Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Apologies have been received from Deputies Nolan and Ó Laoghaire. Deputy Ó Laoghaire and Senator O'Loughlin are being substituted respectively by Deputy Ó Snodaigh and Senator Clifford-Lee. I remind members of the constitutional requirement that they must be physically present within the confines of the place Parliament has chosen to sit, namely, Leinster House, to participate in public meetings. I will not permit members to participate where they are not adhering to this constitutional requirement. Therefore, any member who attempts to participate from outside the precincts will be asked to leave the meeting. Is that agreed? Agreed. I remind members to ensure their mobile phones are switched off for the duration of the meeting as they interfere with the broadcasting equipment, even when on silent mode. Are the minutes of the meeting of 16 November 2021 agreed? Agreed.

On behalf of the committee, I welcome Pádraig Ó Beaglaioch, oifigeach oideachais iar-bhunscoile, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta; Fíona Uí Uiginn, Gaeloideachas; Julian de Spáinn, ard-runaí, Conradh na Gaeilge; Sorcha Ní Chéilleachair, Tuismitheoirí na Gaeltachta; agus Caoimhín Ó hEaghra, ard-runaí, an Foras Pátrúnachta. Our witnesses are here today to discuss leaving certificate reform, with reference to the Irish language and Irish-medium education. I will invite Pádraig Ó Beaglaioch to make a brief opening statement, followed by Fíona Uí Uiginn, Julian de Spáinn, Sorcha Ní Chéilleachair and, finally, Caoimhín Ó hEaghra. This will be followed by questions by the committee members. Each member has an eight-minute slot to ask the questions and for the witnesses to respond. As the witnesses are probably aware, the committee will publish the opening statements on its website following the meeting.

Before I begin, I remind members of the long-standing parliamentary practice to the effect that they should not comment on, criticise or make charges against a person outside the Houses or an official either by name or in making him or her identifiable. Witnesses are reminded of the long-standing parliamentary practice that they should not criticise or make charges against a person or entity by name or in such a way as to make him, her or it identifiable, or otherwise engage in speech that might be regarded as damaging to the good name of a person or entity. Therefore, if their statements are potentially defamatory in respect of an identifiable person or entity, they will be directed by the Chair to discontinue their remarks. It is imperative that witnesses comply with any such direction.

A translation into English is provided for members who want it. I call Pádraig Ó Beaglaoich, followed by the rest of the speakers. They have four minutes each. I ask the witnesses to watch the clock because we are on time limits due to Covid. I ask them, therefore, to stick within the four minutes.

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Tabharfaidh mé beagáinín comhthéacs maidir le hacmhainní cuí. Tá 73 iar-bhunscoil agus 1,500 scoláire i gceist le hearnáil na Gaelscolaíochta ag an iar-bhunleibhéal. Maidir leis an leasú atá beartaithe don tsraith shinsearach, glactar leis go mbeidh athruithe móra ar shiollabas na n-ábhar, nó sonraíochtaí, mar a thabharfar orthu, agus go gcuirfear leis an rogha ábhar reatha. Is den riachtanas é go mbeidh soláthar iomlán d’áiseanna teagaisc agus foghlama d’ardchaighdeán ar fáil sula dtugtar isteach na sonraíochtaí agus na hábhair nua. Níl sé inghlactha go mbeadh na scoláirí seo faoi mhíbhuntáiste de bharr nach bhfreastalaíonn na foilsitheoirí oideachais ar a gcuid riachtanas. Tá raon leathan ábhar, beagnach 40 dóibh, ar fáil ag leibhéal na hardteistiméireachta agus tá obair shuntasach i gceist le freastal cuí a dhéanamh i dtaobh na n-acmhainní do na hábhair reatha, nuabhunaithe agus leasaithe.

Chuige sin, is gá go soláthrófaí na hacmhainní daonna agus airgeadais don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, COGG, leis an soláthar téacsleabhar agus acmhainní taca a chinntiú lena n-áirítear acmhainní digiteacha ar líne. Caithfear tógáil anois ar an tús maith atá déanta ag COGG i gcomhpháirt le Scoilnet agus leis an aonad um oideachas Gaeltachta ar an tairseach. Is bailiúchán d’acmhainní é atá cruthaithe ag múinteoirí do mhúinteoirí. Tá céimeanna dearfacha glactha ag TG4 Foghlaim maidir le soláthar acmhainní físe don Ghaeilge agus d’ábhair eile a mhúintear trí mheán na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Moltar go láidir go ndéanfaí tuilleadh tógála ar an obair bhunaidh seo i gcomhpháirt leis na páirtithe leasmhara in earnáil an oideachais. Moltar go tréan go ndéanfar clár sainiúil spriocdhírithe a bhunú le bonn níos láidre a chur faoi thobar litríocht do dhéagóirí sa Ghaeilge, d’fhonn a dheimhniú go mbeidh saothair chomhaimseartha litríochta d’ardchaighdeán ar fáil trí Ghaeilge do na liostaí litríochta sna seánraí éagsúla, ag leibhéil na sraithe sóisearaí agus na sraithe sinsearaí araon. Lena chois sin, baineann tábhacht nach beag le borradh breise comhaimseartha a chur faoi chúrsaí litríochta agus na healaíona dúchasacha do dhéagóirí sna ceantair Ghaeltachta a chuirfeadh leis an saibhreas atá ann cheana féin.

Tá beagán le rá agam faoi chroí-ábhair agus sonraíochtaí éagsúla. Aontaítear le polasaí an Stáit an Ghaeilge a bheith mar chroí-ábhar do gach dalta bunscoile agus gach scoláire iarbhunscoile suas go leibhéal na hardteistiméireachta, ach caithfear meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an churaclaim teanga bhunscoile agus ar fheidhmiú na sonraíochtaí Gaeilge sa tsraith shóisearach, an t-easnamh maidir le scrúdú cainte seachtrach san áireamh, sula dtugtar isteach aon sonraíocht nua ag leibhéal na hardteistiméireachta. De bharr na paindéime, níl scrúdú ceannchúrsa Choimisiún na Scrúduithe Stáit déanta ag aon scoláire ó tháinig na sonraíochtaí nua seo i bhfeidhm in 2017. Tá comhairliúchán leathan ar bun ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoi láthair maidir le dréachtsonraíochta éagsúla T1 agus T2 ach tá an-mhíshástacht léirithe faoin bhféidearthacht seo i measc scoláirí, tuismitheoirí agus múinteoirí sna scoileanna T1 de bharr go bhfuiltear ag súil go dtabharfaí grúpa amháin scoláirí faoi shonraíocht agus faoi mheasúnú ag leibhéal níos dúshlánaí ná scoláirí eile gan aon bhuntáiste soiléir dlite dóibh. Go deimhin, tá sé tuairiscithe ag príomhoidí agus ceannairí oideachais gur buille mór d'iarbhunscoileanna na Gaeltachta agus do Ghaelcholáistí na tíre a bheadh anseo agus go dtiocfaidh laghdú seachas méadú ar líon na scoláirí a dhéanfaidh freastal ar iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta dá bharr. Lena chois sin, ní mór an cinneadh maidir leis an mbonnleibhéal a fhágáil ar lár a cheistiú ós rud é go bhféadfadh cinneadh dá leithéid drochthionchar a imirt ar líon na ndíolúintí amach anseo.

Labhróidh mé anois faoi roghanna measúnaithe do Ghaeilge na hardteistiméireachta. Maidir le scrúduithe ardteistiméireachta Choimisiún na Scrúduithe Stáit sa Ghaeilge, is léir go bhfuil fadhbanna móra ann de bharr intuarthacht na gceisteanna sa scrúdú ceannchúrsa. Is fíor é seo maidir leis an scrúdú cainte ach go háirithe. Níl an scrúdú iontaofa ná bailí de bharr go mbíonn suas le dhá bhliain ag iarratasóirí tromlach d'ábhar an scrúdaithe a fhoghlaim de ghlanmheabhair. Anuas air sin, bronntar 40% de na marcanna iomlána ar scrúdú cainte réamhullmhaithe nach leanann thar 15 nóiméad agus tá sé seo ag cur torthaí na hardteistiméireachta don Ghaeilge as riocht. Is den riachtanas é go leanfar le scrúdú cainte faoi stiúir Choimisiún na Scrúduithe Stáit mar chuid de mheasúnú na Gaeilge san ardteistiméireacht le scrúdaitheoirí seachtracha agus córas modhnaithe. Moltar athstruchtúrú a dhéanamh ar an scrúdú cainte ionas nach mbeidh sé intuartha agus moltar go mbunófaí é agus an measúnú scríofa ar an bhfráma tagartha comónta Eorpach, FTCE.

Mar fhocal scoir, cé go n-aithnítear go bhfuil céimeanna chun feabhas le sonrú ó thús an pholasaithe don oideachas Gaeltachta i leith na bunscoile, ní dhéanfar fís iomlán na bhforbairtí riachtanacha uile a réadú mura gcuirtear acmhainní breise foirne agus maoinithe ar fáil chun tabhairt faoi na tionscadail uaillmhianacha atá de dhíth. Gabhaim buíochas leis an gcomhchoiste as an gcluas éisteachta agus as an deis labhartha.

Ms Fíona Uí Uiginn:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis a thabhairt do Ghaeloideachas teacht i láthair anseo inniu agus labhairt leis faoi na dréachtsonraíochtaí Gaeilge ardteistiméireachta a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnaithe, CNCM, i mí Feabhra na bliana seo.

D'iarr an coiste oideachais, coiste atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge agus ar a bhfuil ionadaithe ó 14 de na heagraíochtaí a bhfuil cur chun cinn na Gaeilge mar chuid dá gcúram, orm féin agus ar an iar-ollamh le hoideachas i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, an tOllamh Áine Hyland, plécháipéis a scríobh ag déanamh mionanailíse ar na dréachtsonraíochtaí, na príomhúdair atá ag cothú conspóide agus imní i measc an phobail ó foilsíodh iad a aithint agus moltaí a dhéanamh bunaithe ar an anailís sin.

I dtosach báire, rinneamar anailís ar ábhar na ndréachtsonraíochtaí. Thángamar den tuairim go bhfuil easpa eolais iontu faoin ábhar a bheidh le múineadh ag na múinteoirí agus le foghlaim ag na daltaí. Tá cur síos déanta ag go leor daoine ar an easpa eolais seo ó foilsíodh na dréachtsonraíochtaí agus níl an t-am againn dul isteach sa scéal sin arís inniu.

Ba é an dara rud a rinneamar ná féachaint ar na mórcheisteanna córasacha nó sistéamacha atá ag cothú go leor den imní agus den mhíshuaimhneas sa phobal. Is é an chéad rud ar fhéach muid air ná oiriúnacht an mhúnla T1 agus T2 don ardteistiméireacht. Tháinig an múnla nua seo atá ann, an múnla T1 agus T2, isteach ag leibhéal na sraithe sóisearaí in 2017 ach, mar a dúirt Pádraig Ó Beaglaioch ansin, níl aon scrúdú déanta bunaithe air fós de bharr na paindéime. Níl aon athbhreithniú déanta air, cé go bhfuil ceann tosaithe anois ag an CNCM. Ba chóir go mbeadh an t-athbhreithniú seo déanta agus an t-aiseolas curtha ar fáil sular socraíodh ar an múnla céanna a úsáid don ardteistiméireacht.

Faoin múnla nua ardteistiméireachta, ní bheidh aon scrúdú ag an mbonnleibhéal ar fáil. Is scrúdú fíorthábhachtach atá sa bhonnleibhéal do chohórt daltaí nach bhfuil chomh láidir sin sa teanga. Mar a dúirt Pádraig Ó Beaglaioch, gan cúrsa bonnleibhéil, tá an baol ann go mbeidh ardú mór ar líon na scoláirí a bheith ag lorg díolúine ón nGaeilge san ardteistiméireacht. Tá an líon seo ag cothú imní mar atá sé i láthair na huaire.

Céard faoi rogha idir T1 agus T2? Níl sé soiléir ó na dréachtsonraíochtaí an mbeidh an tsonraíocht nua seo T1 roghnach nó éigeantach do na scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Gan an t-eolas seo, tá an tuairim ag teacht chun cinn sa dioscúrsa poiblí go mbeidh ar scoláirí i scoileanna T1 tabhairt faoi chúrsa Gaeilge atá níos dúshlánaí gan aon chúiteamh a bheith curtha ar fáil dóibh as an obair bhreise a bhainfidh leis seo. Cén fáth go dtabharfadh aon dalta i scoil T1 faoin gcúrsa seo? Mura mbeidh an cúrsa T1 éigeantach, cad a chuirfeadh orthu an scrúdú níos dúshlánaí a dhéanamh? Arís, níl aon eolas sna dréachtsonraíochtaí faoi seo. Tá cúpla beart luaite sa pholasaí don oideachas Gaeltachta ach ní bheidh na bearta atá luaite ansin tarraingteach go leor le daltaí a mhealladh le tabhairt faoi chúrsa ag leibhéal na hardteistiméireachta - scrúdú atá chomh tábhachtach sin don dalta - agus an obair bhreise sin a dhéanamh dá ndeoin féin mura mbeidh cúiteamh ceart ar fáil dóibh.

Cad iad na moltaí atá déanta agam féin agus ag an Ollamh Hyland? Ní féidir leis na dréachtsonraíochtaí, mar atá siad leagtha amach faoi láthair, freastal ar na riachtanais atá ag na scoláirí ar fad. Is gá féachaint ar an múnla T1 agus T2 seo arís agus ceist a chur faoina oiriúnacht do scrúdú na hardteistiméireachta. Níl an status quoag freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais ná cainteoirí cumasacha Gaeilge. Tá deis ann anois, le sonraíochtaí nua, dul i ngleic leis an gceist seo agus sonraíochtaí a dhearadh atá in oiriúint do na spriocghrúpaí éagsúla ar fad den chéad uair. Chuige seo tá fráma nó múnla eile, seachas an córas T1 agus T2, á mholadh againn. Dar linn, tá dhá bhealach ann leis seo a dhéanamh. Feicfidh na baill sna cóipeanna den ráiteas tosaigh atá acu an dá rogha.

Faoi rogha 1, beidh bonnleibhéal, gnáthleibhéal, ardleibhéal agus leibhéal nua, sárleibhéal, ar fáil. Bheadh an scrúdú sárleibhéil dírithe ar chohórt daltaí atá cumasach sa Ghaeilge. Bheadh deis acu caighdeán níos airde a bhaint amach i labhairt agus scríobh na teanga. Chun daltaí a mhealladh le tabhairt faoin leibhéal seo, caithfear pointí breise CAO a bheith ag dul leis.

Maidir leis an dara rogha atá curtha os comhair an choiste againn, bheadh bonnleibhéal, gnáthleibhéal agus ardleibhéal ar fáil, mar atá siad faoi láthair, ach dhéanfaí ábhar nua, saíocht agus litríocht na Gaeilge, a fhorbairt freisin. Bheadh an t-ábhar sin ar fáil do dhaltaí a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ábhar mar sin ar an mbonn céanna le mata agus mata fheidhmeach. Tá na buntáistí a bhaineann leis an dá rogha sin sonraithe agam sa ráiteas tosaigh. Ní rachaidh mé isteach iontu anois.

Mar fhocal scoir, déarfaidh mé gur scrúdú fíorthábhachtach i saol an scoláire í an ardteistiméireacht. Is scrúdú é a bhfuil go leor ag brath air. Ní ceart athrú chomh mór leis an gceann seo atá beartaithe sna dréachtsonraíochtaí a dhéanamh maidir leis an nGaeilge - ábhar a bhfuil tábhacht níos leithne ag baint leis - gan na himpleachtaí a mheas go cúramach. Is é an chomhairle atá ag Gaeloideachas ag an bpointe seo ná go gcuirfí aon chinneadh faoi shonraíocht nua Ghaeilge sa tsraith shinsearach nó san ardteistiméireacht ar leataobh go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus na torthaí ar fáil. Nuair a bheidh sé sin déanta, iarraimid ar na baill, polaiteoirí ar spéis leo todhchaí na teanga, a chinntiú go gcuirtear na moltaí atá déanta agam féin agus ag an Ollamh Hyland sa phlécháipéis san áireamh agus go ndéantar fráma nua a dhearadh don Ghaeilge ag leibhéal na hardteistiméireachta, fráma a fhreastalóidh i gceart, don chéad uair, ar riachtanais fhoghlama gach dalta sa tír.

Mr. Julian de Spáinn:

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh don chonradh a bheith i láthair inniu chun labhairt maidir le hathbhreithniú ar an ardteistiméireacht. Tacaíonn an conradh go láidir leis na moltaí déanta sa phlécháipéis, curtha le chéile ag Fíona Uí Uiginn agus an tOllamh Áine Hyland, a fhreagraíonn do dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na sraithe sinsearaí T1 agus T2 a foilsíodh do chomhairliúchán de chuid an CNCM atá ar siúl go dtí an 30 Samhain. Síleann muid go bhfuil an phlécháipéis seo thar a bheith ábhartha don obair atá ar siúl ag an gcomhchoiste seo maidir leis an athbhreithniú ar an ardteistiméireacht agus tá súil agam go mbeidh an comhchoiste sásta aighneacht a chur ar aghaidh chuig an CNCM.

I measc na moltaí sa phlécháipéis, luaitear gur chóir go mbeadh comhtháthú idir an ardteistiméireacht agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Tá an moladh seo loighciúil, ciallmhar agus bheadh sé faillitheach gan glacadh leis. Tá sprioc uaillmhianach leagtha amach i mBille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, atá le hachtú roimh dheireadh na bliana, go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí faoi 2030 inniúil sa Ghaeilge.

