta. Níl aon suíomh Idirlín aige. Má dhéantar cuardach ar an bhfocal "ÁIS" ar Google - agus níl a fhios ag siopaí céard is ciall leis an bhfocal "ÁIS" - ní thagann dáilitheoirí leabhar nó book distributors aníos. Ní féidir leis na siopaí seiceáil an bhfuil leabhar ar fáil ná fiú cá bhfuil siad ar fáil. Má tá leabhar a bhfuil éileamh air a bhfuil siopaí ag iarraidh athordú a dhéanamh air, níl siad in ann é sin a dhéanamh, nó ní dhéanann siad é, go dtí go bhfeicfidh siad an t-ionadaí sin arís, b'fhéidir faoi cheann míosa, dhá mhí nó trí mhí. Cuir é seo i gcomparáid leis an gcóras teicneolaíochta atá in úsáid ag leithéidí Gill Distribution agus na himdháileoirí eile. Tá leithéidí Bookstream nó a mhacasamhail á n-úsáid acu, rud a chuireann ar chumas foilsitheoirí cuardach a dhéanamh ar chuile theideal atá ar fáil ó Gill de réir critéir éagsúla, mar shampla, teideal, údar, ISBN, seánra nó foilsitheoir. Tá foilsitheoirí in ann monatóireacht a dhéanamh ar an díolachán agus is féidir feiceáil go díreach an bhfuil leabhair i stoc i siopa nó cé mhéad cóip atá ann agus, má tá leabhar díolta amach, tá an foilsitheoir in ann dul i dteagmháil leis an siopa agus éileamh a chruthú nó eolas margaíochta a chur aige. Níl tada mar seo i gcás. Níl aon infheistíocht déanta in infreastruchtúr ÁIS le blianta fada. Níl sé suas chun dáta i ré na teicneolaíochta.

Táthar ag cur teicneolaíocht na ríomhleabhar in airde mar leigheas ar an gceist seo agus bhí suntas ar leith don mhéid a bhí le rá ag stiúrthóir chathair litríochta UNESCO Bhaile Átha Cliath a tháinig os comhair an choiste seo le deireanas. Ní fíor a rá go bhfuil drogall ar fhoilsitheoirí Gaeilge a n-ábhar a chur ar fáil go digiteach. Go deimhin, bhí cuid de na foilsitheoirí Gaeilge ceannródaíoch go maith san earnáil seo. Tá breis agus 200 teideal, idir leabhair Chló Iar-Chonnacht agus leabhair Chois Life, ar fáil i bhfoirm ríomhleabhair. Tá siad sin á ndáileadh trí na comhlachtaí Vearsa agus Gardiners a dháileann ar aghaidh iad tríd mórimdháileoirí ar nós Amazon, Kobo, Apple, Ebrary agus go leor eile. Tá córas eile ann a úsáideann cuid de na leabharlanna, leabharlanna na hollscoileanna ina measc, a dtugtar Ebook Central air. Is comhlacht Sasanach ar a dtugtar ProQuest a sholáthraíonn ríomhleabhair Ghaeilge don chóras sin. Chaith muid míonna ag dul i dteagmháil le ProQuest agus ag dul anonn agus anall ag iarraidh air na leabhair a chur ar fáil le go bhféadfadh na leabharlanna na leabhair seo a ordú ach níor léir dó go raibh éileamh ann agus, mar sin, bhí sé ag tarraingt na gcos agus níor chuir sé na leabhair sin ar an gcóras. Cé gur impigh muid ar leabharlann na hollscoile dul i dteagmháil leis agus a rá le leabharlanna in ollscoileanna eile déanamh amhlaidh chun a chruthú go raibh éileamh ann, ní léir dúinn gur tharla é sin. As an 200 teideal digiteach atá ag Cló Iar-Chonnacht faoi láthair, tháinig 1% den teacht isteach ó dhíolachán ríomhleabhar. Ciallaíonn sé sin go dtagann 99% den teacht isteach ó dhíolachán fíorleabhar, is é sin, leabhair a dhíoltar sna siopaí. D’íoc Cló Iar-Chonnacht breis agus €40,000 dleachta le scríbhneoirí Gaeilge in 2021. Tháinig níos lú ná 1.5% de sin ó dhíolachán ríomhleabhar. Ní chuirfidh sé sin snáithe faoin bhfiacail ag an bhfoilsitheoir ná ag an scríbhneoir.

Cén margadh atá againn agus cé atá ag léamh? Tá na foilsitheoirí Gaeilge éagsúla ag freastal ar mharghaí éagsúla. Tá a shainréimse spéise féin ag chuile fhoilsitheoir. Tá freastal ar phobal na Gaeltachta ar cheann de na tosaíochtaí atá ag Cló Iar-Chonnacht. Tá tuairim choitianta ann nach léann muintir na Gaeltachta leabhair Ghaeilge. Is é ár dtaithí féin go léann agus go gceannaíonn siad leabhair a bhaineann lena gceantar féin agus lena gcultúr féin. Tá leabhair a bhí dírithe ar mhuintir na Gaeltachta ar chuid de na leabhair is mó agus is sciobtha díol a bhí ag Cló Iar-Chonnacht riamh. Ina measc sin tá leithéidí Rocky Ros Muc, Amhráin Tom a’ tSeoighe, Cuimhní Cinn Cháit Ní Mhainnín, An Cheathrú Rua agus na hOileáin: Pobal sa Naoú hAois Déag agus go leor eile nach iad. Taobh amuigh de phobal na Gaeltachta, tá an margadh do leabhair Ghaeilge scaipthe idir ghrúpaí éagsúla. Tá scoileanna, institiúidí acadúla, foghlaimeoirí Gaeilge, ciorcail léitheoireachta, cumainn Ghaeilge, líonraí éagsúla agus léitheoirí aonair ar fud an domhain i gceist agam. Tá cúpla sraith do dhaoine óga le scríbhneoirí aitheanta ar nós Enid Blyton agus Francesca Simon aistrithe go Gaeilge againn le tacaíocht ó COGG, mar shampla: An Cúigear Cróga, is é sinThe Famous Five;An Seachtar Stuama, is é sin The Secret Seven; Dónall Dána, is é sin Horrid Henry ; agusgo leor eile. Tá an-éileamh ó na daoine óga ar na sraitheanna sin agus, chomh maith leis sin, úsáidtear iad sna scoileanna. Aithníonn na daoine óga na carachtair cheana féin agus tá siad níos báúla le hiad a léamh. Cabhraíonn sé go mór go gcuirtear béim ar theanga shaibhir nádúrtha sna haistriúcháin seachas a bheith ag cloí le diancheangail an chaighdeáin oifigiúil.

Is dúshlán eile é margaíocht agus poiblíocht. Tá constaicí go leor ag cur bac ar fhoilsitheoirí leabhar Gaeilge a leabhair a chur i lár an aonaigh. Mar atá luaite cheana, tá cúrsaí dáileacháin i gceist ar an gcéad dul síos ach, sa mhullach air sin, tá an easpa tráchta agus easpa léirmheastóireachta, sna meáin Bhéarla go háirithe. Cén uair dheireanach a bhí léirmheas ar leabhar Gaeilge in The Irish Times? Cén uair a chonacthas scríbhneoir Gaeilge ar "The Late Late Show" nó ar "The Today Show", atá á chur i láthair ag beirt chainteoirí dúchais dála an scéil, nó ag caint le Ryan Tubridy ar a chlár raidió faoi chúrsaí leabhar? Bíonn imeachtaí Gaeilge fágtha in áit na leathphingine ag féilte liteartha agus ócáidí eile dá shórt. Is cuid Pháidín den mheacan a bhíonn ar siúl ag féilte áirithe le maoiniú a fháil ó leithéidí Fhoras na Gaeilge nó ón gComhairle Ealaíon le rud éigin Gaeilge a bheith mar chuid de chlár na féile. Is minic go mbíonn an t-imeacht Gaeilge sin ar siúl ag an am is measa den lá agus nach ndéantar aon phoiblíocht air mar chuid de chlár iomlán na féile. Ón taithí atá againn a bheith ag plé lena leithéidí, fágtar faoin bhfoilsitheoir nó faoin scríbhneoir a gcuid poiblíochta féin a dhéanamh ar bheagán tacaíochta ó lucht eagraithe na féile. Tá sé thar am ag na deontóirí coinníollacha níos daingne a chur leis an maoiniú a chuirtear ar fáil d’fhéilte agus d’imeachtaí den chineál seo le go gcinnteofaí go mbeadh imeachtaí Gaeilge mar chuid lárnach den fhéile, go mbeadh na himeachtaí tarraingteach agus go ndéanfaí poiblíocht agus margaíocht orthu le lucht féachana agus éisteachta a mhealladh. Tá an feachtas margaíochta Love Leabhar Gaeilge gníomhach ag cur leabhair Ghaeilge chun cinn, go háirithe ar na meáin shóisialta.

Tá ardú tagtha ar na díolacháin ó thosaigh an feachtas sin agus tá ag éirí leis dul i gcion ar an bpobal agus margaí nua a aimsiú. Tá an feachtas reatha ag teacht chun críche ag deireadh na bliana seo agus tá sé ríthábhachtach go gcuirfear maoiniú ar fáil ionas go leanfaidh sé ar aghaidh ar feadh tréimhse eile.

Leagfaidh mé amach na príomhaidhmeanna atá againn agus déanfaidh mé achoimre. An phríomhaidhm ná leabhair tharraingteacha a fhoilsiú a fhreastalaíonn ar an margadh. Muna ndéanfar forbairt agus cothú ceart ar na scríbhneoirí, ní bheidh ábhar eile le foilsiú. Tá scéim na gcoimisiún ag Foras na Gaeilge agus tá sé seo thar a bheith tábhachtach do na foilsitheoirí mar go dtugann sé deis don fhoilsitheoir coimisiún a dhéanamh ar shaothar a dhéanann freastal ar mhargadh faoi leith, dar leo, nó freastal ar bhearna atá sa mhargadh. Bíonn an foilsitheoir in ann luach saothair a thairiscint don scríbhneoir le cur ar a gcumas tabhairt faoi shaothar nua a scríobh. Is í an fhadhb ná níl aon rialtacht ag baint leis an scéim seo; ní raibh aon scéim ann ó 2019 de bharr easpa maoinithe agus tá sé ráite nach bhfógrófar an scéim arís i mbliana. Fadhb eile leis ná gurb é an foras a shocraíonn cé a gheobhaidh coimisiún seachas an foilsitheoir; an té a bhfuil eolas aige ar an margadh agus ar na cineálacha leabhar atá á n-éileamh.

Caithimid litríocht na Gaeilge a dhéanamh níos lárnaí agus níos feiceálaí. Ba cheart go mbeadh ról níos lárnaí ag na leabharlanna anseo agus go mbeadh leabhair Ghaeilge ar fáil i ngach leabharlann ar fud na tíre. Ní leor cóip amháin de leabhar Gaeilge a bheith á roinnt idir cúig nó sé leabharlanna mar atá faoi láthair. Ba chóir go mbeadh sé d’iachall ar gach leabharlann sa tír ar a laghad cóip amháin de leabhar Gaeilge a cheannach agus go mbeadh ceann i ngach leabharlann, go háirithe sna leabharlanna sin atá ag freastail ar nó lonnaithe i gceantair Ghaeltachta. Caithfidh an Ghaeilge a bheith níos lárnaí agus níos feiceálaí ag féilte agus ag imeachtaí a fhaigheann maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus níor cheart go nglacfaí le cuid Pháidín den mheacan, mar a bhíonn ar siúl ag a bhformhór.

Teastaíonn poiblíocht, poiblíocht agus poiblíocht. Chuir an tOllamh Alan Titley béim faoi leith ar phoiblíocht nuair a tháinig sé os comhair na coiste seo le gairid. Tacaíonn muid go hiomlán leis an méid a dúirt sé; is é sin ceannaítear, díoltar agus léitear leabhair mar go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil siad ann. Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí 5% den chaiteachas ar fhógraíocht a chaitheamh ar fhógraíocht i nGaeilge. Ba cheart go gcuirfí coinníoll leis an bhfógraíocht sin agus go ndéanfaí cinnte de go mbeadh clúdach ceart á fháil sna meáin Bhéarla d’imeachtaí Gaeilge, léirmheastóireacht ar leabhair Ghaeilge ina measc, seachas an neamhaird iomlán atá á thabhairt air sin faoi láthair. Caithfear a thaispeáint do na siopaí leabhar go bhfuil margadh ann do na leabhair Ghaeilge le go dtabharfar áit fheiceálach dóibh sa siopa seachas na leabhair a bheith caite ar an tseilf íochtair in áit éigin ag cúl an tsiopa, gan ord ná eagar orthu, mar atá in go leor siopaí faoi láthair. Chuige sin tá infheistíocht ag teastáil sa gcóras dáileacháin atá ag ÁIS, atá go mór as dáta do shaol digiteach an lae inniu, agus nach bhfuil oiriúnach don aidhm níos mó.

