Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 23 November 2021

Joint Oireachtas Committee on Education and Skills

An Ghaeilge agus Oideachas lán-Ghaeilge: Plé

Mr. Pádraig Ó Beaglaoich:

Is ceist mhaith atá ansin ón Seanadóir Mullen. Maidir leis na heolaíochtaí, ní bheinn chomh heolach céanna ar an gceist sin, ach maidir leis an nGaeilge agus na sonraíochtaí T1 agus T2, braithim go bhfuil an comhairliúchán ag dul ar aghaidh go dtí 30 Samhain. Tá neart cruinnithe déthaobhacha eagraithe ag CNCM le heagraíochtaí éagsúla cosúil linn féin. Is é an tuiscint atá agam ná go bhfuil sraitheanna de chruinnithe poiblí agus grúpaí fócais. Mar a dúirt an tUasal de Spáinn, beidh sé seo le feiceáil ach braithim go bhfuil sad ag éisteacht agus go bhfuil ag éirí le múinteoirí, leis an bpobal, leis na scoileanna agus leis na heagraíochtaí éagsúla a dtuairimí a chur ar an taifead. Is é ceann de na rudaí atá ag teacht chun cinn, de réir na dtuairiscí ón talamh ó mhúinteoirí, go bhfuil siad ag lorg tuilleadh faisnéise agus feola, b’fhéidir, ar na torthaí foghlama atá luaite ag Seanadóir Mullen ionas go mbeidh breis tuisceana ar cad go díreach atá siad ag iarraidh a bhaint amach.

I gcomhthéacs na sonraíochtaí nuair a thiocfaidh siad i bhfeidhm, tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go mbeidh dóthain ama fágtha don eagraíocht, cibé eagraíocht a bheidh i gceist, mar shampla, an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, chun an fhorbairt ghairmiúil leanúnach chuí a chur i bhfeidhm. I gcomhthéacs na sraithe sóisearaí, bhraith múinteoirí gur tharla se sin faoi dheifir, nach raibh dóthain ama le hacmhainní a chur ar fáil nó don oiliúint chuí. Is é ceann de na hábhair bhuartha freisin a bhíonn ag múinteoirí i nGaelcholáistí, ach go sonrach ag múinteoirí Gaeltachta, ná go mbraitheann siad nach bhfuil dóthain baill foirne ó chúlraí Gaeltachta agus ó chúlraí sna Gaelcholáistí agus a bhfuil taithí chuí sa seomra ranga acu ag cuid de na seirbhísí taca seo atá ag déanamh a ngnó trí Ghaeilge. Is dúshlán leanúnach é sin ach is dúshlán é a gcaithfear aghaidh a thabhairt air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.