Is é leibhéal B2 ar an FTCE an caighdeán is mó a luaitear go hidirnáisiúnta mar bhunriachtanas le go mbeadh duine in ann feidhmiú i dteanga ar bith i gcomhthéacs gairmiúil. Tá deis ann a chinntiú go mbeidh an caighdeán seo ag cuid de na daltaí scoile, agus go mbeidh a fhios ag na daltaí eile cén áit atá siad ar an bhfráma céanna, tar éis dóibh cúrsa na hardteistiméireachta a chur i gcrích.

Chabhródh úsáid an FTCE, chomh maith le rochtain, comhionannais agus folláin an dalta, toisc go bhféadfadh an córas a bheith an-solúbtha go deo sna bealaí seo a leanas. D‘fheadfadh na leibhéil éagsúla ar an bhfráma agus na próifíl teanga a bhaineann leo freastail ar chumas daltaí le Gaeilge mar a gcéad teanga agus daltaí ag foghlaim na Gaeilge mar dara teanga. D’fheadfadh an fráma freastail ar dhaltaí scoile a thagann isteach sa chóras déanach; mar shampla d’fhéadfadh dalta ag teacht isteach sa chóras oideachais in Éirinn don chéad uair i rith na tríú bliain sa mheánscoil an leibhéal A1 a dhéanamh sa Ghaeilge agus na pointí cuí CAO a bhronnadh air nó uirthi. D’fheadfadh an fráma freastail ar dhaltaí scoile le deacrachtaí foghlama; mar shampla d’fhéadfadh dalta le deacrachtaí scríobh díriú ar labhairt na Gaeilge amháin ar an bhfráma agus na pointí cuí CAO a bhronnadh air nó uirthi. Chabhródh seo leis an líon daltaí ag lorg díolúine a laghdú go suntasach agus d’fheadfadh sé cabhrú leis an scarúint agus an t-idirdhealú a dhéantar ar dhaltaí nach ndéanann staidéar ar an nGaeilge a stopadh. Bheadh an córas seo ag freastail ar chumas an dalta in ionad an córas reatha nach bhfuil solúbtha agus nach ndéanann freastail shásúil ar chumas an dalta. Deis amú a bheidh ann mura n-úsáidtear an FTCE san ardteistiméireacht agus beidh an baol ann go mbeidh glúin eile ag fágáil na scoile le scileanna agus straitéisí scrúdaithe seachas inniúlacht teanga agus chumarsáide. Céard is fiú do chuid amháin den Rialtas a bheith ag brú ar aghaidh leis an FTCE agus an chuid eile ag déanamh neamhaird air?

Ó thaobh príomhréimsí ábhair do ardteistiméireacht de, creideann Conradh na Gaeilge go láidir nár chóir aon athrú a dhéanamh ar stádas na Gaeilge mar chroí-ábhar ardteistiméireachta a dhéanann gach dalta staidéar uirthi. Níl an t-am agam inniu dul tríd na fáthanna ar fad gur chóir í a choinneáil mar chroí-ábhar ach tá cuid acu mar aguisín leis na nótaí. Ba mhaith liom a chur ar an taifead go bhfuil móramh mór sa phobal taobh thiar don Ghaeilge mar chroí-ábhar; 64% de réir suirbhé Kantar in 2019, agus níl ach mionlach an-bheag, 14% de réir an tsuirbhé céanna, ar son an stádais a athrú. Bheadh aon dalta nach ndéanann an Ghaeilge don ardteistiméireacht ag cailliúint amach ar go leor leor deiseanna fostaíochta agus gairme. Ba cheart na fadhbanna leis an nGaeilge sa chóras oideachais a dheisiú in ionad iad a sheachaint.

Chuige sin, tá súil agam go dtacóidh an coiste leis an éileamh eile atá againn go mbeadh polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Tinte a mhúchadh go rómhinic a bhíonn ar siúl againn in ionad pleanáil go cuimsitheach, go comhtháite agus go fadtéarmach don Ghaeilge sa chóras oideachais. Is é sin an fáth, roimh an olltoghchán in 2020, gur chuir an feachtas "#Gaeilge4All" moladh chun cinn leis na páirtithe polaitiúla gur chóir go mbeadh polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal ann. Chuimseodh an polasaí an Ghaeilge sa chóras oideachais ag gach leibhéal agus i ngach earnáil, leis an trí chroí-pholasaí seo a leanas san áireamh sa pholasaí: an polasaí oideachais Gaeltachta reatha; polasaí don Ghaelscolaíocht, a fógraíodh le déanaí agus atá le forbairt; agus polasaí don oideachas a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla. Bheadh an páirt-tumoideachas, tumoideachas iomlán, an curaclam, sonraíochtaí, oiliúint múinteoirí, bunú Gaelscoileanna, díolúintí, measúnú agus eile san áireamh. Bheadh ciall agus ceangal comhtháite le foghlaim na Gaeilge don dalta sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil go dtí scrúdú na hardteistiméireachta agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal. Ag dul ar ais go dtí na moltaí faoin FTCE, d’fheadfadh an polasaí seo, ag gach leibhéal, úsáid a bhaint as an FTCE. Tá breis eolais faoin moladh seo sna haguisíní arís.

Gabhaim buíochas le baill an choiste as an deis a bheith leo inniu arís. Mar fhocal scoir, ba mhaith linn trí rud a iarraidh ar an gcomhchoiste a chur san áireamh, go háirithe, sa tuarascáil faoin ardteistiméireacht. Ar dtús, táimid ag lorg tacaíocht ón gcomhchoiste do na moltaí sa phlécháipéis ar na sonraíochtaí a thagair mé dóibh cheana agus aighneacht a chur ar aghaidh sa phróiseas comhairliúchán de chuid an CNCM roimh 30 Samhain. Freisin, táimid ag lorg tacaíocht ón gcomhchoiste don Ghaeilge mar chroí-ábhar ardteistiméireachta a dhéanann gach dalta staidéar uirthi ag leibhéal na hardteistiméireachta. Agus ar deireadh táimid ag lorg tacaíocht ón gcomhchoiste do pholasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal le húsáid an FTCE mar dhlúthchuid de sin.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Ar dtús, ar mhaithe le mo chuid cainte a chur i láthair i gceart, ba mhaith liom eolas a thabhairt faoi chúlra Thuismitheoirí na Gaeltachta agus an obair a bhíonn ar bun againn. Bunaíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta i nGaeltacht na Gaillimhe in 2011 le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí atá ag tógáil clainne le Gaelainn nó ar mian leo a leithéid a dhéanamh. Grúpa tuismitheoirí a tháinig le chéile i dtús ama agus ba léir ón dtús go raibh an-éileamh ar a leithéid. Táimid ag fás agus ag forbairt ó shin agus faoi láthair tá maoiniú á fháil againn ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá dualgas náisiúnta Gaeltachta orainn agus tá seisear fostaithe ag an eagraíocht. Is iad Tuismitheoirí na Gaeltachta an ceanneagraíocht i réimse an teaghlaigh sa Ghaeltacht. Tá teagmháil ag Tuismitheoirí na Gaeltachta le os cionn 1,600 teaghlach sa Ghaeltacht.

Is í an Ghaeltacht an dualgas atá ar Thuismitheoirí na Gaeltachta agus is ar an nGaeltacht a bheadsa ag trácht inniu. Ní shin le rá nach bhfuil ceisteanna le plé faoi na hábhair chéanna lasmuigh den Ghaeltacht, ach ní shin an cúram ná an dualgas atá orainn. Is i réimse an teaghlaigh a bhíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta ag obair; níl dualgas réimse an oideachais ar Thuismitheoirí na Gaeltachta, cé go bhfuil dualgas áirithe abhcóideachta ina leith orainn. Glacaimid leis an dualgas seo ar ndóigh agus is mór againn an deis i gcónaí cás na dteaghlach Gaeltachta a phlé i réimsí agus earnálacha éagsúla. Tá ról tábhachtach agus lárnach ag an tuismitheoir agus ag an teaghlach i gcúrsaí oideachais. Tá cearta bunreachtúla i gceist agus is ar an mbonn seo a bhímid i mbun abhcóideachta i réimse an oideachais.

Táimid anseo inniu le hathchóiriú na hardteistiméireachta a phlé agus ag díriú ar an nGaelainn agus ar an oideachas trí mheán na Gaelainne. Is oth liom féin agus is cúis díomá do Thuismitheoirí na Gaeltachta nach bhfuil an Ghaeltacht ná an t-oideachas Gaeltachta luaite sa chur síos seo. Tá an-imní ar Thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfágfar an Ghaeltacht in áit na leathphingine sa phróiseas seo ar fad. Tá difríochtaí bunúsacha, suntasacha agus sonracha idir scoil Ghaeltachta agus Gaelscoil taobh amuigh den Ghaeltacht, agus gach a mbaineann léi: daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí, pobal, córas pleanála teanga, cearta teanga agus cearta oideachais. Agus sinn ag díriú ar an gcúrsa nua atá molta don ardteistiméireacht, nílimse róchinnte an bhfuil aon bhéim curtha ar an éagsúlacht seo nó an bhfuil sé san áireamh fiú sa phróiseas sin nó go deimhin sa phróiseas seo faoin athchoiriú atá faoi chaibidil inniu againn.

Braitheann muintir na Gaeltachta go bhfuilid fágtha ar lár. Tá múinteoirí Gaeltachta thar a bheith míshuaimhneach agus go deimhin níl seachtain ann ó labhair duine acu amach go poiblí. Cé gur duairc an léargas a thug sí ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht, b’ardú croí a bhí sa mhéid a bhí le rá aici. Níl Tuismitheoirí na Gaeltachta anseo le hionadaíocht ná abhcóideacht a dhéanamh ar son múinteoirí, agus ba dhána an mhaise dúinn a leithéid a dhéanamh, ach tacaímid go láidir leis an múinteoir seo agus lena comhghleacaithe ar fud na tíre. Tá brú mór curtha ar Thuismitheoirí na Gaeltachta ó cuireadh tús leis an bpróiseas seo. Tá brú orainn bheith mar urlabhraithe oideachais, réimse oibre nach é ár réimse oibre go hiomlán é agus is mar gheall ar an easpa béime ar an nGaeltacht é seo. Níor cheart go bhfágfaí cás na Gaeltachta fúinne amháin.

Luaigh mé sa choiste seo cheana an méid atá uainne mar thuismitheoirí dár ndaoine óga, agus is léir ón méid a bhí le rá ag an múinteoir Gaeltachta a labhair mé ní ba luaithe fúithí gurb shin atá ag teastáil ós na múinteoirí chomh maith. Is é sin deis do dhaoine óga a dteanga féin a thabhairt chun saibhris agus go dtiocfaidís in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha; nó i bhfocail eile, go léireofaí meas agus tuiscint agus go dtabharfaí tacaíocht chuí do chainteoirí dúchais agus líofa Gaelainne sa chóras oideachais.

Ag féachaint ar an bpróiseas ar fad a bhain leis an gcomhairliúchán ar an gcúrsa nua ardteistiméireachta don Ghaelainn agus na deacrachtaí atá leis, an bhfuiltear ag iarraidh folús eolais a chruthú go dtí go n-ídeofar fuinneamh na múinteoirí, go mbrisfear spiorad na dtuismitheoirí ar mian leo go mbeadh a gcuid leanaí ina gcainteoirí cumasacha agus muiníneacha ina dteanga féin? Tá íobairt agus iarrachtaí móra déanta ag na tuismitheoirí seo le Gaelainn a thabhairt dá gclann agus a gcroíthe cráite ag córas easnamhach atá ag sú na teanga astu. Tá scéalta cloiste againn ó thuismitheoirí a bhrisfeadh do chroí. Luaim duine óg agus cainteoir cumasach ag foghlaim script de ghlanmheabhair don scrúdú cainte le focail choimhthíocha nua-chumtha sa chaighdeán oifigiúil ná raibh riamh sa chaint mar gurb shin atá le déanamh sa scrúdú sin le go dtuigfear duine. Luaim duine óg cumasach eile, cainteoir a sheasfá sa sneachta ag éisteacht leis nó léi, a raibh fíor-dheacrachtaí aige nó aici i gcúrsa tríú leibhéal sa Ghaelainn mar gheall ar an bhfreastal easnamhach ar chainteoirí dúchais sa chóras oideachais sa Ghaeltacht. Cén bhail a táimid ag cur ar ár ndaoine óga agus ar ár dteanga?

Mura spreagfar daoine óga, mná agus fir óga ábalta na Gaeltachta, teacht in inmhe mar chainteoirí cumasacha, muiníneacha, cad atá i ndán don Ghaeltacht? Ba dhóigh le duine gurb é an sprioc atá leis seo ar fad, ná nach mbeadh fágtha ach corr theaghlach anseo is ansiúd ag caint i dteanga rúnda nach dtuigeann éinne ach iad féin. Seo mar a thugtar faoi theanga-dhíothú agus seo mar a thugtar faoi chine-dhíothú. Tá sé luaite againne cheana agus ag dreamanna eile go gcruthóidh sé seo scoilt sa phobal Gaeltachta, muna bhfuil sé cruthaithe cheana féin. An é seo a theastaíonn ón Roinn Oideachais? An chun leasa na teanga é muintir na Gaeltachta a chur in aghaidh a chéile? An iad an Roinn Oideachais agus an NCCA a chneasóidh an chréacht agus an scoilt, má théann an scéal seo níos faide? Ní hiad ach fágfar faoi mhuintir na Gaeltachta, faoi na scoileanna agus faoi na heagraíochtaí pobail agus teanga é. Ní féidir an t-ualach seo a leagan orainne. Seo ualach don Roinn Oideachais agus don NCCA.

Iarraimid dá réir go ndéanfaí machnamh ceart air seo. Déanaimis é seo i gceart. Éilíonn Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar mhaithe leis an nGaeltacht agus le slánú na bpobal teanga atá fágtha, agus chun go dtiocfadh an chéad ghlúin eile faoi bhláth, go gcuirfí stop iomlán leis an bpróiseas seo. D’éilíomar cheana go gcuirfí córas ar bun le hiniúchadh ceart a dhéanamh ar an bhfreastal cuí teanga agus oideachais sa Ghaeltacht agus éilímid é sin arís inniu. Déantar iniúchadh ceart ar an gcóras sa tsraith shóisearach mar atá á éileamh ag na dreamanna éagsúla. Is léir go bhfuil an-mhíshástacht leis seo sa Ghaeltacht. Mura bhfuil an bhunchloch cheart ann, is cuma cad a chuirfear leis, ní oibreoidh sé.

Caithfear deis a thabhairt dár ndaoine óga barr a gcumas féin sa teanga a bhaint amach, is cuma cén cumas é sin, agus nach gceilfí a gcearta teanga ná a gcearta oideachais orthu.

Cuirfidh mé críoch leis an bpíosa cainte seo le ceist, agus bímis ionraic, fírinneach, macánta á freagairt. An bhfuilimid ag iarraidh go mairfeadh an Ghaeltacht? Ná teipimis, ná loicimis, ná clisimis ar ghlúin eile de chainteoirí dúchais, ár ndaoine óga breátha, slánú na Gaeltachta, agus an chéad ghlúin eile.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Is pátrún náisiúnta é An Foras Pátrúnachta a bhunaíonn agus a bhainistíonn scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbun agus ag an dara leibhéal agus breis is 17,000 dalta ag freastal ar ár scoileanna faoi láthair. Tá An Foras Pátrúnachta ag iarraidh go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge den scoth ar fáil do gach páiste sa tír ag an mbun agus ag an dara leibhéal. Tá sé glactha go forleathan gur ceann de na polasaithe is rathúla sa Stát é an Gaeloideachas le tumoideachas iomlán, nó go deimhin gurb é an polasaí is rathúla, maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Téann daltaí tríd an gcóras agus tagann siad amach mar Ghaeilgeoirí. Léiríonn gach taighde go bhfuil 25% de thuismitheoirí ag éilimh an mhúnla seo dá bpáistí. Cén fáth mar sin nach bhfuil an Roinn ag tapú an deis trí thacaíocht ghníomhach dhearfach a thabhairt chun an earnáil a leathnú agus polasaí an Stáit a fheidhmiú?

Tá ról agus tábhacht na scoileanna maidir leis an nGaeilge aitheanta i straitéis 20 bliain na Gaeilge, straitéis a fuair tacaíocht thraspháirtí agus a fhanann ina beartas Rialtais ainneoin go bhfeictear gur beag an dul chun cinn atá déanta ina leith agus muid breis is leathbhealach isteach sa tréimhse sin. Teastaíonn comhtháthú agus idirnascthacht idir an Roinn Oideachas, Roinn na Gaeltachta agus na Ranna Stáit eile maidir le ceist na Gaeilge, rud atá riachtanach chun go mbainfear spriocanna na straitéise amach. Táimid ag plé shonraíochtaí na hardteiste inniu, ach ceann de na bunphointí atá ann ná nach bhfuil deis ag dóthain daltaí an ardteist a dhéanamh trí Ghaeilge. Braitear nach n-éascaíonn an córas an próiseas go gníomhach le leithéidí an fhorais chun aidhmeanna a straitéise féin a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh beartas dearfach ag an Stát maidir le Gaelcholáistí a bhunú. Níor chóir go mbeadh pobail á ndiúltú nuair a léiríonn siad éileamh do Ghaelcholáiste. Is faillí atá déanta ar an bpobal é seo agus is léiriú neamhaird iomlán ar bheartais an Stáit é.

