Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Mr. Robert McMillen:

Is é sin an rud is tábhachtaí agus muid ag caint ar airgead agus ar luach ar airgead. Braitheann sé ar caidé a gheobhaidh an Stát ar ais ón airgead. Cuireann muid fearadh na fáilte roimh fhógraíocht i nGaeilge - nílimid cosúil le comórtais “The Late Late Show” nach dtéann thar an Teorainn. Ba cheart d’fhógraíocht Ghaeilge a bheith ag dul ó Thuaidh fosta. Dúirt Ciaran Carson liom go raibh cara aige a bhí thíos i gCiarraí ag fleadh cheoil agus ar a bhealach ar ais dúirt Ciaran leis go bhfuil an Ghaeilge iontach láidir anois i ndeisceart Ard Mhacha. Dúirt an cara leis nach raibh a fhios aige gur tháinig an Ghaeilge chomh fada sin suas. Níor maith liom gurb é sin an dearcadh a bheadh ag daoine, go stopann an fhógraíocht Ghaeilge ag an Teorainn. Chuireamar fáilte mhór, ar ndóigh, roimh fhógraíocht agus roimh airgead a chuirfeadh ar ár gcumas daoine óga a thraenáil i gcúrsaí iriseoireachta. Mar a dúirt mé cheana féin, braitheann sé ar cé acu is daltaí meánscoile atá i gceist a thiocfadh isteach ar thaithí oibre. Tá tábhacht mór ag baint leis sin fosta, go bhfuiltear ag iarraidh daoine a fháil isteach atá ag iarraidh dul chun cinn agus a chuireann suim san iriseoireacht. Maidir le ceist na hiriseoireachta, táimid ag labhairt faoi chaighdeán ard Gaeilge agus ar iad a bheith fiosrach faoin saol. Is rud an-tábhachtach í an iriseoireacht i measc déagóirí chun suim a bheith acu sa saol.

Ar na mallaibh, chuir mé agallamh ar fhear darb ainm Peter Geoghegan ó openDemocracy, fear atá déanamh fiosrúcháin ar airgead dorcha i Sasana. Is é sin an t-airgead dorcha a fuair an DUP le fógra mór don Bhreatimeacht a chur i nuachtáin i Sasana. Tá agallamh beartaithe agam le fear darb ainm Noel Sharkey a bhunaigh eagraíocht darb ainm Stop Killer Robots. Ní ficsean eolaíochta atá i gceist leis seo mar is ollamh i róbataic é agus fuair sé amach faoin dochar atá á dhéanamh ag dróin fud fad na háite. Tá an fhadhb sin ag éirí níos measa. Tím an iriseoireacht Ghaeilge mar daoine a rachaidh isteach i scéalta mar sin.

Is ceist fhairsing í cad é ba cheart d’iriseoirí Gaeilge a bheith ag scríobh faoi. An é imeachtaí Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal labhartha na Gaeilge, an Ghaeilge amháin nó cúrsaí polaitíochta ar fud an domhain ar fad atá i gceist? Tá ceist mhór le freagairt ansin.

Leis an tábhacht a bhaineann leis na meáin Bhéarla, ó thaobh na leathnaigh Ghaeilge sna meáin Bhéarla, sílim go bhfuil sé cruthaithe againne leis na leathanaigh a thugaimid féin amach gur cineál droichid - luadh an focal “droichead” ag an gcruinniú deireanach - iad na leathanaigh Ghaeilge atá sa The Irish News. Cad é mar atá a fhios agam é sin? I mí Iúil, níor rith sé liom céard a scríobhfainn faoi don cholún "The Bluffer's Guide to Irish". Frásaí beaga Gaeilge a mbíonn i gceist de ghnáth. Ansin rith sé liom cad é an Ghaeilge a bheadh de dhíth ort dá mba ball thú den Ord Oráisteach ag siúl ar an 12 Iúil. Scríobh mé píosa faoi dhrumaí, máirseálaithe agus an cineál sin ruda. Fuair mé scairt gutháin ó fhear an lá ina dhiaidh sin a dúirt gur bhall de na hoird dhílse a bhí ann. Dúirt sé go raibh cúigear nó seisear sa lóiste aigesean a raibh an-dúil agus an-suim acu sa Ghaeilge. Léiríonn sé sin go dtig leis na leathanaigh theagaisc na Gaeilge i nuachtáin Bhéarla na droichid seo a thógáil idir dhaoine. Má thig liom daoine ón Ord Oráisteach a mhealladh, bheadh Báile Átha Cliath 4 ina pushover.

Tá féidearthachtaí móra ansin sa ghné sin amháin, is é sin an Ghaeilge mar dhroichead chun daoine eile a mhealladh isteach. Seans mór go gcuirfear leis sin leis an Acht Teanga agus Féiniúlachta atá ag teacht isteach ó Thuaidh fosta, go mbeidh an teanga níos normálta nó go gcuirfí le normalú na teanga, agus go meallfaidh é sin níos mó daoine chun í a fhoghlaim agus, tá súil agam, chun í a léamh. Is é sin, i ndeireadh thiar thall, go dtiocfadh siad go dtí The Irish Newsagus, de réir a chéile, go gcuirfidh siad suim i litríocht na Gaeilge.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.