Teastaíonn pleanáil don todhchaí. Níl aon duine ag déanamh saibhreas as a bheith ag scríobh ná ag foilsiú i nGaeilge; tá seirbhís poiblí á chur ar fáil againn agus tá fostaíocht á cruthú againn i gceantar Gaeltachta. Ní féidir leis an bhfoilsitheoireacht ná leis an scríbhneoireacht bláthú mura bhfuil maoiniú ceart ar fáil. Tá muid ag impí ar an gcoiste seo moladh a dhéanamh go dtabharfar ar ais maoiniú chlár na leabhar Gaeilge go dtí an leibhéal a bhí ann in 2008, ar a laghad, nó tá an baol ann go rachaidh tuilleadh foilsitheoirí sa treo ceanna a ndeachaigh an Clóchomhar, Sáirséal Ó Marcaigh, Cois Life agus foilsitheoirí eile. Is é an t-aon phlean athbhreithnithe atá ag Foras na Gaeilge ná airgead a bhaint ó fhoilsitheoir amháin le tabhairt d’fhoilsitheoir eile. Teastaíonn infheistíocht a dhéanamh, seachas síorchiorruithe ar an earnáil. Ní fhoghlaimeofar ceird na foilsitheoireachta in aon ollscoil; tá taithí na mblianta ag duine ar bith atá ag plé le cúrsaí foilsitheoireachta Gaeilge faoi láthair. Tá muid ag impí ar an gcoiste aire a thabhairt dóibh nó ní bheidh siad ann i bhfad eile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sula rachaidh mé go Darach Ó Scolaí caithfidh mé roinnt de na comhaltaí atá tar éis teacht isteach ar líne a aithint. Tá an Seanadóir Kyne agus na Teachtaí Ó Cuív, O'Dowd, Daly, Calleary agus McHugh linn. Tá mé féin, na Teachtaí Connolly agus Ó Cathasaigh agus an Seanadóir Ó Donnghaile sa seomra linn.

Mr. Darach ? Scola?:

Tá mé fíorbhuíoch don choiste as an gcuireadh seo. Teach foilsitheoireachta é Leabhar Breac atá i mbun gnó le seacht mbliana is fiche. Foilsímid réimse leathan leabhar do pháistí agus do dhaoine fásta. Cosúil le gnó ar bith eile, is de réir a chéile a tógadh Leabhar Breac. Go dtí seo, tá beagnach 200 teideal foilsithe againn. Tá duine amháin fostaithe go buan ag an gcomhlacht, agus gan scríbhneoirí a chur san áireamh, tá seachtar ag obair ar chonradh againn. Anuas air sin, is in Éirinn, i nGaeltacht Chonamara, a chuirimid ár gcuid leabhar i gcló, agus tá muid bródúil go bhfuil fostaíocht á cur ar fáil againn do chlódóirí ar leac an dorais againn féin.

Le deich mbliana anuas, tá ardú leanúnach ag teacht ar dhíolacháin Leabhar Breac. Creidim go bhfuil an t-ardú sin buan go maith. Agus ní linn féin amháin a bhaineann sé sin, is ardú ar dhíolachán leabhar Gaeilge trí chéile é. Cuid den ardú díolacháin sin, baineann sé leis an scagadh nádúrtha a dhéanann teach foilsitheoireachta. Foilsíonn tú leabhair, agus iad siúd is fearr, cuireann tú i gcló arís iad. Na leabhair is lú a dhíolann, ligeann tú dóibh dul as cló agus ansin foilsíonn tú leabhair nua. De réir a chéile, éiríonn leat catalóg láidir saothar a bhailiú. Agus ar an liosta sin, in imeacht na mblianta, beidh leabhair láidre agat a mbeidh díol leanúnach i gcónaí orthu.

An chuid eile den ardú sa díolachán, baineann sé le hardú i líon na léitheoirí. Cé go leagtar béim mhór ar an ngéarchéim léitheoireachta sna scoileanna, agus tá sin le feiceáil againn féin sna scoileanna iar-bhunoideachais ach go háirithe, is beag a chloistear faoin méadú atá tagtha ar líon na ngnáthléitheoir. Maidir le figiúirí ginearálta a bhaineann leis an méadú sin, i ráiteas sa bhliain 2020, bhí an méid a leanas le rá ag Foras na Gaeilge faoi dhíolachán ÁIS; is é ÁIS an príomhdháileoir leabhar Gaeilge. Maíodh:

Ó... 2014 tá fás leanúnach tagtha ar dhíolachán iomlán Áis agus, taobh istigh de sin, fás leanúnach ar dhíolacháin leabhar ginearálta (go simplí, sin leabhair ghinearálta léitheoireachta nach téacsleabhair iad). Thar thréimhse na scéime seo, ag úsáid dhíolachán 2013 mar bhonnlíne, tá fás 7.9% tagtha ar luach dhíolachán iomlán ÁIS ... Thar an tréimhse... 2013 go 2019... tháinig ardú 40.3% ar dhíolachán leabhar ginearálta.

Is dea-scéal é sin gan dabht ach ní mar sin a bhí i gcónaí, agus leis an scéal a chur i gcomhthéacs, caithimis súil a chaitheamh siar. Nuair a chuir mise suim sna leabhair ar dtús, sna 1980dí, bhí cúrsaí leabhar go hainnis. Bhí droch-chuma amach is amach ar leabhair Ghaeilge agus bhí rith cló agus díol an-íseal orthu. A bhuíochas do chúpla teach nua foilsitheoireachta a bunaíodh i ndeireadh an chéid seo caite, cuireadh slacht agus caighdeán ar na leabhair, agus dá thoradh sin, ardaíodh an rith cló, agus ardaíodh an díolachán. Is ag an staid sin a táimid faoi láthair; gach teach foilsitheoireachta ag iarraidh cur leis na pobail léitheoireachta éagsúla atá cruthaithe acu féin. An léitheoir nua a thiocfadh ar an bhfód i mbliana, bheadh rogha mór leabhar ar fáil dó. Agus, dá bharr sin, níl cúis ar bith nach leanfadh sé air ag léamh i nGaeilge. Ní raibh sé sin fíor tríocha bliain ó shin.

An rud eile a chabhraigh go mór le fás sa díolachán, sin é an t-Idirlíon. Tríd an Idirlíon, ar na meáin shóisialta, tá leabhair Ghaeilge á bplé go coitianta ag léitheoirí ar bhealach nár tharla riamh roimhe seo. Tá deis iontach anois againn leabhair nua agus seanleabhair a chur faoi bhráid an phobail léitheoireachta, is cuma cá bhfuil siad. Agus a bhuíochas don Idirlíon freisin, tá suíomhanna Idirlín agus siopaí ar-líne ag na foilsitheoirí, agus tá sé ar chumas léitheoirí, cuma cén aird den domhan ina bhfuil siad, leabhair a ordú uainn. Seolaimid amach ar an bpost chucu iad, cuma más i Meiriceá atá siad, sa Fhrainc, nó i mbaile beag Éireannach atá ar uireasa siopa maith leabhar. I bhfocal eile, tá ceannaitheoirí anois againn in áiteanna nach raibh leabhair Ghaeilge ar fáil in aon siopa leabhar riamh roimhe seo. Tá deis níos mó ag léitheoirí Gaeilge ar fud an domhain teacht ar réimse níos mó agus níos leithne leabhar ná in am ar bith roimhe seo. Agus céim ar chéim, le hardú líon agus réimse na leabhar, tá ardú tagtha ar líon na léitheoirí, agus ní beag sin.

Dea-scéal é sin ach leis an fhírinne a rá, tá deacrachtaí freisin ann. Le tuiscint a fháil ar na deacrachtaí sin, ní mór tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn teach foilsitheoireachta. Gach bliain, foilsímid réimse nua leabhar agus bímid ag súil go mbeidh an-díol orthu. An bhliain ina dhiaidh sin, foilsíonn muid réimse eile leabhar agus bíonn muid á ndíol, agus bímid ag díol na leabhar a foilsíodh an bhliain roimhe sin. An bhliain ina dhiaidh sin arís, foilsíonn muid réimse eile leabhar. Bímid á ndíol sin, agus na leabhair a foilsíodh an bhliain roimhe sin, chomh maith leis na leabhair a d'fhoilsigh muid an bhliain roimhe sin arís. Mar a thuigeann an coiste, tá an stór leabhar ag méadú agus an t-ualach riaracháin ag éirí níos troime. An rud ar féidir a dhéanamh mar thionscal beag cois teallaigh sa bhaile agus gan agat ach 40 leabhar, ní féidir a dhéanamh nuair atá breis is 100 nó 200 leabhar agat. Is gnó ansin é.

Inár gcás féin, tá muid ag foilsiú le 30 bliain. I mbliana, beidh muid ag iarraidh leabhair nua na bliana seo a dhíol, chomh maith leis na leabhair a d'fhoilsigh muid le 30 bliain anuas. Le leanúint den tseirbhís sin, tá costais bhreise orainn nach raibh orainn nuair a thosaíomar amach sa ghnó seo. Tá ualach trom riaracháin orainn agus táimid ceal ar spás oifige agus spás stórais. Cosúil le tithe foilsitheoireachta eile, táimid tagtha ag staid an-leochaileach mar chomhlacht. Tá an obair atá againn rómhór don chomhlacht mar atá agus tá gá leis an gcomhlacht a mhéadú leis an ualach sin a iompar go fadtréimhseach agus forbairt a dhéanamh. Is ionann sin le rá go dteastaíonn oifig nua, spás stórais agus foireann. Tá pleananna againn chun an méid sin a bhaint amach agus tá méid áirithe den obair sin tosaithe ach tá cúnamh uainn. In áit ardú sa mhaoiniú, tá an maoiniú do leabhair Ghaeilge tite ar chúl le blianta beaga anuas. Mar a luaigh Deirdre Ní Thuathail níos luaithe, in áit an €1.8 milliún a bhí ann in 2008, níl ann ach €1 milliún anois.

Ceist í seo a bhaineann le leanúnachas san earnáil agus leis an bhfoilsitheoireacht a thabhairt glúin eile chun cinn. Is mian linn ar fad tithe foilsitheoireachta maithe láidre a thógáil a mbeidh suim ag daoine eile a thógáil ar láimh inár ndiaidh, bídís sin ina mbaill teaghlaigh, ina bhfostaithe, nó ina ndaoine ar spéis leo ár ngnó a thógáil ar láimh. Ní cóir go mbeadh ar an gcéad ghlúin eile an roth a chruthú as an nua. Cur amú airgid poiblí a bheadh ansin agus cur amú uafásach tallainne agus fuinnimh. Lena chinntiú nach mar sin a tharlóidh, tá dhá rud le déanamh ag an Stát: acmhainní breise a chur ar fáil do na foilsitheoirí, agus acmhainní breise a chur ar fáil don dáileoir Áis, ós rud é gur é a chuireann ár leabhair sna siopaí. Tá gá le hinfheistiú in Áis chun an teicneolaíocht a thabhairt chun dáta agus chun an t-infreastruchtúr díolacháin a neartú. Ach na hacmhainní cuí a fháil ón Rialtas, tabharfaimid an obair seo céim eile chun cinn.

Mar aguisín beag leis an méid atá ráite agam, ní miste cúpla rud a rá faoi na pointí éagsúla a ardaíodh ag na cruinnithe coiste go dtí seo. Ónár saineolas, tar éis breis is 30 bliain i mbun foilsitheoireachta, tuigimid céard is fearr a oibríonn. Tá ríomhleabhair déanta againn féin, agus leis an fhírinne a rá, ní raibh díol maith orthu. Coinneoimid súil ar an margadh sin agus má cheapaimid go mbeidh athrú ar an scéal sin, déanfaimid ríomhleabhair nua. Ní fál go haer é. Níl sé deacair ríomhleabhair a dhéanamh. Dá mbeadh éileamh orthu, bheadh muid in ann réimse mór leabhar a chur ar fáil go héasca taobh istigh de chúpla seachtain. Ní bhfuair muid oiread is glaoch, ríomhphost ná téacs ó na hurlabhraithe as na leabharlanna a dúirt gur dúshlán dóibh a bhí san easpa ríomhleabhar Gaeilge. Ní dheachaigh leabharlann ar bith i dteagmháil linne riamh ag iarraidh orainn ríomhleabhar a chur ar fáil. Dá dtiocfadh, bheadh muid breá sásta a bhfuil de leabhair againn a chur ar fáil ar BorrowBox nó ar chóras ar bith eile a d'iarrfaidís.

Agus mé ag trácht ar na leabharlanna, ní dóigh liom go bhfuil sé sásúil go mbeadh cóip amháin de chuile theideal ag an tseirbhís leabharlainne i mBaile Átha Cliath agus go gcaithfeadh an léitheoir fios a chur ar leabhar Gaeilge go speisialta. Lena ról a chur i gcrích mar fhoras cultúrtha - mar a thugann siad orthu féin, agus an ceart acu - ba chóir go mbeadh rogha mhaith leabhar Gaeilge ar an tseilf i ngach leabharlann sa tír. Ní leor ríomhleabhair. Is gá go mbeadh na leabhair sin feiceálach ar an tseilf.