Maidir leis na dréachtsonraíochtaí féin, tá An Foras Pátrúnachta an-bhuartha nach léiríonn cur chuige An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, ach amháin go bhfuil sí ag caitheamh le ceist na Gaeilge mar ábhar scoile atá le staidéar. Tá an Ghaeilge fite fuaite lenár bhféiniúlacht, lenár gcultúr agus lenár n-oidhreacht. Tá ról ríthábhachtach ag an Stát ina caomhnú. Ní mór don Roinn Oideachais breathnú ní amháin ar shonraíochtaí ar shiollabas agus ar churaclam a oireann do spriocanna, do mhianta, do bheartas an Rialtais i gcoitinne ach ar cheann a fhreastalaíonn ar chearta teanga gach uile dhuine sa tír. Tá cearta ag na daltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ar shonraíocht lena n-ullmhófar iad sa teanga atá roghnaithe acu. Ullmhúchán a thugann an cumas dóibh feidhmiú sa saol as Gaeilge. Agus é seo á bhaint amach, caithfear cinntiú nach ndéantar neamhaird orthu siúd sna scoileanna ina ndéantar teagasc trí Bhéarla.

Is mian leis An Foras Pátrúnachta béim faoi leith a leagan ar an bpointe seo a leanas. Tá an tsraith shinsearach reatha róbhunúsach do dhaltaí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Ghaeilge. Teastaíonn go dtógfaí ar an líofacht atá bainte amach acu. Cuirimid fáilte roimhe go bhfuil an cheist seo i measc théarmaí tagartha an athbhreithnithe. É sin ráite, tá sé riachtanach go mbeadh spreagadh agus cúiteamh ar fáil do dhaltaí as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh, mar shampla, pointí bónais. Tá imní ann gur teip a bheadh i ndán don chúrsa nua mura mbeidh cúiteamh ann. Tá imní léirithe ag múinteoirí nach mbeidh daltaí meánleibhéal sásta tabhairt faoi chúrsa níos dúshlánaí, gan aon chúiteamh ann dóibh. D’fhéadfadh seo dochar tromchúiseach a dhéanamh do cheantair Ghaeltachta agus don oideachas lán-Ghaeilge. Caithfear dul i ngleic leis an gceist seo mar chuid den phróiseas.

Molann An Foras Pátrúnachta mar aon lenar gcomhpháirtithe Gaeilge go mbreathnófaí go dáiríre ar na moltaí atá ag teacht chun cinn ón earnáil, go háirithe an moladh maidir le dhá chúrsa Gaeilge a chruthú: cúrsa comónta bunaithe ar shealbhú na teanga a dhéanfadh chuile dhalta sa tír chomh maith le cúrsa litríochta agus saíochta faoi leith. Tá fasach de seo cheana féin nuair a bhreathnaítear ar mhata agus ar mhata fheidhmeach. Ní gá go mbeadh an cúrsa teoranta do Ghaelcholáistí. Bheadh scoileanna meáin Béarla in ann an cúrsa saíochta a ofráil freisin dá mba mhian leo. Gabhaim buíochas as ucht an deis a thabhairt dúinn ár gcás a chur faoi bhráid an choiste.

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I thank all the witnesses. Our first questioner is Deputy Ó Snodaigh, followed by Senator Mullen. I ask that the members direct their questions to a specific witness, and if a witnesses wants to participate in a reply, he or she can indicate to me and I will let him or her in. We will try to stick to the time limits.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad. Bhí roinnt acu os mo chomhair cheana féin nuair a bhí Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ag déileáil leis seo. Tá súil againn an tuarascáil a chríochnú agus aighneacht a chur isteach an tseachtain seo chugainn chuig An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Tá mo cheist gafa leis an méid a bhí le rá ag Caoimhín Ó hEaghra ag deireadh a ráitis agus an méid a dúirt Fíona Uí Uiginn chomh maith. Baineann an cheist leis an malairt atá ann. Cad é go díreach atá i gceist má théann muid ar aghaidh leis an gcúrsa T1 agus T2 mar atá sé faoi láthair, an síleann na finnéithe go dteipfeadh go hiomlán air gan cúiteamh nó pointí bónais? Cén sórt cúitimh eile a bheadh i gceist? Tá sé feicthe againn cheana, nuair a bhíonn riachtanas ag an Stát, gur féidir leis seasamh isteach ó thaobh mata fheidhmigh de agus rudaí eile agus acmhainní breise a thabhairt don scoil nó don ábhar. Cad é tuairim na bhfinnéithe faoi sin?

Ms Fíona Uí Uiginn:

Is féidir liomsa an cheist sin a fhreagairt. Maidir leis na moltaí atá déanta againn, is é an buntáiste a bhainfeadh leo seachas T1 agus T2 ná go mbeidís oscailte do gach dalta. Ní bheadh aon deighilt ann idir na Gaelcholáistí agus scoileanna iomlána. Mar is eol dúinn, tá neart áiteanna ar fud na tíre nach bhfuil Gaelcholáiste ar fáil ann agus bheadh na sonraíochtaí atá molta againne oscailte – bhíodh sé mar rogha 1 nó rogha 2 – do gach dalta i ngach scoil dá mba mhian leo tabhairt faoi. Is buntáiste é sin a bhainfeadh leo. Níl sé soiléir faoi láthair cad iad na dreasachtaí nó incentives atá á chur ar fáil. Tá cúpla rud luaite sa pholasaí oideachais Gaeltachta mar a luaigh mé. Na bearta atá luaite acu, ní bheidís tarraingteach go leor le formhór na ndaltaí a mhealladh ina dtreo. Is cinnte nach mbeadh siad mealltach d’aon duine a bheadh ag freastal ar scoil T2 nó d’aon phríomhoide chun an t-ábhar a chur ar fáil. Is fiú smaoineamh ar an gcomhthéacs ina bhfuilimid ag feidhmiú ann. Is é sin ná go bhfuil 25 pointe bónais bhreise ar fáil don té a thugann faoi mhata san ardteist. Tá daltaí, mar is eol dúinn, an-straitéiseach ag leibhéal na hardteiste. Níl siad chun roghnú cúrsa atá níos dúshlánaí a dhéanamh gan aon chúiteamh a bheith ar fáil dóibh.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar mhaith le Sorcha aon rud a rá mar thuismitheoir ón nGaeltacht? An mbeadh na daltaí nó na tuismitheoirí a ndéileálann sí leo sásta an cúrsa mar atá sé leagtha amach faoi láthair a ghlacadh?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Is cinnte sa mhéid atá leagtha amach sa phróiseas comhairliúcháin bunaithe air, níl aon ghlacadh leis sin ó thaobh easpa eolais agus ó thaobh na pointí bónais go háirithe. Ach tá an cheist seo níos leithne ná pointí bónais amháin. Ba cheart dúinn a bheith ag díriú agus ag cur níos mó béime ar an bhfealsúnacht a bhaineann leis seo ar fad. Is é sin ná an freastal ar an gcainteoir dúchais agus ar an gcainteoir líofa sa chóras oideachais agus conas an freastal ceart sin a dhéanamh. Ar ndóigh, caithfimid oibriú laistigh den chóras atá i bhfeidhm faoi láthair. Caithfidh athchomhaireamh teacht ar sin. Tá an t-athchomhaireamh sin á phlé againn inniu agus na pointí ardteiste. Is é sin an áit a dtagann na pointí isteach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tiocfaidh mé ar ais chuig Caoimhín Ó hEaghra agus Pádraig Ó Beaglaoich mar luaigh sé ag tús an chruinnithe é. Ó thaobh múineadh na Gaeilge de, cad é an dúshlán is mó do Ghaelcholáistí? An é na hacmhainní nó na múinteoirí cáilithe nó an spás chun níos mó daltaí a thógáil isteach sna Gaelcholáistí?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Iad ar fad, más féidir é sin a rá. Ba é an bunphointe a bhí á dhéanamh againn ná an easpa comhtháthaithe a shíltear atá idir polasaí na Roinne ó thaobh bhunú scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal agus straitéis na Gaeilge, agus na haidhmeanna atá le baint amach má tá 20% de na státseirbhísigh le bheith earcaithe le Gaeilge.

Cá as an bhfuil siad le teacht mura bhfuil cúrsaí ann atá feiliúnach ann dóibh agus scoileanna chun na cúrsaí sin a sholáthar ag an leibhéal Gaeilge cuí?

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Aontaím leis an méid a bhí le rá ag Caoimhín ansin. Tá tú ag caint ar gach rud, beag nó mór. Luaigh mé féin cuid de na rudaí seo le linn an ráitis. Abair ó thaobh na litríochta dó, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh saothar litríochta atá comhaimseartha, nua-aoiseach agus mealltach ann, agus bheinn ag moladh go láidir go mbeadh clár sainiúil, sprioc-dhírithe ann le cur leis an tobar litríochta sin. Chomh maith leis sin, i gcomhthéacs na dtéacsleabhar, bíonn scoileanna, múinteoirí agus tuismitheoirí ag gearán agus tá an ceart acu mar níl a dhóthain téacsleabhair ar fáil trí mheán na Gaeilge. Níl na hacmhainní foirne ag COGG i láthair na huaire leis an bhfreastal cuí a dhéanamh. Níl againn ach beirt oifigeach oideachais ag leibhéal na hiar-bhunscoile a bhíonn ag freastal ar na hacmhainní cuí a sholáthar, agus is mé féin duine díobh sin. Tá gá cur leis an bhfoireann go mór agus go suntasach. D’fhreagródh sé sin cuid de na ceisteanna ach ní an leigheas ar an rud iomlán é.

Luaigh Sorcha níos luaithe na hábhair bhuartha atá ag muintir na Gaeltachta. Fiú agus mé ag tagairt don litríocht féin, caithfear breathnú chomh maith ar an litríocht chomhaimseartha do dhéagóirí Gaeltachta agus cur leis an tobar sin. Tá oidhreacht agus stair fíor-shaibhir ag baint le litríocht agus le húdar na Gaeltachta. Is ceisteanna iad seo ar fad go gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu go dáiríre agus go práinneach.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ceann de na fadhbanna atá agamsa leis an gcomhairliúchán seo ar fad ná nach bhfuil an t-athbhreithniú déanta ar an teastas sóisearach. Níl sé sin tarlaithe, fiú mar a bhí i gceist, agus tá muid ag bogadh ar aghaidh gan é. An bun-rud agus an bun-fháth go mbíonn daoine ag casaoid faoin Ghaeilge ná mar go ndeir siad go bhfuil sí níos deacra. An gcreideann aon duine de na finnéithe go bhfuil sé níos deacra Gaeilge a fhoghlaim? Muna bhfuil, cén fáth go bhfuil an meon sin ag a lán den phobal go bhfuil Gaeilge níos deacra le foghlaim ná Fraincis nó Gearmáinis, in ainneoin gur croí-ábhar é agus in ainneoin go bhfuil sé in ainm is a bheith á múineadh sna bunscoileanna go dtí na meánscoile?

Mr. Julian de Spáinn:

Caithfear comhthéacs a thabhairt do na daltaí faoi cén fáth go bhfuil siad ag foghlaim na Gaeilge. Ceann de na bun-mholtaí a bhí againne i gcónaí ná go mbeadh cúrsa feasachta teanga mar chuid den chúrsa a bheadh ar siúl chun go mbeadh a fhios ag daoine na buntáistí agus na rudaí a fhaigheann siad as teanga bhreise a bheith acu, chomh maith leis an Ghaeilge féin agus an tsaíocht agus litríocht shaibhir atá bainteach léi freisin. Ceann de na rudaí a théann i bhfeidhm orm faoi seo ná go bhfuil an T1, sé sin, an rud atá molta ag an CNCM, mar chineál siomptóm den fhadhb mhór atá sa tír seo. Nílimid sásta a bheith uaillmhianach nó a rá nach bhfuil an córas ag obair i gceart faoi láthair agus gur gá céimeanna móra a ghlacadh le rudaí a chur ina gceart. Sílim go gcaithfimid dul síos an bóthar sin. Mar shampla, sa Bhreatain Bheag, d’aithin siad go bhfuil siad ag iarraidh 1 milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach. Chuige sin, ceann de na rudaí is mó atá siad chun déanamh chun é sin a bhaint amach ná 40% de na scoileanna a bheith ag feidhmiú trí mheán na Breatnaise. Sin sprioc mhaith agus tá plean taobh thiar de sin conas é a bhaint amach.

An rud a fheicimse in Éirinn go rialta ná nach bhfuil muid uaillmhianach agus nach bhfuil muid ag breathnú agus ag feiceáil go bhfuil bealach éagsúil rudaí a dhéanamh, in ionad tweaking a dhéanamh ar na rudaí atáimid ag déanamh faoi láthair. Má cheapann an Stát go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh ardchumas Gaeilge ag roinnt de na daltaí ag teacht amach as an ardteistiméireacht, agus go gcabhródh sé sin go mór le cur chun cinn na Gaeilge, caomhnú na Gaeilge, caomhnú na Gaeltachta agus eile, cén fáth nach mbeadh pointí bónais mar pháirt den ardteistiméireacht, nó den chóras scrúdaithe a chuirtear ar fáil, agus go mbeadh sé ar fáil do gach duine? Cén fáth nach féidir breathnú ar chóras éagsúil a fheidhmíonn go maith san Eoraip, mar shampla, agus an fráma teanga Eorpach a thabhairt isteach agus a úsáid?

B’fhéidir gur seo cuid den fháth nach bhfuiltear ag breathnú air seo. Níl sé luaite sa chóras sonraíochta atá molta ag an CNCM faoi láthair. Níl an fráma Eorpach luaite in aon chor sa cháipéis sin. Roghnaigh an CNCM é sin a thógáil san áireamh sa tsraith shóisearach ach roghnaíodh é ag na leibhéil iomlán mícheart. Tá cuma ar an scéal go bhfuil sé ag déanamh neamhaird ar an bhfráma anois mar go ndearnadh botún ansin, in ionad a aithint go raibh an meon taobh thiar den fhráma a thabhairt isteach don tsraith shóisearach ceart ach b’fhéidir go raibh na leibhéil a roghnaíodh mícheart.

Tagann sé seo ar ais go dtí an gá leis an athbhreithniú ar an tsraith shóisearach. Ba chóir céim siar a ghlacadh agus a rá, má táimid chun an fráma a úsáid, déanfaimid i gceart é agus labhróidh muid leis na saineolaithe a thuigeann an fráma i gceart. Tá cuid den phlécháipéis atá curtha le chéile ag Fíona agus Áine bunaithe ar conas go bhféadfaí an fráma a thabhairt isteach trí chéile agus sílim go bhfuil bunús ansin. Tá saineolaithe amuigh ansin a d’fhéadfadh na ceisteanna seo a fhreagairt ach nílimid uaillmhianach a dhóthain sa chóras oideachais in Éirinn. Táimid sásta tweaking a dhéanamh in ionad breathnú ar na hathruithe móra atá ag teastáil má táimid i ndáiríre faoi na spriocanna náisiúnta a bhaint amach.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim mo leithscéal nach raibh mé anseo ag an tús. Is mór liom a saineolas agus a gcuid ama anseo inniu. Níl ach dhá nó trí cheist agam. Ar an gcéad dul síos, táimid ag bailiú le chéile anseo mar chuid de bhreathnú iomlán ar athchóiriú ar an ardteistiméireacht. An tseachtain seo caite phléamar an t-ábhar atá faoi chaibidil againn faoi láthair maidir leis an CNCM le roinnt saineolaithe agus d’ardaigh mise an cheist seo. Tagraím don athmheasúnú atá á dhéanamh ag an CNCM ar an siollabas san eolaíocht, san fhisic, sa bhitheolaíocht, sa cheimic agus san eolaíocht talmhaíochta. Tá na múinteoirí agus lucht acadúla na heolaíochta ag rá nach bhfuil siadsan sásta leis na dréacht-shiollabais atá á moladh mar nach bhfuil siad uaillmhianach go leor. Deir siad go bhfuil siad ró leamh agus go bhfuil siad ag caint faoi learning outcomes, nach féidir iad a thomhais i gceart, céard go díreach ar gá do mhúinteoirí a mhúineadh agus go dtí cén leibhéal. Ceann de na rudaí atá siad ag rá liom ná nach bhfuil próiseas an CNCM ag éisteacht leis an lucht acadúla nó na múinteoirí atá ar na coistí acu. Éisteann siad leis an méid atá daoine ag rá, nach bhfuil na siollabais sách specific, ach téann siad ar aghaidh ar nós nach cuma leo. Tá na múinteoirí buartha go dtarlódh sé sin.

An é tuairim na bhfinnéithe freisin nach bhfuil an CNCM sa mhodh éisteachta? Céard atá á rá ag lucht acadúla na Gaeilge agus na múinteoirí? An bhfuil an fhadhb chéanna le feiscint ansin? Ba bhreá liom dá bhféadfadh na finnéithe cabhrú liom maidir leis an ngné seo den cheist ar an gcéad dul síos.

Ms Fíona Uí Uiginn:

Is dócha go bhfuil teimpléad ag an CNCM do na hábhair éagsúla agus leanann siad an teimpléad sin. Tugann siad torthaí foghlama agus tá imní ar mhúinteoirí Gaeilge nach bhfuil a dhóthain eolais ansin. Níl fairsinge eolais ná doimhneacht ag baint leis na torthaí foghlama. Ní léir, mar a dúirt mé sa chur i láthair a thug mé ag an tús, cad atá le múineadh ag na múinteoirí agus le foghlaim ag na daltaí. Níl siad sonrach go leor. Is sonraíochtaí iad ach níl na sonraí ann. Is cur chuige ginearálta é sin.

