Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Is beagnach leath é sin. Tá sé sin maoinithe go hiomlán ag an Roinn trí Fhoras na Gaeilge. Níl aon mhaoiniú ón Tuaisceart i gceist anseo so níl aon bhaint aige seo le haon srianta ón Tuaisceart nó mar sin de. Is gearradh Rialtais atá i gceist anseo go simplí. Ní raibh a fhios agam go raibh an figiúr tite chomh mór sin. Is oscailt súl domsa é - níl a fhios agam faoin gcuid eile den choiste - go bhfuil sé tite chomh dona sin. Gan mhaoiniú, ní féidir aon rud a dhéanamh. Glacaim go mór leis an moladh. Caithfear déileáil leis sin.

Is é an dara rud ná go bhfuil pointe maith déanta faoi cé a roghnaíonn na leabhair agus cé ar a bhfuil muid dírithe. Bhíodh an plé seo ann fadó freisin. Tá gá le freastal ar ardlitríocht na Gaeilge ach tá gá freastal ar ghnáthléitheoirí na Gaeilge, má thuigeann na finnéithe an rud atá i gceist agam.

Ní chuile dhuine a léann ardlitríocht i mBéarla. Ní chuile dhuine atá ag ceannach Ulysseschuile lá. Tá go leor daoine a cheannaíonn leabhair Mills & Boon agus na rudaí seo ar fad. B'fhéidir go gcaithfear breathnú ar bhealach níos cruthaithí le rogha a dhéanamh céard a dhéanfair le maoiniú, is é sin mura bhfuiltear ag déanamh maoiniú ar bheagnach gach rud atá réitithe le foilsiú.

Rinne Deirdre Ní Thuathail pointe maidir le traenáil. Is cuimhin liom go raibh imní orainn ag pointe amháin go raibh dream iontach oilte i mbrainse na logainmneacha ach, ar ndóigh, bhí siad ag dul in aois mar atá chuile dhuine againn ón lá a bheirtear muid. Bhíomar buartha nach mbeadh aon chomhar ar bith ann. Chuir Roinn na Gaeltachta scéim ar bun le scoláireachtaí tríú leibhéal, is é sin le haghaidh máistreachta agus a leithéid. Tugadh airgead d'fhear amháin le haghaidh PhD a dhéanamh. Dá mbeifí ag déanamh staidéar ar eolaíocht ar leibhéal MSc, gheofaí an cineál tacaíochta céanna. Tá fasach ann. Bheinn ag moladh go dtabharfaimis an-aird air sin. Caithfear daoine a thraenáil don chéad ghlúin eile agus caithfidh sé a bheith tarraingteach a bheith traenáilte. Caithfear brabach a bheith ann. Is moladh an-mhaith é sin.

D'éist mé leis an méid a bhí á rá faoi ÁIS agus an gá le duine amháin a bheith ar an mbóthar. An mbeadh sé níos fearr go dtabharfaí airgead do chlár na leabhar Gaeilge, de chuid an fhorais, le maoiniú a thabhairt do na comhlachtaí foilsitheoireachta an mhargaíocht a dhéanamh? In ionad ÁIS a bheith á déanamh go díreach, b'fhéidir go mbeadh rud lárnach idir na foilsitheoirí Gaeilge ar fad leis na leabhair a scaipeadh a mbeadh níos dinimiciúla agus a mbeadh smacht ag na foilsitheoirí ar cén chaoi ar cheart é a dhéanamh agus airgead ceart a chur ar fáil. Táimid ag dul ar ais ag an airgead, ar ndóigh. Mura bhfuil airgead ceart, ní féidir tada a dhéanamh. Céard iad na bealaí nua-aimseartha? Tá an saol ag athrú chomh sciobtha sin, b'fhéidir nach é ÁIS an eagraíocht Stáit atá is fearr agus is aclaí leis na hathruithe a dhéanamh.

Ó Thuaidh, is dóigh go mbeifear ag súil go mbeidh airgead breise ar fáil ón bhFeidhmeannas má thagann an mBille teanga chun cinn, agus go mbeidh tuilleadh cuidithe ar fáil.

Tá fadhb ann i gcónaí ó thaobh airgid a thabhairt do nuachtán. Tá a fhios agam gur pléadh go minic ar cheart airgead a chur ar fáil don Irish Independent, Irish Examiner The Irish Times. Bhí drogall orthu siúd roimhe sin mar bheadh faitíos orthu go mbeadh smacht ag an Stát orthu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.