Maidir le leabhair do dhéagóirí, a luadh cúpla uair, le 30 bliain anuas tá leabhair á gcur ar fáil do dhéagóirí againne, cé nach na leabhair is mó a dhíoltar iad. Go deimhin, ní bheadh sa soláthar a dhéanfadh muidne ach, i gcead don chomhluadar, mún dreoilín san fharraige. Leis na hacmhainní atá againne agus ag Foras na Gaeilge, níl sé ar ár gcumas freastal go sásúil ar dhéagóirí. Leis an mbearna sin a líonadh, nó le tabhairt ar dhéagóirí leabhair a léamh, sílim go dtógfadh sé i bhfad níos mó ná an buiséad iomlán a chaitheann an Stát ar leabhair Ghaeilge anois.

Mar bhuille scoir, ba mhaith liom an tábhacht atá leis an nuachtán agus na hirisí Gaeilge a lua, agus béim a leagan ar a dtábhacht dúinne, ní hamháin mar fhoinse léirmheasa, ach mar áis riachtanach do léitheoirí. Chomh maith leis an ngá atá le maoiniú breise do na foilsitheoirí agus d’Áis, sílim go bhfuil géarghá le maoiniú breise do Tuairisc.ie agus do na hirisí Gaeilge trí chéile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déileálfaimid leis an chéad dá ráiteas agus ansin casfaimid ar Robert McMillen.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé ráite go mion-minic agam go bhfuil sé an-chabhrach dúinn na ráitis tosaigh a bheith againn agus an méid eolais atá iontu so gabhaim buíochas as sin. An chéad rud a léimeann amach ná an rud a bhí á rá ag na leabharlanna an tseachtain seo caite. Ceapaim go bhfuil míthuiscint áit éigin. B’fhéidir go mbeidh na finnéithe in ann dul ar ais air sin. Baineadh stangadh asam an tseachtain seo caite nuair a dúirt na leabharlanna go raibh drogall ar na foilsitheoirí a leabhair a chur ar líne. Dúirt an leabharlannaí as Baile Átha Cliath go raibh sí thar a bheith sásta go raibh na leabharlanna ar fud na tíre in ann glaoch a chur uirthi chun teacht ar leabhair. Níor luí sé sin go maith liomsa ach an oiread. Cá bhfuil an mhíthuiscint óna thaobh sin?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is dóigh gur ó thaobh na ríomhleabhar atá sé. Tá breis agus 200 ríomhleabhar againne agus mar a luaigh mé, tháinig 1% d’ár teacht isteach ó ríomhleabhair. Léiríonn sé sin nach bhfuil an t-éileamh sin ann. An bhfuil an t-éileamh ag teacht ó na leabharlanna? Ní léir go bhfuil. Dá mbeadh, bheadh an díolachán ó ríomhleabhair i bhfad níos airde ná mar atá sé. Tá córais faoi leith ann. Ní féidir leis na foilsitheoirí na leabhair a dháileadh go díreach ar na córais sin. Tá sé ar nós a bheadh sé d’aon mhór-fhoilsitheoir eile. Téann siad tríd an gcóras agus cuireann siad ar fáil na leabhair le haghaidh leithéidí Kindle, Kobo agus na léitheoirí éagsúla. Is léir nach bhfuil an t-éileamh sin ag teacht ó na leabharlanna mar dá mbeadh, bheadh díol níos mó ar na ríomhleabhair. Nuair a thosaigh an phaindéim, bhí feachtas againne le ríomhleabhair a thabhairt amach in aisce, ceann in aghaidh na seachtaine, ar feadh cúpla mí. Bhí éileamh áirithe air sin ach ní fhéadfainn a rá go raibh éileamh mór ann i gcomparáid leis an éileamh a bhí ar ghnáth-leabhair. Níl comparáid ar bith idir an dá rud. Níl a fhios agam an mbaineann sé sin leis an dream atá ag léamh, gur fearr leo an fíor-leabhar. Tá sé seo le feiceáil ag foilsitheoirí Béarla anois freisin. Bhí sé á thuar ar feadh i bhfad go mbeadh na ríomhleabhair ag teacht chun cinn agus go mbeadh deireadh leis na siopaí leabhar agus fíor-leabhair. Níl sé sin amhlaidh, agus níl sé amhlaidh leis na foilsitheoirí Béarla ach an oiread. Tá sé cruthaithe anois, agus tá an scéal céanna acusan, gur mó díol atá ar ghnáth-leabhair ná atá ar ríomhleabhair.

Mr. Darach ? Scola?:

Ní bhaineann sé le ríomhleabhair amháin. Tá níos mó ná ríomhleabhair i leabharlanna. Má théann tú isteach in aon leabharlann sa tír, tá sé le feiceáil nach bhfuil soláthar á dhéanamh ar leabhair Ghaeilge. Sílim gur leithscéal, i ndáiríre, an chaint ar ríomhleabhair. Táimid in ann feiceáil muid féin nach bhfuil na leabhair ar na seilfeanna. Ní raibh na leabharlanna i dteagmháil linn faoi aon ríomhleabhar. Is cosúil go bhfuil fadhb ann chomh maith i dtaobh na ceannaíochta lárnacha seo atá ar bun.

Tá sí cineál míshásúil ar bhealach. Sílim gur trí chomhlacht Sasanach, i ndáiríre, atá an cheannaíocht lárnach á déanamh agus nach bhfuil teacht acu ar sholáthar leabhar Gaeilge. Is cinnte nach raibh siad i dteagmháil linne.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thuigim, i ndáiríre, cad atá ag tarlú. Ba chóir go mbeadh cumarsáid níos fearr i gceist. Tá cumarsáid cheart dhearfach ag teastáil go géar. Tá na leabharlanna ag rá rud amháin agus tá na foilsitheoirí ag rá rud eile. Tá sé soiléir inniu, áfach, nach bhfuil drogall ar bith ar na foilsitheoirí leabhair a chur ar líne. Ar a laghad, tá sé sin soiléirithe anois ach leanann na fadhbanna ó cé chomh feiceálach atá na leabhair Ghaeilge sna leabharlanna.

Féanaim comhghairdeas le Darach Ó Scolaí agus le Deirdre Ní Thuathail. Tá a fhios agam go bhfuil éacht déanta acu, agus go raibh éacht déanta ag Micheál Ó Conghaile roimh Dheirdre Ní Thuathail. Is iontach é go bhfuil an siopa i lár an Spidéil anois. Cabhraíonn sé sin liom agus le mo chairde. Tá na deacrachtaí atá le hÁIS luaite ag na finnéithe ach is comhlacht é a thagann faoi Fhoras na Gaeilge. An bhfuil easpa tuisceana nó airgid ag Foras na Gaeilge? Cad atá i gceist anseo a chúisíonn nach bhfuil ÁIS cuí don fheidhm atá aige agus nach bhfuil díoltóir amháin ann, gan trácht ar na fadhbanna eile?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá bainistíocht ÁIS ag rá gur easpa acmhainní atá i gceist anseo. Tá bainisteoir nua ar ÁIS le bliain anuas nó mar sin. Dar leis is easpa acmhainní daonna agus acmhainní airgid atá ann agus nach bhfuil aon infheistíocht déanta in ÁIS. I ndáiríre, is scéal d’Fhoras na Gaeilge é sin a réiteach mar níl aon infheistíocht déanta in ÁIS le blianta fada. Níl sé sásúil, níos mó, gur duine amháin atá amuigh ansin ag déanamh na hoibre ar fad agus nach bhfuil leithéidí d'ÁIS suas chun dáta ó thaobh na teicneolaíochta de.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé sin ráite ag na finnéithe go neamhbhalbh. Tuigim é sin. An raibh cumarsáid ag na finnéithe le Foras na Gaeilge? An raibh cruinnithe acu? An bhfuil réiteach ar an bhfadhb seo?

Mr. Darach ? Scola?:

Bíonn cruinnithe againn go rialta le Foras na Gaeilge. Tá siad ar an eolas faoin méid seo. Caithfear a rá go ndearna ÁIS dul chun cinn mór ag dul siar deich mbliana ó shin, b'fhéidir. Ag staid amháin, ní raibh bainisteoir ar bith ar ÁIS. B'éigean dúinn brú a cuireadh ar Fhoras na Gaeilge, agus d'éisteadh linn agus cuireadh bainisteoir ar ÁIS ach ní leor sin. Tá an t-infreastruchtúr féin lochtach ach tá an teicneolaíocht sách lochtach chomh maith, i ndáiríre. Tá an scéal bailithe chun cinn.

Mar a mhínigh Deirdre Ní Thuathail, tá deiseanna anois le go mbeadh foilsitheoirí in ann súil a choinneáil ar dhíolachán timpeall na tíre faoi chóras ar líne. Níl an deis sin ar fáil ag ÁIS. Ba cheart go mbeimis in ann breathnú ar an ríomhaire agus ar Hodges Figgis nó siopaí eile i mBaile Átha Cliath agus a rá gur chuireamar deich gcóip de leabhar áirithe isteach coicís ó shin agus go bhfuil siad uilig imithe anois. Mura bhfuil aon athordú curtha chugainn ag an siopa leabhair, is féidir linn glaoch a chur orthu. Ba cheart go mbeimis in ann é sin a dhéanamh ach níl sé ar ár gcumas é sin a dhéanamh. De réir mar a thuigim, is ar pháipéar a thagann gach uile rud ó ÁIS. Táimid ar an leibhéal sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an córas teicneolaíochta cuí don fheidhm.

Mr. Darach ? Scola?:

Níl.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil Foras na Gaeilge ag rá nach bhfuil an t-airgead aige?

Mr. Darach ? Scola?:

De réir mar a thuigim, tá cúigear fostaithe-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bheadh sibh ag baint an airgid ó áit éigin eile.

Mr. Darach ? Scola?:

Tá faitíos orm gurb é sin é. Tá bainisteoir agus rúnaí ann, ar aon le duine sa stóras agus duine ar an mbóthar. Tá ceathrar nó b'fhéidir cúigear ann. Tá gá le beirt eile: duine eile ar an mbóthar agus duine le bheith ag plé le cúrsaí teicneolaíochta. Tá gá le suíomh agus leis an mbogearra seo a láimhseáil. Ba cheart go mbeadh duine ag plé go díreach leis na siopaí ar an mbonn sin.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúirt na finnéithe nach bhfuil aon leanúnachas i gceist le scéim na gcoimisiún ó Fhoras na Gaeilge. An bhfuil sonraí acu faoi sin? Tá sé sin thar a bheith tábhachtach.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá sé tábhachtach mar tugann scéim na gcoimisiún deis don fhoilsitheoir coimisiún a dhéanamh ar shaothar faoi leith.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tugann sé deis don fhoilsitheoir ábhar agus údar faoi leith a phiocadh.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Sin é go díreach. Má fheiceann siad bearna sa mhargadh, tá siad in ann dul go scríbhneoir agus iarraidh orthu an leabhar sin a scríobh. Níl rachfaidh scríbhneoir á dhéanamh sin gan luach saothair. Ba é an scéim na gcoimisiún deireanach a d'fhógair Foras na Gaeilge ná an ceann in 2019. Níor fógraíodh ó shin é. Nuair a cheistíomar lucht Foras na Gaeilge faoi sin, dúirt siad nach bhfuil sé i gceist acu aon cheann a fhógairt i mbliana ach an oiread. Níl siad in ann a rá linn cén uair a fhógrófar arís é. Tá siad ag rá gur easpa maoinithe atá i gceist, ach cuireann sé seo bac orainne an cineál leabhair atá á éileamh ag an margadh a fhoilsiú. Táimid ag brath mar sin ar na leabhair a thagann isteach an doras ó scríbhneoirí. Táimid ag brath air go seolfaidh duine éigin rud éigin chugainn. Nílimid in ann dul amach sa mhargadh agus iarraidh ar dhuine éigin leabhar a scríobh faoi ábhar áirithe, agus fios a bheith againn go mb'fhéidir gurb é sin an saghas leabhair a mbeadh éileamh air nó a dteastódh ón margadh.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an saineolas ag na foilsitheoirí an bhearna sin a aithint ach níl siad in ann aon rud a dhéanamh faoin bhearna sin.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Sin é go díreach.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní thuigim. Tá scéim na gcoimisiún chomh tábhachtach sin ach tá deireadh léi ó-----

Ms Deirdre N? Thuathail:

De réir mar a thuigim, ní hé go bhfuil deireadh léi. Bhídís á bhfógairt gach dara bliain. Ní raibh sé ar siúl chuile bhliain ach níor fógraíodh aon cheann anois ó 2019. Níl Foras na Gaeilge in ann aon eolas breise a thabhairt dúinn faoi cén uair fógrófar a leithéid arís.