Mr. Julian de Spáinn:

An rud a chuaigh i bhfeidhm ormsa sa phlécháipéis atá ag Fíona agus Áine ná go ndearna siad comparáid le córais eile ar fud an domhain. B’fhéidir gur luaigh Áine é seo nuair a bhí sí ag labhairt leis an gcoiste an tseachtain seo caite. Bhreathnaigh sí ar 12 tír eile.

Ní raibh rud chomh lom nó chomh easnamhach in aon cheann de na tíortha sin nuair a bhí siad ag athrú sin i gcomhthéacs na sonraíochtaí atá acu siúd ar na scrúduithe. Tá go leor in easnamh ann. Maidir leis an páipéar scrúdaithe, tá nós nach bhfuil Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag labhairt leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, CNCM, nó an bealach eile thart, agus go bhfuil go leor fágtha ar lár ar chóir a bheith san áireamh. Tá go leor frustrachais ag baint leis sin mar ní féidir le daoine i ndáiríre aighneacht cheart a scríobh nuair nach dtuigeann siad ina iomlán céard atá i gceist leis na sonraíochtaí atá os a gcomhair freisin.

Tá rud amháin eile a luaigh an Seanadóir Mullen ansin nuair a d’fhiafraigh sé dínn an bhfuil siad ag éisteacht. Beidh sé sin le feiceáil agus is í sin an cheist, b’fhéidir, is mó a bheidh ann ag éirí as an gcomhairliúchán seo. Domsa agus ó gach duine a ndeachaigh mise ag labhairt ar an ábhar seo, lasmuigh den CNCM, níor chuala mé duine ar bith ag tacú leis na moltaí atá ann leis an T1 agus T2. Cad a tharlóidh leis an gcomhairliúchán seo? Mar chuid den chomhairliúchán seo, tá suirbhé i gceist agus níl aon solúbthacht leis maidir le múnlaí eile nó cur chuige difriúil. Tá an suirbhé comhlánaithe ag an oiread sin céad múinteoir agus eile agus mothaím go bhfuil sé go hiomlán easnamhach mar phróiseas. D’fhéadfaí é sin a úsáid agus luach sa bhreis nó áirithe a chur leis sin a thiocfadh chun tosaigh ar na haighneachtaí, mar shampla. Caithfimid a bheith an-chúramach faoi sin.

Mar a luaigh mé níos luaithe, táim buartha go dtiocfaidh siad ar ais le tweaking. Cheana féin tá caint ar chomhairliúchán ar cén saghas ábhar litríochta a bheadh in úsáid don ardteistiméireacht in ionad a bheith ag breathnú ar na mórcheisteanna atá ag teacht chun cinn ón bpobal agus ó go leor daoine ag iarraidh an é seo an múnla nó an cur chuige ceart. Le bheith dearfach seachas a bheith diúltach, cé gur thosaigh próiseas a shílim go raibh go hiomlán lochtach ar an oiread sin leibhéal éagsúil, ag éirí as go bhfuil an próiseas sin tosaithe, b’fhéidir go bhféadfaimid rud maith a bhaint amach as má éistear leis na moltaí atá ag teacht chun tosaigh agus má chuirtear comhairliúchán ceart ar bun i ndiaidh na Nollag ag breathnú ar mhúnlaí éagsúla. Caithfear é sin ar fad a dhéanamh, ámh, i gcomhthéacs an athbhreithnithe a rinneadh ar an tsraith shóisearach chomh maith. Caithfear foghlaim ón rud a cuireadh i bhfeidhm a bhí an-chuid míshástachta leis ó thaobh an bhealaigh a cuireadh i bhfeidhm é agus ó thaobh an ruda ann féin atá ann. Luaigh mé ach sampla amháin, is é sin an fráma, nach bhfuil á úsáid i gceart, i ndáiríre. Tá sé easnamhach agus tá deis caillte ansin. Caithfear é sin a chur san áireamh ach caithfear próiseas comhairliúcháin nua a chur ar bun a bheidh dírithe ar an rud atá ag teacht chun cinn ón bpobal, ní tweaking ar an moladh T1 agus T2.

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Is ceist mhaith atá ansin ón Seanadóir Mullen. Maidir leis na heolaíochtaí, ní bheinn chomh heolach céanna ar an gceist sin, ach maidir leis an nGaeilge agus na sonraíochtaí T1 agus T2, braithim go bhfuil an comhairliúchán ag dul ar aghaidh go dtí 30 Samhain. Tá neart cruinnithe déthaobhacha eagraithe ag CNCM le heagraíochtaí éagsúla cosúil linn féin. Is é an tuiscint atá agam ná go bhfuil sraitheanna de chruinnithe poiblí agus grúpaí fócais. Mar a dúirt an tUasal de Spáinn, beidh sé seo le feiceáil ach braithim go bhfuil sad ag éisteacht agus go bhfuil ag éirí le múinteoirí, leis an bpobal, leis na scoileanna agus leis na heagraíochtaí éagsúla a dtuairimí a chur ar an taifead. Is é ceann de na rudaí atá ag teacht chun cinn, de réir na dtuairiscí ón talamh ó mhúinteoirí, go bhfuil siad ag lorg tuilleadh faisnéise agus feola, b’fhéidir, ar na torthaí foghlama atá luaite ag Seanadóir Mullen ionas go mbeidh breis tuisceana ar cad go díreach atá siad ag iarraidh a bhaint amach.

I gcomhthéacs na sonraíochtaí nuair a thiocfaidh siad i bhfeidhm, tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go mbeidh dóthain ama fágtha don eagraíocht, cibé eagraíocht a bheidh i gceist, mar shampla, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, chun an fhorbairt ghairmiúil leanúnach chuí a chur i bhfeidhm. I gcomhthéacs na sraithe sóisearaí, bhraith múinteoirí gur tharla se sin faoi dheifir, nach raibh dóthain ama le hacmhainní a chur ar fáil nó don oiliúint chuí. Is é ceann de na hábhair bhuartha freisin a bhíonn ag múinteoirí i nGaelcholáistí, ach go sonrach ag múinteoirí Gaeltachta, ná go mbraitheann siad nach bhfuil dóthain baill foirne ó chúlraí Gaeltachta agus ó chúlraí sna Gaelcholáistí agus a bhfuil taithí chuí sa seomra ranga acu ag cuid de na seirbhísí taca seo atá ag déanamh a ngnó trí Ghaeilge. Is dúshlán leanúnach é sin ach is dúshlán é a gcaithfear aghaidh a thabhairt air.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá ceist eile agam atá ag díriú isteach ar an bhfocal seo "cúiteamh". Caithfidh mé a admháil gur fearr liom an focal "spreagadh" ná cúiteamh agus b’fhéidir go bhfuil sé níos dearfaí. Tá an ceart ar fad ag ár n-aíonna. Cad chuige go mbeadh duine ag déanamh níos mó oibre agus ag obair ar leibhéal níos airde gan aon aitheantas tugtha dóibh as a saothar? An méid sin ráite, i gcomhthéacs na gcruinnithe uile atá ar siúl againn, táimid ag plé sna laethanta seo an t-ualach atá ar an gcóras oideachais ar an ardleibhéal sinsearach ó chóras iontrála na n-ollscoileanna. Is í ceann de ne ceisteanna atá á chur ag roinnt againn ná ar chóir iad a scaradh ar fad óna chéile? Mar shampla, tar éis daoine an ardteistiméireacht a dhéanamh, agus meastacháin ar a saothar sna blianta atá thart atá san ardteistiméireacht, ar chóir do na húdaráis ollscoile a scrúduithe, a dtástálacha agus a n-agallaimh féin a eagrú chun a fheiceáil an bhfuil an té atá ag cur isteach ar chúrsa amháin nó cúrsa eile san ollscoil oiriúnach dó nó di nó an an bhfuil an córas nó an cúrsa sin feiliúnach don duine?

Má táimid ag caint faoi phointí bónais mar cheann de na freagraí ar an gceist seo nó mar aitheantas ceart a thabhairt don duine as an obair atá á déanamh, an bhfuil sé ciallmhar go mbeadh pointí bónais ag an té atá ag cur isteach ar leigheas, mar shampla, seachas an té atá ag cur isteach ar mhúinteoireacht? Téim ar ais ar an gceist seo, an caoi ina raibh rudaí nuair ba ghá go mbeadh leibhéal áirithe ag duine sa Ghaeilge le post a fháil sa Státseirbhís agus an t-athrú a tháinig sna 1970dí maidir leis sin. An sa treo sin ba chóir dúinn a bheith ag breathnú, is é sin, má tá cúrsa déanta agat ar leibhéal níos airde sa Ghaeilge, go mbeidh buntáiste agat agus tú ag iarraidh cead isteach a fháil ar chúrsa áirithe seachas do gach cúrsa, nó do phoist áirithe san earnáil phoiblí, san am atá le teacht? An bhfuil aon fhiúntas leis sin? Nílim ag déanamh ráiteas anseo. Nílim ach ag cur ceisteanna ar ár n-aíonna, na saineolaithe. Má thuigeann siad mé, an é go bhfuil sé ró one-size-fits-all, chun dul i muinín an Bhéarla, pointí bónais a thabhairt do dhaoine, is cuma cén cúrsa atá in ann dóibh san ollscoil? An féidir é seo a eagrú ar leibhéal níos sofaisticiúla le go mbeadh cineál naisc idir an t-ardchaighdeán atá á bhaint amach agus riachtanais an phobail, ina measc, go mbeadh daoine san earnáil phoiblí in ann déileáil le daoine trí Ghaeilge agus a gcearta teanga a thabhairt dóibh?

Ms Fíona Uí Uiginn:

Tiocfaidh mé ar ais air sin, le toil an Chathaoirligh. Maidir leis an bpointe a rinne an Seanadóir maidir le hollscoileanna a bheith ag rith a gcuid scrúduithe féin, táim sean go leor chun cuimhneamh a bheith agam nuair a bhí an matric ann. Nuair a críochnaíodh leis an ardteistiméireacht, bhí ar an duine ansin tabhairt faoi sraith scrúduithe eile do na hollscoileanna, agus caithfidh mé a rá gur chuir sé sin go mór leis an mbrú. Ní dóigh liom go raibh aon cheist faoi laghdú ar an mbrú de bharr a leithéid a bheith ar fáil. Chun an fhírinne a rá, ba chóir go mbeadh an deis ag gach duine rochtain a bheith acu dul ar an ollscoil dá mba mhian leo, tríd an ardteistiméireacht. Tá an-mhuinín ag an bpobal as scrúdú na hardteistiméireachta faoi láthair agus tá sé an-chothrom dar leo freisin má chuirtear ceist orthu ina leith. Dá bhrí sin dá mba rud é go raibh na hollscoileanna ag eagrú cúrsaí éagsúla nach mbeadh clúdaithe i gceart ag na múinteoirí i ngach aon scoil, bheadh sé an-chasta ar fad agus bheadh mórán scoláirí nach dtabharfadh faoi sin nó nach mbeadh ábalta déileáil leis an mbrú sin.

Maidir le pointe an tSeanadóra go mbeadh cúrsaí airithe ar ardleibhéal agus go mbeadh gá le spreagadh sa Ghaeilge ann, tá an Seanadóir ag déanamh talamh slán de ansin go bhfuil gairmeacha áirithe atá oiriúnach le Ghaeilge a bheith ag duine. Is é an rud atá cruthaithe againn, ámh, sna Gaelcholáistí ná an méid Gaeilge atá ag teastáil le freastal ar na Gaelcholáistí féin, mar nílimid in ann síceolaithe nó teiripeoirí urlabhra nó daoine mar sin a fháil atá cumasach sa teanga. Is dóigh liom go bhfuil réimse gairmeacha i bhfad níos leithne go mba chóir go mbeadh daoine sa phobal in ann freastal ar dhaoine ina dteanga dhúchais féin iontu. Is iad dochtúirí, síceolaithe, innealtóirí agus gach saghas duine atá i gceist agus ní ceart go mbeadh sé teoranta. Tá a fhios ag aon duine atá ag iarraidh a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an Stát nó taobh amuigh den Stát faoi láthair cé chomh deacair is atá sé é sin a dhéanamh agus nár cheart dúinn pointí nó dreasacht, más maith leis an gcomhchoiste an focal sin, nó spreagadh a thabhairt díreach do dhaoine atá chun dul le bunmhúinteoireacht, mar atá luaite sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 mar cheann de na bearta.

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

We will have to move on from there.

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Feicim láidreachtaí-----

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I have given the Senator a lot of latitude. I want to be fair to other speakers.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtosach báire, gabhaim buíochas leis na finnéithe as a gcuir i láthair. Mar a luaigh an Teachta Ó Snodaigh, tá an t-ábhar seo pléite go maith ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge roimhe seo. Seasann dhá abairt amach as na cuir i láthair go léir. Mar a dúirt Fíona Uí Uiginn, caithfimid freastal ar riachtanais foghlama gach dalta sa tír. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra gur cóir freastal ar chearta teanga gach duine sa tír. Mar a tharlaíonn, tá beirt Dhéiseach anseo: Sorcha Ní Chéilleachair agus mé féin. Ní mar an gcéanna na riachtanais a bhí againn nuair a bhíomar sa mheánscoil. Tá Gaeilge ag Sorcha Ní Chéilleachair ó dhúchas agus d'fhoghlaim mé mo chuid Gaeilge i gcathair Phort Láirge, i scoil nach bhfuil an Ghaeilge chomh láidir sin inti i ndáiríre. Ní mar an gcéanna na riachtanais foghlama a bhí againn ach tá na cearta teanga sin fós ann di agus dom féin araon. Is fadhb amháin atá agam maidir leis an gcóras T1 agus T2 é sin. Ní thugann sé deis do gach dalta sa tír an t-ábhar céanna a dhéanamh. Braitheann sé ar Ghaelscoil a bheith sa cheantar. Táim féin i mo chónaí i dTrá Mhór agus níl meánscoil lán-Ghaeilge ann. Má chuirtear i bhfeidhm an córas T1 agus T2, is amhlaidh nach mbeidh deis ag dalta i dTrá Mhór an cúrsa T1 sin a dhéanamh.

Tá fadhb eile agam maidir le cúiteamh nó pointí bónais a chur ar fáil. Caithfimid a bheith macánta. Ní féidir a rá go dtabharfadh daltaí faoi ábhar níos dúshlánaí gan cúiteamh ná spreagadh éigin. De bharr sin, aontaím go mór leis an méid atá leagtha amach ag Fíona Uí Uiginn sa phlécháipéis agus an dá rogha atá ann. Ceapaim féin go mbeadh sé sin i bhfad níos fearr. Tá muintir na Gaeilge ag caint le haon ghuth amháin ar an ábhar seo agus ó thaobh an phróiseas comhairliúcháin de. Caithfear na coscáin a bhrú. Níl go leor taighde déanta againn go dtí seo ar an tsraith shóisearach. Ba chóir fanacht go dtí go bhfuil an taighde sin déanta.

Cuirfidh mé ceist ar Julian de Spáinn. Tá an t-ábhar seo pléite go maith ag an gcoiste Gaeilge, go háirithe agus muid ag plé Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Táim ag tagairt don cheist chroílárnach sin: céard is inniúlacht ann? Baineann sé seo leis an FTCE. Níl a fhios agam an bhfuil eolas ag an ngnáthdhuine sa tsráid faoin gcreat comónta sin agus na féidearthachtaí atá ann óna thaobh, go háirithe agus muid ag iarraidh an sprioc earcaíochta atá sa Bhille a bhaint amach. Ba mhaith liom deis a thabhairt don chonradh labhairt faoi sin. Tá a fhios agam go bhfuil taighde déanta ag Ollscoil Mhá Nuad faoi seo. Conas gur féidir linn é sin a dhéanamh níos fearr sna scoileanna? Cad iad na féidearthachtaí a bheidh ann do dhaltaí má úsáidfimid an fráma comónta sin?

Mr. Julian de Spáinn:

Aontaím leis an Teachta nach bhfuil mórán eolais ann sa ghnáthphobal faoin FTCE faoi láthair. É sin ráite, tá an fráma sin á úsáid níos mó agus níos mó nuair atá tagairt déanta do chaighdeáin teanga agus poist á bhfógairt. Nuair a bheidh an fráma ceangailte le hearcaíocht don earnáil phoiblí agus nuair a bheidh leibhéal roghnaithe - agus de réir na cainte air sin táthar ag dul i dtreo B2 - athróidh sé sin an cluiche. Tuigfidh daoine níos mó agus níos mó an tábhacht a bhaineann leis an bhfráma. Tuigfidh siad freisin, mura bhfuil sé ceangailte leis an gcóras oideachais, nach ndéanann sé aon chiall go mbeidh a leithéid ann san earnáil phoiblí gan an córas oideachais a bheith ag freastal air sin. Mothaím go bhfuil deis faoi leith ann le breathnú ar an bhfráma. Mar a dúirt an Teachta, caithfear breathnú ar dtús ar an athbhreithniú ar an tsraith shóisearach mar bhí an fráma luaite leis sin ach, mar a deirim, ní dóigh liom gur cuireadh i bhfeidhm é. Caithfear breathnú air sin. Óna bheith ag labhairt leis na saineolaithe atá ag plé leis an bhfráma faoi láthair, tá a fhios agam gur rud é atá an-mhaith don Ghaeilge nach bhfuil ann do roinnt mhaith eile de na hábhair sa chóras oideachais ná go dtosaítear ar an nGaeilge sa réamhscoil agus leantar léi tríd an mbunscoil, an meánscoil agus an tríú leibhéal. Tá deis againn an rud ar fad a cheangal le chéile le córas amháin agus dréimire faoi leith. Óna leibhéal ar an bhfráma, féadfaidh a fhios a bheith ag daoine cá bhfuil daoine ó thaobh a gcumas Gaeilge labhartha agus scríofa. Mothaím go dtabharfadh sé sin muinín sa bhreis do dhaltaí amach anseo ó thaobh an cumas Gaeilge de. Bheadh sé bunaithe níos mó ar chumarsáid sa teanga. Leis an bhfráma, is féidir freastal ar an gcainteoir dúchais nó ar an gcainteoir atá lag tríd na próifílí teanga a chuirtear i bhfeidhm.

