Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An cheist a bhí mé ag ardú, ceist a thagair Robert McMillen é féin di, ná maoiniú. Tá rudaí ag éirí daor. Tá cló agus iriseoireacht daor agus tá costas ag baint le chuile shórt. Bhí plé ann ag pointe amháin, agus phléigh mé é seo go minic le hiriseoirí, ar cheart go mbeadh cúnamh éigin á thabhairt do na mórnuachtáin Bhéarla leathanach nó dhó, nó fiú leathleathanach, a fhoilsiú i nGaeilge. An argóint a bhí ina aghaidh sin ná gur bhraith siad go laghdódh sé saoirse eagarthóireachta. Níor chreid mé féin go dtarlódh sé sin agus ní fheicim é ag tarlú le Tuairisc.ie Anois nuair a bhí sé ann, ach sin tuairim amháin.

Tá bealach eile a d’fhéadfaí a thabhairt faoi, agus tá sé tráthúil i gcomhthéacs an Achta. Glacaim leis go mbeidh fógraíocht i nGaeilge le déanamh mar chuid den Acht agus rudaí le fógairt. Dá gcaithfí an fhógraíocht sin a chur i bpáipéar a bheadh ar fáil go forleathan ar fud Thuaisceart Éireann, ní bheadh an oiread sin roghanna ann. B’fhéidir nach mbeadh an oireadh sin dúil ag cuid de na páipéir eile ann, ach bheadh iontas ort céard a dhéanfadh airgead. Mar sin, dá mbeadh roinnt fógraíochta Gaeilge ag teacht mar go raibh Gaeilge ag an bpáipéar nuachta, agus go raibh dualgas ann fógraíocht Gaeilge a dhéanamh ar rudaí poiblí, bheadh sé sin ina fhoinse airgid. An cheist ná an bhfuil a dhóthain airgid ann chun é seo a mhaoiniú go fadtéarmach.

Bíonn daoine ag tabhairt amach faoin dualgas atá orthu faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla ó Dheas agus rudaí mar phleananna contae, srl., a aistriú. Ag pointe amháin rith an smaoineamh liom rogha a thabhairt dóibh íoc as an aistriú nó íoc isteach i gciste ginearálta a chuirfí ar aghaidh ar son leas na Gaeilge, ach ní fhéadfaidh siad éalú ón gcostas. Tá an dlí ann go gcaithfidh siad ar deireadh rudaí áirid a dhéanamh ar chúis mhaitheas. An bhfuil airgead mar fhadhb? Is léir ón méid a dúirt Robert McMillen go bhfuil fadhb ann ó thaobh maoiniú. An mbeadh fadhb ann le deontas díreach do leathanach Gaeilge, fiú nuair nach mbeadh aon smacht eagarthóireachta ag dul leis an deontas sin? Ar fearr tabhairt faoi ar bhealach indíreach, ar nós fógraíocht, nó ceann de na bealaí eile sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.