Mr. Darach ? Scola?:

Is dócha gur scéim thrialach a bhí ann ar dtús agus gur aithníodh go raibh lochtanna ar an scéim agus mar gheall air sin, cuireadh deireadh leis an scéim le scéim nua a chur ina háit. Ba cheart go mbeadh an scéim nua sin tosaithe anois taobh léi, in áit a bheith ag fanacht ar dháta éigin amach anseo. Is léir go bhfuil an scéim úsáideach agus go bhfuil sí go maith agus riachtanach agus go bhfuil toradh léi.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir linn scríobh chuig Foras na Gaeilge maidir le hÁIS agus maidir le scéim na gcoimisiún. Bhí Foras na Gaeilge os comhair an choiste ag tús na coda seo ach ní raibh na ceisteanna againn a tháinig ó na foilsitheoirí agus na scríbhneoirí ó shin. B'fhéidir go mbeadh Foras na Gaeilge in ann teacht ar ais chugainn nó, ar a laghad, freagra a thabhairt dúinn maidir lena bhfuil in ann dá leithéid de scéim amach anseo. An bhfuil sí críochnaithe go hiomlán? An bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh athraithe toisc athbhreithnithe?

Photo of Niall Ó DonnghaileNiall Ó Donnghaile (Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo leithscéal. Tá vótáil sa Seanad. Beidh mé ar ais.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is rud maith é go bhfuil méadú mór ar líon na leabhar agus líon na léitheoirí atá ag léamh na leabhar. Nuair a chuirtear é sin i gcomhthéacs, is dócha go bhfuil an méadú ag teacht ó leibhéal thar a bheith íseal. An é sin é? Tá sé ag feabhsú. Tá a fhios agam go bhfuil an t-uafás leabhar ceannaithe agam. Mar a dúirt Deirdre Ní Thuathail, deirtear go minic nach léann muintir na Gaeltachta leabhair. Ní hí sin an fhírinne - beag ná mór.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Ní hí agus mar atá léirithe, go leor de na teidil is mó díol againn ó thosaíomar ag foilsiú, is teidil iad a cheannaigh muintir na Gaeltachta.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

De ghnáth, is údair áitiúla iad.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Go minic. Má tá spéis ag léitheoirí san ábhar nó sa scéal, nó má tá aithne acu ar an scríbhneoir, léifidh siad é.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mé ag smaoineamh ar Joe Steve Ó Neachtain atá imithe ar shlí na fírinne agus an méid oibre a rinne seisean i measc na n-údar eile. Chruthaigh eisean agus a chuid saothair go raibh éileamh ar an dráma, ar leabhair agus ar fhilíocht.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Chruthaigh, cinnte.

Mr. Darach ? Scola?:

Tá borradh mór tagtha faoin bhfoilsitheoireacht le 30 bliain anuas. Is dóigh gur rud é sin a tharla go mall agus go réidh. Thosaigh sé am éigin sna 1980idí. De réir a chéile, tá méadú tagtha ar an líon leabhar atá ar fáil agus ar na leabhair mhaithe. Tá cuma níos fearr orthu agus tá léamh orthu ach le fíor-dheireanas tá borradh agus bláthú tagtha air sin, go háirithe le linn na tréimhse seo ó thosaíomar ag obair ar an Idirlíon agus ar na meáin shóisialta mar tá plé orthu siúd. Tá léirmheasanna a bhí in easnamh orainn sna páipéir Bhéarla ag tarlú anois, ar bhonn sóisialta ar na meáin shóisialta. Tá deiseanna againn le leabhair nua a thaispeáint do léitheoirí agus do dhaoine nach léann fiú amháin, agus seanleabhair a thaispeáint dóibh chomh maith.

Táimid in am an-tábhachtach má táimid chun an fómhar a bhaint. Tá 30 bliain caite ag réiteach don phointe seo. De réir a chéile táimid tagtha go dtí an bpointe gur féidir le léitheoir nua teacht ar an saol agus leabhar Gaeilge a léamh agus ceann eile a léamh agus ceann eile a léamh fós agus leanúint ar aghaidh. Ní raibh sé sin amhlaidh 30 bliain ó shin. Táimid ag leibhéal nua anois.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ó thaobh ról TG4 agus do ról RTÉ i leith léirmheastóireacht, ag dul siar, bhí clár ar siúl agus bhí léirmheasanna ar na leabhair i gceist. Níl sé ann níos mó, an bhfuil?

Mr. Darach ? Scola?:

Níl agus is mór an trua é mar tá sé aitheanta, thar lear agus in áiteanna eile, go n-oibríonn cláir mar sin go maith ar an teilifís. Ní gá go léifeadh duine aon leabhar. Is minic go mbíonn daoine ag breathnú ar chláir mar sin mar gheall gur cláir maithe iad ina mbíonn dea-chaint, comhráite spéisiúla agus cur síos ar rudaí spéisiúla ann. Tá cláir faoi leabhair go mór i gceist ar theilifís na Fraince agus thar lear. Ba cheart go mbeadh a leithéid ann agus ní dhearnadh iarracht ceart é sin a dhéanamh.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Aontaím le Darach Ó Scolaí arís. Níl na meáin, na meáin Bhéarla go háirithe, ag tabhairt aon chlúdach d'imeachtaí Gaeilge. Níl aon léirmheastóireacht ar siúl agus ní féidir le scríbhneoirí Gaeilge dul ar aon cheann de na cláir teilifíse. Níl aon chlár ar TG4 agus níl aon chlár raidió ann. B'fhéidir go bhfaigheadh scríbhneoirí áitiúla clúdach ar na cláir irise raidió ar Raidió na Gaeltachta, ach sin é an t-aon chlúdach atá ar na meáin, ar RTÉ nó in aon áit eile.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mór an náire sin i ndáiríre mar is ardán thar a bheith tábhachtach é RTÉ agus chomh maith leis sin tá dualgas dlíthiúil air ó thaobh na Gaeilge de. Seo an bealach a dhéanann sé a chuid dualgas a chomhlíonadh. Tá foireann, de réir mar a thuigim, atá dhátheangach san eagraíocht. Mar sin níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil sé ag baint úsáide as na hacmhainní atá aige chun ardán a thabhairt don Ghaeilge. Sin mo chuid tuairimí.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas le Deirdre agus le Darach as an méid a dúirt siad. Cad é an scéal le haghaidh foilsitheoirí thar lear, mar shampla, sa Bhreatain Bheag, in Albain agus sa Chatalóin? Cén sórt cuidiú nó tacaíocht a bhfuil ann do na foilsitheoirí sin nó an bhfuil na fadhbanna le haghaidh na foilsitheoirí sin níos measa ná mar atá siad in Éirinn?

Mr. Darach ? Scola?:

Níl na figiúirí agam le tabhairt ach tá a fhios agam go bhfuil tacaíocht láidir faighte ag foilsitheoirí sa Bhreatain Bheag agus go bhfuil earnáil láidir Breatnaise ann. Tá sé feicthe agam féin go bhfuil réimse mhór leabhair acu. Tá airgead acu le leabhair a aistriú agus le coimisiúnú a dhéanamh ar leabhair a bhaineann le science fiction agus chuile shórt. Tá siad i bhfad chun tosaigh orainn sa Bhreatain Bheag. Ní fhéadfainn a rá cad é an scéal sna tíortha eile.

Photo of Dara CallearyDara Calleary (Mayo, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag rá an tseachtain seo caite go gcaithfimid oifig soláthróra phoiblí a thabhairt isteach chun díospóireacht a dhéanamh leo faoin gconradh leis na leabharlanna, go háirithe tar éis an chruinnithe a bhí againn leis an leabharlanna. Conas a d'fhéadfaimis na foilsitheoirí a chabhrú chun an margadh, chun an focal uafásach sin a úsáid, a athrú chun go mbeadh daoine in ann leabhair agus gach rud a cheannach gan na saghas fadhbanna a bhí Deirdre Ní Thuathail ag leagan amach?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is é an príomhrud ná go mbeadh rochtain ar na leabhair sin in áiteanna ar nós siopaí. Chuige sin, an t-aon bhealach leis sin a dhéanamh ná go mbeadh na leabhair feiceálach sna siopaí, ní thíos i gcúl an tsiopa. Níor cheart go mbeadh ort dul síos ar na glúnta ag cuardach leabhar Gaeilge ná go mbeadh siad scaipthe ar fud na seilfeanna. Má tá cúpla foclóir sna siopaí, b'fhéidir go gceapann siad go bhfuil a ndualgas chomhlíonta ó thaobh leabhar Ghaeilge. Caithfear an meoin sin a athrú. Má chruthaítear go bhfuil éileamh ann, tá mé cinnte go mbeidh na siopaí sásta na leabhair sin a ordú, ach caithfear trácht a bheith ar na leabhair sna meáin ar dtús leis an éileamh sin a chruthú. Ina dhiaidh sin, caithfidh an dáileachán a bheith ceart. Caithfidh go leor rudaí titim i gceart i líne le go mbeadh an díolachán sin ann. Mura bhfuil na bunstruchtúir i gceart, ní tharlóidh aon rud. D'fhéadfaí a bheith ag caitheamh airgid mór millteanach ar phoiblíocht agus ar mhargaíocht ach is beag is fiú é mura bhfuil na leabhair sin ar fáil go héasca.

Mr. Darach ? Scola?:

Titeann go leor de sin ar ÁIS. Tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaí maoiniú ceart d'ÁIS lena chuid oibre a chur i gcrích agus lena chinntiú go mbeidh leabhair Ghaeilge ar fáil sna siopaí.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm as a bheith ábhairín déanach don chruinniú. Bhí mé gafa le cruinniú eile. Bhí plé maith ar leabhair sna siopaí agus mar sin de, ach an raibh aon phlé ar éileamh na leabhair go hidirnáisiúnta ar an Idirlíon? Táim ag caint mar gheall ar díolachán go pobail na Gaelainne atá scaipthe ar fud na cruinne agus ar fud na tíre. An bhfuil aon figiúirí nó aon eolas ag na finnéithe mar gheall ar an éileamh atá ansin?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá an t-éileamh thar a bheith scaipthe ar fud an domhain. Tá líonraí Gaeilge i chuile áit ach ceann de na fadhbanna atá leis sin ná an costas seachadach. Tá custaiméirí againne ó gach áit ar fud an domhain, ón Seapáin go Meiriceá Thuaidh, Meiriceá Theas, an Astráil agus áit ar bith. Is minic go gcosnaíonn sé níos mó an leabhar a chur sa phost chucu ná luach an leabhair. Tá sin ina bhac ar cheannaitheoirí.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad faoi daoine sa tír seo, Gaeilgeoirí atá scaipthe ar fud na tíre? Cuir i gcás, má táthar i gcónaí i gContae Lú, i gContae na hIarmhí nó in aon áit eile sa tír, b'fhéidir nach dtiocfar ar leabhair sa siopa áitiúil ach bheadh teacht ar leabhair ar an Idirlíon. An bhfuil deis ansin nó an bhfuil aon tuairim ag na finnéithe ar cén saghas éilimh atá ann leabhair a cheannach ar an Idirlíon ag Gaeilgeoirí áitiúla?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá na foilsitheoirí ar fad ag freastail ar léitheoirí Gaeilge atá scaipthe ar fud na tíre. Tá suíomh gréasáin ag formhór na bhfoilsitheoirí anois agus tá ceann againn le breis agus 20 bliain beagnach. Táimid ag díol leabhair le gach daoine ar fud na tíre, ach fós féin, tá díolachán níos mó sna siopaí ná mar atá ó dhaoine aonaracha atá ag ceannach leabhair ar an suíomh gréasáin.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Má tá 100 leabhar ceannaithe ar an Idirlíon, caithfidh go bhfuil sé soiléir do na foilsitheoirí go bhfuil éileamh ar 20% nó 40% acu as Gaelainn. Is féidir tomhas éigin a dhéanamh ar an margadh mar sin. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe mar gheall ar cé chomh mór nó beag atá an margadh i gcomhair leabhar Gaelainn?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Níl muidne ag díol ach leabhair Ghaelainn, mar sin nílimid in ann é a chur i gcomparáid le haon rud eile Táimid in ann é a chur i gcomparáid leis an díolacháin iomlán atá againn ach ní dhíolann aon cheann de na foilsitheoirí Gaeilge leabhair Bhéarla, más sin atá i gceist ag an Teachta.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is amhlaidh an scéal leis na foilsitheoirí éagsúla. Caithfidh gur féidir leo a fhéachaint cén teanga ina bhfuil siad ag foilsiú na leabhair agus an bhfuil siad ag díol leabhair as Béarla, as Fraincis nó as Gaelainn. Caithfidh go bhfeiceann siad go bhfuil éileamh ann agus go bhfuil siad ábalta é a mheas. An bhfuil aon tuairim ag na finnéithe ar cé chomh mór nó beag is atá na margaí a fheiceann siad?

Mr. Darach ? Scola?:

Ónár dtaobh de tá 70% de na díolacháin sna siopaí, tá 20% ar an Idirlíon agus tá 10% ar bhealaí eile cosúil leis an bhfón. Táimid ag cur bearta amach thar lear chuile sheachtain agus tá muid ag cur bearta amach ar fud na tíre.

Níl áit ar bith sa tír nach bhfuil ag fáil bearta.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuir i gcás go bhfuil Folens nó grúpa eile ag díol leabhar. Is cuma cén saghas leabhar. An bhfuil aon slat tomhais ar cé mhéad de na leabhair a dhíolann sé atá as Gaelainn? Cé chomh mór is atá an margadh sa tír seo?