Tá an oiread sin buntáistí nó féidearthachtaí chun feabhas bainteach le córas éagsúil a thabhairt isteach. Mar a dúirt mé níos luaithe, táim buartha go rachaidh muid síos bóthar an ruda choimeádaigh agus shábháilte, rud nach bhfuil mórán difir idir é agus an rud atá ann faoi láthair, in ionad breathnú ar aghaidh agus féachaint ar cad atá ag tarlú sa chuid eile den domhan. Tá an fráma in úsáid níos mó agus níos mó. Nach bhféadfaidh muid breathnú ar é sin a thabhairt isteach?

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an pointe a bhí ag an Seanadóir Mullen maidir leis na saineolaithe agus an CNCM. Sa tuairisc seo a bhí ann maidir leis an gcóras T1 agus T2, táimid tar éis teacht ar roinnt daoine atá thar a bheith eolach faoi na hábhair seo. Ba bhreá liom dá mbeadh an Roinn Oideachais sásta coiste comhairleach a chur ar bun ar maidin leis na saineolaithe sin chun breathnú ar pholasaí don Ghaeilge ó thús go deireadh agus an fráma, a rud a thit amach sa tsraith shóisearach agus na múnlaí nua atá molta ag daoine maidir leis an ardteistiméireacht a thógáil san áireamh agus teacht ar ais le rud éigin comhtháite a dhéanann ciall.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Chuirfeadh sé deireadh leis an scéal sin gur fhoghlaim daoine Gaeilge ar scoil agus nach bhfuil focal Gaeilge acu dá mba rud é go raibh an B1 bainte amach acu, cuir i gcás.

Tá ceist eile agam ó thaobh an moladh nó rogha atá ann ó thaobh ábhair nua, is é sin, saíocht agus litríochta na Gaolainne. Chun é a chur i gcodarsnacht leis an mBéarla, nuair a thagann daoine isteach i gcomhair na hardteistiméireachta i mBéarla, tá sé intuigthe go bhfuil Béarla líofa acu agus gur féidir leo déileáil le leithéidí Gerard Manley Hopkins, Shakespeare nó mar sin. Téann an cheist seo ar ais go dtí an cheist seo faoi shaibhreas na Gaolainne agus tobar na Gaolainne. Dá mba rud é go mbeadh an t-ábhar breise sin, saíocht agus litríocht na Gaolainne, ann, ba iad daltaí Gaeltachta agus daltaí Gaelscoile is mó a roghnódh an t-ábhar sin. An gcuirfeadh sé le tobar agus saibhreas na Gaolainne dá mba rud é go raibh deis cheart ag na daltaí sin staidéar a dhéanamh ar ábhar mar sin?

Ms Fíona Uí Uiginn:

Creidim féin go gcuirfeadh. Is moladh é a rinneadh nuair a rinneadh leasú ar an ardteistiméireacht deich mbliana ó shin go dtabharfaí a leithéid isteach mar, i ndáiríre, nuair a chuimhnítear ar dhaltaí sa nGaeltacht agus i nGaelcholáistí agus an staidéar a dhéanann siad ag ardleibhéal ar théacsanna i mBéarla - sé chinn d'fhilí agus an t-uafás dánta dá gcuid agus ansin dráma le Shakespeare, drámaí eile agus úrscéalta - níl ach giotaí beaga de litríocht acu sa Ghaeilge le staidéar a dhéanamh orthu. Déanann sé sin bochtú ar an teanga sa bhfadtéarma mar tá a fhios againn go bhfuil labhairt na teanga fíorthábhachtach ach tá léamh agus scríobh na teanga tábhachtach freisin más mian linn go mbeidh teanga liteartha, scríbhneoirí, iriseoirí agus daoine cumasacha atá in ann an teanga a labhairt nó dul amach go dtí an Bhruiséil againn amach anseo. Beidh stádas iomlán ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid na hEorpa go luath.

Beidh daoine ag teastáil le dul ag obair amach ansin. Tá deacrachtaí ann cheana daoine a earcú do na poist sin. Tá sé tábhachtach agus creidim go mbeadh spéis ag daltaí sna Gaeltachtaí agus sna Gaelcholáistí tabhairt faoi ábhar dá leithéid. B’fhéidir nach mbeadh an tóir a bheadh air chomh leathan agus a bheadh sé dá mba rud é go raibh sárleibhéal ar fáil. Tá deacrachtaí ag baint leis sin agus tuigim mar iar-phríomhoide scoile na deacrachtaí a bhaineann le pointí bónais a bhronnadh ar ábhar. Níl sé éasca an rud ar fad a láimhseáil.

Luaigh Julian de Spáinn agus cúpla duine eile an dearcadh diúltach ag daoine i leith foghlaim na Gaeilge go minic. Eascraíonn sé sin toisc go mothaíonn siad go dteipeann orthu caighdeán sásúil a bhaint amach sa teanga. Leis an bhfráma tagartha bheadh sé sin ina eiseamláir dhearfach. Bheadh siad in ann A2 a bhaint amach. B'fhéidir nach mbainfeadh siad B2 amach san ardleibhéal ach bheadh siad in ann tógáil air sin agus dul ar aghaidh go dtí B1 agus B2 mar is minic dearcadh diúltach a bheith ag daoine toisc gur ábhar éigeantach í an Ghaeilge ar scoil. Amach anseo nuair atá siad sna 20idí agus nuair a théann siad ag taisteal ar fud an domhain, feiceann siad cultúir eile agus ansin bíonn i bhfad níos mó spéise acu ina dteanga dúchais. Bíonn brón agus aiféala ar dhaoine go minic nár thapaigh siad na deiseanna a bhí ann dóibh. Tá sé iontach go mbeadh siad in ann a rá go bhfuil siad ag leibhéal A2 agus gur féidir leo filleadh arís agus cur leis an leibhéal sin.

Léiríonn gluaiseacht na Gaelscolaíochta rud amháin; tá borradh mór faoi sa tír. Tá an-chuid is mó de na scoileanna ag cur thar moill agus tá an-spéis ag tuismitheoirí go mbeadh deiseanna ann mar tuigeann siad na buntáistí atá ann ó thaobh cultúir agus na buntáistí cognaíocha atá ag baint le hoideachas dhátheangach freisin. Níl an scéal chomh duairc agus a cheapann daoine faoin dearcadh diúltach i leith foghlaim na teanga. Caithfidh na deiseanna cuí a bheith ag daoine le tógáil orthu agus tuiscint a bheith acu nuair a chríochnaíonn siad leis an meánscoil cén leibhéal a bheidh bainte amach acu. Caithfidh gur féidir leo tógáil air sin amach ansin agus b'fhéidir a gcuid páistí a chur ag freastal ar Ghaelscoileanna.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Téann sin go dtí an ceist faoi lifelong learning. Ba cheart do dhaoine an B1 nó A2 a bhaint amach agus is féidir leo cur leis níos déanaí sa saol. An féidir le Sorcha Ní Chéilleachair an cheist céanna a fhreagairt?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Tá an béim ar fad anseo ar phointí breise agus ar ár gcóras ollscolaíochta. Tá céatadán suntasach daltaí nach mbeidh ag dul ar aghaidh riamh go dtí an tríú leibhéal. Tá cuid mhór de na scoileanna sa Ghaeltacht ina scoileanna DEIS. Tá rátaí ard dífhostaíochta sna háite sin, tá cúnamh speisialta ann agus tá gach aon saghas dalta sa chóras Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Tá an-bhéim anseo ar ardchaighdeán a bhaint amach, ar na pointí bónais, ar chúrsaí ollscoile agus ar na rudaí seo. Bhí mé ag smaoineamh ar an ngnáthdhalta ag dul isteach le barr cumais líofa a bhaint amach. Tá mé ag ceapadh gur cheart dúinn tarraingt síos agus díriú ar an ngnáthdhalta sin. Seans go mba iad bunchloch na Gaeltachta amach anseo. Beidh dochtúirí, dlíodóirí agus múinteoirí uainn i gcónaí ach beidh na daoine seo uainn chomh maith mar bhunchloch na Gaeltachta. Ba cheart díriú a dhéanamh air sin agus ba cheart, leis an Acht nua seo ar an ardteistiméireacht, a bheith an-airdeallach ar an spás sin agus go bhfreastalódh an córas oideachais, go háirithe an córas oideachais Gaeltachta, ar gach aon saghas páiste, agus go dtabharfaí deis do gach aon saghas páiste barr a gcumas féin a bhaint amach; b'shin le dul ar aghaidh le bheith cáilithe mar dhlíodóir nó dochtúir, nó rogha post. Tá sin thar a bheith tábhachtach.

Photo of Rose Conway-WalshRose Conway-Walsh (Mayo, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá cúpla ceist agam as Béarla. I thank the witnesses for their contributions and submissions. All of the answers are covered there. It seems to me the problem is the implementation of those suggestions and ideas. I apologise to Ms Ní Chéilleachair but I have to go back to the points that she and Mr. Ó Beaglaoich raised. They say there has been recent engagement with the NCCA on the curriculum changes. As far as I am aware these engagements included looking at associated points. Have the witnesses had any more engagement with the Department of Education since then on the allocation of points?

Within the Gaeltacht areas I am concerned about the reducing numbers in some of the Gaelcholáistí. What would the witnesses propose to do about that? Some of that is due to the depopulation of rural areas but I am particularly concerned that we may end up losing the Gaelscoileanna within the Gaeltacht areas.

Mr. Ó Beaglaioch spoke about the literature and said we need more interesting, engaging and modern literature for young adults. Where does the responsibility for that lie and how can we progress that?

I hear what Ms Ní Chéilleachair is saying about the love of the subject and how we instil that in young people so they can see a purpose for it. How do we do that and create a pull factor for post-primary students? How much of an impact could the Official Languages (Amendment) Bill 2019 have, given that it would mean that 20% of new recruits in the public service would need to be proficient in Irish? Do we have adequate provision in third level through the medium of Irish in further education and in apprenticeships? Could more courses be provided there as an important incentive and how might we do that?

I am interested in the comments that were made on the European framework of languages. That needs to be communicated to the wider public beyond the Irish language conversations.

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Gabhaim buíochas leis an Teachta as ucht na ceisteanna sin. Ar cheist na bpointí, maidir leis an CNCM agus an próiseas comhairliúcháin atá ag dul ar aghaidh, an tuiscint atá agamsa ná go bhfuil na teachtaireachtaí atá á dhealú ag na heagraíochtaí éagsúla ag daoine aonair tríd an bpróiseas ar an taifead ag an CNCM ach ní féidir leis an CNCM aon chinneadh a dhéanamh faoi na pointí bónais. Baineann an cinneadh sin le hardbhainistíocht na Roinne Oideachais. De réir mo thuisceana, beidh na tuairimí sin á gcur chun cinn mar chuid den tuarascáil dheireanach nuair a dhéanfar anailís ar na sonraí ar fad.

Tagraím do cheist na litríochta. Tá taithí phearsanta agam i gcomhthéacs na sraithe sóisearaí. Nuair a bhí rogha na litríochta le cur le chéile, bhí mé mar chuid de ghrúpa oibre a dhírigh air sin agus bhí sé fíor-dhúshlánach ar fad. Mar is eol do chách, ní hionann an tobar litríochta i gcomhthéacs na Gaeilge agus an tobar litríochta i gcomhthéacs an Bhéarla. Táthar ag iarraidh an óige agus déagóirí a mhealladh i dtreo na litríochta agus saothair chomhaimseartha agus saothair atá mealltach a aimsiú. D'iarr an Teachta orm cé atá freagrach. Tá clár na leabhair Gaeilge ag Foras na Gaeilge agus d'fhéadfaí cuid de na leabhair do dhéagóirí a fhoilsiú laistigh den chlár sin. Toisc go bhfuil sé chomh práinneach sin ag an bpointe seo roghanna cuí a sholáthar ag leibhéal na sraithe sóisearaí, agus fios maith againn anois go bhfuil an tsraith shinsearach ar na bacáin faoi cheann cúpla bliain, b'fhéidir go mbeadh sé ciallmhar smaoineamh ar bhonn straitéiseach agus cur chuige idir-eagraíochtúil a bheith ann. Tá cúraimí reachtúla ag COGG maidir le hacmhainní teagaisc agus foghlama.

Níl aon chlár sonrach faoi leith againne atá ag plé le déaglitríocht faoi láthair ach d'fhéadfadh féidearthachtaí a bheith ann tabhairt faoi ar bhonn idireagraíochtúil nó d'fhéadfadh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta í féin é sin a dhéanamh, ach bheadh gá le maoiniú cuí agus foireann chuí a chur in áit chun a leithéid a chur chun cinn.

Maidir leis an bpointe deireanach ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach, bheinn ag tacú leis an méid atá ráite ag Julian de Spáinn, go bhfuil sé fíorthábhachtach go ndéanfaí athlíonadh ar cibé cruth a bheidh ar shonraíochtaí na sraithe sóisearaí, más sonraíocht amháin atá i gceist nó cúrsa breise. Tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an duine atá ag críochnú na hardteistiméireachta conradh rompu agus gur féidir leo an Ghaeilge sin a úsáid. Tá go leor cainte faoi láthair maidir le spriocanna earcaíochta na hearnála poiblí agus tá sé tábhachtach go bhfeicfeadh an duine atá ag foghlaim na Gaeilge go bhfuil conradh ansin a thabharfadh mise isteach i bpost éigin amach anseo.

I gcomhthéacs na sonraíochtaí reatha agus an chomhairliúcháin, thug mé suntas dó gur luaigh Sorcha Ní Chéilleachair ansin go bhfuil an iomarca cainte ar phointí bónais, cé go dtuigim go bhfuil na pointí bónais mealltach do dhaoine. I gcomhthéacs na fostaíochta agus na hearcaíochta, áfach, tá sé tábhachtach mar chuid den mhúnla nua go mbeidh gnéithe a bhaineann leis an nGaeilge fheidhmeach amhail conas an Ghaeilge a úsáid sa láthair oibre nó meicníocht na teanga a úsáid nuair atáthar i mbun na hóráidíochta go poiblí ann. Tá sé tábhachtach na rudaí sin a bheadh úsáideach sa saol oibre dá mbeifí ag obair trí mheán na Gaeilge a shníomh isteach mar chuid den chruth a bheith ar an gcúrsa nua a bheidh ann don Ghaeilge.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Tabharfaidh mise mo fhreagra as Gaeilge chomh maith. Rinneadh tagairt do na pointí bónais sin. Ní hé go bhfuil an iomarca cainte faoi na pointí bónais ach ní hé sin amháin atá i gceist leis an gcomhairliúchán seo. Is é sin a bhí i gceist agam. B’fhiú labhairt faoin bhfealsúnacht a bhaineann leis na pointí bónais chomh maith. Is é sin a bhí i gceist agam, seachas a bheith ag caint faoi phointí bónais amháin.

Luadh an labhairt leis an Roinn Oideachais faoi na pointí agus faoin gcóras CAO. Níl aon rud le cur amach leis an méid a dúirt Pádraig Ó Bealaoich. Is é an rud céanna atá i gceist. Is é sin an bundeacracht leis an bpróiseas comhairliúcháin seo ar fad. Níl sé iomlán mar phróiseas comhairliúcháin. Tá próiseas comhairliúcháin ar bun faoi shonraíocht T1 agus shonraíocht T2. Níl aon spás ansin le labhairt faoi phointí bónais mar nach bhfuil aon smacht ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, NCCA, air sin. Is faoin Roinn Oideachais a bheadh sé sin, cé acu a bhí sé roghnach nó nach raibh. Níl aon spás do na ceisteanna sin ar fad nó ní féidir leis an NCCA plé leo sin. Is é sin atá siad ag rá linn ach go gcuirfidh siad ar aghaidh iad. Is ceann de na deacrachtaí móra é sin atá ag baint leis an bpróiseas seo mar nach féidir aon bhreithiúnas a thabhairt ar an bpróiseas gan an t-iomlánú sin a bheith déanta.

Ó thaobh na scoileanna Gaeltachta de, tá bánú na tuaithe ar bun sa Ghaeltacht agus tá roinnt mhaith bunscoileanna sa Ghaeltacht i mbaol. Is deacracht an-mhór é, ní hamháin sa Ghaeltacht ach i gceantair thuaithe, go ginearálta. Níl mé róchinnte cad atá i gceist mar gheall ar laghdú uimhreacha sna meánscoileanna. B’fhéidir gurb é atá i gceist ag An Teachta Conway-Walsh ná go mbeadh sé sin mar ábhar imní do mhúinteoirí, do phríomhoidí agus do thuismitheoirí dá gcuirfí an T1 agus T2 i bhfeidhm, mar a bhí sé ina ábhar imní i nGaelscoileanna chomh maith, go roghnódh tuismitheoirí gan na páistí a chur go dtí na scoileanna sin. B’fhéidir gurbh é sin a bhí i gceist ag an Teachta. Is cinnte go raibh sé sin luaite mar ábhar imní, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach sna Gaelscoileanna chomh maith.

