Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Tá ceist eile agam atá ag díriú isteach ar an bhfocal seo "cúiteamh". Caithfidh mé a admháil gur fearr liom an focal "spreagadh" ná cúiteamh agus b’fhéidir go bhfuil sé níos dearfaí. Tá an ceart ar fad ag ár n-aíonna. Cad chuige go mbeadh duine ag déanamh níos mó oibre agus ag obair ar leibhéal níos airde gan aon aitheantas tugtha dóibh as a saothar? An méid sin ráite, i gcomhthéacs na gcruinnithe uile atá ar siúl againn, táimid ag plé sna laethanta seo an t-ualach atá ar an gcóras oideachais ar an ardleibhéal sinsearach ó chóras iontrála na n-ollscoileanna. Is í ceann de ne ceisteanna atá á chur ag roinnt againn ná ar chóir iad a scaradh ar fad óna chéile? Mar shampla, tar éis daoine an ardteistiméireacht a dhéanamh, agus meastacháin ar a saothar sna blianta atá thart atá san ardteistiméireacht, ar chóir do na húdaráis ollscoile a scrúduithe, a dtástálacha agus a n-agallaimh féin a eagrú chun a fheiceáil an bhfuil an té atá ag cur isteach ar chúrsa amháin nó cúrsa eile san ollscoil oiriúnach dó nó di nó an an bhfuil an córas nó an cúrsa sin feiliúnach don duine?

Má táimid ag caint faoi phointí bónais mar cheann de na freagraí ar an gceist seo nó mar aitheantas ceart a thabhairt don duine as an obair atá á déanamh, an bhfuil sé ciallmhar go mbeadh pointí bónais ag an té atá ag cur isteach ar leigheas, mar shampla, seachas an té atá ag cur isteach ar mhúinteoireacht? Téim ar ais ar an gceist seo, an caoi ina raibh rudaí nuair ba ghá go mbeadh leibhéal áirithe ag duine sa Ghaeilge le post a fháil sa Státseirbhís agus an t-athrú a tháinig sna 1970dí maidir leis sin. An sa treo sin ba chóir dúinn a bheith ag breathnú, is é sin, má tá cúrsa déanta agat ar leibhéal níos airde sa Ghaeilge, go mbeidh buntáiste agat agus tú ag iarraidh cead isteach a fháil ar chúrsa áirithe seachas do gach cúrsa, nó do phoist áirithe san earnáil phoiblí, san am atá le teacht? An bhfuil aon fhiúntas leis sin? Nílim ag déanamh ráiteas anseo. Nílim ach ag cur ceisteanna ar ár n-aíonna, na saineolaithe. Má thuigeann siad mé, an é go bhfuil sé ró one-size-fits-all, chun dul i muinín an Bhéarla, pointí bónais a thabhairt do dhaoine, is cuma cén cúrsa atá in ann dóibh san ollscoil? An féidir é seo a eagrú ar leibhéal níos sofaisticiúla le go mbeadh cineál naisc idir an t-ardchaighdeán atá á bhaint amach agus riachtanais an phobail, ina measc, go mbeadh daoine san earnáil phoiblí in ann déileáil le daoine trí Ghaeilge agus a gcearta teanga a thabhairt dóibh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.