Mr. Darach ? Scola?:

Díolann ÁIS luach €1 milliún de leabhair.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is iad sin na leabhair as Gaelainn. An bhfuil aon tomhas ag éinne ar cé chomh mór is atá an margadh go forleathan, ar fud na tíre?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Níl aon taighde cuimsitheach mar sin déanta mar tá a chuid secrets féin ag gach foilsitheoir. Níl a fhios ag aon fhoilsitheoir ach céard atá sé féin ag díol. Níl taighde cuimsitheach ar an margadh iomlán déanta ag aon duine. Níl a fhios againn ach céard a dhíoltar sna siopaí tríd ÁIS. Tá a fhios ag gach foilsitheoir céard a dhíolann sé féin. Ní hionann aon dá fhoilsitheoir agus ní hionann an líon teideal atá acu. Mar sin, tá sé thar a bheith deacair foilsitheoir amháin a chur i gcomparáid le foilsitheoir eile mar gheall ar an líon leabhar a dhíolann siad.

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl an t-eolas ar fáil. Má tá sé ann, ní bheidh sé á roinnt ag na foilsitheoirí.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Má tá 500 leabhar againn agus 100 leabhar ag Darach Ó Scolaí, ní hionann an dá chomhlacht. Ní féidir iad a chur i gcomparáid lena chéile.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Iarraim ar an Teachta Moynihan an micreafón a mhúchadh toisc go gcloiseann muid an clog don vóta. Ar eagla go bhfuil daoine ag iarraidh a oibriú amach céard é an torann sin, is an clog i gcomhair vóta sa Seanad é.

Tá cúpla ceist agam. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an méid a thug siad dúinn go dtí seo. Bhí sé an-chuimsitheach. Déileáil siad le réimse mór leathan d'ábhair maidir leis an bhfoilsitheoireacht. Ó thaobh na leabharlann de, bhí sé spéisiúil dúinn cloisteáil an tseachtain seo caite go bhfuil chuile leabharlann sa tír, seachas leabharlanna Bhaile Átha Cliath, ag brath go huile agus go hiomlán ar dháileoir amháin. Dúradh linn nach bhfuil deis ag leabharlannaithe leabhair a cheannach ach amháin tríd an dáileoir amháin seo. Fiú más údar nó foilsitheoir áitiúil atá i gceist, níl cead ag na leabharlanna caidreamh a bheith acu leo toisc an conradh atá ann. Chuir mé ceist ar na finnéithe ina dhiaidh mar, má tá siad sásta leabhair a bhronnadh ar na leabharlanna, bheadh siad breá sásta iad a ghlacadh, ach ní sin an fáth go bhfuil daoine san fhoilsitheoireacht. Caithfear an t-ábhar a dhíol. Más buan mo chuimhne, dúirt na leabharlannaithe gur shíl siad go raibh gá d'fhoilsitheoirí a bheith cláraithe leis an dáileoir seo. Ní cuimhin liom an t-ainm a thug siad an tseachtain seo caite. Más fíor é sin, níl a fhios agam an bhfuil na foilsitheoirí atá linn inniu cláraithe. An raibh a fhios acu go bhfuil gá ann é sin a dhéanamh ionas go mbeidh na teidil atá acu san áireamh ag an dáileoir seo agus é ag déileáil le leabharlanna timpeall na tíre?

Tá ceist eile agam nár dhírigh muid isteach uirthi go dtí seo. Tá captive audience ann sna scoileanna idir mhúinteoirí agus mhic léinn. Conas is féidir linn iad a mhealladh chun níos mó leabhar Gaeilge a cheannach agus a léamh agus chun cur leis an líon léitheoirí? Luaigh Darach Ó Scolaí leabhair do dhéagóirí ach go háirithe. Conas is féidir an dream sin a mhealladh chun níos mó ná na leabhair atá ar chúrsa an teastais shóisearaigh agus iad atá ar chúrsa na hardteistiméireachta a léamh? Go minic, is é sin atá ann. Ní léann siad. Tá a fhios agam gur léigh mise gach uile leabhar a tháinig os mo chomhair agus mé ar scoil. Ba chuma sa sioc liom ach bhí daoine eile sa rang nár léigh leabhar ar bith ach na leabhair a bhí ar an gcúrsa. B'fhéidir gur féidir leis na finnéithe tabhairt faoin dá cheann sin. Tá ceist amháin eile agam ach tiocfaidh mé ar ais chuici.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Maidir leis an gcéad cheist faoin gcóras atá ag na leabharlanna, níl mé cinnte ach b'fhéidir go bhfuil an córas Nielsen i gceist ag an gCathaoirleach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl. Táim ag caint faoi chomhlacht dáilte. Ceannaíonn na leabharlanna ar fad ó dháileoir amháin. Dúirt na leabharlannaithe gur chóir d'fhoilsitheoirí a bheith cláraithe leis an gcomhlacht sin.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is é ÁIS a sholáthraíonn na leabhair don dáileoir atá ag na leabharlanna seachas na foilsitheoirí féin go díreach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Caithfidh mé an cheist a chur ar ÁIS.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is dóigh liom go bhfuil sé cláraithe. Bíonn sé ag soláthar leabhar chuig na leabharlanna.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá fíorbheagán i gceist. Cad a dúirt na leabharlannaithe? An é go bhfuil 0.5% den bhuiséad i gceist i mBaile Átha Cliath agus 0.2% in áiteanna eile?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is féidir nach bhfuil an t-éileamh ó na leabharlanna nó nach bhfuil ÁIS ag soláthar na leabhair. B'fhéidir gurb é an mhalairt atá ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl muid soiléir faoi sin. Is é sin an fáth gur chuir mé an cheist. Cuirfidh muid an cheist ar ÁIS. Is féidir dhá léamh a thógáil ar an scéal. B'fhéidir gur chóir dúinn dul ar ais go dtí na leabharlannaithe. Chuir muid cuireadh roimh Chumann Leabharlann na hÉireann ach ní raibh ionadaithe sásta teacht os ár gcomhair. Ardaíonn sé sin ceist eile. Is é an dara léamh atá ann ná nach mbíonn na teidil Ghaeilge liostáilte nuair atá ofráil a dhéanamh do na leabharlanna áitiúla. Is é sin an léamh a thóg mise ón méid a bhí á rá seachas nach raibh na leabharlannaithe á lorg. Níl siad ag fanacht ar éileamh. Má théann mé isteach i mo leabharlann áitiúil agus leabhar á lorg agam, tá sé beagnach ródhéanach. Ba chóir go mbeadh sé ann cheana féin.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Sular tháinig an córas nua sin isteach, an córas ina gceannaítear leabhair trí chomhlacht amháin, bhí caidreamh maith againn leis na leabharlanna áitiúla, mar shampla, an leabharlann ar an gCeathrú Rua agus an leabharlann sa Ghaillimh. Bhí siad in ann leabhair a bhain leis an gceantar a ordú go díreach ó na foilsitheoirí agus bhí sé sin á dhéanamh acu go rialta. Ó tháinig an córas nua seo isteach, tá an neamhspleáchas sin imithe uathu, rud a chiallaíonn nach bhfuil na leabhair seo ar fáil sna leabharlanna áitiúla.

Mr. Darach ? Scola?:

De réir mar a thuigim, tháinig an t-athrú sin ar an gcóras ceannaithe do na leabharlanna isteach cúpla bliain ó shin. Tá éiginnteacht i measc na leabharlannaithe féin i dtaobh an chórais. Cuireann cuid de na leabharlanna é i bhfeidhm go docht ach ceannaíonn cuid eile uainn fós. Feictear dom go gcreideann an chuid is mó de na leabharlanna go gcaithfidh siad chuile leabhar a ordú tríd an gcomhlacht a fuair an conradh. Tuigeann cuid eile gur féidir leo dul taobh amuigh de sin chun na leabhair Ghaeilge a aimsiú ach ní mórán an chuid sin. Ní raibh siad i dteagmháil linn faoi seo. Tá go leor againn cláraithe le Nielsen. Is tríd Nielsen a aimsítear teidil, fiú faoin gcóras sin. Ar an lámh eile, tá leabharlanna ó Thuaidh atá ag ceannach uainn. Tá comhlacht ann i Léim an Bhradáin a cheannaíonn leabhair do na leabharlanna ó Thuaidh. Díolaimid iad go díreach leis. Níl aon fhadhb aige a bheith ag ceannach uainn.

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir leis an bpointe sin, is é an méid a dúirt Comhairle Contae na Gaillimhe ina ráitis scríofa ná:

Tá ról lárnach ag Oifig Soláthair an Rialtais i dtaobh earraí agus seirbhísí a chur ar fáil ar an mbealach is éifeachtaí agus is éifeachtúla ó thaobh costas de agus luach ar airgead a chinntiú .... Ciallaíonn sin nach féidir leabhair leabharlainne a cheannach ach ón soláthróir a bhfuil an tairiscint aige faoi láthair.

Baineann sé sin le public procurement. Tá Darach Ó Scolaí ag rá go bhfuil neamhspleáchas á léiriú ag cuid de na leabharlanna in ainneoin é sin, an bhfuil?

Mr. Darach ? Scola?:

B'fhéidir go bhfuil foinsí eile acu. Níl a fhios agam. Tá a fhios agam go bhfuair muid ordú ó leabharlann anuraidh a bhí substaintiúil go maith. Thuig mé fiú roimhe sin go raibh éiginnteacht i measc na leabharlannaithe faoin gcóras seo agus faoi cé chomh docht is atá an riail.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is ceist í gur gá dúinn-----

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fiú, ní raibh a fhios ag leabharlannaithe i mBaile Átha Cliath a bhí os ár gcomhair go raibh an-----

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I slí amháin, is cuma sa sioc leis an leabharlann i mBaile Átha Cliath toisc go bhfaigheann sé cóip amháin saor in aisce. Ní raibh na leabharlannaithe ag smaoineamh air sin toisc go bhfuil an leabhar acu agus toisc gur féidir é a sheoladh go dtí leabharlann eile i mBaile Átha Cliath go an-tapa. Ní raibh siad ag iarraidh níos mó ná cóip amháin, don chuid is mó.

Bhain an dara ceist a bhí agam leis na scoileanna, na múinteoirí agus na mic léinn. An bhfuil tuairimí ag na finnéithe maidir le conas is féidir linn meas agus éileamh ar leabhair Ghaeilge a chothú ina measc?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá iarracht leanúnach ó na scoileanna - na bunscoileanna seachas na meánscoileanna. Mar gheall ar an struchtúr curaclaim atá sna meánscoileanna, níl mórán scóip acu ábhar atá taobh amuigh d'ábhar an churaclaim a dhéanamh seachas, b'fhéidir, san idirbhliain. Tá leabharlanna i bhformhór na meánscoileanna agus ceannaíonn siad soláthar maith leabhar Gaeilge go hiondúil, go mórmhór na Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta. Caithfidh an léitheoireacht tosú sna bunscoileanna. Má tá soláthar maith leabhar ar fáil ag an aoisghrúpa sin, b'fhéidir go leanfaidís ar aghaidh ag léamh nuair atá siad amuigh sa saol. Má chuirtear bunstruchtúr maith ansin, cothaítear an léitheoireacht san aoisghrúpa sin. Tá éileamh ó na bunscoileanna. Feicimid é sin go mórmhór leis na haistriúcháin atáimid ag foilsiú. Níl an oiread sin bunleabhair nua á bhfoilsiú do dhaoine óga. Má tá, b'fhéidir nach sraitheanna leabhar iad. Tá sé feicthe againn leis na leabhair as Béarla - leithéidí leabhair Enid Blyton - go n-aithníonn na gasúir iad mar tá siad á léamh i mBéarla cheana féin ach tá cruth eile curtha orthu i nGaeilge. Ní aithníonn siad gurb é an scéal céanna é. Tá an Ghaeilge sin i dteanga shaibhir na Gaeltachta. Tá na haistriúcháin déanta ar chaighdeán an-ard. Tá éileamh ar na leabhair sin. Táimid ag díol le scoileanna go leanúnach, scoileanna Gaeltachta, scoileanna Galltachta agus Gaelscoileanna ar fud na tíre san áireamh.