Mr. Julian de Spáinn:

Luadh cúrsaí tríú leibhéal. Níl mórán cúrsa tríú leibhéal trí Ghaeilge ar fáil faoi láthair sa chóras reatha. Sílim gur freagraíodh cúpla ceist Éamon Ó Cuív le déanaí ag léiriú an laghad cúrsa atá ar fáil trí Ghaeilge. Mar chuid de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019, an 20% agus ag bogadh ar aghaidh, beidh an-bhéim le cur ar an tríú leibhéal agus an ról a bheidh le himirt ag an tríú leibhéal le cinntiú go bhfuil dochtúirí, síceolaithe, cuntasóirí agus daoine trasna an speictrim le hardchumas Gaeilge acu agus gur féidir leo na seirbhísí seo a chur ar fáil don phobal. Is rud é go gcaithfimid tabhairt faoi agus cur san áireamh. Má bhreathnaítear ar an rud a bhí Caoimhín Ó hEaghra ag rá níos luaithe maidir leis an líon Gaelscoileanna atá ann nó líon na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Geailge, níl ach leath nó níos lú de na paistí a fhreastalaíonn ar na bunscoileanna ag dul ar aghaidh go dtí an iar-bhunscoil mar nach bhfuil na spásanna ann dóibh. Nuair a théann an dream atá sa dara leibhéal ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal, níl mórán spáis ar chor ar bith dóibh siúd. Níl aon chóras ceart ann faoi láthair chun a chinntiú go bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil ó thús go deireadh do dhaltaí, más é sin an rogha atá ann dóibh agus caithfear é sin a chur san áireamh. Tá plean náisiúnta le cur le chéile mar chuid de Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019 agus an 20% a bhaint amach agus bheinn ag súil le spriocanna uaillmhianacha a fheiceáil don tríú leibhéal, go háirithe. Tá seans maith ann go mbeidh orthu leigheas le Gaeilge nó cuntasaíocht le Gaeilge nó cúrsaí eile a chur ar fáil lena bhféadtar an Ghaeilge a fhoghlaim agus an scil eile a fhoghlaim freisin go leibhéal ardchumais. An rud is fearr linn ná go bhfeicfidh daoine go bhfuil tairbhe leis an teanga a bheith acu agus ardchumas a bheith acu sa teanga.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Thaitin an rud liom a dúirt Sorcha Ní Chéilleachair maidir leis an bhfealsúnacht atá i gceist. Cén fhealsúnacht a bhfuil á glacadh againn agus muid ag plé cheist na Gaeilge? Níl aon neart air. Táimid á plé mar ábhar san ardteistiméireacht anseo ach níl sí ar nós aon ábhar eile. Tá áit ar leith ag an nGaeilge. Tá áit ar leith aici sa Ghaeltacht, taobh amuigh den Ghaeltacht agus sa tír. Tá mé ag ceapadh agus muid ag caint ar cá bhfuilimid agus cén chaoi a bhfuilimid ag dul ag déileáil leis an nGaeilge san ardteistiméireacht nó i gcúrsaí oideachais, tá tús curtha le forbairt ar pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge, den chéad uair riamh, ag an Roinn Oideachais. Níl sí sin ag ina tús. Táimid ag treabhadh ar aghaidh leis an athbhreithniú seo ar na dréachtsonraíochtaí don ardteistiméireacht. Is é an pointe a bhí muid ag déanamh sa ráiteas tosaigh ansin ná go raibh gá le comhtháthú agus le hidirnascacht idir na cinntí agus an cur chuige atá ag an Roinn Oideachais agus na Ranna eile agus straitéis na tíre. Níl sé sin sách soiléir faoi láthair mar tá an oiread seo ag dul ar aghaidh agus an oiread sin i gceist leis ó thaobh na Gaeilge de ach go háirithe. Nuair atáimid ag plé, mar a dúirt Fíona Ní Uiginn níos luaithe, le scrúdú atá chomh tábhachtach sin i saol na ndaoine agus cad a dhéanfaidh siad amach anseo, tá sé an-tábhachtach go bhfuilimid cinnte faoina a bhfuil á dhéanamh againn agus go mbeidh an t-eolas ar fad againn le tabhairt faoi i gceart.

Photo of Pauline O'ReillyPauline O'Reilly (Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabh mo leithscéal. Bhí mé amach getting my vaccine. Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Níl mé líofa agus mar sin, I will speak in English. However, freagraí as Gaeilge are, obviously, desired and more than welcome. I have missed some because I was out at the doctor's. Dr. Hyland was here last week and we discussed the issue of this change that is proposed to the leaving certificate. Dr. Hyland explained that all 12 organisations involved with the Irish language were not in favour of what was being proposed, and many of us would share those concerns. One of the difficulties is that when things are very segregated, disadvantage may then be recreated. That is one of the concerns that was highlighted by one of our guests last week.

Not only is there siloing between different Departments when it comes to education, but also within education itself. The NCCA is doing one thing, we are doing another, and the Department is doing another. This is in addition to the programme for Government commitment to a citizens' assembly. Should we be waiting until some of those processes are complete before making any decision about the leaving certificate in the context of the Irish language, when we may be changing the leaving certificate overall following our report, the citizens' assembly or different recommendations? We still have not seen a draft of the NCCA report on leaving certificate reform, which the Chair raised last week, and yet there is this separate activity going on to reform Irish language. It seems strange that the two would be separate. That is my main question and I thank witnesses for coming in.

Photo of Paul KehoePaul Kehoe (Wexford, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I propose that Deputy Ó Cathasaigh take the Chair as I have a vote on the agriculture committee.

Deputy Marc Ó Cathasaigh took the Chair.

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir le hathbhreithniú atá le déanamh ar an ardteist ina iomláine, tuigimid é sin agus feicimid é sin. Mar a dúirt an Seanadóir, tá an tuarascáil leis an Aire faoi láthair. Is é an áit as a bhfuil mise ag teacht ná go bhfuil rud níos mó i gceist ná díreach an ardteist amháin. D’fhéadfaí a rá gurb é sin an chéim dheireanach san aistear a bhíonn ag an dalta ó thús go deireadh.

Nuair a thagann sé go dtí an Ghaeilge, sílim go bhfuil deis ann le féachaint ar an teanga ina hiomláine ó thús go deireadh in ionad a bheith ag breathnú díreach ar an ardteist agus na hathruithe a thiocfaidh uirthi. Má tá córas curtha ar bun atá ag breathnú ar an nGaeilge ó réamhscoil ar aghaidh go dtí bunscoil agus meánscoil agus ansin isteach go dtí an tríú leibhéal, beidh córas mar sin in ann tabhairt faoi aon athrú eile a thiocfaidh faoin ardteist go ginearálta, ach ba chóir go n-aithneodh sé sin go bhfuil deis an-mhaith againn go mbeidh aon chúrsa amháin nó aon dréimire amháin. Má chuirtear leis an bhfráma é, agus tagann sé go dtí an pointe eile a bhí ag an Seanadóir, dhéanfaí é ar bhealach cothrom, thabharfadh sé deis chothrom do dhaoine an Ghaeilge a bheith acu agus dhéanfaí freastal orthu ar an gcumas atá acu freisin.

Mar a luaigh mé níos luaithe, agus ní rachaidh mé i bhfad scéal leis, dá mbeadh an fráma in úsáid, mar shampla, d’fhéadfaí freastal ar an dalta a thagann isteach sa chúrsa déanach. Faoi láthair, deirtear leis nó léi suí ar chúl an tseomra agus nach bhfuil sé nó sí chun an Ghaeilge a dhéanamh. Cén fáth nach féidir leo tosú agus A1 a bhaint amach ar an bhfráma? D’fhéadfadh siad a bheith bródúil as. Bhíomar ag caint faoin turas saoil sin ó thaobh foghlaim na Gaeilge de. D’fhéadfadh an foghlaimeoir lag a bhfuil deacrachtaí scríbhneoireachta aige nó aici an scrúdú béil a dhéanamh amháin don ardteist agus pointí a fháil ansin.

Tá an-chuid solúbthachta ag baint le cuid de na moltaí atáimid ag cur chun cinn a bheadh níos cothroime ná an córas nach bhfuil solúbtha faoi láthair. Is fiú dúinn bheith ag breathnú air sin fiú lasmuigh de na hathruithe atá le teacht ar an ardteist. Sílim go bhfuil ceist níos leithne ann faoi conas gur féidir linn an Ghaeilge a cheangal ó thús go deireadh tríd an gcóras ar fad.

Ms Fíona Uí Uiginn:

Ba mhaith liom tacú leis an méid atá ráite ag Julian de Spáinn ansin. Luaigh an Seanadóir O’Reilly na silos atá ann agus is dóigh liom go bhfuil an ceart aici. Go dtí pointe, tá na dréachtsonraíochtaí silo iontu féin. Tá ceist na Gaeilge sa chóras oideachais i bhfad níos leithne ná cuid mhór de na ngnáth-ábhar eile. Caithfear é a shuí i gcomhthéacs. Maidir le polasaí don oideachas lán-Gaeilge, a ndearna Caoimhín Ó hEaghra trácht air, níl aon trácht sna dréachtsonraíochtaí ar an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, mar shampla. Níl an t-athbhreithniú déanta ar an sraith shóisearach. Níl aon chaint ar an bhfráma tagartha. Níl aon chaint ar an straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Ar bhealach, nuair atá sonraíocht nó curaclam nua á shamhlú don Ghaeilge san ardteist, caithfear é a shuí sa phictiúr iomlán, polasaithe éagsúla an Stáit a chomhtháthú leis, agus an nuálaíocht atá ag tarlú maidir le múineadh teanga agus leis an bhfráma tagartha a thabhairt isteach.

Déarfainn festina lente. Gluaisfimis ar aghaidh go mall ag cur na rudaí seo ar fad san áireamh agus b’fhéidir cuid acu a chur i gcrích i dtosach. Is cinnte gurb é an chéad rud a chaithfear a chur i gcrích ná an t-athbhreithniú ar an sraith shóisearach agus an fhoghlaim atá le déanamh as sin a chur san áireamh sula dtéann muid ar aghaidh chun aon athrú a dhéanamh ar an ardteist. Má dhéanaimid silo leis féin é, ní oibreoidh sé. Mar a dúirt Julian de Spáinn, caithfidh sé a bheith i gcomhthéacs polasaí iomlán an Stáit i leith na teanga.

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Ní rachaidh mé i bhfad scéal leis. Tacaím leis an méid a dúradh roimhe seo. Ar ndóigh, táimid ag plé ceist shonraíochtaí T1 agus T2 agus ceist na Gaeilge, ach táimid anseo freisin chun an t-oideachas trí mheán na Gaeilge a phlé.

I gcomhthéacs na leasuithe atá tugtha don tsraith shinsearach, bheadh sé fíorthábhachtach go mbeadh na deiseanna céanna ag scoileanna lán-Ghaeilge agus scoileanna Ghaeltachta maidir le hacmhainní agus múinteoirí agus maidir le rogha ábhair. Tá céimeanna chun tosaigh glactha. Luaigh Fíona Uí Uiginn an polasaí don oideachas Gaeltachta. Maidir le bunscoileanna, tá an fhoghlaim ar líne. Rinneadh tagairt dó sa The Irish Timesar maidin. Cuireadh cúrsa fisiceach ar leibhéal na hardteiste ar fáil go fíriúil. Fáiltíonn COGG roimhe go bhfuil fógra déanta go mbeidh an dara hábhar le cur i bhfeidhm mar chuid den bhunscoil. Bheimis ag moladh freisin go leathnófaí é sin amach. Baineann é seo leis an gceist chun é a leathnú amach ar bhonn níos fairsinge. Baineann sé leis an bpolasaí don oideachas Gaeltachta, ach tá deacrachtaí soláthair ann do na Gaelcholáistí chomh maith maidir le múinteoir a aimsiú i gcuid den na sain-ábhair. Bíonn sé seo i gceist go minic ar leibhéal na hardteiste.

Molaimid go leathnófaí múnla na bunscoile nó scéim na bunscoile amach go dtí na Gaelcholáistí chomh maith agus nach mbeadh sé teoranta. Tá sé fíorthábhachtach go mbeadh sé sin ar fáil do na scoileanna Gaeltachta. Dá bhféadfaí teacht ar mheicníocht agus ar bhealach chun é a leathnú amach go dtí na Gaelcholáistí, táim cinnte go bhfáilteofaí roimhe sin. B’fhéidir go bhfreastalódh sé ar cheist soláthair múinteoirí. Níl mé ag rá go bhfreagróidh sé na ceisteanna ar fad a bhaineann le soláthar múinteoirí, ach maolódh sé cuid den fhadhb a bhaineann le cuid de na hábhair. Tá Gaelcholáistí ann, a bhféadfadh Caoimhín Ó hEaghra labhairt fúthu, ar mhaith leo a bheith ag déanamh níos mó freastal maidir le hábhair ardteiste agus nach féidir leo.

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar dtús, ba mhaith liom fáilte mhór a chur roimh gach duine. Is cruinniú an-tábhachtach é don choiste, do chúrsaí oideachais agus go háirithe do na daltaí atá sna scoileanna lán-Ghaeilge.

Tá ceist agam do Caoimhín Ó hEaghra. Dúirt sé go bhfuil an tsraith shinsearach ró-bhunúsach do dhaltaí a d’fhreastail ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus labhair sé faoi phointí bónais. Cén saghas scéime atá in aigne aige maidir leis na pointí bónais? An bhfuil sé ag caint faoi phointí bónais a thabhairt do na daltaí san ardteistiméireacht?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Rinne an Seanadóir Mullen tagairt dó seo níos luaithe chomh maith. Tá imní orainn mura ndéanfar rud éigin mar sin ó thaobh ábhar breise a chur ar fáil, ina mbeadh saíocht agus litríocht ann, nach mbeadh sé mealltach do dhaltaí dul i dtreo na n-ábhar sin san ardteist. Dá bhrí sin, is é an córas atá ann faoi láthair ná córas do phointí ag an ardteist. Tá an sampla céanna le feiceáil maidir le matamaitic agus mata feidhmeach agus go mealltar daltaí sa treo sin. Ba é an pointe a bhí againne ná má tá an córas agus an t-athbhreithniú le cónascadh agus le comhtháthú le haidhmeanna an Stáit ó thaobh straitéis na Gaeilge de, an méid a atáimid ag iarraidh baint amach leis an mBille teanga agus 20% ag obair san earnáil phoiblí, caithfear daltaí a mhealladh i dtreo ardleibhéil agus ardchaighdeáin sa Ghaeilge. Is beag bealach chun é sin a dhéanamh.

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An aontaíonn Julian de Spáinn le Caoimhín Ó hEaghra ar an bpointe sin?

Mr. Julian de Spáinn:

An cheist is bunúsaí nuair a thagann sé go dtí an ardteistiméireacht ná go gcaithfidh daltaí a bheith ag smaoineamh ar chóras na bpointí. Ní féidir leo córas na bpointí a chur ar leataobh. Moltar leis an gcóras T1 agus T2 go gcuirtear cúrsa níos dúshlánaí ar fáil dóibh. Ní aontaíonn muid leis an gcur chuige sin ach tá moltaí eile atá sa phlécháipéis atá ag Fíona agus Áine maidir le sárleibhéal nó ábhar breise a bheith ann. Má aithnítear go bhfuil cúrsa níos dúshlánaí, caithfear cúiteamh a thabhairt bunaithe air sin nó ní dhéanfaidh aon duine é. Tógfaidh sé am breise, ní bheidh an t-am acu d’ábhair eile agus mar sin ní dhéanfaidh siad é. An rogha eile ná go mbeadh dhá ábhar don ardteistiméireacht. Bheadh cinneadh coinsiasach le déanamh ag daltaí ansin an bhfuil siad chun an t-ábhar breise a dhéanamh mar chuid den seacht n-ábhar a dhéanann siad nó mar an t-ochtú ábhar.

Is cinnte go mbeidh infheistíocht ag teastáil ón Stát d’aon cheann de na rudaí seo atá muid ag lua ach is dóigh linne gur fiú an infheistíocht sin. Ní fiú dúinn dul ar aghaidh le córas atá lochtach agus briste. Is gá é a chur ina cheart agus is gá le hinfheistíocht chun é sin a dhéanamh. Beidh tairbhe mhór ann don Stát mar ar an taobh eile beidh muid ag cinntiú go bhfuil daoine ar ardchumas ag teacht amach agus in ann na seirbhísí agus eile a chur ar fáil amach anseo san earnáil phoiblí trí chéile. Beidh siad in ann é sin a dhéanamh lasmuigh de sin freisin san earnáil phríobháideach mar as an earnáil phoiblí tiocfaidh deiseanna san earnáil phríobháideach. Is infheistíocht atá sna hacmhainní breise a bheadh le cur isteach ina leithéid de chóras.

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá aithne ag Julian ar mo Dháilcheantar féin. Tá a lán bunscoileanna lán-Ghaeilge ann ach níl aon mheánscoil lán-Ghaeilge ann. Bhí mé ag caint leis na finnéithe faoi seo cúpla seachtain ó shin. Cad í an fhadhb, ina dtuairim féin? An í an Rialtas an fhadhb? Cén fáth nach bhfuil aon scoil lán-Ghaeilge ag leibhéal na meánscoile i mo Dháilcheantar?

Mr. Julian de Spáinn:

Tá ceathrar páistí agamsa-----

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá a fhios agam.

