Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 1 June 2022

Joint Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Irish Speaking Community

Foilsitheoireacht agus Léitheoireacht na Gaeilge: Plé (Atógáil)

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Iarraim ar an Teachta Moynihan an micreafón a mhúchadh toisc go gcloiseann muid an clog don vóta. Ar eagla go bhfuil daoine ag iarraidh a oibriú amach céard é an torann sin, is an clog i gcomhair vóta sa Seanad é.

Tá cúpla ceist agam. Gabhaim buíochas leis na finnéithe as an méid a thug siad dúinn go dtí seo. Bhí sé an-chuimsitheach. Déileáil siad le réimse mór leathan d'ábhair maidir leis an bhfoilsitheoireacht. Ó thaobh na leabharlann de, bhí sé spéisiúil dúinn cloisteáil an tseachtain seo caite go bhfuil chuile leabharlann sa tír, seachas leabharlanna Bhaile Átha Cliath, ag brath go huile agus go hiomlán ar dháileoir amháin. Dúradh linn nach bhfuil deis ag leabharlannaithe leabhair a cheannach ach amháin tríd an dáileoir amháin seo. Fiú más údar nó foilsitheoir áitiúil atá i gceist, níl cead ag na leabharlanna caidreamh a bheith acu leo toisc an conradh atá ann. Chuir mé ceist ar na finnéithe ina dhiaidh mar, má tá siad sásta leabhair a bhronnadh ar na leabharlanna, bheadh siad breá sásta iad a ghlacadh, ach ní sin an fáth go bhfuil daoine san fhoilsitheoireacht. Caithfear an t-ábhar a dhíol. Más buan mo chuimhne, dúirt na leabharlannaithe gur shíl siad go raibh gá d'fhoilsitheoirí a bheith cláraithe leis an dáileoir seo. Ní cuimhin liom an t-ainm a thug siad an tseachtain seo caite. Más fíor é sin, níl a fhios agam an bhfuil na foilsitheoirí atá linn inniu cláraithe. An raibh a fhios acu go bhfuil gá ann é sin a dhéanamh ionas go mbeidh na teidil atá acu san áireamh ag an dáileoir seo agus é ag déileáil le leabharlanna timpeall na tíre?

Tá ceist eile agam nár dhírigh muid isteach uirthi go dtí seo. Tá captive audience ann sna scoileanna idir mhúinteoirí agus mhic léinn. Conas is féidir linn iad a mhealladh chun níos mó leabhar Gaeilge a cheannach agus a léamh agus chun cur leis an líon léitheoirí? Luaigh Darach Ó Scolaí leabhair do dhéagóirí ach go háirithe. Conas is féidir an dream sin a mhealladh chun níos mó ná na leabhair atá ar chúrsa an teastais shóisearaigh agus iad atá ar chúrsa na hardteistiméireachta a léamh? Go minic, is é sin atá ann. Ní léann siad. Tá a fhios agam gur léigh mise gach uile leabhar a tháinig os mo chomhair agus mé ar scoil. Ba chuma sa sioc liom ach bhí daoine eile sa rang nár léigh leabhar ar bith ach na leabhair a bhí ar an gcúrsa. B'fhéidir gur féidir leis na finnéithe tabhairt faoin dá cheann sin. Tá ceist amháin eile agam ach tiocfaidh mé ar ais chuici.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.