Mr. Darach ? Scola?:

D'aontóinn go hiomlán leis an méid sin. Tá tábhacht ar leith le haistriúcháin agus tú ag plé le gasúir anois mar go n-itheann siad leabhair. Is cuma cé mhéad airgead a chaitear, ní bheidh muid in ann dóthain scríbhneoirí a chur ar fáil leis an gcineál sin soláthair a dhéanamh. Ar fud Mhór-Roinn na hEorpa, is aistriúcháin atá sa chuid is mó de leabhair don aoisghrúpa sin, na déagóirí agus dreamanna níos óige. Bíonn leabhair Fhrancacha aistrithe go dtí an Iodáilis, go dtí an Polainnis agus mar sin de agus vice versa. Níl aon teanga in ann an soláthar iomlán sin a dhéanamh. Tá aistriúcháin costasach. Is tríd an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, a dhéanaimid an obair sin seachas trí chlár na leabhar Gaeilge. Tá rath ar na leabhair sin. Tá an-éileamh orthu. Is é sin an bealach le dul ar an mbonn seo ach teastaíonn go leor leor. Tá sraith ag Cló Iar-Chonnacht agus tá sraith againn féin d'aistriúcháin ar shaothar Roald Dahl. Tá sraitheanna eile ann freisin. Teastaíonn na seacht sraith i ndáiríre. Teastaíonn sraitheanna de chuile chineál do chuile aoisghrúpa agus do bhuachaillí agus do chailíní. Tá an t-uafás i gceist leis. Teastaíonn buiséad ar leith, cosúil leis an mbuiséad atá ann do leabhair Ghaeilge faoi láthair, do pháistí agus do dhéagóirí. Ní dóigh liom gur fiú dul ina mbun go dtí go mbeidh sé sin ar fáil mar ní bheidh muid ach ag cur amú ár gcuid fuinnimh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist amháin eile agam. Tá a fhios agam ó mo thaithí phearsanta agus ón méid a dúirt Darach Ó Scolaí an gá le stóráil a mhéadú agus tú ag méadú an líon teideal atá agat. Má fhoilsíonn comhlacht 500 cóip de leabhar, b'fhéidir go ndíolfaidh sé 100 láithreach ag an seoladh leabhair agus 100 eile ar líne. Ansin, beidh 300 leabhar fágtha. Má tá 100 teideal á bhfoilsiú agat, is slám mór atá i gceist. Má tá 1,000 teideal i gceist, tá i bhfad Éireann níos mó agat. An féidir leis na finnéithe a mhíniú don choiste cad a tharlaíonn leis na leabhair? Cén costas a bhaineann leis na leabhair seo a choimeád i stóras? Uaireanta, bíonn éileamh ar leabhar áirithe arís. Uaireanta, bíonn éileamh leanúnach air agus díoltar deich gcinn anseo agus cúig chinn ansiúd agus is gá iad a bheith ann.

Mr. Darach ? Scola?:

I ndáiríre, tá an t-ádh orainn. Déanaimid go leor dár gcuid oibre le Clódóirí Lurgan i gConamara agus cuireann sé go leor de na leabhair i stóras dúinn. Ní bheidh sé in ann é sin a dhéanamh go deo mar tá an líon leabhar atá againn ag méadú an t-am ar fad. Is beagnach go dteastódh spás chomh mór leis an seomra seo uainn le leabhair a choinneáil. Tá sé sin againn thiar i gCasla. I m'oifig féin sa teach, tá spás eile agam do na leabhair a theastaíonn go seachtainiúil le cur amach ar an bpost. Tá dhá sheomra stórais i gceist leis sin. Táim ag breathnú faoi láthair ar dheis stóras a thógáil ar chúl na hoifige a thógfadh tuilleadh leabhar. Táim beagáinín imníoch faoi sin mar, is cuma cad a deir daoine, tá a fhios againn go léir go mbíonn taise ard sna córais stórais sin agus caithfimid a bheith airdeallach faoi sin. I ndáiríre, sa lá atá inniu, mar gheall ar an méid díolacháin a dhéanann foilsitheoirí féin seachas siopaí ar líne, caithfimid stór leabhar a bheith againn in aice láimhe. Ní haon mhaith iad a bheith cúpla míle uainn. Ní fál go haer é. Ní thógfadh sé mórán maoinithe stóras a chur ar fáil do na foilsitheoirí. Tá stóras mór freisin ag ÁIS i nDún Seachlainn. D'iarr muid air tuilleadh leabhar a thógáil sa stóras. Bheadh sé sásta é sin a dhéanamh ach amháin go bhfuil fadhb aige nach bhfuil sé ar a chumas é sin a dhéanamh leis na hacmhainní daonna atá aige. Bheadh ciall agus réasún le leabhair Ghaeilge a bheith ansin i nDún Seachlainn seachas a bheith amuigh sna siopaí ar an bpointe. Mhéadaigh sé sin go mór an méid leabhar atá ag siopaí sa stóras.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Is ar an gcúis sin a bhog muid go dtí an Spidéal ceithre bliana ó shin. Bhí an fhadhb chéanna againn. Bhí muid i dteach príobháideach Mhicheál Ó Conghaile ag an am agus ba ghearr go mbeadh an díon ag titim anuas leis an méid leabhar a bhí thuas san áiléar. Táimid bogtha go dtí an Spidéal agus muid anois i bhfoirgneamh le hÚdarás na Gaeltachta. Tá an stóras atá againn beagáinín níos mó ná an seomra seo ach tá sé lán go béal anois. Bíonn cinntí le déanamh againn go minic nuair atá leabhar nua ag teacht an bhfaighimid réidh le cúpla céad cóip de leabhar nár dhíol chomh maith agus a bhí muid ag súil leis. Bíonn cinntí mar sin á ndéanamh go leanúnach. Is í an fhadhb leis sin ná gur féidir éileamh a bheith ar an leabhar a bhfaigheann tú réidh leis nó go gcuirtear ar chúrsa í ina dhiaidh sin. Tharla é sin i gcásanna áirithe. Caithfimid a bheith de shíor ag athrú le spás a chruthú. Tá leabhair thuas ar sheilfeanna arda ar mhaithe le spás a chruthú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhann costas leis an stóras a théamh agus gach rud freisin.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Cinnte. Tá an t-ádh orainn go bhfuil ár n-oifigí san áit chéanna agus go raibh an áit sin ar fáil ar cíos ón údarás ach is cinnte go bhfuil an costas níos airde toisc go bhfuil stóras níos mó ann.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil ceist ag an Teachta Ó Cuív?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl ceist agam go díreach ach ba mhaith liom tacú leis an méid atá ar bun. Bhí iontas orm mar ní raibh a fhios agam go raibh an maoiniú chomh beag is a bhí sé in 2008. Dúirt Darach Ó Scolaí go bhfuil sé leath an mhéid, an ea?

Mr. Darach ? Scola?:

Bhí €1.8 milliún i gceist in 2008. Níl ann ach €1 milliún anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is beagnach leath é sin. Tá sé sin maoinithe go hiomlán ag an Roinn trí Fhoras na Gaeilge. Níl aon mhaoiniú ón Tuaisceart i gceist anseo so níl aon bhaint aige seo le haon srianta ón Tuaisceart nó mar sin de. Is gearradh Rialtais atá i gceist anseo go simplí. Ní raibh a fhios agam go raibh an figiúr tite chomh mór sin. Is oscailt súl domsa é - níl a fhios agam faoin gcuid eile den choiste - go bhfuil sé tite chomh dona sin. Gan mhaoiniú, ní féidir aon rud a dhéanamh. Glacaim go mór leis an moladh. Caithfear déileáil leis sin.

Is é an dara rud ná go bhfuil pointe maith déanta faoi cé a roghnaíonn na leabhair agus cé ar a bhfuil muid dírithe. Bhíodh an plé seo ann fadó freisin. Tá gá le freastal ar ardlitríocht na Gaeilge ach tá gá freastal ar ghnáthléitheoirí na Gaeilge, má thuigeann na finnéithe an rud atá i gceist agam.

Ní chuile dhuine a léann ardlitríocht i mBéarla. Ní chuile dhuine atá ag ceannach Ulysseschuile lá. Tá go leor daoine a cheannaíonn leabhair Mills & Boon agus na rudaí seo ar fad. B'fhéidir go gcaithfear breathnú ar bhealach níos cruthaithí le rogha a dhéanamh céard a dhéanfair le maoiniú, is é sin mura bhfuiltear ag déanamh maoiniú ar bheagnach gach rud atá réitithe le foilsiú.

Rinne Deirdre Ní Thuathail pointe maidir le traenáil. Is cuimhin liom go raibh imní orainn ag pointe amháin go raibh dream iontach oilte i mbrainse na logainmneacha ach, ar ndóigh, bhí siad ag dul in aois mar atá chuile dhuine againn ón lá a bheirtear muid. Bhíomar buartha nach mbeadh aon chomhar ar bith ann. Chuir Roinn na Gaeltachta scéim ar bun le scoláireachtaí tríú leibhéal, is é sin le haghaidh máistreachta agus a leithéid. Tugadh airgead d'fhear amháin le haghaidh PhD a dhéanamh. Dá mbeifí ag déanamh staidéar ar eolaíocht ar leibhéal MSc, gheofaí an cineál tacaíochta céanna. Tá fasach ann. Bheinn ag moladh go dtabharfaimis an-aird air sin. Caithfear daoine a thraenáil don chéad ghlúin eile agus caithfidh sé a bheith tarraingteach a bheith traenáilte. Caithfear brabach a bheith ann. Is moladh an-mhaith é sin.

D'éist mé leis an méid a bhí á rá faoi ÁIS agus an gá le duine amháin a bheith ar an mbóthar. An mbeadh sé níos fearr go dtabharfaí airgead do chlár na leabhar Gaeilge, de chuid an fhorais, le maoiniú a thabhairt do na comhlachtaí foilsitheoireachta an mhargaíocht a dhéanamh? In ionad ÁIS a bheith á déanamh go díreach, b'fhéidir go mbeadh rud lárnach idir na foilsitheoirí Gaeilge ar fad leis na leabhair a scaipeadh a mbeadh níos dinimiciúla agus a mbeadh smacht ag na foilsitheoirí ar cén chaoi ar cheart é a dhéanamh agus airgead ceart a chur ar fáil. Táimid ag dul ar ais ag an airgead, ar ndóigh. Mura bhfuil airgead ceart, ní féidir tada a dhéanamh. Céard iad na bealaí nua-aimseartha? Tá an saol ag athrú chomh sciobtha sin, b'fhéidir nach é ÁIS an eagraíocht Stáit atá is fearr agus is aclaí leis na hathruithe a dhéanamh.

Ó Thuaidh, is dóigh go mbeifear ag súil go mbeidh airgead breise ar fáil ón bhFeidhmeannas má thagann an mBille teanga chun cinn, agus go mbeidh tuilleadh cuidithe ar fáil.

Tá fadhb ann i gcónaí ó thaobh airgid a thabhairt do nuachtán. Tá a fhios agam gur pléadh go minic ar cheart airgead a chur ar fáil don Irish Independent, Irish Examiner The Irish Times. Bhí drogall orthu siúd roimhe sin mar bheadh faitíos orthu go mbeadh smacht ag an Stát orthu.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor rinneamar déileáil le Robert McMillen ná na nuachtáin go fóill.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim mo leithscéal. Shuí mé istigh ar feadh píosa fada, ach ansin tháinig rud éigin eile aníos a bhain leis an Irish Newsach ní hé ceist na Gaeilge agus an Irish Newsa bhí ann.

Mr. Darach ? Scola?:

Luaigh an Teachta margaíocht a bheith i lámha na bhfoilsitheoirí in áit a bheith i lámha ÁIS. Tá sé sin, dáiríre, ag tarlú le cúpla bliain anuas. Tá scéim margaíochta ann a bhfuil €300,000 curtha ar fáil di ag Foras na Gaeilge thar trí bliana. Tá comhlacht fostaithe leis an obair sin a dhéanamh; is é sin MeasMedia ar an gCeathrú Rua. Is ar son na bhfoilsitheoirí uile é. Téann sé thart ó shiopa go siopa. Tá liosta leabhar á chur le chéile aige ceithre huaire sa bhliain agus tá na leabhair á ndáileadh ar shiopa. Ba dhul chun cinn mór a bhí ansin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dá dtabharfaí an maoiniú ar fad atá ag clár na leabhar Gaeilge le haghaidh dáileadh don dream sin seachas cuid de, déantar trí ÁIS, an gcuideodh sé?

Mr. Darach ? Scola?:

Ní mar a chéile an dáileadh agus an mhargaíocht. Níl aon locht ar ÁIS mar-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ach an dáileadh agus an mhargaíocht a chur leis an dream sin agus-----

Mr. Darach ? Scola?:

Agus deireadh a chur le ÁIS.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mar sin a bheadh sé.

Mr. Darach ? Scola?:

Níl mé cinnte. Ní gá go n-oibreodh sé sin. Ní bheadh aon locht agam ar ÁIS mar atá ach ba mhaith an rud é aghaidh a chaitheamh ar theicneolaíocht nua a chur ar fáil dó. Is rud eile ar fad é margaíocht. Is féidir le comhlacht é sin a thógáil ar láimh agus is féidir an conradh a bhaint dó tar éis bliana nó mar sin mura bhfuil sé sásúil. Má chuirtear an t-infreastruchtúr dáileacháin i lámh an chomhlachta, áfach, beidh sé an-deacair é a bhaint dó arís mar beidh costas uafásach leis sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil easpa dinimice nó airgid ag baint le ÁIS mar atá sé?