Mr. Julian de Spáinn:

-----sa cheantar a bheidh ag lorg Gaelcholáiste amach anseo so tá mé an-tógtha leis an gceist seo faoi láthair. Tá córas ann le fada an lá nach bhfuil ag breathnú ar aghaidh ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Luaigh mé níos luaithe go bhfuil sprioc leagtha síos ag an mBreatain Bheag chun 40% de na scoileanna a bheith mar scoileanna Breatnaise amach anseo. Níl aon sprioc mar sin againne ó Dheas anseo in Éirinn. Cá mbeadh muid anois dá mbeadh a leithéid de sprioc tar éis a bheith againn ó na 1970aidí ar aghaidh, mar shampla? B’fhéidir go mbeadh muid níos fearr ná na Breatnaigh agus imithe ar aghaidh go 50% nó 60%. An t-easnamh is mó atá againn ná nach bhfuil aon phlean ann ag rá go bhfuil an oiread seo Gaelscoileanna ann faoi láthair, beidh an méid seo iar-bhunscoileanna ag teastáil agus táimid chun na hacmhainní a chur ar fáil chun a leithéid a dhéanamh.

Ceann de na rudaí is mó atáimid ag cloisteáil le cúpla bliain anuas ná go mbeidh na haonaid mar réiteach ar an scéal seo. Tá go leor fadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an bhfreagra sin. Sin ceann de na freagraí a tugadh sa Dáilcheantar againne. Dúradh go bhféadfaí an mheánscoil nua a bhronnadh ar Educate Together agus go bhféadfadh siad aonad lán-Ghaeilge a chur ar bun ann. An fhadhb is mó a bhaineann leis na haonaid ná nach bhfuil aon chinnteacht go mbeidh gach ábhar ar fáil trí Ghaeilge. Ní bhfaighidh daoine an t-eispéireas céanna tumtha ó thaobh cúrsaí teanga de i measc na ndaltaí má tá siad i scoil ina bhfuil an Béarla timpeall orthu chomh maith. An rud atá le feiceáil ó thaobh rathúlacht na Gaelscolaíochta ná go bhfeidhmíonn sí i bhfad níos fearr nuair atá na scoileanna neamhspleách agus in ann feidhmiú iad féin. Sa scoil-cheantar ina bhfuil muid, tá níos mó ná 40 meánscoil ag feidhmiú trí mheán an Bhéarla agus níl oiread agus Gaelcholáiste amháin ann.

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bhí mé ag caint leis an Aire agus dúirt sí liom go mbeadh sí saor don chruinniú an Mháirt seo chugainn. Beidh mé ag caint léi faoi seo.

Mr. Julian de Spáinn:

Go raibh maith agat.

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An aontaíonn Caoimhín leis an méid a dúirt Julian?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Aontaíonn. Gabhaim buíochas leis an Teachta as an cheist seo a ardú mar tá sí lárnach don rud atá muidne ag rá. Teastaíonn comhtháthú i bhfad níos soiléire agus níos láidre ó thaobh polasaí an Stáit, straitéis na Gaeilge, cur chun cinn na Gaeilge agus an polasaí atá ag an Roinn maidir le bunú Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí. Thug Julian sampla ansin. Sa cheantar inár ritheadh próiseas pátrúnachta le meánscoil nua a bhunú, bhí 40 scoil Bhéarla, gan aon Ghaelcholáiste. Léirigh muidne an t-éileamh do Ghaelcholáiste ach fós ní raibh an córas ag an Roinn ábalta freastal air sin agus chiallaigh sé sin gur cuireadh bac ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal a fháil dá bpáistí. Níl sé ceart sa lá atá inniu ann go mbeadh muid ag iarraidh ar thuismitheoirí páistí a sheoladh achar fada trasna na cathrach nó amuigh faoin tuath le hoideachas lán-Ghaeilge a fháil ag an dara leibhéal, nuair atá an deis ag páistí atá ag lorg scoil Bhéarla é a fháil níos gaire don bhaile. Caithfidh cothrom na Féinne a bheith ann. Téann sé ar ais go cothrom na Féinne do pháistí na tíre ar fad ó thaobh oideachas lán-Ghaeilge a fháil, más mian leo é sin a dhéanamh.

Photo of Jim O'CallaghanJim O'Callaghan (Dublin Bay South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aontaím leat. Beidh muid ag caint faoi seo arís Dé Máirt seo chugainn.

Photo of Aisling DolanAisling Dolan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis na cainteoirí ó Chonradh na Gaeilge, Gaeloideachas agus Tuismitheoirí na Gaeltachta. Is teanga álainn í an Ghaeilge. Tá Fraincis agus Spáinnis agam ach níl mé chomh líofa as Gaeilge. Is as Béal Átha na Sluaighe mé agus nuair a bhí mé óg ní raibh a lán roghanna ó thaobh Gaelscoileanna sa bhaile sin, ach tá Gaelscoil ann anois agus tá Gaelscoil i Ros Comáin freisin. Tá sé an-tábhachtach agus tá tacaíocht ann don Ghaeilge mar ábhar sa leaving certificate. Tá cúpla ceist agam, as Béarla if that is okay, leis na freagraí as Gaeilge.

Tá cumas sa teanga agus cumarsáid an-tábhachtach. Language and communication skills were mentioned as being extremely important and reference was made to the Common European Framework of Reference for Languages, the CEFR. How do we ensure students doing the leaving certificate have that capability to speak fluently? I say this because I studied French and Irish at leaving certificate, with French at pass level, and I went on and studied it at degree level in Galway. I was very fortunate to be able to go on Erasmus and spend a year abroad when I was young. I did not have the chance to get to the Gaeltacht, unfortunately, despite being from Galway. How do we ensure our children and students are left with that capability? It is very difficult to become fluent. I only know this from French. I am doing the Gaeilge classes here in the Oireachtas so I hope I increase my level of fluency as Gaeilge as well. It is nearly like having a bath. It took six months when I was abroad before I had the ear and was able to speak. How can we improve that to reach the CEFR so our students can leave school with the ear as Gaeilge? Perhaps this happens more now that we have Gaelscoileanna at primary and secondary level but how do we do it for other schools as well? How do we make sure all our schools are able to provide that?

I liked the idea of the subject on saíocht agus litríocht na Gaeilge that Ms Uí Uiginn mentioned, which would teach Irish culture, heritage and literature. It is absolutely great and wonderful. I am guessing it would be trí Ghaeilge. This particular subject would be of immense interest, particularly to a lot of our newer students. I am referring to people who have arrived from abroad and settled in Ireland and are now coming into our schools. I am sure Ms Uí Uiginn is seeing more and more first generation Irish at primary and secondary level. Would this also be available to them? Would it only be trí Ghaeilge? I am just curious. I am just putting it out there because it is something that would be of immense interest to so many.

Ms Fíona Uí Uiginn:

Maidir le cén chaoi an fráma tagartha a cheangal isteach chun é a dhéanamh níos éifeachtaí, an chéad rud gur gá leis ná ailíniú a dhéanamh idir na gráid éagsúla sa fhráma tagartha agus an curaclam. Tuigeann an Seanadóir an fráma tagartha comónta Eorpach. Tosaíonn sé le A1 agus ansin téann sé go A2, B1, B2 agus mar sin de. Bheadh gá féachaint ar na sonraíochtaí ag an iar-bhunleibhéal, ag tosú leis an tsraith shóisearach, agus cinntiú go raibh ceann de na leibhéil sin ailínithe ar bhealach trédhearcach, ag teacht leis an gcaighdeán atá i gceist leis an bhfráma tagartha.

Is é sin go mbeadh A1 ag teacht le bonnleibhéal nó gnáthleibhéal sa tsraith shóisearach agus go mbeadh A2 agus ansin B1 agus B2 ag teacht suas go dtí an ardteistiméireacht. Bheadh béaltriail i gceist freisin. Tá a lán marcanna ag dul don bhéaltriail i láthair na huaire. Tá an bhéaltriail struchtúrtha le han-chuid sraitheanna pictiúr atá le foghlaim de ghlanmheabhair ag daltaí agus níl sé sin ag cur leis an gcumas fadtéarmach cumarsáide atá ag na daltaí. Tá sé sin léirithe sa phlécháipéis. Níl a fhios agam an raibh deis ag na comhaltaí é sin a léamh.

Chomh maith leis sin, is é ceann de na teachtaireachtaí míchearta atá ann leis an tsraith shóisearach faoi láthair ná nach bhfuil aitheantas á thabhairt go hoifigiúil don scrúdú béil sa tsraith shóisearach nua. Ba mhaith linn - ceapaim go bhfuilimid ar fad ar aon fhocal faoi seo – go mba chóir go mbeadh aitheantas tugtha ag an tsraith shóisearach don bhéaltriail. Bhí sé sin ann agus ba cheart é a thabhairt ar ais.

Tá molta go mbeidh 35% nó 40% de na marcanna ag leibhéal na hardteistiméireachta ag dul don bhéaltriail ach caithfidh athstruchtúrú a dhéanamh ar an mbéaltriail chun a chinntiú go bhfuil cumas cumarsáide ag sroicheadh leibhéal atá aitheanta go hidirnáisiúnta tríd an bhfráma tagartha thuasluaite, go bhfuil caighdeán áirithe ag baint leis agus nach mbeadh daltaí díreach ag foghlaim rudaí de ghlanmheabhair don scrúdú sin. Tá athstruchtúrú dáiríre agus athbhreithniú le déanamh air sin.

Chuir an Seanadóir Dolan ceist orm mar gheall ar shaíocht agus litríocht na Gaeilge. Tá an cúrsa atá molta againn dírithe ar dhaltaí atá ar ardchaighdeán chun cur leis an gcumas atá acu siúd mar níl freastal ceart á dhéanamh orthu i láthair na huaire ó thaobh na litríochta agus shaíocht na teanga de. Is cinnte, agus tá an ceart ag an Seanadóir, go mbeadh a leithéid de chúrsa spéisiúil do dhaoine nua atá ag teacht isteach sa tír agus do go leor de na daltaí chun comhthéacs den teanga atá á foghlaim acu a thabhairt dóibh. B’fhéidir go mbeadh féidearthacht ansin do ghearrchúrsa ag leibhéal na sraithe sóisearaí, nó má tá gearrchúrsa beartaithe acu le tabhairt isteach leis an athchóiriú a bheidh á dhéanamh ar an ardteistiméireacht, go mbeadh féidearthacht ann le go bhfaigheadh réimse níos leithne de dhaltaí an deis eolas a chur air sin. I ndáiríre, is é cuid den chúis é go mbíonn daltaí ag gearán mar gheall ar an nGaeilge mar nach bhfuil tuiscint iomlán acu ar thábhacht na teanga, an traidisiún agus an saibhreas a bhaineann léi i gcomhthéacs Eorpach.

Photo of Aisling DolanAisling Dolan (Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Gabhaim buíochas le Fíona Uí Uiginn. I would be 100% behind her on the oral exam. It is so crucial to be able to speak fluently but that it is not done by rote or by being learned off.

I thought that the subject that I mentioned was of great interest because we learned so much through history and everything else but this would be a subject specifically around the Irish language. The etymology of so many words which come through Hiberno-English is truly amazing. The way we speak and even the structure of our speech lends itself to so much of our poetry and literature, and so on.

My other question then, and I do not know if some of our other witnesses may wish to comment on it if we have time, relates to the Common European Framework of Reference for Languages.

Photo of Fiona O'LoughlinFiona O'Loughlin (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ar an gceist sin?

Mr. Julian de Spáinn:

Maidir leis an gceist mhaith sin a chuir an Seanadóir, luafaidh mé rud amháin a bheidh bainteach leis. Tá eolas breise sa cháipéis a bhí Fíona Uí Uiginn ag labhairt faoi ar conas a dhéanfar an t-athailíniú leis an bhfráma tagartha. Is é ceann de na rudaí is mó a athródh, más rud é go rabhamar chun an fráma a úsáid agus ag teacht tríd an gcóras ar fad, ná go mbeadh béim i bhfad Éireann níos mó ar an gcumarsáid. Tá na cúrsaí atá ar fáil ó Ollscoil na hÉireann Mhá Nuad faoi láthair, mar shampla, do dhaoine fásta ag baint úsáid as an bhfráma tagartha ar nós an chúrsa: Teastas Eorpach na Gaeilge, TEG, mar a ghlaoitear air. Tá sé sin thar a bheith dírithe ar an teanga chumarsáide. Is é buntáiste eile a dtagann ón bhfráma tagartha ná gur féidir le duine a bheith ar leibhéal níos airde, mar shampla, sa teanga labhartha ná mar atá sé nó sí sa teanga scríofa. Ie é sin ceann de na rudaí a bheadh an-solúbtha agus b’fhéidir go dtabharfadh sé an-mhisneach do dhaltaí freisin má thuigeann siad go bhfuil ag eirí leis nó léi i labhairt na Gaeilge ach b’fhéidir go gcaithfidh an dalta feabhas a chur ar a chuid nó a cuid Gaeilge scríofa nó ar ghnéithe eile. Athródh córas mar sin an chaint i dtaca le foghlaim na Gaeilge más rud é go raibh a fhios ag daoine go raibh sé bunaithe freisin ar rud, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na hEorpa. Is maith le daoine a thabhairt faoi deara go bhfuil siad ina gcuid de rud níos mó agus b’fhéidir go gcabhródh sé sin leis.

Ar an taobh eile den bhfráma tagartha freisin, tá próifíl teanga a chuirtear san áireamh maidir leis an gcur chuige a bhíonn ann leis na réimsí daltaí éagsúla. D’fhéadfadh an próifíl a bheith ag freagairt do na riachtanais atá ag na daltaí atá san áireamh do pé leibhéal atá i gceist leis an bhfráma tagartha agus é bunaithe ar cén grúpa dalta a bheadh i gceist.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá brón orm as a bheith déanach ach bhí mé ag éisteacht thuas staighre san oifig agus ag leanúint na díospóireachta a bhí ar siúl. Tá cúpla ceist agam féin agus tá comhaltaí eile tar éis an-chuid de na ceisteanna a bhí mé chun a chur a chur cheana féin. Is é an rud is mó a theastaím a rá ná go gcaithfimid luach a thabhairt don teanga agus an grá agus an tsuim sin a mhúscailt sna daltaí. Tá an córas mar atá sé faoi láthair bunaithe ar chóras na bpointí agus táimid ag obair laistigh de sin. Ta sé deacair an sprid agus an grá sin a mhúscailt laistigh de sin ach ag an am céanna, tá rudaí faoi leith gur féidir linn a dhéanamh chun an córas a athrú.

Bhí mé ag éisteacht leis na tuairimí a bhí ag na finnéithe maidir le pointí bónais a chur i bhfeidhm, sárchúrsa nó cúrsa Gaeilge feidhmeach. Bhí mé féin ag labhairt mar gheall air sin ar feadh na mblianta agus tá sé deas a chloisteáil inniu go bhfuil ár bhfinnéithe glan i bhfabhar é sin. Tá súil agam go n-athróidh rudaí sa todhchaí.

Ag díriú isteach ar na ceisteanna atá agam, bhí na finnéithe ag labhairt faoin scrúdú béil. Faoi láthair, tá an méid atá sa scrúdú béil intuartha agus is féidir leis na daltaí ullmhú dá réir. Ní olc an rud é sin agus tá sé sin go maith do na daltaí ach, mar a dúirt mé, tá sé intuartha. Cén saghas struchtúr eile a bheadh ár bhfinnéithe ag smaoineamh faoi chun an scrúdú béil a mheascadh suas, beagáinín, agus conas ar féidir linn é sin a dhéanamh don scrúdú sin?

Tá an dara ceist atá agam bunaithe ar an idirbhliain. Nuair a bhí mé féin ag múineadh i nGaelcholáiste, chuaigh me thíos gach bliain go dtí an Ghaeltacht leis an idirbhliain, go háirithe, agus chaith siad b’fhéidir seachtain nó cúpla lá thíos i gCiarraí. Ó bheith ag múineadh i nGaelcholáiste, ceapaim gur deas an rud aitheantas a thabhairt don am sin a chaitheann na daltaí thíos sa Ghaeltacht. An bhfuil aon tuairimí ag ár bhfinnéithe má chaitheann dalta ceithre, cúig nó sé seachtaine thíos sa Ghaeltacht ionas gur féidir linn aitheantas éigin nó pointí a thabhairt dó sin ó thaobh creidiúint sa todhchaí?

Tá an tríú ceist atá agam lasmuigh den ardteistiméireacht féin. Bhí na finnéithe ag labhairt mar gheall ar phoist sa Státseirbhís agus sa phobal. An bhfuilimid ag déanamh ár ndóthain chun an líon daoine a gcaithfidh Gaeilge a bheith acu sa Státseirbhís a bheith ann chun déileáil leis an bpobal? An bhfuilimid cóngarach don líon sin daoine a chomhlíonadh nó an féidir linn níos mó a dhéanamh agus más féidir linn, cad é sin?

Tá ceist eile agam mar bhí an Teachta O’Callaghan anseo ag labhairt faoin gcóras pátrúnachta atá againn. Tá a fhios agam gur fadhb mhór é i mBaile Átha Cliath. Tá an t-ádh liom féin mar tá dhá Ghaelscoil i mo cheantar féin. An bhfuil sé cothrom go gcaithfidh daltaí taisteal 30, 40, nó 50 nóiméad chun freastal ar scoil lán-Ghaeilge sa lá ata inniu ann? Fáiltím roimh smaointe ár bhfinnéithe orthu sin agus is féidir liom ceist eile a chur ina dhiaidh sin.

Photo of Fiona O'LoughlinFiona O'Loughlin (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá an-chuid ceisteanna ansin. Cé ar mhaith leis nó léi teacht isteach i dtosach báire ansin?

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

An féidir liom teacht isteach ansin?