Mr. Darach ? Scola?:

Déarfainn easpa airgid níos mó ná easpa dinimice. Tá obair mhór déanta aige le deich mbliana anuas ach teastaíonn an maoiniú breise seo. Teastaíonn duine eile a chur ar an mbóthar. Teastaíonn an teicneolaíocht agus an t-infreastruchtúr a fheabhsú.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tabharfaidh mé cuireadh do lucht ÁIS teacht ar ais ionas gur féidir leo an plean a mhíniú. Nuair a bhí siad anseo, bhí siad ag rá go raibh duine acu ag dul ar an mbóthar ach nach raibh an mhaoin acu chun breis air sin a dhéanamh. Tá srianta leis an mbuiséad atá aige. Má chuireann an Rialtas airgead breise ar fáil dó, b'fhéidir gur féidir leis cur ina luí orthu teicneolaíocht agus a leithéid a cheannach.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Tá easpa acmhainní daonna i gceist chomh maith le gach uile rud eile. Tá go leor de na foilsitheoirí atá ag obair le duine amháin nó beirt agus tá go leor de na daoine atá ag obair acu, amhail dearthóirí, profléitheoirí nó cibé céard é féin, ag obair ar conradh. Tá ualach trom ar fhormhór na bhfoilsitheoirí ó thaobh riaracháin. De réir mar atá an gnó ag méadú, tá sé sin ag méadú leis. Tá na foilsitheoirí ag déanamh a gcuid margaíochta féin faoi láthair ach caithfidh an dá rud oibriú as lámh a chéile. Caithfear an t-infreastruchtúr dáileacháin a bheith ann chomh maith leis an margaíocht agus leis an bpoiblíocht. Tá bunstruchtúr maoinithe ag teastáil ar chomhaontaíodh le gur féidir é sin a láidriú. Táimid muiníneach go dtiocfaidh an díolachán dá réir ach an infheistíocht cheart sin a dhéanamh. Má fheictear go bhfuil díolachán suas ar €1 milliún ag ÁIS cheana féin ar an gcaoi a bhfuil sé, dá ndéanaí infheistíocht cheart ansin, d'fhéadfaí é sin a mhéadú go mór. Bheadh níos mó airgead againn ar fad ón díolachán ina dhiaidh sin agus is infheistíocht mhaith a bheadh ansin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cén uair a thit an t-airgead ó €1.8 milliún?

Ms Deirdre N? Thuathail:

Ó 2008 i leith.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar thit sé in aon slám amháin?

Mr. Darach ? Scola?:

Beagnach. Bhí mise ag cuimhneamh ar an bhfigiúr a chur Foras na Gaeilge ar fáil ó thaobh ardú ar díolachán ó 2013 go dtí 2021, maidir le gnáthleabhair léitheoireachta. Tháinig ardú 40% air. Is ardú mór millteanach é sin. Is tuar dóchais é sin ach an cúnamh ceart a thabhairt d'Fhoras na Gaeilge agus dúinn, ardóimid é sin tuilleadh.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Leis na blianta beaga anuas, nuair a thosaigh gach rud eile ag ardú ó thaobh chaiteachas Rialtais, níor tháinig aon ardú air sin. Níor thit sé faoi bhun an mhilliúin.

Ms Deirdre N? Thuathail:

Níor ardaíodh é an t-am sin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níor ardaíodh é in 2017, 2018, 2019, 2020 ná 2021. Tá sé sin spéisiúil.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Críochnóimid leis an bplé sin agus casfaimid ar an gcuid eile den chruinniú.

Tá deis againn anois an aighneacht ó Robert McMillen a chloisteáil. Díreoimid ar cheist eile na foilsitheoireachta, is é sin foilsitheoireacht nuachtáin agus gnéithe eile de léitheoireacht na Gaeilge amhail na hailt a bhíonn ar fáil as Gaeilge sa nuachtán The Irish News.

Mr. Robert McMillen:

Níor choinnigh an coiste an finné is fearr go dtí an deireadh. Thaitin an chaint sin go mór liom. Tá cineál imposter syndrome orm anois. Gabhaim buíochas as an gcuireadh a bheith anseo chun labhairt leis an gcoiste.

Creidim nach dtuigeann gach duine ó Dheas an obair atá á dhéanamh ag The Irish Newsle corradh agus 40 bliain anuas, agus ó 2015 ach go háirithe. Mar sin, ba mhaith liom mé féin agus an páipéar a chur in aithne don choiste. Is mise Robert McMillen, saoririseoir agus, níos tábhachtaí arís, eagarthóir Gaeilge The Irish News. Tá mé ag obair mar shaoririseoir ó rinne mé chéad mharatón Bhéal Feirste in 1982, ag déanamh tuairisce do Raidió Uladh ar mo chuid eachtraíochta. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, in 1984, scríobh mé mo chéad alt do The Irish News, a raibh colún seachtainiúil Gaeilge acu ag an am, agus lean mé liom go dtí gur tugadh mo cholún féin dom. Cé go raibh mé ag obair sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste ag an am, thaitin an scríbhneoireacht an oiread sin liom gur thosaigh mé ag scríobh ailt don nuachtán seachtainiúil Anois, más buan mo chuimhne, agus ansin don Andersonstown News. Ag deireadh na 1980idí, thosaigh Raidió na Gaeltachta ag iarraidh orm píosaí a dhéanamh beo faoi imeachtaí polaitíochta ó Thuaidh agus bhí mé go rialta ar Raidió Uladh ag caint ar chúrsaí ealaíne. Bhí an oiread sin oibre iriseoireachta agam gur ghlac mé trí bliana saor ó m’obair sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste le cúrsa san iriseoireacht a dhéanamh, ag obair mar shaoririseoir ag an am céanna. Ó shin i leith, bhí mé ag scríobh do Foinse, ón chéad eagrán in 1996 go dtí an t-eagrán deireanach in 2013, agus bhíodh colún míosúil agam ar Beo.ie. Bhí clár snagcheoil agam ar Raidió Fáilte agus ghlac mé páirt i gcláir éagsúla teilifíse, ar nós "Gaisce Gnó" don BBC, chomh maith le "Idir Mná", "Scéalta Bhaile Átha Cliath", "Éagóir", "Racht" agus an scannán faisnéise ar Peter O'Toole a craoladh ar TG4 ag an Nollaig.

In 1999, tugadh post lánaimseartha dom ag The Irish News, mar scríbhneoir sain-ailt Bhéarla, ag scríobh faoi chúrsaí ealaíne sa chuid is mó, mar leabhair, ceol, drámaí, scannáin. B’éigean dom dul go Londain le ceisteanna a chur ar leithéidí Angelina Jolie, Tom Hanks, Morgan Freeman agus Cate Blanchett dó sin. Fuair mé deiseanna fosta taisteal thar lear le hailt taistil a scríobh. Bhí colún fíona agam agus bhí an colún Gaeilge agam i rith an ama.

In 2005, chinn The Irish Newscur go mór leis na leathanaigh Ghaeilge ar an bpáipéar. Rinne siad seo gan pingin rua de mhaoiniú a fháil ó dhream ar bith. Mar sin, in 2006, rinneadh eagarthóir Gaeilge díom agus cúig leathanach sa tseachtain agam - "The Bluffer’s Guide to Irish" ar an Luan, ábhar ó Foinse ar an Mháirt, cúrsaí Gaeloideachais ar an gCéadaoin, cúrsaí ealaíne ar an Déardaoin agus cúrsaí spóirt ar an Aoine. Bhí an-tóir ar na leathanaigh chéanna i scoileanna, ag ciorcail neamhfhoirmiúla léitheoireachta, i measc an aosa léinn agus i measc pobal na Gaeilge go ginearálta. Mhéadaigh muid líon na leathanach faoi dhó go dtí deich leathanach sa tseachtain agus d’fhostaigh muid fo-eagarthóir ar bhonn lán-aimseartha. Nuair a tháinig deireadh le Foinse, chuir muid isteach ar an gconradh do cibé foilseachán a thiocfadh mar chomharba ar Foinse. Ar an drochuair, ní bhfuair muid an conradh. Chuaigh sé chuig Gaelscéal. Caithfidh muid cuimhneamh gur comhlacht trádála príobháideach é The Irish News– mar aon le gach nuachtáin sa tír. Is le teaghlach amháin, muintir Fitzpatrick, an páipéar agus tá siad thar a bheith tiomanta don Ghaeilge ach tá an costas a bhaineann le newsprint, mar shampla, an páipéar ar a bhfuil na scéalta uilig scríofa, chomh hard sin nach raibh sé ar a n-acmhainn deich leathanach Gaeilge sa tseachtain a choinneáil gan aon mhaoiniú. Inniu, tá trí leathanach sa tseachtain ar an bpáipéar - "The Bluffer’s Guide to Irish" ar an Luan, leathanach a bhfuil an-tóir air, agus dhá leathanach eile ina bhfuil ábhair a chreidim féin a bheith suimiúil.

Ba mhaith linn go fóill cur go mór le líon na leathanach Gaeilge atá ag The Irish News. Cad é a thiocfadh linn a dhéanamh san am atá le teacht? Bheadh orainn smaoineamh ar an dóigh is fearr le cibé maoiniú a chuirfí ar fáil a úsáid. D’fhéadfaimis leathanaigh bhreise a fhoilsiú dírithe ar dhaoine óga, ceann dírithe ar léirmheasanna leabhar – caithfimid labhairt faoi sin níos moille – agus leathanaigh ar gach cineál ábhar. D’fhéadfaimis fosta iriseoirí a thraenáil, bíodh muid ag caint ar chéimithe nó ar dhaltaí meánscoile. Mar nuachtán atá ar an saol le 130 bliain anuas, tá taithí againn i ngach réimse den iriseoireacht agus den fho-eagarthóireacht. Níl barúil agam cén costas a bheadh leis sin. Is í ceist na circe agus na huibhe atá i gceist. Tá mé breá sásta cibé ceisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt oiread agus is féidir liom.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Anois is féidir leis an Teachta Ó Cuív caint faoi iriseoireacht agus nuachtáin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An cheist a bhí mé ag ardú, ceist a thagair Robert McMillen é féin di, ná maoiniú. Tá rudaí ag éirí daor. Tá cló agus iriseoireacht daor agus tá costas ag baint le chuile shórt. Bhí plé ann ag pointe amháin, agus phléigh mé é seo go minic le hiriseoirí, ar cheart go mbeadh cúnamh éigin á thabhairt do na mórnuachtáin Bhéarla leathanach nó dhó, nó fiú leathleathanach, a fhoilsiú i nGaeilge. An argóint a bhí ina aghaidh sin ná gur bhraith siad go laghdódh sé saoirse eagarthóireachta. Níor chreid mé féin go dtarlódh sé sin agus ní fheicim é ag tarlú le Tuairisc.ie Anois nuair a bhí sé ann, ach sin tuairim amháin.

Tá bealach eile a d’fhéadfaí a thabhairt faoi, agus tá sé tráthúil i gcomhthéacs an Achta. Glacaim leis go mbeidh fógraíocht i nGaeilge le déanamh mar chuid den Acht agus rudaí le fógairt. Dá gcaithfí an fhógraíocht sin a chur i bpáipéar a bheadh ar fáil go forleathan ar fud Thuaisceart Éireann, ní bheadh an oiread sin roghanna ann. B’fhéidir nach mbeadh an oireadh sin dúil ag cuid de na páipéir eile ann, ach bheadh iontas ort céard a dhéanfadh airgead. Mar sin, dá mbeadh roinnt fógraíochta Gaeilge ag teacht mar go raibh Gaeilge ag an bpáipéar nuachta, agus go raibh dualgas ann fógraíocht Gaeilge a dhéanamh ar rudaí poiblí, bheadh sé sin ina fhoinse airgid. An cheist ná an bhfuil a dhóthain airgid ann chun é seo a mhaoiniú go fadtéarmach.

Bíonn daoine ag tabhairt amach faoin dualgas atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ó Dheas agus rudaí mar phleananna contae, srl., a aistriú. Ag pointe amháin rith an smaoineamh liom rogha a thabhairt dóibh íoc as an aistriú nó íoc isteach i gciste ginearálta a chuirfí ar aghaidh ar son leas na Gaeilge, ach ní fhéadfaidh siad éalú ón gcostas. Tá an dlí ann go gcaithfidh siad ar deireadh rudaí áirid a dhéanamh ar chúis mhaitheas. An bhfuil airgead mar fhadhb? Is léir ón méid a dúirt Robert McMillen go bhfuil fadhb ann ó thaobh maoiniú. An mbeadh fadhb ann le deontas díreach do leathanach Gaeilge, fiú nuair nach mbeadh aon smacht eagarthóireachta ag dul leis an deontas sin? Ar fearr tabhairt faoi ar bhealach indíreach, ar nós fógraíocht, nó ceann de na bealaí eile sin?

Mr. Robert McMillen:

Is é sin an rud is tábhachtaí agus muid ag caint ar airgead agus ar luach ar airgead. Braitheann sé ar caidé a gheobhaidh an Stát ar ais ón airgead. Cuireann muid fearadh na fáilte roimh fhógraíocht i nGaeilge - nílimid cosúil le comórtais “The Late Late Show” nach dtéann thar an Teorainn. Ba cheart d’fhógraíocht Ghaeilge a bheith ag dul ó Thuaidh fosta. Dúirt Ciaran Carson liom go raibh cara aige a bhí thíos i gCiarraí ag fleadh cheoil agus ar a bhealach ar ais dúirt Ciaran leis go bhfuil an Ghaeilge iontach láidir anois i ndeisceart Ard Mhacha. Dúirt an cara leis nach raibh a fhios aige gur tháinig an Ghaeilge chomh fada sin suas. Níor maith liom gurb é sin an dearcadh a bheadh ag daoine, go stopann an fhógraíocht Ghaeilge ag an Teorainn. Chuireamar fáilte mhór, ar ndóigh, roimh fhógraíocht agus roimh airgead a chuirfeadh ar ár gcumas daoine óga a thraenáil i gcúrsaí iriseoireachta. Mar a dúirt mé cheana féin, braitheann sé ar cé acu is daltaí meánscoile atá i gceist a thiocfadh isteach ar thaithí oibre. Tá tábhacht mór ag baint leis sin fosta, go bhfuiltear ag iarraidh daoine a fháil isteach atá ag iarraidh dul chun cinn agus a chuireann suim san iriseoireacht. Maidir le ceist na hiriseoireachta, táimid ag labhairt faoi chaighdeán ard Gaeilge agus ar iad a bheith fiosrach faoin saol. Is rud an-tábhachtach í an iriseoireacht i measc déagóirí chun suim a bheith acu sa saol.

Ar na mallaibh, chuir mé agallamh ar fhear darb ainm Peter Geoghegan ó openDemocracy, fear atá déanamh fiosrúcháin ar airgead dorcha i Sasana. Is é sin an t-airgead dorcha a fuair an DUP le fógra mór don Bhreatimeacht a chur i nuachtáin i Sasana. Tá agallamh beartaithe agam le fear darb ainm Noel Sharkey a bhunaigh eagraíocht darb ainm Stop Killer Robots. Ní ficsean eolaíochta atá i gceist leis seo mar is ollamh i róbataic é agus fuair sé amach faoin dochar atá á dhéanamh ag dróin fud fad na háite. Tá an fhadhb sin ag éirí níos measa. Tím an iriseoireacht Ghaeilge mar daoine a rachaidh isteach i scéalta mar sin.

Is ceist fhairsing í cad é ba cheart d’iriseoirí Gaeilge a bheith ag scríobh faoi. An é imeachtaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal labhartha na Gaeilge, an Ghaeilge amháin nó cúrsaí polaitíochta ar fud an domhain ar fad atá i gceist? Tá ceist mhór le freagairt ansin.

Leis an tábhacht a bhaineann leis na meáin Bhéarla, ó thaobh na leathnaigh Ghaeilge sna meáin Bhéarla, sílim go bhfuil sé cruthaithe againne leis na leathanaigh a thugaimid féin amach gur cineál droichid - luadh an focal “droichead” ag an gcruinniú deireanach - iad na leathanaigh Ghaeilge atá sa The Irish News. Cad é mar atá a fhios agam é sin? I mí Iúil, níor rith sé liom céard a scríobhfainn faoi don cholún "The Bluffer's Guide to Irish". Frásaí beaga Gaeilge a mbíonn i gceist de ghnáth. Ansin rith sé liom cad é an Ghaeilge a bheadh de dhíth ort dá mba ball thú den Ord Oráisteach ag siúl ar an 12 Iúil. Scríobh mé píosa faoi dhrumaí, máirseálaithe agus an cineál sin ruda. Fuair mé scairt gutháin ó fhear an lá ina dhiaidh sin a dúirt gur bhall de na hoird dhílse a bhí ann. Dúirt sé go raibh cúigear nó seisear sa lóiste aigesean a raibh an-dúil agus an-suim acu sa Ghaeilge. Léiríonn sé sin go dtig leis na leathanaigh theagaisc na Gaeilge i nuachtáin Bhéarla na droichid seo a thógáil idir dhaoine. Má thig liom daoine ón Ord Oráisteach a mhealladh, bheadh Báile Átha Cliath 4 ina pushover.

Tá féidearthachtaí móra ansin sa ghné sin amháin, is é sin an Ghaeilge mar dhroichead chun daoine eile a mhealladh isteach. Seans mór go gcuirfear leis sin leis an Acht Teanga agus Féiniúlachta atá ag teacht isteach ó Thuaidh fosta, go mbeidh an teanga níos normálta nó go gcuirfí le normalú na teanga, agus go meallfaidh é sin níos mó daoine chun í a fhoghlaim agus, tá súil agam, chun í a léamh. Is é sin, i ndeireadh thiar thall, go dtiocfadh siad go dtí The Irish Newsagus, de réir a chéile, go gcuirfidh siad suim i litríocht na Gaeilge.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is cinnte gurb as Baile Átha Cliath 4 an bheirt atá fágtha anseo sa seomra.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cheannaigh muidne The Irish Newsagus níor cheannaigh mórán daoine eile timpeall orainn é.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní ag caitheamh anuas orthu atáim. Idir shúgradh agus dáiríre, tá clár an-mhaith ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh do dhaoine atá ag déanamh céime ann agus déanann siad bliain amháin taithí oibre. Is iad sin na daoine atá ag plé le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, le haistriúcháin, na meáin agus mar sin de. Tá Gaeilge ag na daoine seo, tá spéis acu inti, agus is ó Mheán Fómhair go dtí mí Aibreáin a bhíonn siad ann. Bheadh sé thar cinn dá bhféadfaí cur ina luí ar an ollscoil ligean do dhaoine clárú. Go deimhin féin, bhí duine amháin a tháinig chugam ag obair mar sin agus d'éirigh liom an duine sin a choimeád. Ba as Doire di agus bhí Gaeilge bhreá aici. Is iad a leithéidí sin a bheadh thar cinn agus níos fearr ná gasúir mheánscoile a fhanfadh ar feadh tréimhse ghairid mar go bhfaighfí na daoine eile sin ar feadh bliana. Ar thaithí oibre a bheadh siad nuair a bheadh siad beagnach réidh lena gcuid cúrsaí, réidh le dul amach sa saol agus a bheadh ag iarraidh na taithí oibre sin. Cá bhfios nach bhainfidís leis?

Mr. Robert McMillen:

Tá féidearthachtaí i ngach réimse agus maidir le daltaí meánscoile. Ó thaobh céimithe de-----

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ag labhairt faoi fhochéimithe anois.

Mr. Robert McMillen:

B’fhearr dá meallfaimid daoine a raibh speisialtacht acu agus a ndearna an iriseoireacht ina dhiaidh sin, cibé acu an raibh an Ghaeilge acu nó nach raibh, agus bíodh an speisialtacht acu sa pholaitíocht, san eacnamaíocht nó i leigheas, mar tá an cineál sin saineolas de dhíth orainn agus muid ag iarraidh an cóimheas idir tuairimíocht agus tuairisceoireacht a athrú. Deir daoine go bhfuil barraíocht tuairimíochta ann sna nuachtáin Ghaeilge agus gur cheart go mbeadh níos mó tuairisceoireachta iontu, ach tá airgead de dhíth chuige sin chun iriseoirí a thraenáil. Tagann sé ar ais, mar a tharlaíonn sé i gcónaí, go dtí cúrsaí maoinithe. Más mian le duine leabhar iontach maith, caithfear íoc as. Mar a deirim, is luach ar airgead atá i gceist anseo. Gheofaí daoine traenáilte a rachaidh amach sa saol a chuirfidh le feabhas na hiriseoireachta Gaeilge, agus is rud maith é sin don daonlathas ar fad. Is cóir go mór go smaoineodh an coiste air sin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An é Robert McMillen an t-aon iriseoir atá á scríobh do The Irish Newsas Gaeilge? Tá an ceart aige o thaobh ábhar de mar is fiú na hailt a bheith as Gaeilge seachas a bheith faoin Gaeilge, chun a léiriú go bhfuil réimse i bhfad Éireann níos mó san iriseoireacht sin. Go minic, nuair a fheiceann an pobal nuachtáin nó ailt i nGaeilge, síleann siad go bhfuil an t-ábhar sin faoin nGaeilge féin agus bogann siad ar aghaidh, go háirithe más déagóirí nó daoine óga atá i gceist nach bhfuil ag féachaint isteach agus ag úsáid nó ag léamh nuachtáin sa bhealach a léifí iad roimhe seo. Caithfimid iad a mhealladh chun ailt Ghaeilge a léamh ar líne nó i nuachtáin nach mbaineann leis an nGaeilge chomh maith leo siúd a bhaineann leis an nGaeilge.

Mr. Robert McMillen:

Tá cumann againn darb ainm Young News Readers agus téann daoine ó The Irish Newsamach agus comhoibríonn siad leis na múinteoirí i rang 6 agus i rang 7. Tá an chóip seo deartha do dhaoine óga amháin. Léann na daltaí seo na scéalta agus roghnaíonn siad na cinn is fearr leo féin. Is rud iontach tábhachtach é sin go gcaithfidh daoine óga a bheith ag foghlaim faoin saol mar atá sí anois agus faoi nuacht bhréagach agus go gcaithfidh litearthacht sna meáin a bheith acu.

Chomh luath agus a tharlaíonn sé sin, is ea is fearr é, bíodh sé i nGaeilge, i mBéarla nó i bhFraincis. Tá The Irish Newsag déanamh dul chun cinn agus tá naisc láidre aige leis na scoileanna agus cuireann sé sin an nuachtán chun cinn sna scoileanna sin. Níl fonn ar bith ach go dtiocfaidh linn é sin a dhéanamh sna Gaelscoileanna ó Thuaidh agus ó Dheas agus, mar shampla, tríd an idirlíon.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Breis is 40 bliain ó shin, le linn dom a bheith ar scoil, bhí cúrsa beag ag múinteoir a bhí againn chun staidéar a dhéanamh ar an na meáin chumarsáide. Tharla sé sin roimh an idirlíon agus gach rud eile. Bhí an cúrsa sin ag míniú dúinn conas nuachtán agus fógraí a léamh. Is é an rud a bhí níos tábhachtaí fós ná conas a dhéantar píosaí de. Bhíomar ag tnúth ag an am go mbeadh an cúrsa seo mar ábhar agus go mbeadh ar gach mac léinn deileáil leis agus é nó í ag dul tríd an meánscoil. Níor tharla sé sin agus is mór an trua é mar bheadh tuiscint níos fearr ag páistí ar na meáin chumarsáide agus céard atá os a gcomhair dá bharr. Bheadh sé sin go maith do dhaoine fásta chomh maith.

Is í an fhadhb is mó a chualamar fúithi go dtí seo le linn d’iriseoirí a bheith os ár gcomhair agus a bheith ag déileáil le ceist léitheoireacht na Gaeilge ná ceist airgid. Maidir le han-chuid de, beidh buntáiste sa Deisceart, tá súil againn, toisc go bhfuil an reachtaíocht nua ann agus go bhfuil céatadán áirithe den fhógraíocht a bheith i nGaeilge. Measaim go ndúirt Robert McMillen nach bhfuil an Teorainn ann do The Irish Newsagus gur chóir go mbeadhna comhlachtaí Stáit anseo ag féachaint ar The Irish Newschun fógraíocht a chur ann chomh maith céanna má tá teachtaireachtaí acu do phobail na Gaeilge nó d’aon phobal ar an oileán seo. An é sin tuairim Robert McMillen?

Mr. Robert McMillen:

Is é sin é. Sílim gur luadh go mbeadh níos mó leathanaigh Ghaeilge sna nuachtáin Sasanacha agus ábhair Ghaeilge a bheith ar pháipéir dá bhfaigheadh siad fógraíocht. Ba mhaith liom a rá go bhfuil sé sin cinnte ach tá freagra na ceiste sin giota maith os cionn mo ghráid pá. Go teoiriciúil, dá bhfaigheadh The Irish Newsairgead fógraíochta, bheadh sé chun leas líon na leathanach nó líon na ndaoine a bheadh an nuachtán in ann a thabhairt isteach chun iad a thraenáil nó a chur ar shocrúcháin éigin. Is í ceist na circe agus na huibhe atá ann arís - má tá an t-airgead nó an maoiniú ar fáil, an dtig linn a rá go bhféadfaimis é sin a dhéanamh? Ní thig linn a rá go gcuirfidh muidne é seo ar fáil, má tá an dream anseo ag rá nach bhfuil an t-airgead sin acu. Is í ceist na circe agus na huibhe atá i gceist ansin.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní fheicim go bhfuil aon duine eile ar líne chun ceisteanna breise a chur. D'aithin mé gur phreab cloigeann an tSeanadóra Ward isteach ar feadh soicind ach ní fheicim anois é.

Agus é sin ráite, cuirfidh mé deireadh leis an gcruinniú agus leis an díospóireacht seo anois. Níl aon ghnó eile againn inniu. Tá an cruinniú curtha ar athló go dtí 2 p.m. ar an 14 Meitheamh nuair a bheidh cruinniú príobháideach againn. Beidh ár gcéad cruinniú poiblí eile againn ar 2.15 p.m. ar an 15 Meitheamh, am atá níos déanaí ná mar is gnáth, nuair a bheidh muid ag plé an ábhair chéanna; sé sin, spreagadh fhoilsitheoireacht agus léitheoireacht na Gaeilge le hionadaithe ó Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, ó Choimicí Gael, ó Ruaille Buaille, ó Cluiche.ieagus ó Dalen Éireann. Is ábhair léitheoireachta spéisiúla atá acu siúd chomh maith.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 3.35 p.m. go dtí 2.15 p.m. Dé Céadaoin, an 15 Meitheamh 2022.