Photo of Fiona O'LoughlinFiona O'Loughlin (Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir cinnte, lean ar aghaidh.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Baineann na rudaí eile le gnéithe taobh amuigh den Ghaeltacht ach ba mhaith liom labhairt faoi scéim atá Tuismitheoirí na Gaeltachta ag forbairt in éineacht le Teacht Aniar, an grúpa atá thuas i mBaile Átha Cliath. Is clár foghlama é don idirbhliain.

Is clár ceannaireachta Gaeltachta atá bunaithe ar chúrsaí éiceolaíochta, Gaeilge agus Gaeltachta agus an nasc atá idir an dá rud sin mar aon leis an ngéarchéim éiceolaíochta atá ann faoi láthair. Ta sé sin mar ábhar spéise ag go leor daoine óga agus an ceangal idir é sin agus an ghéarchéim Gaeltachta agus Gaeilge, más féidir sin a lua. Táimid á fhorbairt sin faoi láthair agus ag caint leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá an-spéis acu ann agus táimid ag caint leis an Roinn Oideachais chomh maith. Is ábhar agus clár an-spéisiúil é agus ba mhaith liom é a lua. Mar thoradh air sin, bheadh na scoileanna Gaeltachta ag tabhairt cuairt agus ag cur aithne ar a chéile agus mar sin. Tá sé an-spéisiúil gur luaigh an Teachta O’Sullivan an cúrsa idirbhliana agus go bhfuil sé sin á fhorbairt againn faoi láthair.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra:

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Teachta as an gceist sin ar chathair Bhaile Átha Cliath mar gheall ar an ngéarchéim atá ansin i dtaca le Gaelcholáistí. Tá an ghéarchéim chéanna ar fud na tíre, má smaoinítear air. Luadh níos túisce an fáth leis seo. Tá deacracht cinnte le bunú Gaelcholáistí mar gheall ar an gceist a ardaíonn an Roinn faoi inmharthanacht agus an bhfuil dóthain Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal chun tacú le hinmharthanacht meánscoil i gceantar tuaithe.

Tá polasaí ag an Stát go mbeidh 400 scoil ilchreidmheach sa tír seo faoin mbliain 2030 ag an mbunleibhéal. Tá iarratas déanta againn, is é sin ag an bhForas Pátrúnachta, agus ag daoine eile san earnáil Ghaeilge ag fiosrú cén fáth nach bhfuil an polasaí ag an Stát go mbeadh 400 bunscoil lán-Ghaeilge ag an Stát chomh maith. Cén fáth nach bhfuil sé sin ainmnithe agus curtha síos mar sprioc? Is féidir é a dhéanamh go héasca mar tá an straitéis ann ó thaobh na scoileanna ilchreidmheacha. Má táimid ag iompú scoil isteach ina scoil ilchreidmheach, d'fhéadfadh sí a bheith ina scoil ilchreidmheach lán-Ghaeilge ar dtús. Chiallódh sé sin go mbeadh breis scoileanna i gceantair tuaithe chun tacú le inmharthanacht meánscoil lán-Ghaeilge.

Chun tacú leis sin freisin, tá múnla nua á chur chun cinn ag an bhForas Pátrúnachta do cheantair thuaithe nó ceantair ina bhfuil líon beag Gaelscoileanna, agus is satailít de mháthairscoil lán-Ghaeilge ag an meánleibhéal a bheadh ann. Is é an meon atá againn ná go ndeir an taighde linn go seolfaidh 55% de thuismitheoirí a gcuid páistí chuig Gaelscoil, do Ghaelcholáiste nó d’oideachas lán-Ghaeilge, má tá ceann gar dóibh. Má bhunaímid meánscoileanna lán-Ghaeilge agus má thugaimid agus an Roinn na hacmhainní dóibh chun iad a fhorbairt, fásfaidh an t-éileamh de réir a chéile agus beidh inmharthanacht i gceist maidir leo.

Go tapa, maidir leis an bpointe a rinne an Teachta freisin faoin nGaeilge agus turais chuig an nGaeltacht ag páistí na hidirbhliana, aontaím leis sin ach tá sé ceangailte leis an líofacht agus chaithfí ceangal éigin a bheith ann. Is é sin an chaoi a thiteann Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha isteach go láidir chun tacú le cumarsáid agus forbairt na cumarsáide agus gnéithe áirithe den teanga nach bhfuilimid in ann freastal orthu faoi láthair.

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Gabhaim buíochas leis an Leas-Chathaoirleach agus leis an Teachta O’Sullivan as na ceisteanna sin. Ní rachaidh mé i bhfad scéil leo ach is é an chéad rud a luaigh sé ná an scrúdú béil. Níl a fhios agam an féidir scrúdú a dhéanamh níos mealltaí agus b’fhéidir go mbeimis ag imeacht ón gcóras atá ann ina bhfuil an-chuid foghlama de ghlanmheabhair á úsáid. I gcuid de na teangacha eile agus, fiú amháin, de na córais atá acu ar fud na hEorpa, cuirtear iallach ar scoláirí nó ar mhic léinn breathnú ar ghrianghraif nó ar phíosa gairid iriseoireachta nó scríbhneoireachta nach bhfuil feicthe acu cheana féin. Tugtar tamall beag dóibh breathnú agus machnamh a dhéanamh air agus ansin caithfidh siad a bheith in ann comhrá a láimhseáil bunaithe ar an méid sin. Is rogha amháin a bheadh ansin, b’fhéidir.

Maidir leis an gceist a d’ardaigh an Teachta faoi chúrsaí idirbhliana agus turais chun na Gaeltachta, rinne Julian de Spáinn tagairt ansin don tuarascáil atá ar bhord an Aire maidir leis na leasuithe ardteistiméireachta. Beidh le feiceáil an mbeidh gnéithe laistigh den tuarascáil sin a dhéanann tagairtí sonracha do chreidiúnú nó do theistiú éigin mar chuid den tsraith shinsearach a bhainfeadh le gníomhaíochtaí na hidirbhliana. B’fhéidir go mbeadh féidearthachtaí ansin. Ní leor an turas amháin agus bheadh gá le measúnú de chineál éigin ionas go bhfeadfaí creidiúnú éigin a bhronnadh ar dhaoine.

Is í earcaíocht na hearnála poiblí an rud deiridh a ndearna an Teachta tagairt dó. Chun freagra gonta a thabhairt ar an gceist sin, ní dóigh liom go bhfuil dóthain á dhéanamh againn. Tá roinnt de na pointí a ardaíodh inniu maidir le hailíniú i gcomhthéacs an fhráma tagartha ann chomh maith leis sin atá luaite agam féin cúpla geábh ag an bpointe seo. D’fhéadfaí, nuair atáthar ag déanamh anailíse ar na sonraí a eascraíonn ón gcomhairliúchán, breathnú ar dheiseanna a bheadh ann díriú isteach ar ghnéithe feidhmeacha a bhainfeadh leis an nGaeilge, conas a bhfeadfaí déileáil leis an nGaeilge mar theanga soláthair oibre, agus féachaint ar na scileanna cuí sin a bheith mar chuid de shonraíocht a thiocfadh chun cinn.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

An raibh an Teachta ag iarraidh ceist eile a chur?

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táim ceart go leor, go raibh maith agat.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is amhlaidh go bhfuil an Cathaoirleach féin gafa leis an vóta a bhí aige. Tá an deis agam anois agus cuirfidh mé ceist bheag nó, b’fhéidir, mhór eile. Tá an baol ann i gcónaí nuair atáthar ag caint faoin nGaeilge, go háirithe sa chomhthéacs seo, go bhfuiltear ag caint faoin ábhar seachas faoin teanga agus an gnáth-theanga cumarsáide. Dhíríomar isteach ar an ábhar Gaeilge don ardteistiméireacht ach ní raibh mórán cainte againn ar na hábhair eile agus an chaoi ina bhfuil páistí agus daltaí in ann an mheánscolaíocht a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. An bhfuil deacrachtaí fós ann, go háirithe maidir leis na réimsí ábhar is féidir leo a dhéanamh? Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn éigin déanta maidir le fisic ach an bhfuil an fhadhb fós ann? Táim ag smaoineamh ar na scoileanna beaga sin go háirithe ar na hoileáin agus sna ceantair Ghaeltachta. An bhfuil sé deacair teacht ar na hábhair éagsúla chun iad a dhéanamh ar leibhéal na hardteistiméireachta, má táthar ag iarraidh iad a dhéanamh trí mheán na Gaeilge? Cuirfidh mé an cheist sin ar Pádraig Ó Beaglaoich, ar dtús báire.

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Gabhaim buíochas as an gceist sin, a Leas-Chathaoirleach. Tá deacrachtaí ann, gan amhras. Ní hionann an rogha chéanna a bheith ag scoláire atá ag freastal ar iar-bhunscoil Gaeltachta nó ar Ghaelcholáiste agus a bheadh trasna an bhoird sna scoileanna Béarla. Chomh maith leis sin, tá deacrachtaí a ndearna mé tagairt dóibh níos luaithe maidir le soláthar téacsleabhar. D’fhéadfaí téacsleabhair, fiú amháin, a sholáthar ach is é ceann de na hábhair gearáin a bhíonn ag múinteoirí agus ag scoileanna chomh maith ná, i gcás an Bhéarla, go bhféadfaí ceithre nó cúig cinn de théacsleabhair a bheith mar rogha ag an duine ach, toisc go bhfuil scéim na dtéacsleabhar mar a bhaineann le scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge fóirdheonaithe, níl bhíonn i gceist ach rogha amháin d’ábhar amháin. Cruthaíonn sé sin deacrachtaí ann féin.

Maidir leis an gceist a d’ardaigh an Leas-Chathaoirleach maidir le scoileanna iargúlta agus tuaithe, níl aon amhras ach go bhfuil múnla na molscoile nó ríomhscoile ach i dtús ama anois, i ndáiríre. D’éirigh go maith leis na chéad iarrachtaí agus tá an dara hábhar le tabhairt isteach ach tá gá le breathnú níos mine agus níos cuimsithí ar an gceist sin ionas go mbeidh, mar a luaigh Caoimhín Ó hEaghra ansin, cothrom na Féinne ag na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

Is é rud nár éirigh liom a lua sa ráiteas tosaigh ná go bhfáiltím roimh an iarratas ar eolas margaidh don dara cúrsa a bheadh dírithe ar an bhfoghlaim chumaisc trí mheán na Gaeilge d’oideachas tosaigh múinteoirí agus tá sé sin idir lámha ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Tá cúrsa ann cheana féin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh - Máistir Gairmiúil san Oideachas trí mheán na Gaeilge - ach tá gá le tuilleadh soláthair múinteoirí gan amhras.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cad iad na hábhair is deacra déileáil leo maidir le múinteoirí a bheith ar fáil nó le téacsleabhair?

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

B'fhéidir go mbeadh níos mó cur amach ag príomhoidí scoile nó iar-phríomhoidí scoile ná mar a bheadh agamsa.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

B'fhéidir cinnte, gabh mo leithscéal.

Ms Fíona Uí Uiginn:

Na heolaíochtaí is ea an fhreagra ar an cheist sin, is dócha, agus an eacnamaíocht bhaile ach go háirithe. Is dócha go bhfuil gach príomhoide in Éirinn ag lorg múinteoir eacnamaíocht bhaile faoin am seo. Chomh maith leis sin, áirím na hábhair theicniúla a bhíonn á múineadh go minic in Ollscoil Luimnigh. Bhí sé mar mholadh againn go mbeadh ar gach institiúid a chuireann oideachas tosaigh múinteoirí ar fáil, na módúil a chur ar fáil le múineadh trí mheán na Gaeilge. Tá a fhios agam anois go bhfuil níos mó oscailtí ann le traenáil mar mhúinteoir trí mheán na Gaeilge leis an gcúrsa i nGaillimh, ach ba cheart go mbeadh ar Ollscoil Luimnigh agus ar na hollscoileanna eile a chinntiú go ndéanfadh na múinteoirí cúrsa ar theagasc trí Ghaeilge mar chuid den oiliúint atá ar bun acu. Tá a fhios agam gur thosaigh Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath é sin, agus ceapaim go raibh sí ag éileamh caighdeán B2 chun dul isteach ar an gcúrsa. Is éard atá i gceist agam go mbeadh an cúrsa ar fáil i ngach institiúid a chuireann oideachas tosaigh múinteoirí ar fáil - i Luimneach , i gCorcaigh agus i ngach áit.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

A Uasail Ní Chéilleachair, is cinnte gur ábhar buartha é seo do thuismitheoir atá ag iarraidh páiste a chur chun an ardteistiméireacht a dhéanamh am éigin.

Ms Sorcha Ní Chéilleachair:

Táim buíoch don Chathaoirleach Ghníomhach gur tarraingíodh anuas an cheist sin anseo. Tá an-tábhacht leis an taithí iomlán trí Ghaeilge a fháil sa scoil, go mbeadh obair ar an nganntanas i soláthar múinteoirí atá ann, agus go mbeadh múinteoirí ann leis na hábhair ar fad a mhúineadh i nGaeilge. Níl aon dhifríocht idir an páiste a théann isteach sa chóras Gaeltachta agus taobh amuigh den Ghaeltacht nó in aon scoil ar fud na tíre. Is í an t-aon dhifríocht atá ann ná nach bhfuil an teagasc á dhéanamh trí Ghaeilge agus ba cheart freastal a dhéanamh air sin.

Mr. Julian de Spáinn:

Is pointe díreach agus tábhachtach é gur fiú breathnú arís ar na liúntais do mhuintir na Gaeltachta a bhíodh ann. Luaigh an tUasal Ó Beaglaoich nuair nach bhfuil na hábhair ann, is gá do mhúinteoirí iad a chruthú agus tá i bhfad níos mó oibre i gceist chun é sin a dhéanamh. B’fhéidir gur fiú breathnú arís ar na liúntais a bhí ann, ag glacadh leis go bhfuil an dualgas breise sin ag titim ar dhaoine. Freisin, má táimid ag iarraidh daoine a mhealladh go dtí cuid de na háiteanna seo, a bhfuil, b’fhéidir, an-iargúlta agus nach an rud is mealltaí riamh atá iontu, chabhródh sé sin freisin le daoine a mhealladh agus leis an gcóras oideachais ina iomlán.

Photo of Pádraig O'SullivanPádraig O'Sullivan (Cork North Central, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé in am dúinn plé a dhéanamh ar an topaic seo inniu. Maidir leis an méid daltaí, tá thart ar 60% anois ag déanamh na Gaeilge san ardteistiméireacht. Tá líon mór daltaí nach bhfuil ag déanamh na Gaeilge in aon chor. Táim buartha freisin maidir leis an méid díolúintí atá á fháil ag daltaí. Tá a fhios agam go bhfuil cúiseanna éigin le haghaidh roinnt de na díolúintí le riachtanais speisialta agus a thuilleadh. An bhfuil se ró-éasca díolúine a fháil chun staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge? Tá a fhios agam nach bhfuil sé sin gafa leis an ardteistiméireacht ach is ceist ann féin í.

Mr. Julian de Spáinn:

D’fhéadfainn cúpla focal a rá ar an gceist sin. Aontaím leis an Teachta. Tá an fhianaise ann nuair a fheictear an líon daltaí a dhéanann teanga eile seachas an Ghaeilge, cé go bhfuil díolúine faighte acu ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge. Ní dóigh liom ach go raibh an córas a chuir an Roinn Oideachais ar bun chun athbhreithniú a dhéanamh ar chóras na ndíolúintí thar a bheith claonta i dtreo toradh faoi leith a bhí ag teastáil uaithi ón tús. Pé scéal é, tá an córas nua i bhfeidhm faoi láthair. Tá gá le hathbhreithniú air agus gealladh go mbeadh athbhreithniú air tar éis dhá bhliain. Tá gá le tús a chur leis sin anois. Is é an rud is bunúsaí ar a bhíomar ag caint níos luaithe maidir le húsáid, mar shampla, an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach, ná dá gcuirfí é sin i bhfeidhm sna scoileanna agus go gcabhródh sé go mór leis an gceist seo. Bheadh sé in ann freastal ar dhaltaí a thagann isteach go déanach sa chóras nó ar na daltaí le deacrachta foghlama. Is é an sampla is éasca a thabhairt faoi sin ná go bhféadfaí an ardteistiméireacht a dhéanamh sa scrúdú béil amháin má ta deacracht mhór scríofa ag an dalta.

Ina ionad sin, tá an córas faoi láthair ag seachaint na faidhbe agus ag cruthú córas díolúintí nach bhfuil i dtíortha eile, go bhfios dúinn. Nuair a labhraítear leis na saineolaithe in Éirinn, d’fhéadfadh siad a rá go mb’fhéidir go bhfuil cás ann le 2% nó 3% díobh. Thug siad córas 10% den pheircintíl sna cumais ar fad isteach. Bhí sé sin i bhfad ro-leathan agus ba chóir breathnú ar an scéal seo arís.

Photo of Marc Ó CathasaighMarc Ó Cathasaigh (Waterford, Green Party)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá gach duine sásta anois. Leis sin, gabhaim buíochas le gach duine as teacht anseo inniu. Bhí an díospóireacht seo thar a bheith tábhachtach. Gabhaim buíochas as an dianobair, as an tiomantas le linn dár bhfinnéithe a bheith ag labhairt leis an gcoiste ar an ábhar seo, agus as a saineolas agus a léargais a roinnt leis an gcoiste inniu. Leis sin, tá an cruinniú seo ar athló go dtí 11 a.m. Dé Máirt, 30 Samhain 2021. Gabhaim buíochas libh go léir.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 1.27 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Máirt, 30 Samhain 2021.